|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN TRIU SCEIDEAL. Coimisiun Iascaigh an Fheabhail.) | Ar Aghaidh (AN CUIGIU SCEIDEAL. Foirm Cheapachain Faireora Abhann faoi Alt 56.) |
ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL, 1952
| [EN] | ||
| [EN] |
AN CEATHRU SCEIDEAL. An Chomhairle Chomhairlitheach do Liomataiste an Fheabhail. | |
| Cóiriú. | 1. Is iad a bheas ar an gComhairle Chomhairlitheach— | |
(a) comhaltaí tofa, agus | ||
(b) comhaltaí ex-officio. | ||
| Bliain toghcháin. | 2. Beidh an bhliain 1952 agus gach tríú bliain as a chéile ina dhiaidh sin ina bliain toghcháin chun críche na bhforál ina dhiaidh seo den Sceideal seo. | |
| Comhaltaí tofa. | 3. (1) I ngach bliain toghcháin cuirfidh an Coimisiún toghchán ar siúl chun daoine a thoghadh ina gcomhaltaí tofa den Chomhairle Chomhairlitheach. | |
(2) Beidh teideal ag gach duine is sealbhóir ar cheadúnas iascaigh chun vótáil i dtoghchán agus beidh aige an méid vótaí is iomchuí do réir scála ordaithe a bheas bunaithe ar mhéid na dtáillí a híocadh i leith na gceadúnas iascaigh a bheas aige de thuras na huaire. | ||
(3) Gach duine is áititheoir rátaithe iascaigh nó iascach i Líomatáiste an Fheabhail ar lú ná caoga punt, ach nach lú ná punt, iomlán a luachála inrátuithe, beidh sé freisin i dteideal vótáil i dtoghchán, agus beidh aige an méid vótaí is iomchuí do réir scála ordaithe a bheas bunaithe ar mhéid an ráta iascaigh a híocadh i leith an iascaigh nó na n-iascach don bhliain iascaigh díreach roimh an mbliain toghcháin. | ||
(4) Ní bheidh duine cáilithe le haghaidh oifig chomhalta thofa den Chomhairle Chomhairlitheach mura gcónaíonn sé nó mura bhfuil maoin réadach aige i Líomatáiste an Fheabhail. | ||
(5) Raghaidh na comhaltaí tofa a bheas in oifig de thuras na huaire as oifig ar thoghadh a gcomharbaí a bheith críochnaithe. | ||
| Rialacháin maidir le toghcháin. | 4. Chun críocha toghchán féadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas d'ordú— | |
(a) na toghranna ina roinnfear Líomatáiste an Fheabhail, | ||
(b) an méid daoine (nach mó ná naonúr agus nach lú ná triúr) a toghfar do gach toghroinn, | ||
(c) pé forála eile is cuí leis. | ||
| Comhaltaí ex-officio. | 5. (1) Gach duine (seachas an Coimisiún) is áititheoir rátaithe iascaigh nó iascach i Líomatáiste an Fheabhail, ar caoga punt nó níos mó iomlán a luachála inrátuithe, beidh sé, faoi réir forál na míre seo, ina chomhalta ex-officio den Chomhairle Chomhairlitheach. | |
(2) Ní bheidh aon duine ina chomhalta ex-officio faid a bheas aon tsuim a bheas dlite uaidh don Choimisiún i leith ráta iascaigh gan íoc tar éis ceithre lá dhéag ón dáta a tháinig sí chun bheith iníoctha. | ||
| Dícháiliú. | 6. Aon duine a ciontófar i gcion faoi na hAchta Iascaigh nó i gcoinne an Achta seo, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Chomhairle Chomhairlitheach go ceann tréimhse seacht mbliana ó dháta a chiontuithe. | |
| An cathaoirleach agus an leaschathaoirleach. | 7. (1) Déanfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach, ag a céadchruinniú tar éis gach toghcháin agus do réir mar theastós, duine dá comhaltaí a thoghadh ina chathaoirleach agus duine eile dá comhaltaí a thoghadh ina leas-chathaoirleach. | |
(2) Faoi réir fo-mhíre (5), beidh an duine a toghfar ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach i seilbh oifige go dtí go dtoghfar a chomharba, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as nó a theacht faoi dhícháilíocht. | ||
(3) Féadfar an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach d'atoghadh. | ||
(4) Féadfaidh an cathaoirleach nó an leas-chathaoirleach éirí as oifig tráth ar bith. | ||
(5) Má scoireann an cathaoirleach nó an leas-chathaoirleach de bheith ina chomhalta den Chomhairle Chomhairlitheach, scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach. | ||
(6) Má bhíonn comhoiread vótaí ann do bheirt nó níos mó ag toghchán cathaoirligh nó leas-chathaoirligh, toghfar duine de na daoine sin trí chrannchur. | ||
| An Rúnaí. | 8. Féadfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach, ó am go ham do réir mar theastós, duine a cheapadh ina rúnaí don chomhairle agus féadfaidh tráth ar bith, an ceapadh sin d'fhorceannadh. | |
| Corrfholúntais. | 9. (1) Aon uair a tharlós corrfholúntas i measc na gcomhaltaí tofa, féadfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach duine is sealbhóir ar cheadúnas iascaigh nó áititheoir rátaithe iascaigh i Líomatáiste an Fheabhail a chomhthoghadh chun an folúntas a líonadh go dtí an chéad toghchán eile. | |
(2) Féadfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach gníomhú d'ainneoin folúntas ina comhaltas. | ||
| Cruinnithe. | 10. (1) Ag cruinniú den Chomhairle Chomhairlitheach— | |
(a) is é an cathaoirleach, nuair a bheas sé i láthair, a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú; | ||
(b) nuair a bheas an cathaoirleach as láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, is é an leas-chathaoirleach, má bhíonn sé i láthair, a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú; | ||
(c) nuair a bheas an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach as láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh agus oifig an leas-chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Chomhairle Chomhairlitheach a bheas i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú. | ||
(2) Gach ceist a éireos ag cruinniú cinnfear í le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe ach amháin nuair is é toghadh chathaoirleach na Comhairle Comhairlithí a bheas i gceist. | ||
(3) Is é is córam do chruinniú den Chomhairle Chomhairlitheach pé líon a shocrós an Chomhairle ó am go ham nó, mura mbeidh aon chóram socraithe amhlaidh de thuras na huaire, trian den chomhaltas ar dháta an chéad chruinnithe tar éis an toghcháin roimhe sin, gan aon chodán d'áireamh. | ||
(4) Comórfaidh an Coimisiún a luaithe is féidir an chéad chruinniú den Chomhairle Chomhairlitheach tar éis gach toghcháin. | ||
(5) Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith cruinniú den Chomhairle Chomhairlitheach a chomóradh. | ||
(6) Beidh comhaltaí an Choimisiúin i dteideal bheith i láthair ag cruinnithe den Chomhairle Chomhairlitheach agus páirt a ghlacadh iontu ach ní bheid i dteideal vótáil. | ||
(7) Faoi réir forál an Sceidil seo, rialóidh an Chomhairle Chomhairlitheach, le buan-orduithe nó ar shlí eile, a nós imeachta agus a gnó. | ||
| Saoráidí atá le sóláthar ag an gCoimisiún. | 11. Soláthróidh an Coimisiún cóiríocht chun cruinnithe den Chomhairle Chomhairlitheach a thionól agus pé páipéarachas agus trealamh oifige a theastós le réasún on gComhairle chun a gnóthaí a sheoladh, agus cuirfidh seirbhísí comhaltaí d'fhoirinn an Choimisiúin ar fáil chun an obair chléireachais go léir is gá a dhéanamh don Chomhairle. |