An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL, 1952) Ar Aghaidh (CUID II. Cearta Iascaigh an Fheabhail a Thogaint.)

5 1952

ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL, 1952

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

an Chomhairle Chomhairlitheach.

ciallaíonn “an Chomhairle Chomhairlitheach” an Chomhairle Chomhairlitheach do Líomatáiste an Fheabhail, a bunaítear faoi alt 22;

duine údaraithe.

tá leis an abairt “duine údaraithe” an bhrí a bheirtear di le halt 54;

an Coimisiún.

ciallaíonn “an Coimisiún” Coimisiún Iascaigh an Fheabhail, a bunaítear le halt 11;

Breitheamh Dúiche.

ciallaíonn “Breitheamh Dúiche” breitheamh den Chúirt Dúiche;

an dáta bunuithe.

ciallaíonn “an dáta bunuithe” an dáta a ceapfar le hordú faoi alt 10;

na hAchta Iascaigh.

ciallaíonn “na hAchta Iascaigh” na hAchta Iascaigh, 1842 go 1949;

ráta iascaigh.

ciallaíonn “ráta iascaigh” ráta faoi alt 23;

bliain iascaigh.

ciallaíonn “bliain iascaigh” an tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an lú lá de Dheireadh Fómhair in aon bhliain;

inneall iascaigh.

ciallaíonn “inneall iascaigh” aon inneall, líon nó uirlis ar bith is féidir d'úsáid chun iasc a thógáil;

ceadúnas iascaigh.

ciallaíonn “ceadúnas iascaigh” ceadúnas arna eisiúint ag an gCoimisiún faoi rialacháin arna ndéanamh ag an gCoimisiún faoin Acht seo;

Líomatáiste an Fheabhail.

tá leis an abairt “Líomatáiste an Fheabhail” an bhrí a bheirtear di le halt 3;

fiosrúchán.

ciallaíonn “fiosrúchán” fiosrúchán faoi alt 82;

an Cumann Éireannach.

ciallaíonn “an Cumann Éireannach” an comhlucht dar teideal the Society of the Governor and Assistants, London, of the New Plantation of Ulster within the Realm of Ireland;

an tAire.

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

an Aireacht.

ciallaíonn “an Aireacht” Aireacht Tráchtála Thuaisceart Éireann;

Líomatáiste Mhagh Bhile.

ciallaíonn “Líomatáiste Mhagh Bhile” an líomatáiste a ceapadh le hOrdú Cheantar Iascaigh Mhagh Bhile, 1926, mar Cheantar Mhagh Bhile;

Bord Mhagh Bhile.

ciallaíonn “Bord Mhagh Bhile” an bord coimeádaithe do Cheantar Mhagh Bhile;

ordú.

ciallaíonn an briathar “ordú” ordú le rialacháin arna ndéanamh ag an gCoimisiún faoin Acht seo;

abha.

folaíonn “abha” loch agus inbhear;

bradáin.

folaíonn “bradáin” bric farraige, gach iasc de chineál an bhradáin agus a n-eochrais agus a mblátháin;

bric.

folaíonn “bric” gach iasc de chineál an bhric dhoinn agus a n-eochrais agus a mblátháin ach ní fholaíonn sé bric farraige.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo d'iasc d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do chuid d'iasc.

(3) San Acht seo aon tagairt a déantar do réir uimhreach do Chuid nó d'alt is tagairt í don Chuid nó don alt den Acht seo ar a bhfuil an uimhir sin mura léirítear gur tagairt d'Acht éigin eile í.

(4) Mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán d'fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo.

Líomatáiste an Fheabhail.

3. —(1) San Acht seo ciallaíonn “Líomatáiste an Fheabhail” an líomatáiste is ionann agus an ceantar iascaigh a ceapadh agus a míníodh i gcéadóir faoin ainm an Londonderry District le hordú a rinne na Coimisinéirí Iascaigh an 9ú lá d'Iúil, 1855.

(2) Bhéarfar aird bhreithiúnach ar thórainneacha Líomatáiste an Fheabhail.

Srian leis na hAchta Iascaigh.

4. —Ar an dáta bunuithe agus uaidh sin amach scoirfidh na forála, dá dtagartar sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, de na hachtacháin dá dtagartar sa dara colún d'fheidhm a bheith acu maidir le Líomatáiste Mhagh Bhile.

Cuntais agus tuarascála a leagadh faoi bhráid an Oireachtais.

5. —Cuirfidh an tAire faoi ndear go leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas cóip de chuntais an Choimisiúin do gach bliain arna n-iniúchadh do réir míre 17 den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus cóip de thuarascáil na n-iniúchóirí ar na cuntais sin, agus cóip den tuarascáil bhliantúil a thug an Coimisiún dó.

Cóipeanna d'orduithe agus rialacháin a thaisceadh.

6. —Taiscfear cóip de gach ordú nó rialachán a déanfar faoin Acht seo—

(a) leis an gcláraitheoir contae do chontae Dhún na nGall,

(b) leis an gCléireach Cúirte Dúiche do gach Dúthaigh Chúirte atá, nó a bhfuil cuid di, i Líomatáiste Mhagh Bhile, agus

(c) i ngach stáisiún Gharda Síochána i Líomatáiste Mhagh Bhile.

Caiteachais.

7. —Na caiteachais uile faoina raghaidh an tAire ag cur an Achta seo in éifeacht, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.