|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Cearta Iascaigh an Fheabhail a Thogaint.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Ratai ar Iascaigh.) |
ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL, 1952
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID III. Coimisiun Iascaigh an Fheabhail. | |
| [EN] |
Tosach feidhme na Coda seo. |
10. —Tiocfaidh na forála ina dhiaidh seo den Chuid seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire, le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aireacht. |
Cóiriú agus Feidhmeanna. | ||
| [EN] |
Bunú Coimisiúin Iascaigh an Fheabhail. |
11. —(1) Bunaítear leis seo comhlucht dá ngairmfear Coimisiún Iascaigh an Fheabhail. |
| [EN] | (2) Is iad feidhmeanna an Choimisiúin— | |
| [EN] | (a) an mhaoin a dílseofar san Aire agus san Aireacht faoi alt 8 a bhainistí; | |
| [EN] | (b) iascaigh Líomatáiste an Fheabhail a chaomhaint, a chosaint agus d'fheabhsú i gcoitinne. | |
| [EN] | (3) Beidh feidhm maidir leis an gCoimisiún ag forála an Tríú Sceidil a ghabhas leis an Acht seo. | |
| [EN] |
Díolúine rátaí agus cánacha. |
12. —(1) Ní dhlífidh an Coimisiún cáin ar bith d'íoc i leith na dílseánachta in aon tailte, tíonóntáin agus oidhreachtáin ná i leith a n-áitithe ná i leith aon choda dá ioncam. |
| [EN] | (2) Ní bheidh an Coimisiún faoi dhliteanas maidir le ráta is intobhaigh ag aon údarás áitiúil i leith úsáid nó áitiú aon oidhreachtáin nó tionóntáin ag an gCoimisiún, agus aon oidhreachtán nó tionóntán a bheas á úsáid nó á áitiú amhlaidh measfar, chun críche ailt 2 den Valuation (Ireland) Act, 1854, gur de chineál poiblí é agus gur chun na seirbhíse poiblí a háitítear é. | |
| [EN] | (3) I ngach bliain airgeadais áitiúil íocfar le húdarás áitiúil i Líomatáiste Mhagh Bhile as airgead a sholáthrós an tOireachtas pé suim a mbeadh an t-údarás sin i dteideal, do réir dlí, í d'fháil i leith rátaí mura mbeadh an díolúine a bheirtear le fo-alt (2) den alt seo. | |
| [EN] |
Rialacháin. |
13. —(1) Féadfaidh an Coimisiún, le haontú an Aire agus na hAireachta, pé rialacháin a dhéanamh a chífear don Choimisiún a bheith fóirstineach chun iascaigh Líomatáiste an Fheabhail a bhainistí, a chaomhaint, a chosaint agus d'fheabhsú agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh rialacháin a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas — |
| [EN] | (a) iascach a rialú agus dea-ord a choimeád i measc lucht iascaigh, | |
| [EN] | (b) na trátha agus na saosúir le haghaidh iasc nó aon chineál éisc a thógáil nó le haghaidh aon mhodha tógála éisc nó aon chinéil éisc agus na coinníollacha faoina bhféadfar iasc nó aon chineál éisc a thógáil, | |
| [EN] | (c) aon mhodh tógála nó díthithe éisc nó aon chinéil éisc a thoirmeasc, | |
| [EN] | (d) na trátha agus na háiteanna nó an modh ina bhféadfar aon inneall iascaigh d'úsáid, | |
| [EN] | (e) an saghas agus an deilbh líonta a húsáidfear agus toise mhogall na líonta sin, | |
| [EN] | (f) úsáid aon innill iascaigh a thoirmeasc, go hiomlán nó ar shlí seachas faoi réim agus do réir ceadúnais arna eisiúint ag an gCoimisiún, | |
| [EN] | (g) ceadúnais d'iarraidh, d'eisiúint, d'athrú, d'athnuachaint agus a chúlghairm, i gcoitinne nó i gcásanna áirithe, | |
| [EN] | (h) uiscí a chosaint ar nimhiú agus truailliú ag aon ábhar docharach nó nimhiúil nó ó aon éisc nó ainmhithe oirgneacha, | |
| [EN] | (i) cleachtas ar bith a thoirmeasc is dóigh leis an gCoimisiún a raghadh chun bac a chur le hiasc a ghabháil go dleathach nó a bheadh in aon tslí docharach do na hiascaigh, | |
| [EN] | (j) míniú a thabhairt, do réir léarscáile nó eile, ar bhéal aon abhann i Líomatáiste an Fheabhail, ar bhéal aon fho-abhann mar a dtéann sí isteach in aon abhainn eile ann, ar an tórainn idir an chuid taoidmhear agus an chuid fíoruisce d'aon abhainn ann, ar an bpointe nó na pointí chun a mbeidh nó óna mbeidh faideanna slí le tomhas faoin Acht seo, nó ar an spás a dtoirmisctear leis an Acht seo nó le rialacháin faoin alt seo modhanna áirithe iascaigh d'úsáid nó a chleachtadh laistigh de, | |
| [EN] | (k) aon ní dá dtagartar san Acht seo mar ní ordaithe, | |
| [EN] | (l) aon ní a bhaineas in aon tslí le bainistí agus cosaint na n-iascach. | |
| [EN] | (2) Féadfaidh rialacháin a dhéanfas an Coimisiún faoin alt seo a fhoráil go n-éileofar i leith aon cheadúnais nó doiciméid eile, a eiseos nó a athrós an Coimisiún, pé táillí, is iníoctha pé tráth agus i pé slí, a hordófar. | |
| [EN] | (3) Gach rialachán a dhéanfas an Coimisiún faoin alt seo, foilseofar é, a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó i nuachtáin a léitear i Líomatáiste an Fheabhail. | |
| [EN] | (4) Aon ionstraim a rinneadh faoi na hAchta Iascaigh agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta bunuithe agus a bhainfeas leis an gceantar iascaigh dá ngairmtear Ceantar Mhagh Bhile leanfaidh sé i bhfeidhm dá éis sin agus measfar gur faoin alt seo a rinneadh í agus féadfar í a chúlghairm le rialacháin faoin alt seo | |
| [EN] | (5) Cuirfidh an tAire faoi ndear go leagfar gach rialachán a déanfar faoin Acht seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
| [EN] | (6) Má sháraíonn duine ar bith (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon rialacháin faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo. | |
| [EN] |
Srian leis an méid ceadúnas. |
14. —(1) Ní bheidh an méid ceadúnas le haghaidh iascaigh le hinnill iascaigh d'aon tsórt (seachas slat agus ruaim), in uiscí taoide Líomatáiste an Fheabhail, a fhéadfas an Coimisiún d'eisiúint in aon bhliain, níos mó ná pé méid a bheas ordaithe de thuras na huaire. |
| [EN] | (2) Má bhíonn an méid iarratas a déanfar go cuí ar cheadúnais in aon bhliain níos mó ná an méid uasta a forálfar faoin alt seo, dáilfear na ceadúnais i pé slí a bheas ordaithe. | |
Forála Airgeadais. | ||
| [EN] |
Meastachán bliantúil. |
15. —Bhéarfaidh an Coimisiún don Aire an 30ú lá de Shamhain, nó roimhe sin, gach bliain iascaigh, meastachán ar a ioncam agus a chaiteachas don bhliain sin. |
| [EN] |
Deontais. |
16. —(1) Féadfar deontas nó deontais de pé méid a cheadós an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, d'íoc leis an gCoimisiún, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, i leith caiteachas an Choimisiúin in aon bhliain iascaigh áirithe. |
| [EN] | (2) Nuair a bheas sé ag cinneadh méid an deontais faoin alt seo do bhliain iascaigh áirithe, bhéarfaidh an tAire aird ar mhéid aon deontais a bheas íoctha nó le n-íoc ag an Aireacht leis an gCoimisiún don bhliain sin. | |
| [EN] |
Airleacain |
17. —(1) Chun a chumasú don Choimisiún a fheidhmeanna d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, airleachain a thabhairt ó am go ham don Choimisiún as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |
| [EN] | (2) Aon tsuim a hairleacfar faoin alt seo, beidh sí inaisíoctha ar pé téarmaí ar a gcomhaontóidh an tAire agus an Coimisiún, le comhthoiliú an Aire Airgeadais. | |
| [EN] |
Cumhacht an Choimisiúin chun iasachta sealadacha d'fháil. |
18. —Féadfaidh an Coimisiún, trí chomhshocraíocht le bancaeirí, pé suimeanna a theastós uaidh ó am go ham d'fháil ar iasacht go sealadach, suas go dtí méid nach mó ná mar bheas ceadaithe ó am go ham ag an Aire agus ag an Aireacht. |
Bord Mhagh Bhile a Dhíscaoileadh. | ||
| [EN] |
Bord Coimeádaithe Mhagh Bhile a dhíscaoileadh. |
19. —(1) Déantar leis seo Bord Mhagh Bhile a dhíscaoileadh. |
| [EN] | (2) Aistrítear leis seo chun an Choimisiúin maoin, cearta agus dliteanais uile Bhord Mhagh Bhile. | |
| [EN] |
Imeachta dlíthiúla ar feitheamh a leanúint. |
20. —Ar an dáta bunaithe tiocfaidh an Coimisiún chun bheith, agus beidh sé, ina pháirtí i ngach imeacht dlíthiúil ar feitheamh a bhfuil Bord Mhagh Bhile ina pháirtí inti, in ionad an Bhoird sin, agus leanfar de na himeachta dá réir sin agus ní thitfid ar lár ná ní scoirfear díobh ná ní déanfar dochar dóibh toisc an Bord sin a dhíscaoileadh. |
| [EN] |
Ceadúnais a leanúint i bhfeidhm. |
21. —(1) Aon cheadúnas áitiúil speisialta— |
| [EN] | (a) d'eisigh Bord Mhagh Bhile faoin Acht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934) , le haghaidh na n-uiscí taoide d'Abhainn an Fheabhail ar a dtugtar an “Branch Stream” agus ar dearbhaíodh le hordú ón Aire feidhm a bheith ag an Acht sin ina leith, agus | |
| [EN] | (b) a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta bunuithe, | |
| [EN] | leanfaidh sé, d'ainneoin ailt 4, de bheith i bhfeidhm do réir a théarmaí, faoi réir forál an Achta Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 , agus ailt 54 den Acht Iascaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939) , agus orduithe agus rialachán an Aire fúthu sin, agus déanfar na forála, na horduithe agus na rialacháin sin d'fhorléiriú maidir leis na ceadúnais sin amhail is dá mba thagairtí don Choimisiún na tagairtí do Bhord Mhagh Bhile. | |
| [EN] | (2) Aon cheadúnas (seachas ceadúnas áitiúil speisialta) d'eisigh Bord Mhagh Bhile agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta bunuithe, leanfaidh sé i bhfeidhm do réir a théarmaí agus measfar gur ceadúnas iascaigh chun críocha an Achta seo é. | |
An Chomhairle Chomhairlitheach do Líomatáiste an Fheabhail. | ||
| [EN] |
Bunú agus feidhmeanna na Comhairle Comhairlithí. |
22. —(1) Beidh Comhairle Chomhairlitheach ann do Líomatáiste an Fheabhail. |
| [EN] | (2) Is iad feidhmeanna na Comhairle Comhairlithí féachaint i ndiaidh leasa sealbhóirí ceadúnas iascaigh agus áititheoirí iascach i Líomatáiste an Fheabhail, pé molta agus uiríolla is cuí léi a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le haon fheidhm de chuid an Choimisiúin, agus an Coimisiún a chomhairliú i dtaobh aon ní a chuirfeas an Coimisiún faoina bráid. | |
| [EN] | (3) Beidh feidhm maidir leis an gComhairle Chomhairlitheach ag forála an Cheathrú Sceidil a ghabhas leis an Acht seo. |