|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Monaiocht, seachas Monaiocht Oir.) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.) |
AN tACHT MONAÍOCHTA, 1950
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID III. Monai i gCoitinne. | |
| [EN] |
Cóipcheart i monaí Eireannacha. |
18. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “monaí Eireannacha” aon mhonaí acu seo a leanas, eadhon— |
| [EN] | (a) monaí a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe, nó | |
| [EN] | (b) monaí óir a heisíodh faoi Acht 1927, nó | |
| [EN] | (c) monaí a heiseofar faoin Acht seo. | |
| [EN] | (2) An cóipcheart i ngach mona Éireannach agus an cóipcheart san obair ealaíonachta a shainléiríos dearachta aon mhonaí Eireannacha, is cóipcheart suthain a bheas ann agus is leis an Aire é. | |
| [EN] | (3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) d'alt 155 den Acht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 (Uimh. 16 de 1927) , má déantar iomlán aon mhona Éireannaigh nó aon chuid de a mhacasamhlú in aon fhoilseachán litríochta nó ealaíon, gan toiliú an Aire, beidh sin ina shárú ar an gcóipcheart sa mhona sin. | |
| [EN] |
Toirmeasc ar leaghadh, etc., monaí. |
19. —(1) Ní dleathach d'aon phearsa (seachas an Banc Ceannais), ach amháin faoi réim agus do réir cheadúnais arna eisiúint ag an Aire, aon mhona a bheas de thuras na huaire ar rith sa Stát nó in aon tír eile a leaghadh ná a bhriseadh ná é d'úsáid ach amháin mar airgead reatha. |
| [EN] | (2) Duine ar bith— | |
| [EN] | (a) a dhéanfas gníomh contrártha don alt seo, nó | |
| [EN] | (b) nach gcomhlíonfaidh aon choinníoll áirithe a bheas ag gabháil le ceadúnas arna dheonadh faoin alt seo, | |
| [EN] | beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de roghain na Cúirte, príosúntacht go ceann tréimhse nach sia ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile agus, i dteannta aon phionóis eile, féadfaidh an Chúirt a ordú na hearraí d'fhorghéilleadh a ndearnadh an cion ina leith. |