|
||||
|
AN tACHT COSANTA, 1954
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil III. Gabháil agus Cúirteanna Fiosrúcháin ar Fhir atá as láthair. | |
[EN] |
Profast-Mharascal. |
170. —D'fhonn gach cion a chur faoi chois go grod, féadfar profast-mharascal de chéim choimisiúnta a cheapadh ó am go ham. |
[EN] |
Gabháil. |
171. —(1) Féadfar gabháil a chur ar aon duine faoin dlí míleata atá tar éis cion in aghaidh an dlí mhíleata a dhéanamh nó a gheofar á dhéanamh nó a mbeidh amhras air go bhfuil sé ar tí a dhéanta nó a mbeidh amhras air. nó cúiseamh faoin Acht seo ina choinne, go ndearna sé é. |
[EN] | (2) Sna himthosca a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo— | |
[EN] | (a) féadfaidh profast-mharascal, nó oifigeach a bheas ag cur údaráis i bhfeidhm go dlíthiúil faoi phrofast-mharascal nó thar a cheann, aon oifigeach a ghabháil nó a ordú é a ghabháil; | |
[EN] | (b) féadfaidh profast-mharascal, nó oifigeach nó oifigeach neamhchoimisiúnta a bheas ag cur údaráis i bhfeidhm go dlíthiúil faoi phrofast-mharascal nó thar a cheann, aon fhear a ghabháil nó a ordú é a ghabháil; | |
[EN] | (c) féadfaidh oifigeach gabháil a chur, nó a ordú gabháil a chur— | |
[EN] | (i) ar aon fhear, | |
[EN] | (ii) ar aon oifigeach de chéim níos ísle, | |
[EN] | (iii) ar aon oifigeach de chomhchéim leis nó de chéim níos airde a bheas páirteach in aon achrann, gráscar, nó mí-ord; | |
[EN] | (d) féadfaidh oifigeach neamhchoimisiúnta aon fhear a ghabháil nó a ordú é a ghabháil; | |
[EN] | (e) féadfaidh aon duine faoin dlí míleata a bheas údaraithe chuige sin ag aon oifigeach ceannais duine faoin dlí míleata, seachas oifigeach nó fear, a ghabháil nó a ordú é a ghabháil. | |
[EN] | (3) Gach duine dá n-údaraítear le fo-alt (2) den alt seo gabháil a dhéanamh, féadfaidh sé chuige sin pé forneart is gá go réasúnach d'úsáid. | |
[EN] | (4) Déanfar ordú a bhéarfar faoi fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh, d'ainneoin nach leis an gcór seirbhíse céanna nó leis an aonad céanna a bhainfeas an duine a bhéarfas an t-ordú agus an duine dá dtabharfar é agus an duine ar ina leith a bhéarfar é. | |
[EN] |
Duine a gabhfar a chur faoi choimeád seirbhíse. |
172. —Nuair a gabhfar duine faoi alt 171, féadfaidh oifigeach, fear nó duine eile ag a mbeidh údarás é a ghabháil, nó féadfar ar a ordú sin an duine sin a chur láithreach, ar é a gabháil, faoi choimeád seirbhíse, agus féadfar chuige sin pé forneart is gá go réasúnach d'úsáid. |
[EN] |
Tuarascáil gharda. |
173. —(1) Déanfaidh aon duine a chuirfeas aon duine eile faoi choimeád seirbhíse faoi alt 172, nuair a chuirfeas sé faoi choimeád amhlaidh é nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin agus in aon chás tráth nach déanaí ná ceithre huaire fichead a chloig ina dhiaidh sin, cuntas i scríbhinn faoina shíniú féin ar an gcion inar cúisíodh an duine a cuireadh faoi choimeád amhlaidh a sheachadadh don oifigeach nó don fhear ar faoina choimeád a cuireadh an duine sin. |
[EN] | (2) Ní dhiúltóidh aon oifigeach ná fear i gceannas garda ná aon phrofast-mharascal ná aon duine dá chúntóirí, ná oifigeach ná fear ar bith, aon duine a cuirfear faoi choimeád seirbhíse faoi alt 172 a ghlacadh ná a choimeád. | |
[EN] | (3) Is é dualgas oifigigh nó fir a thógfas nó a ghlacfas aon duine (dá ngairmtear an príosúnach sa bhfo-alt seo) faoi choimeád, a luaithe a déanfar uainíocht gharda nó dhualgais air nó, mura ndéantar uainíocht air roimhe sin, laistigh de cheithre huaire fichead a chloig tar éis dó an príosúnach a thógaint faoi choimeád— | |
[EN] | (a) an t-eolas seo a leanas a thabhairt i scríbhinn dá oifigeach ceannais— | |
[EN] | (i) ainm an phríosúnaigh agus, sa mhéid gurb eol dó é, an cion ina bhfuil an príosúnach á chúiseamh, agus | |
[EN] | (ii) ainm agus céim (más aon chéim é) an duine a chuir an príosúnach faoi choimeád, agus | |
[EN] | (b) má bhíonn sé tar éis an cuntas i scríbhinn a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo d'fháil, an cuntas sin a sheachadadh dá oifigeach ceannais. | |
[EN] |
Cúirt fhiosrúcháin ar fhear atá as láthair. |
174. —(1) Má bhíonn fear de na Buan-Óglaigh as láthair gan cead óna dhualgas ar feadh lá agus fiche, féadfar cúirt fhiosrúcháin i dtaobh an fhir sin a thionól a luaithe is féidir. |
[EN] | (2) Má bhíonn fear de na hÓglaigh Cúltaca faoin dlí míleata, toisc é a bheith gairmthe amach ar buan-tseirbhís nó i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta nó le haghaidh tréineála bliantúla, agus go mbeidh sé as láthair go neamhdhlíthiúil óna dhualgas, féadfar cúirt fhiosrúcháin i dtaobh an fhir sin a thionól tar éis lá agus fiche a bheith caite i ndiaidh dáta na neamhláithreachta sin, pé acu a bheas nó nach mbeidh an tréimhse a bhí an fear sin faoin dlí míleata níos giorra ná lá agus fiche nó pé acu a bheas nó nach mbeidh an tréimhse sin caite sara mbeidh lá agus fiche caite ó dháta na neamhláithreachta sin. | |
[EN] | (3) Má tionóltar cúirt fhiosrúcháin i dtaobh fir faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas— | |
[EN] | (a) déanfaidh an chúirt, sa tslí fhorordaithe, fiosrú faoi mhionn nó faoi dhearbhú solamanta (a n-údaraítear leis seo d'aon chomhalta den chúirt duine a chur faoi) maidir le neamhláithreacht an fhir sin agus maidir leis an easnamh (más ann) ina airm, ina lón lámhaigh, ina threalamh, ina oirnéisí, agus ina riachtanais agus a éadaí seirbhíse, | |
[EN] | (b) más deimhin leis an gcúirt gur fhan an fear sin as láthair gan cead nó gan leor-chúis eile, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:— | |
[EN] | (i) dearbhóidh an chúirt an neamhláithreacht sin agus tréimhse na neamhláithreachta sin agus an t-easnamh sin (más ann); | |
[EN] | (ii) taifeadfaidh a oifigeach ceannais an dearbhú sin sna leabhair sheirbhíse; | |
[EN] | (iii) más fear de na Buan-Óglaigh an fear sin, nó fear de na hÓglaigh Cúltaca a gairmeadh amach ar buan-tseirbhís, beidh ag an taifead sin, mura dtabharfaidh an fear sin suas é féin ina dhiaidh sin nó mura ngabhfar é an éifeacht dlíthiúil a bheadh ag ciontú ag armchúirt i leith tréigin. |