An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL. Achtachain nach mbeidh i bhfeidhm i Liomataiste Mhagh Bhile.) Ar Aghaidh (AN TRIU SCEIDEAL. Coimisiun Iascaigh an Fheabhail.)

5 1952

ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL, 1952

AN DARA SCEIDEAL.

DREACHT-THEARMAI COMHAONTUITHE ATA LE DEANAMH IDIR AN CUMANN ÉIREANNACH MAR DHIOLTOIR AGUS AN tAIRE AGUS AN AIREACHT MAR CHEANNAITHEOIRI.

Alt 8.

1.  (1) Díolann an Cumann Éireannach agus ceannaíonn na ceannaitheoirí ar an gcomaoin a luaitear anseo ina dhiaidh seo eastát ceart teideal agus leas uile an Chumainn Éireannaigh chucu seo a leanas agus iontu—

(a) an feo simplí seilbhe saor ó eirí ar iascach eisiach sna coda taoidmheara de Loch agus Abha an Fheabhail agus dá shuainmheachán Abha an Fhachain (mar taispeántar faoi dhath buí ar an léarscáil a hullmhaíodh i dtripleacáid agus ar ar ghreamaigh na páirtithe sa Chomhaontú seo a séalaí chun a haithinte díreach roimh an gComhaontú seo d'fhorghníomhú) lasmuigh de na cearta sin i ngrian agus i ngrinneall an chéanna a gcomhaontaítear i mír 2 de seo iad a mhúchadh agus faoi réir a luaitear i míreanna 3 agus 4 de seo;

(b) na tailte a theachtas an Cumann Éireannach chun críocha nó i leith an iascaigh eisiagh sin agus a tuairiscítear níos cruinne san iarscríbhinn a ghabhas leis an gComhaontú seo saor ó eirí ach amháin mar luaitear i mír 3 de seo do réir na n-eastát agus na dteideal ar leithligh chun a bhfuilid agus faoina bhfuilid faoi seach ar teachtadh agus ar sealúchas;

(c) na líonta seasamhacha nó na hinnill seasamhacha eile go léir d'aon tsaghas is leis an gCumann Éireannach agus atá sna huiscí taoide sin; agus

(d) na héasúintí, na seach-éasúintí, na cóiríochta agus na cearta eile go léir atá ar únaeracht ar úsáid nó ar sealúchas ag an gCumann Éireannach chun críocha nó i leith an iascaigh eisiaigh sin thar trasna nó ar aon tailte seachas na tailte a luaitear go sainráiteach sa Chomhaontú seo.

(2)   Is é comaoin an díola sin na Ceannaitheoirí d'íoc suime £106,885 leis an gCumann Éireannach (maille le hús ar £102,485 cuid den tsuim sin, arna ríomh do réir trí faoin gcéad sa bhliain ón gcéad lá de Mhárta, 1951, go dtí dáta an Chomhaontuithe seo) (suim agus ús a n-admhaíonn an Cumann Éireannach leis seo a bhfáil).

2. I gcomaoin na suime adúradh d'íoc leis toilíonn agus comhaontaíonn an Cumann Éireannach tríd seo eastát ceart teideal agus leas uile an Chumainn Éireannaigh chun agus i leith grian agus grinneall agus urthrá na coda taoidmhire de Loch agus Abha an Fheabhail adúradh agus na coda taoidmhire d'Abhainn an Fhachain (coda taoidmheara a taispeántar faoi dhath buí ar an léarscáil sin) a mhúchadh trí reachtaíocht agus scaoileann agus urscaoileann tríd seo na ceannaitheoirí agus gach uile dhuine eile in aghaidh agus i gcoinne gach caingin agra agus éilimh ag an gCumann Éireannach (pé acu le haghaidh cúitimh nó eile é) i leith nó de dhroim an mhúchta sin nó an dídhílsithe ar aon eastát ceart teideal nó leas eile leis an gCumann Éireannach chun na gcoda taoidmheara sin nó iontu nó tharstu de bhuaidh oibriú aon reachtaíochta den tsórt sin.

3. Raghaidh an Cumann Éireannach ar a chostas féin nuair a iarrfas na ceannaitheoirí é faoi chúnant a bheas ina cheangal ar an gCumann Éireannach agus ar a chomharbaí i dteideal leis na ceannaitheoirí agus le gach duine acu lena gcomharbaí i dteideal agus le gach duine acu go ndéanfar an cíos-mhuirear de £250 sa bhliain a socraíodh ar Thiarna-Easpag Dhoire agus a chomharbaí go deo le Reacht 3 agus 4 Anne Caibidil I agus an cíos-mhuirear de £12 a socraíodh ar an Easpag sin de bhuaidh Gníomhais Aonpháirtí dar dáta an 11ú Bealtaine, 1705, a mhuirearú ar an gcuid sin de mhaoin an Chumainn Éireannaigh a roghnós na ceannaitheoirí agus d'intinn go ndéanfaidh an Cumann Éireannach agus a chomharbaí i dteideal na cíosmhuirir sin d'íoc ag dímhuirearú na gCeannaitheoirí agus a gcomharbaí i dteideal go hiomlán agus ag slánú na dtailte agus na maoine a díoltar tríd seo agus na n-eastát na gceart an teidil agus na leas a comhaontaítear i mír 2 de seo a mhúchadh trí reachtaíocht agus na gCeannaitheoirí agus gach duine acu agus a gcomharbaí i dteideal agus gach duine acu in aghaidh agus i gcoinne íoca an chéanna nó aon choda dhe agus i gcoinne gach imeachta costais damáiste éilimh agus dliteanais de dheasca an céanna nó aon chuid de a bheith gan íoc.

4. Ní dhéanfaidh aon ní sa chomhaontú seo dochar ná difir d'aon cheart a bhí dílsithe díreach roimh an gcomhaontú seo d'fhorghníomhú in aon duine seachas an Cumann Éireannach chun inneall seasamhach d'úsáid faoi dheimhniú arna dheonadh faoi Alt a sé den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863.

5.  Oibreoidh an Comhaontú seo amhail is dá mbeadh cúnaint ann ón gCumann Éireannach:—

(a) maidir leis an iascach eisiach a tuairiscítear i mír 1 (a) de seo, nár fhorghníomhaigh ná nach ndearna an Cumann Éireannach ná nár fhulaing go feasach aon ghníomhas ná rud, ná nach raibh ina pháirtí ná inpháirteach in aon ghníomhas ná rud, trína bhfuiltear nó trína bhféadfadh sé go mbeifí ag táinseamh, ag muirearú nó ag eiriú an iascaigh eisiaigh sin nó aon choda dhe nó ag déanamh difir dó i leith teidil eastáit nó eile nó trína mbactar in aon tslí ar an gCumann Éireannach an t-iascach eisiach sin nó aon chuid de a dhíol agus a thíolacadh mar déantar leis an gcomhaontú seo,

(b) maidir leis na tailte a tuairiscítear i mír 1 (b) de seo, i dtéarmaí mar is intuigthe i gcás tíolacais ar chomaoin luachmhar nach morgáiste (lena n-áirítear maidir le maoin léasach an cúnant breise i leith a sannta) ó dhuine atá ag tíolacadh agus a sainráitear é bheith ag tíolacadh mar únaer tairbhiúil.

IARSCRIBHINN.

1. IAD SEO UILE an dá dháileacht talún maraon leis na foirgintí orthu atá tadhlach le Dún an Chúil Mhóir i mBaile Fearainn an Chúil Mhóir Paróiste an Teampaill Mhóir Barúntacht Saorthas Thiar Thuaidh Dhoire agus Contae Dhoire atá léirithe níos cruinne ar an léarscáil díobh ar a bhfuil Uimhir I marcáilte a hullmhaíodh i dtripleacáid ar ar ghreamaigh na páirtithe sa Chomhaontú seo a séalaí chun a haithinte díreach roimh an gComhaontú seo d'fhorghníomhú agus atá faoi dhath dearg ar an léarscáil sin.

2. É SIN UILE an dáileacht talún maraon leis na foirgintí uirthi atá tadhlach leis an mbóthar go Pointe an Chúil Mhóir bóthar a ghabhas idir an dáileacht agus Abha an Fheabhail mar atá an dáileacht sin léirithe níos cruinne ar an léarscáil di ar a bhfuil Uimhir 2 marcáilte a hullmhaíodh i dtripleacáid ar ar ghreamaigh na páirtithe sa Chomhaontú seo a séalaí chun a haithinte díreach roimh an gComhaontú seo d'fhorghníomhú agus ar a bhfuil an dáileacht faoi dhath dearg agus gorm áitreabh atá i mBaile Fearainn an Chúil Mhóir Paróiste an Teampaill Mhóir Barúntacht Saorthas Thiar Thuaidh Dhoire agus Contae Dhoire.

3. É SIN UILE an dáileacht talún maraon leis na foirgintí uirthi ar a dtugtar “Shell Rock Hut” in aice Cuan na Rosa i mBaile Fearainn Chadha, Paróiste Chluain Diarmada, Barúntacht Thír Chaorthainn agus Contae Dhoire, atá léirithe níos cruinne ar an léarscáil di ar a bhfuil Uimhir 3 marcáilte a hullmhaíodh i dtripleacáid ar ar ghreamaigh na páirtithe sa Chomhaontú seo a séalaí chun a haithinte díreach roimh an gComhaontú seo d'fhorghníomhú agus atá faoi dhath dearg ar an léarscáil sin.

4. É SIN UILE an dáileacht talún ina bhfuil 8 n-acraí agus 15 péirsí nó mar sin tomhas reachtúil atá i mBaile Fearainn na Cloiche Buí, Barúntacht na Tráighe Báine Iochtair agus Contae Thír Eoghain, ábhar fóile 5349 de Chlár Chontae Thír Eoghain maraon leis na foirgintí agus na tógála go léir uirthi agus na comhghabhálais a bhaineas nó a ghabhas léi in aon tslí dáileacht atá léirithe níos cruinne ar an léarscáil di ar a bhfuil Uimhir 4 marcáilte a hullmhaíodh i dtripleacáid agus ar ar ghreamaigh na páirtithe sa Chomhaontú seo a séalaí chun a haithinte díreach roimh an gComhaontú seo d'fhorghníomhú agus atá faoi dhath gorm ar an léarscáil sin.