An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL. DREACHT-THEARMAI COMHAONTUITHE ATA LE DEANAMH IDIR AN CUMANN ÉIREANNACH MAR DHIOLTOIR AGUS AN tAIRE AGUS AN AIREACHT MAR CHEANNAITHEOIRI.) Ar Aghaidh (AN CEATHRU SCEIDEAL. An Chomhairle Chomhairlitheach do Liomataiste an Fheabhail.)

5 1952

ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL, 1952

AN TRIU SCEIDEAL.

Coimisiun Iascaigh an Fheabhail.

Alt 11.

Corprú.

1. Beidh an Coimisiún ina chomhlucht corpraithe le comharbas suthain agus gnáthshéala agus cumhacht agartha agus chun bheith inagartha agus cumhacht chun talamh a thógaint agus a theachtadh gan ceadúnas faoi mhortláimh.

Cumhachta sonracha an Choimisiúin.

2.  I dteannta aon chumhacht agus gan dochar d'aon chumhachta a bheirtear dó faoi aon fhoráil eile den Acht seo, beidh cumhacht ag an gCoimisiún aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) imeachta dlíthiúla a thionscnamh chun aon fhoráil san Acht seo, nó in aon rialacháin a déanfar faoin Acht seo, a chur i bhfeidhm;

(b) aon iascach nó aon bhunachas chun bradáin, bric nó iasc fíoruisce eile a shíolrú nó d'oiliúint go saorga a cheannach nó a ghlacadh ar léas agus aon iascach agus aon bhunhachas den tsórt sin d'oibriú;

(c) an t-airgead go léir a híocfar leis an gCoimisiún d'úsáid agus a chaiteamh, faoi réir forál an Achta seo, i pé slí is cuí leis an gCoimisiún chun na hiascaigh i Líomatáiste an Fheabhail a rialú, a bhainistí, a chothabháil nó d'fheabhsú;

(d) pé oibreacha agus nithe a dhéanamh is dóigh leis an gCoimisiún is oiriúnach chun críocha a fheidhmeanna.

Cumhachta speisialta sa tréimhse idirlinne.

3.  (1) D'ainneoin aon ní san Acht seo féadfaidh an Coimisiún dá roghain féin, i rith na tréimhse idirlinne, an t-iascach sa chuid sin d'uiscí taoide Líomatáiste an Fheabhail a dílsítear san Aire agus san Aireacht agus atá idir líne dhíreach a tarraingeofaí trasna Abha an Fheabhail idir na pointí ina dteagmhaíonn an tórainn is sia ó dheas de Chontae Dhoire leis an abhainn ar an dá thaobh agus béal na habhann, mar mínítear sin, a rialú agus a bhainistí agus déileáil leis.

(2) Is é an tréimhse idirlinne chun críche na míre seo an tréimhse trí bliana dár tosach an dáta bunuithe nó pé tréimhse is sia ná sin a shocrós an tAire agus an Aireacht ó am go ham trí chomhaontú.

Airgead barrachais a dhiúscairt.

4. Déanfaidh an Coimisiún aon airgead barrachais a bheas ar láimh aige de thuras na huaire a dhiúscairt i pé slí a threorós an tAire agus an Aireacht ó am go ham i gcomhar le chéile.

Comhaltas.

5. Beidh an Coimisiún comhdhéanta de cheathrar comhaltaí ar comhaltaí sinsearacha beirt acu agus ar comhaltaí sóisearacha beirt acu.

Ceapadh.

6. (1) Ceapfaidh an tAire comhalta sinsearach amháin agus comhalta sóisearach amháin agus ceapfaidh an Aireacht an comhalta sinsearach agus an comhalta sóisearach eile.

(2) Déanfar gach comhalta, ach amháin comhalta a ceapfar chun corrfholúntas a líonadh, a cheapadh go ceann tréimhse cúig bliana.

(3) Má tharlaíonn corrfholúntas i measc na gcomhaltaí déanfaidh an t-údarás a cheap an comhalta a chuaigh as oifig duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh.

(4) Beidh an duine a ceapfar amhlaidh i seilbh oifige ar feadh na coda eile den tréimhse a bheadh a réamhtheachtaí i seilbh oifige dá leanadh sé de bheith ina chomhalta.

(5) Féadfar comhalta a bheas ag dul as oifig d'athcheapadh.

An Cathaoirleach.

7. (1) Is é an chéad chathaoirleach a bheas ar an gCoimisiún an comhalta sinsearach sin a thoghfas na comhaltaí. Má bhíonn an bheirt ar cothrom toghfar é trí chrannchur.

(2) Beidh an chéad chathaoirleach i seilbh oifige go dtí deireadh an chéad bhliain dá théarma oifige mar chomhalta.

(3) Ag deireadh na bliana sin, beidh an comhalta sinsearach eile ina chathaoirleach go ceann tréimhse bliana, agus as san amach beidh seilbh na hoifige, go ceann bliana, ag gach re duine de na comhaltaí sinsearacha.

(4) Má scoireann duine de bheith ina chomhalta i rith a théarma oifige mar chathaoirleach, beidh an duine a ceapfar mar chomhalta ina ionad i seilbh oifige mar chathaoirleach go ceann na coda eile den téarma sin.

An Rúnaí.

8. (1) Beidh rúnaí ag an gCoimisiún.

(2) Is é a bheas ina rúnaí an comhalta sóisearach a ceapadh chun an Choimisiúin ag an údarás nár cheap an comhalta sinsearach is cathaoirleach de thuras na huaire.

Comhaltaí d'éirí as, agus a chur as oifig.

9. Féadfaidh an t-údarás a cheap comhalta an comhalta sin a chur as oifig, agus féadfaidh comhalta éirí as oifig trí litir a seolfar chun an údaráis a cheap é.

Oifigí.

10. Beidh oifig sa Stát agus oifig i dTuaisceart Éireann ag an gCoimisiún.

Gnáthshéala.

11. (1) Déanfar gnáthshéala an Choimisiúin, nuair a cuirfear ar dhoiciméad é, d'fhianú le síniú comhalta amháin a cheap an tAire agus comhalta amháin a cheap an Aireacht.

(2) Bhéarfar aird bhreithiúnach ar ghnáthshéala an Choimisiúin agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartós a bheith ina ionstraim arna déanamh ag an gCoimisiún agus a bheith séalaithe le gnáthshéala an Choimisiúin agus a bheith fianaithe do réir na míre seo, agus measfar, gan a thuilleadh cruthúnais, gurb í an ionstraim sin í, mura gcruthaítear a mhalairt.

Conartha agus ionstraimí gan séala.

12. Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba phearsa a dhéanfadh nó d'fhorghníomhódh é, féadfaidh aon duine a bheas údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an gCoimisiún chuige sin é a dhéanamh nó d'fhorghníomhú thar ceann an Choimisiúin.

An nós imeachta ag cruinniú.

13. (1) Beirt is córam do chruinniú den Choimisiún, duine acu ina chomhalta a cheap an tAire agus an duine eile ina chomhalta a cheap an Aireacht.

(2) Déanfar gach ceist a éireos ag cruinniú a chinneadh le vótaí thromlach na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas.

(3) I gcás comhionannas vótaí ag cruinniú ag a mbeidh na comhaltaí go léir i láthair agus ag a vótálfaid, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag an gcathaoirleach.

(4) Faoi réir fo-mhíre (1), féadfaidh an Coimisiún gníomhú d'ainneoin folúntas ina chomhaltas.

(5) Faoi réir forál an Sceidil seo, féadfaidh an Coimisiún, le buan-orduithe nó ar shlí eile, a nós imeachta agus a ghnó a rialú.

Miontuairiscí.

14. Coimeádfaidh an rúnaí miontuairiscí ar imeachta an Choimisiúin agus beidh de cheart ag gach comhalta den Choimisiún na miontuairiscí d'iniúchadh agus sleachta a thógaint astu.

Cumhacht chun talamh a thógaint agus a dhiúscairt.

15. Féadfaidh an Coimisiún aon talamh a cheannach agus a thógaint ar léas, agus aon áitreabh a dhéanamh, a threalmhú agus a chothabháil, is dóigh leis is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh agus féadfaidh aon talamh nó áitreabh den tsórt sin nach mbeidh ag teastáil uaidh a thuilleadh chun na críche sin a dhíol nó a léasú.

Foireann.

16. (1) Féadfaidh an Coimisiún pé foireann d'fhostú is dóigh leis is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Is mar chinnfeas an Coímisiún, le haontú an Aire agus na hAireachta, a bheas líon, gráid agus luach saothair agus coinníollacha fostaíochta comhaltaí na foirne.

(3) Ar an dáta bunuithe, beidh na daoine a bhí, díreach roimh an dáta sin, ar fostú ag Bord Mhagh Bhile nó ag an mbord coimeádaithe do Cheantar Dhoire ina gcomhaltaí d'fhoireann an Choimisiúin ar na coinníollacha céanna ar a rabhadar ar fostú amhlaidh.

Cuntais agus iniúchadh.

17. (1) Déanfar suas cuntais an Choimisiúin go dtí an 30ú lá de Mheán Fómhair gach bliain.

(2) Déanfar na cuntais do gach bliain d'iniúchadh ag iniúchóir a cheapfas an tAire agus iniúchóir a cheapfas an Aireacht.

(3) Íocfaidh an Coimisiún táillí na n-iniúchóirí agus costais an iniúchta.

(4) Déanfaidh na hiniúchóirí cóipeanna de na cuntais iniúchta agus de thuarascáil na n-iniúchóirí orthu a chur, díreach tar éis an iniúchta, go dtí an tAire agus an Aireacht.

Tuarascáil bhliantúil.

18. Bhéarfaidh an Coimisiún tuarascáil gach bliain don Aire agus don Aireacht ar a chuid oibre ar feadh na bliana roimhe sin.

Caiteachais chomhaltaí.

19. Íocfaidh an Coimisiún le gach duine dá chomhaltaí na caiteachais taistil agus chothuithe agus na fo-chaiteachais faoina raghaidh sé agus a cheadós an t-údarás a cheap é.