An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Reamhraiteach agus Ginearalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Monai i gCoitinne.)

32 1950

AN tACHT MONAÍOCHTA, 1950

CUID II.

Monaiocht, seachas Monaiocht Oir.

Monaí copar-nicil agus umha a sholáthar.

5. —(1) Féadfaidh an tAire monaí copar-nicil agus umha de na hainmníochta faoi seach a sonraítear i gcolún (1) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a sholáthar, agus féadfaidh pé bearta is cuí leis a dhéanamh chun na monaí sin a sholáthar.

(2) Gach mona a soláthrófar faoin alt seo beidh sé do réir an mheáchain chaighdeánaigh a sonraítear ina leith i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(3) (a) Gach mona a soláthrófar faoin alt seo beidh sé do réir an chomhshuímh chaighdeánaigh a sonraítear ina leith i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó, más mona copar-nicil é, do réir pé comhshuímh chaighdeánaigh eile a cuirfear ina ionad sin le hordú faoi mhír (b) den fho-alt seo.

(b) Féadfaidh an tAire, maidir le haon mhonaí copar-nicil d'ainmníocht áirithe a soláthrófar faoin alt seo, an Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a leasú le hordú trí pé comhshuíomh caighdeánach eile is cuí leis a chur in ionad an chomhshuímh chaighdeánaigh a sonraítear ansin maidir leis na monaí sin.

(4) Lamhálfar i leith monaí a soláthrófar faoin alt seo an tualaing (nó an claonadh ón meáchan caighdeánach agus ón gcomhshuíomh caighdeánach) a sonraítear ina leith i gcolún (5) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(5) Na hainmníochta monaí a soláthrófar faoin alt seo, beidh acu, faoi seach, luacha codánacha, i leith an phuint Éireannaigh, amhail mar sonraítear i gcolún (4) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(6) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, na tuisí agus na dearachta d'ordú le haghaidh na n-ainmníocht monaí faoi seach atá le soláthar faoin alt seo, agus gach mona a soláthrófar faoin alt seo beidh sé do réir na dtuisí agus na dearachta a hordófar amhlaidh ina leith.

Monaí a sholáthar in ionad monaí copar-nicil.

6. —(1) San alt seo ní fholaíonn an focal “miotal” ór ná airgead.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, a dhearbhú le hordú (dá ngairmtear ordú monaíochta nua san alt seo) go bhfuil sé fóirstineach go soláthrófaí monaí de mhiotal sonraithe nó de mheascán sonraithe miotal, seachas copar-nicil (pé acu a bheas copar nó nicil ann nó nach mbeidh), d'aon ainmníocht shonraithe acu seo a leanas, eadhon, leathchoróin, flóirín, scilling, réal nó leathréal.

(b) Aon ordú monaíochta nua a bhainfeas le monaí d'ainmníocht áirithe, sonróidh sé meáchan caighdeánach agus comhshuíomh caighdeánach na monaí sin agus an tualaing (nó an claonadh ón meáchan caighdeánach agus ón gcomhshuíomh caighdeánach) atá le lamháil ina leith.

(c) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú monaíochta nua a chúlghairm.

(d) Ní thiocfaidh aon ordú faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm mura ndaingnítear ná go dtí go ndaingneofar é le rún ó gach Tigh den Oireachtas.

(3) Aon uair a bheas ordú monaíochta nua i bhfeidhm—

(a) féadfaidh an tAire monaí lena mbainfidh an t-ordú a sholáthar agus pé bearta a dhéanamh is cuí leis chun na monaí sin a sholáthar,

(b) ní sholáthróidh an tAire, faoi alt 5 den Acht seo, aon mhonaí copar-nicil arb ionann a n-ainmníocht agus ainmníocht na monaí lena mbainfidh an t-ordú.

(4) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le gach mona a soláthrófar faoin alt seo—

(a) beidh sé do réir an mheáchain chaighdeánaigh agus an chomhshuímh chaighdeánaigh a sonrófar ina leith san ordú monaíochta nua a bhainfeas leis an mona sin, ach lamhálfar ina leith an tualaing (nó an claonadh ón meáchan caighdeánach agus ón gcomhshuíomh caighdeánach) a luafar ina leith san ordú,

(b) beidh aige, i leith an phuint Éireannaigh, an luach codánach céanna a bheadh aige dá mba mhona copar-nicil den ainmníocht chéanna é a soláthraíodh faoi alt 5 den Acht seo.

(5) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, na tuisí agus an dearacht d'ordú le haghaidh na n-ainmníocht monaí faoi seach a soláthrófar faoin alt seo, agus gach mona a soláthrófar faoin alt seo beidh sé do réir na dtuisí agus na dearachta a hordófar amhlaidh ina leith.

Eisiúint mhonaí a soláthrófar faoi alt 5 nó 6.

7. —Gach mona a soláthrófar faoi alt 5 nó 6 den Acht seo, eiseoidh an tAire tríd an mBanc Ceannais é.

Costais soláthair monaí faoi alt 5 nó 6.

8. —Gach suim a bheas ag teastáil chun monaí a sholáthar a soláthrófar faoi alt 5 nó 6 den Acht seo, íocfar as ciste ginearálta an Bhainc Cheannais í agus féichiúnófar sa chiste sin í ar chúlchiste an airgid reatha.

Fáltais as eisiúint mhonaí a soláthrófar faoi alt 5 nó 6.

9. —Déanfar na fáltais as gach eisiúint mhonaí a soláthrófar faoi alt 5 nó 6 den Acht seo d'íoc isteach i gciste ginearálta an Bhainc Cheannais agus a chur chun creidiúna cúlchiste an airgid reatha sa chiste sin.

Toirmeasc ar dhéanamh agus eisiúint mhonaí.

10. —(1) Ach amháin monaí óir a heiseofar faoi Acht 1927 agus monaí a heiseofar faoin Acht seo, ní déanfar ná ní heiseofar sa Stát aon phíosa miotail nó miotail mheasctha d'aon luach ar bith mar mhona ná mar inchomhartha ar airgead ná mar ní a airbheartaíos go bhfuil a shealbhóir i dteideal aon luach a taispeántar air d'éileamh.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo leis an mBanc Ceannais d'eisiúint mhonaí a soláthraíodh, roimh thosach feidhme an Achta seo, faoi Acht 1926 nó faoin Acht sin arna leasú leis an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 140), 1942 (R. & O. R., Uimh. 6 de 1942 ), nó le hailt 58 agus 60 d'Acht 1942.

(3) Gach duine a dhéanfas nó a eiseos aon phíosa miotail nó miotail mheasctha contrártha d'fho-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach in oilghníomh agus ar a chiontú ann dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Monaí a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe nó faoin Acht seo a ghlaoch isteach.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, monaí d'aon dáta nó ainmníocht áirithe, a heisíodh faoi na hAchta athghairmthe nó faoin Acht seo, a ghlaoch isteach.

(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le gach ordú faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) forálfar san ordú go dtiocfaidh sé i ngníomh ar dháta áirithe (dá ngairmtear an dáta feidhme sa bhfo-alt seo) nach luaithe ná sé mhí tar éis dáta a dhéanta,

(b) leagfar an t-ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, roimh an dáta feidhme, rún a rith ag neamhniú an orduithe beidh an t-ordú arna neamhniú dá réir sin.

Dlí-thairiscint.

12. —(1) Má déantar airgead a thairiscint i monaí (seachas monaí umha) a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe nó faoin Acht seo, beidh an tairiscint sin ina dlí-thairiscint chun suim nach mó ná dachad scilling d'íoc, ach ní bheidh i gcás aon tsuime is mó ná sin.

(2) Má déantar airgead a thairiscint i monaí umha a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe nó faoin Acht seo, beidh an tairiscint sin ina dlí-thairiscint chun suim nach mó ná scilling d'íoc, ach ní bheidh i gcás aon tsuime is mó ná sin.

(3) Ní bhaineann an t-alt seo le monaí a glaodh isteach faoi Acht 1926, arna leasú le hAcht 1942, nó faoin Acht seo.

Taithcheannach monaí a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe nó faoin Acht seo.

13. —Féadfaidh an Banc Ceannas, más oiriúnach leis é, monaí a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe nó faoin Acht seo a thaithcheannach agus déanfar gach suim a bheas ag teastáil chuige sin d'íoc as ciste ginearálta an Bhainc Cheannais agus d'fhéichiúnú ar chúlchiste an airgid reatha sa chiste sin.

Fáltais as leaghadh monaí a dhiúscairt.

14. —Féadfaidh an Banc Ceannais na fáltais as leaghadh monaí a tarraingeofar as cúrsaíocht nó monaí a bheas ar stoc ag an mBanc Ceannais, agus nach mbeidh ag teastáil chun a n-eisiúna nó a n-atheisiúna, a chur isteach i gcúlchiste an airgid reatha.

An luach i leith an phuint Éireannaigh a bheas ag monaí a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe.

15. —Gach mona a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe beidh aige, i leith an phuint Éireannaigh, an luach codánach céanna a bheadh aige dá mba mhona den ainmníocht chéanna é a soláthraíodh faoi alt 5 den Acht seo.

Feidhm agus oiriúnú achtachán áirithe.

16. —Gach achtachán a luaitear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, beidh éifeacht aige do réir na bhforál atá leagtha amach i gcolún (3) den Sceideal sin os coinne lua an achtacháin sin.

Orduithe d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

17. —Foilseofar gach ordú faoin Acht seo san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.