|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Seirbhís Chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.) | Ar Aghaidh (Caibidil V. Dícháilíochtaí, Díolúintí agus Pribhléidí Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.) |
AN tACHT COSANTA, 1954
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil IV. Páigh agus Liúntais Chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann. | |
[EN] |
Rialacháin maidir le páigh, liúntais agus aiscí comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann. |
97. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas— |
[EN] | (a) rátaí agus scálaí páighe, liúntas agus aiscí comhaltaí d'Óglaigh an hÉireann, | |
[EN] | (b) na deontais a féadfar a thabhairt do chomhaltaí agus aonaid d'Óglaigh an hÉireann, | |
[EN] | (c) na coinníollacha a bhainfeas le heisiúint na páighe, na liúntas, na n-aiscí agus na ndeontas sin. | |
[EN] | (2) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (i) na suimeanna a féadfar d'fhorghéilleadh agus a bhaint as páigh agus liúntais chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann agus as aíscí agus deontais dóibh, | |
[EN] | (ii) na suimeanna a féadfar a bhaint as deontais d'aonaid d'Óglaigh na hÉireann, | |
[EN] | (iii) diúscairt na suimeanna a forghéillfear agus a bainfear amhlaidh, | |
[EN] | (iv) an modh agus an nós imeachta is inleanta chun na suimeanna sin d'fhorghéilleadh agus a bhaint nó chun aon tsuimeanna eile a bhaint a húdaraítear leis an Acht seo, | |
[EN] | agus féadfar na suimeanna sin d'fhorghéilleadh agus a bhaint agus iad a dhiúscairt dá réir sin. | |
[EN] | (b) Ní fhorordóidh rialacháin faoin bhfo-alt seo— | |
[EN] | (i) páigh d'fhorghéilleadh ach amháin i leith na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (I) neamhláithreacht de dhroim tréigin nó neamhláithreacht gan cead, | |
[EN] | (II) comhalta a bheith faoi choimeád, faoi phríosúntacht nó faoi choinneáil, | |
[EN] | (III) neamhláithreacht ó dhualgas de dheasca galair nó míchumais de dheasca aon chion a dhéanamh, | |
[EN] | (IV) suimeanna nár héilíodh; | |
[EN] | (ii) suimeanna a bhaint as páigh ach amháin i leith na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (I) earraí nó seirbhísí a soláthraíodh, | |
[EN] | (II) leithroinnt phósta, | |
[EN] | (III) fíneála, pionóis, damáistí, cúiteamh nó costais eile a gearradh, | |
[EN] | (IV) maoin phoiblí nó maoin sheirbhíse a cailleadh, a bhí easpaíoch, a damáistíodh nó a dithíodh, | |
[EN] | (V) fiach poiblí nó fiach seirbhíse, nó íocaíocht phoiblí nó íocaíocht sheirbhíse a dícheadaíodh. | |
[EN] | (VI) caiteachas a rinneadh nó dliteanas faoina ndeachthas gan údarás. | |
[EN] | (c) Ní bheidh an tsuim iomlán a bainfear, faoi rialacháin faoin bhfo-alt seo, as páigh fir, ach amháin fear atá á aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca nó á urscaoileadh as Óglaigh na hÉireann, níos mó in aon tseachtain ná pé suim a bhéarfadh gur lú a gheobhadh sé ná trian dá pháigh don tseachtain sin. | |
[EN] | (d) Gach rialachán a déanfar faoin bhfo-alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire aon tsuim a forghéillfear nó a bainfear faoi fho-alt (2) den alt seo a loghadh go hiomlán nó go páirteach. | |
[EN] | (4) Déanfar tagairtí do pháigh, liúntais, aiscí nó deontais sa Chaibidil seo d'fhorléiriú mar thagairtí do pháigh, liúntais, aiscí nó deontais is iníoctha faoi rialacháin a déanfar faoi fho-alt (1) den alt seo. | |
[EN] |
Suimeanna a bhaint as páigh fir maidir le horduithe áirithe cúirte. |
98. —(1) Baineann an t-alt seo— |
[EN] | (a) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 1 den Married Women (Maintenance in case of Desertion) Act, 1886, | |
[EN] | (b) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 75 nó 82 den Children Act, 1908, | |
[EN] | (c) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 99 den Children Act, 1908, á ordú do thuismitheoir nó caomhnóir ciontóra fíneáil, damáistí nó costais d'íoc, | |
[EN] | (d) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 3, 6, nó 7 d'Acht na Leanaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 (Uimh. 17 de 1930) , | |
[EN] | (e) le hordú ón gCúirt Dúiche faoi alt 28 nó 29 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , | |
[EN] | (f) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 232 nó 233 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945) , | |
[EN] | (g) le hordú ó chúirt shibhialta chun aon airgead d'íoc a bheas dlite mar ailiúnas faoi ghníomhas scarúna, | |
[EN] | (h) le hordú ó chúirt shibhialta chun ailiúnas d'íoc. | |
[EN] | (2) I gcás ordú lena mbaineann an t-alt seo a dhéanamh in aghaidh duine atá, nó a bheas ina dhiaidh sin, ina fhear de na Buan-Óglaigh, agus cóip den ordú sin a chur chun an Aire, ordóidh an t-údarás forordaithe pé cuid dá pháigh laethúil (nach mó ná dhá dtrian de, má tá céim sháirsint aige nó céim neamhchoimisiúnta airm is airde ná sin nó céim mhion-oifigigh nó céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh is airde ná sin, nó nach mó, in aon chás eile, ná trí ceathrúna dhi), is oiriúnach leis an údarás forordaithe, a bhaint as páigh an duine sin mar fhear de na Buan-Óglaigh agus a leithreasú mar shásamh nó mar shásamh páirteach sa tsuim (lena n-áirítear aon riaráistí a bheas faibhrithe agus aon chostais agus caiteachais) is iníoctha faoin ordú. | |
[EN] | (3) Nuair a gairmfear cúltacaire amach ar buan-tseirbhís, beidh feidhm maidir leis ag fo-alt (2) den alt seo amhail mar atá feidhm aige maidir le fear de na Buan-Óglaigh. | |
[EN] |
Suimeanna a bhaint as páigh fir i leith cothabháil a mhná céile agus a chlainne. |
99. —(1) Más dóigh leis an Aire go ndearna duine atá, nó a bheas ina dhiaidh sin, ina fhear de na Buan-Óglaigh, a bhean chéile nó aon duine dá leanaí dlisteanacha faoi bhun sé bliana déag d'aois a thréigint nó d'fhágaint dealamh gan cúis réasúnach, féadfaidh an tAire a ordú pé cuid dá pháigh laethúil (nach mó ná dhá dtrian di, má tá céim sháirsint aige nó céim neamhchoimisiúnta airm is airde ná sin nó céim mhion-oifigigh nó céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh is airde ná sin, nó nach mó, in aon chás eile, ná trí ceathrúna di), is oiriúnach leis an Aire, a bhaint as páigh laethúil an duine sin mar fhear de na Buan-Óglaigh agus í a chur chun feidhme i pé slí is oiriúnach leis an Aire chun an bhean chéile nó na leanaí dlisteanacha sin a chothabháil. |
[EN] | (2) Nuair a gairmfear cúltacaire amach ar buan-tseirbhís, beidh feidhm maidir leis ag fo-alt (1) den alt seo amhail mar atá feidhm aige maidir le fear de na Buan-Óglaigh. | |
[EN] |
Srian le suimeanna a bhaint as páigh, etc. |
100. —(1) Ní bainfear aon tsuim as aon pháigh, liúntas, aisce ná deontas, mura rud é— |
[EN] | (a) go mbeidh sin údaraithe le rialacháin faoi fho-alt (2) d'alt 97, nó le halt 98 nó 99, nó le hAcht ón Oireachtas, nó | |
[EN] | (b) go mbeidh sin údaraithe do réir fo-ailt (2) den alt seo. | |
[EN] | (2) Má thoilíonn comhalta d'Óglaigh na hÉireann i scríbhinn leis, agus go gceadóidh an t-údarás forordaithe é, féadfar suim a bhaint as páigh, liúntais, aiscí nó deontais an chomhalta sin. | |
[EN] | (3) Ní féadfar páigh, liúntais, aiscí ná deontais d'astú ná a chur ar fáil ar shlí eile trí phróis shibhialta chun aon fhiach d'íoc. | |
[EN] |
Páigh a choimeád siar i gcásanna áirithe. |
101. —Má tharlaíonn aon cheist— |
[EN] | (a) maidir le aon pháigh, liúntas, aisce nó deontas a bheith dlite, nó | |
[EN] | (b) maidir le méid aon pháighe, liúntais, aisce nó deontais a bheas dlite, nó | |
[EN] | (c) maidir le haon tsuim a bheith le forghéilleadh nó le baint as aon pháigh, liúntas, aisce nó deontas, nó | |
[EN] | (d) maidir le méid aon tsuime atá le forghéilleadh nó le baint as aon pháigh, liúntas, aisce nó deontas a bheas dlite, | |
[EN] | cinnfear an cheist a luaithe is caothúil, agus, go dtí go ndéanfar an cinneadh sin, féadfar an pháigh, an liúntas, an aisce nó an deontas a choimeád siar, go hiomlán nó go páirteach. | |
[EN] |
Sannadh páighe, etc., a thoirmeasc. |
102. —Beidh gach ionstraim (a shannfas nó a mhuirearós aon pháigh, liúntas, aisce nó deontas nó a chomhaontós é a shannadh nó é a mhuirearú) a dhéanfas comhalta d'Óglaigh na hÉireann ar neamhní mura rud é— |
[EN] | (a) gur chun tairbhe do theaglach (lena n-áirítear leanbh neamhdhlisteanach) an chomhalta sin a déanfar í, de bhun aon rialachán a dhéanfas an tAire ina thaobh sin, nó | |
[EN] | (b) go mbeidh sí údaraithe le fo-alt (2) d'alt 100 nó le hAcht ón Oireachtas. |