An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Coimisiun Iascaigh an Fheabhail.)

5 1952

ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL, 1952

CUID II.

Cearta Iascaigh an Fheabhail a Thogaint.

Cumhachta chun cearta iascaigh a thógaint, etc.

8. —(1) Údaraítear leis seo don Aire comhaontú (dá ngairmtear an comhaontú dílsithe san Acht seo) a dhéanamh leis an Aireacht agus leis an gCumann Éireannach do réir téarmaí an dréachta atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(2) Ar dháta forghníomhuithe an chomhaontuithe dhílsithe oibreoidh an fo-alt seo chun teideal iomlán dochloíte a dhílsiú san Aire agus san Aireacht chun an feo simplí seilbhe ar gach ceart iascaigh sna coda taoidmheara de Loch agus Abha an Fheabhail agus dá shuainmheachán, Abha an Fhachain, saortha agus urscaoilte ó gach eastát, teideal, leas, eire, ceart, saoirse agus pribhléid d'aon tsórt, pé duine ag a bhfuil teachtadh, úsáid feidhmiú nó sealúchas an chéanna, lasmuigh de na cíos-mhuirir dá dtagartar sa chomhaontú dílsithe ach faoi shlánaíocht ina n-aghaidh sin mar foráltar sa chomhaontú sin.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) den alt seo le ceart a bhí dílsithe, díreach roimh dháta forghníomhuithe an chomhaontuithe dhílsithe, in aon duine, seachas an Cumann Éireannach, chun inneall seasamhach d'úsáid faoi dheimhniú a deonadh faoi alt 6 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863.

(4) Ar dháta forghníomhuithe an chomhaontuithe dhílsithe oibreoidh an fo-alt seo chun eastát, ceart, teideal agus leas uile an Chumainn Éireannaigh sna coda taoidmheara de Loch agus Abha an Fheabhail agus dá shuainmheachán, Abha an Fhachain, agus i ngrian, grinneall agus urthrá na gcoda taoidmheara sin, agus chucu sin uile, a mhúchadh.

(5) Oibreoidh an comhaontú dílsithe, gan a thuilleadh forcinntithe, chun an mhaoin uile a gcomhaontaítear leis í a dhíol, seachas cearta iascaigh lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo, a thíolacadh, a shannadh agus d'aistriú ar dháta déanta an chomhaontuithe sin chun an Aire agus chun na hAireachta.

(6) Beidh cumhacht ag an gCumann Éireannach, d'ainneoin aon tórainneacha lena chumhachta, chun an comhaontú dílsithe a dhéanamh gan toiliú duine ar bith.

(7) Beidh de dhualgas ar an Aire agus ar an gCumann Éireannach, agus cumhachtaítear do gach páirtí dhíobh leis seo, an comhaontú dílsithe a chomhlíonadh a mhéid atá a fhorála le comhlíonadh ag an bpáirtí sin.

(8) Má chruthaíonn duine ar bith, seachas an Cumann Éireannach, gur baineadh aon leas i gceart eisiach iascaigh de le fo-alt (2) den alt seo, beidh sé i dteideal cúiteamh sa chailliúint leasa sin a ghnóthú ón gCoimisiún, agus mura gcomhaontaítear ar aon cheist i dtaobh cúiteamh a bheith iníoctha faoin bhfo-alt seo nó i dtaobh a mhéide cinnfear í faoi réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ag eadránaí a ceapfar faoin Acht sin.

(9) Nuair a bheas sé ag measúnú cúitimh faoi fho-alt (8) den alt seo, bhéarfaidh an t-eadránaí aird ar a mhéid a feidhmíodh an ceart áirithe i rith na ndeich mbliana dar críoch an dáta a forghníomhaíodh an chomhaontú dílsithe.

Díolúine ó dhleachta stampa.

9. —(1) Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal go seachadfar do na Coimisinéirí Ioncaim cóip den Acht seo ná go n-íocfar dleacht stampa faoin alt sin ar aon chóip den Acht seo.

(2) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar an gcomhaontú dílsithe ná ar aon ionstraim a forghníomhófar dá bhun.