|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Coimisiun Iascaigh an Fheabhail.) | Ar Aghaidh (CUID V. Tratha Iascaigh agus Forala Fo-ghabhalacha.) |
ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL, 1952
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID IV. Ratai ar Iascaigh. | |
| [EN] |
Rátaí ar iascaigh. |
23. —(1) Sa bhliain iascaigh dár tosach an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1952, agus gach bliain iascaigh ina dhiaidh sin, gearrfaidh an Coimisiún, an 31ú lá de Nollaig, nó roimhe sin, ráta is ionann agus fiche scilling sa phunt ar gach iascach (seachas iascach arb é an Coimisiún a áititheoir) i Líomatáiste Mhagh Bhile ar an luacháil ina leith a bheas sa Liosta Luachála athscrúdaithe a ceangailtear faoi na hAchta Luachála ar an gCoimisinéir Luachála d'eisiúint tráth nach déanaí ná an 1ú lá de Mhárta roimhe sin. |
| [EN] | (2) Gach ráta a gearrfar faoin alt seo, déanfaidh na daoine ar leithligh ag a mbeidh sé le n-íoc é d'íoc ina dhá leath ar an 1ú lá d'Aibreán agus ar an 1ú lá de Mheán Fómhair sa bhliain iascaigh dá mbeidh an ráta iníoctha agus íocfar é amhlaidh de bhreis agus de bharr ar gach táille cheadúnais nó aon táille cheadúnais a íocfas na daoine sin faoin Acht seo don bhliain iascaigh sin nó d'aon bhliain iascaigh eile. | |
| [EN] | (3) Duine ar bith a dlífear a rátú faoin Acht seo i leith iascaigh, beidh sé, i leith an iascaigh sin, díolmhaithe ó dhliteanas i leith aon ráta is intobhaigh ag údarás áitiúil. | |
| [EN] | (4) Beidh feidhm ag fo-alt (7) d'alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), maidir le Líomatáiste Mhagh Bhile agus, chun críche na feidhme sin, measfar an díolúine a bheirtear le fo-alt (3) den alt seo a bheith tugtha leis an alt sin 13. | |
| [EN] |
Dliteanas áititheora i leith ráta iascaigh. |
24. —Dlífidh áititheoir iascaigh an ráta iascaigh d'íoc i leith an iascaigh. |
| [EN] |
Ráta iascaigh a bhailiú. |
25. —Déanfaidh pé daoine a cheapfas an Coimisiún ó am go ham ráta iascaigh a bhailiú, agus tógfaidh an Coimisiún leor-urrús ó na daoine a ceapfar amhlaidh go dtabharfar cuntas cuí sa ráta a baileofar, agus beidh costas bailithe an ráta ina chuid de chaiteachais an Choimisiúin. |
| [EN] |
Ráta iascaigh a ghnóthú. |
26. —(1) Féadfar ráta iascaigh a ghnóthú ar agra an Choimisiúin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. |
| [EN] | (2) Má bhíonn aon tsuim a bheas dlite i leith ráta iascaigh gan íoc laistigh de mhí tar éis an dáta ar a gceangailtear le fo-alt (2) d'alt 23 é d'íoc, féadfar an tsuim sin a ghnóthú (de roghain an duine atá i dteideal do réir dlí í a bhailiú agus a ghnóthú) ón áititheoir nó ó aon duine eile a bhí, an tráth a gearradh an ráta iascaigh sin nó aon tráth ina dhiaidh sin ag teachtadh, ag úsáid nó ag áitiú an iascaigh sin nó aon choda dhe agus, más tionónta ag an áititheoir an duine deiridh sin, féadfaidh sé, mura bhforálann an conradh tionóntachta gurb é an tionónta a íocfas an ráta iascaigh, méid aon ráta iascaigh a gnóthófar uaidh amhlaidh a bhaint as aon chíos is iníoctha leis an áititheoir. | |
| [EN] |
Rátaí iascaigh a ghearr Bord Mhagh Bhile. |
27. —Beidh feidhm ag ailt 24, 25 agus 26 maidir le gach ráta iascaigh a ghearr Bord Mhagh Bhile agus a daingníodh faoi alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), agus nach mbeidh lán-íoctha roimh an dáta bunuithe. |