An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Gabháil agus Cúirteanna Fiosrúcháin ar Fhir atá as láthair.) Ar Aghaidh (Caibidil V. Armchúirteanna.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

Caibidil IV.

Cúisimh d'Imscrúdú agus a Thriail go hAchomair, Athchur chun Armchúirte, agus Triail Armchúirte a Ligean thar Ceal.

Eigiontú nó ciontú a bheith ina urchosc ar imeachta achomairc.

175. —(1) Más rud é—

(a) gur cúisíodh duine i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus

(b)     (i) gur héigiontaíodh nó gur ciontaíodh é sa chion ag cúirt shibhialta, nó

(ii) gur héigiontaíodh é sa chion ag armchúirt, nó

(iii) go bhfuarthas ciontach é sa chion ag armchúirt agus gur daingníodh cinneadh sin na harmchúirte,

ní bheidh sé intriala go hachomair faoin gCaibidil seo sa chion.

(2) Más rud é—

(a) go ndearnadh duine faoin dlí míleata a chúiseamh i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus

(b) gur déileáladh leis an gcion faoin gCaibidil seo trína dhíbhe nó trína thriail go hachomair,

ní bheidh an duine sin intriala go hachomair arís faoin gCaibidil seo i leith an chiona sin.

Cúiseamh d'imscrúdú gan mhoill.

176. —Déanfaidh an t-údarás míleata cuí an cúiseamh in aghaidh gach duine a tógfar faoi choimeád seirbhíse d'imscrúdú gan mhoill neamhriachtanach, agus a luaithe is féidir cuirfear imeachta ar siúl leis an duine sin a phionósú nó scaoilfear as coimeád é.

Cúisimh in aghaidh oifigeach.

177. —(1) Is é a oifigeach ceannais nó, má threoraíonn an tArd-Aidiúnach amhlaidh, oifigeach a cheapfas an tArd-Aidiúnach chuige sin, a dhéanfas cúiseamh i gcoinne duine atá faoin dlí míleata mar oifigeach d'imscrúdú ar an gcéad ásc.

(2) Déanfaidh an t-oifigeach a bheas ag imscrúdú cúisimh faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) má tá céim cheannfoirt nó lefteanant-cheannasaí nó aon chéim choimisiúnta is airde ná sin ag an oifigeach a cúisíodh, ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—

(i) an cúiseamh a dhíbhe, más dóigh leis dá rogha féin nár chóir dul ar aghaidh leis,

(ii) an t-oifigeach a cúisíodh d'athchur chun a thriala ag armchúirt, más dóigh leis gur chóir dul ar aghaidh leis an gcúiseamh;

(b) in aon chás eile, ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—

(i) an cúiseamh a dhíbhe, más dóigh leis dá rogha féin nár chóir dul ar aghaidh leis,

(ii) faoi réir rialachán a déanfar faoi alt 184, an cúiseamh a tharchur chun a thriala ag oifigeach údaraithe,

(iii) an t-oifigeach a cúisíodh d'athchur chun a thriala ag armchúirt, más dóigh leis gur chóir dul ar aghaidh leis an gcúiseamh.

(3) I gcás oifigigh (dá ngairmtear an t-oifigeach a cúisíodh sa bhfo-alt seo) ag a mbeidh céim chaptaein airm, nó céim lefteanaint chabhlaigh nó céim choimisiúnta is ísle ná sin, a thabhairt chun a thriala os comhair oifigigh údaraithe, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a)     (i) déanfaidh an t-oifigeach údaraithe, tar éis dó an fhianaise d'éisteacht, nó gan an fhianaise d'éisteacht, an cúiseamh a dhíbhe, más dóigh leis dá rogha féin nár chóir dul ar aghaidh leis nó, más dóigh leis gur chóir dul ar aghaidh leis an gcúiseamh, an t-oifigeach a cúisíodh d'athchur chun a thriala ag armchúirt, nó

(ii) féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, tar éis dó an fhianaise d'éisteacht nó, má thoilíonn an t-oifigeach a cúisíodh freastal finnéithe a ligean thar ceal, tar éis dó coimriú nó achomaireacht ar an bhfianaise a léamh, an cás a thriail go hachomair, faoi réir míre (c) den fho-alt seo, agus ceann de na pionóis seo a leanas a ghearradh, eadhon—

(I) fíneáil nach mó ná cúig puint,

(II) dian-iomardú,

(III) iomardú;

(b) má éilíonn an t-oifigeach a cúisíodh é, is faoi mhionn a tógfar an fhianaise ina choinne a tógfar os comhair an oifigigh údaraithe, agus sa chás sin cuirfear gach finné faoin mionn nó faoin dearbhú solamanta céanna sin is gá d'fhinné a thógaint os comhair armchúirte, agus chun na críche sin féadfaidh an t-oifigeach údaraithe daoine a chur faoi mhionn agus faoi dhearbhú solamanta;

(c) má bheartaíonn an t-oifigeach údaraithe an cás a thriail go hachomair faoi mhír (a) den fho-alt seo agus más é pionós a bheartós sé a ghearradh fíneáil nó pionós lena ngabhfaidh suim d'fhorghéilleadh nó a bhaint as páigh, nó má bheartaíonn sé ordú faoi mhír (f) den fho-alt seo a dhéanamh, fiafróidh sé den oifigeach a cúisíodh cé acu is mian leis é a thriail go hachomair nó é a thriail ag armchúirt agus, más é rogha an oifigigh a cúisíodh é a thriail ag armchúirt, athchuirfidh an t-oifigeach údaraithe an t-oifigeach a cúisíodh chun a thriala ag armchúirt, ach murab é sin a rogha raghaidh sé ar aghaidh chun an cás a thriail go hachomair;

(d) má athchuireann an t-oifigeach údaraithe an t-oifigeach a cúisíodh chun a thriala ag armchúirt faoi mhír (a) den fho-alt seo, ansin, murar ghlac an t-oifigeach a cúisíodh de rogha faoi mhír (c) den fho-alt seo a thriail ag armchúirt, féadfaidh aon oifigeach ag a mbeidh cumhacht chomórtha armchúirte ginearálta a threorú an cúiseamh (le pé athruithe, leasuithe agus cúisimh bhreise is oiriúnach leis) a tharchur siar chun oifigigh údaraithe agus air sin déanfaidh an t-oifigeach údaraithe an cúiseamh nó na cúisimh arna dtarchur siar amhlaidh a dhíbhe nó, faoi réir míre (c) den fho-alt seo, a thriail go hachomair;

(e) más rud é—

(i) go n-athchuirfear an t-oifigeach a cúisíodh chun a thriala ag armchúirt faoi mhír (a) den fho-alt seo agus nach dtabharfar aon treoir faoi mhír (d) den fho-alt seo, nó

(ii) go n-athchuirfear an t-oifigeach a cúisíodh chun a thriala ag armchúirt faoi mhír (c) den fho-alt seo,

iarrfaidh an t-oifigeach d'athchuir an t-oifigeach a cúisíodh chun a thriala ag armchúirt ar an údarás comórtha údaraithe armchúirt ghinearálta a chomóradh chun an t-oifigeach a cúisíodh a thriail;

(f) más rud é—

(i) go dtriailfidh an t-oifigeach údaraithe an cás go hachomair, agus

(ii) gur tharraing cion an chúisimh aon chaiteachas, caillteanas, damáiste nó díthiú,

féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, in ionad nó i dteannta aon phionóis a húdaraítear dó le mír (a) den fho-alt seo a ghearradh i leith an chiona, a ordú go n-íocfaidh an t-oifigeach a cúisíodh, mar chúiteamh sa chaiteachas, sa chaillteanas, sa damáiste nó sa díthiú a tarraingíodh amhlaidh, pé suim (nach mó ná an tsuim is gá chun an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díthiú sin a shlánú, nó suim chúig punt déag, pé acu sin is lú) a threorós an t-oifigeach údaraithe.

Oifigigh ceannais do thriail cúiseamh i gcoinne fear.

178. —(1) Déanfaidh an t-oifigeach ceannais, ar imscrúdú cúisimh i gcoinne duine atá faoin dlí míleata mar fhear faoina cheannas go ndearna an duine sin cion in aghaidh an dlí mhíleata, an cúiseamh a dhíbhe, más dóigh leis dá rogha féin nár chóir dul ar aghaidh leis ach, más dóigh leis gur chóir dul ar aghaidh leis, féadfaidh sé an cúisí d'athchur chun a thriala ag armchúirt nó, más comhalta d'Óglaigh na hÉireann an ciontóir, féadfaidh sé, faoi réir an ailt seo agus faoi réir rialachán a déanfar faoi alt 184, an cás a thriail go hachomair.

(2) Má thriaileann an t-oifigeach ceannais cás go hachomair faoin alt seo agus más oifigeach neamhchoimisiúnta an ciontóir, féadfaidh sé pionóis acu seo a leanas a ghearradh air—

(a) fíneáil nach mó ná trí puint,

(b) dian-iomardú nó iomardú.

(3) Má thriaileann an t-oifigeach ceannais cás go hachomair faoin alt seo agus más saighdiúir singil nó mairnéalach an ciontóir, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) féadfaidh an t-oifigeach ceannais pionós acu seo a leanas a ghearradh air—

(i) coinneáil go ceann aon téarma nach sia ná ocht lá fichead, ach sin faoi réir na dtórann seo a leanas más neamhláithreacht gan cead an cion, eadhon, más sia ná seacht lá tréimhse na neamhláithreachta, ní bheidh an téarma coinneála is inghearrtha níos sia ná tréimhse na neamhláithreachta, agus mura sia ná seacht lá tréimhse na neamhláithreachta ní bheidh an téarma coinneála is inghearrtha níos sia ná seacht lá,

(ii) fíneáil nach mó ná dhá phunt,

(iii) gaibhniú i mbeairic go ceann téarma nach sia ná ceithre lá déag nó má tá an ciontóir ar fostú ar long Stáit, cead saoire ar tír a stopadh go ceann téarma nach sia ná ceithre lá déag,

(iv) rabhadh;

(b) féadfaidh an t-oifigeach ceannais san am céannais san am céanna fíneáil agus gaibhniú i mbeairic go ceann téarma nach sia ná ceithre lá déag a ghearradh ar an gciontóir nó, más mairnéalach an ciontóir, fíneáil a ghearradh air agus cead saoire ar tír a stopadh go ceann téarma nach sia ná ceithre lá déag, ach ní ghearrfaidh sé aon phionóis chónaiscthe eile ach amháin mar foráltar le fo-alt (4) den alt seo.

(4) Más rud é—

(a) go dtriailfidh oifigeach ceannais cás go hachomair faoin alt seo, agus

(b) gur tharraing cion an chúisimh aon chaiteachas, caillteanas, damáiste nó díthiú,

féadfaidh an t-oifigeach ceannais, in ionad nó i dteannta aon phionóis a húdaraítear dó leis an alt seo a ghearradh i leith an chiona, a ordú go n-íocfaidh an ciontóir, mar chúiteamh sa chaiteachas, sa chaillteanas, sa damáiste nó sa díthiú a tarraingíodh amhlaidh, pé suim (nach mó ná an tsuim is gá chun an caiteachas, an caillteanas, an damáiste, nó an díthiú sin a shlánú, nó suim deich bpunt, pé acu sin is lú) is oiriúnach leis an oifigeach ceannais.

(5) Má bhíonn cumhacht ag oifigeach ceannais cás a thriail go hachomair faoin alt seo, is faoi mhionn a tógfar an fhianaise i gcoinne an chúisí má éilíonn an cúisí é, agus sa chás sin cuirfear gach finné faoin mionn nó faoin dearbhú solamanta céanna sin is gá d'fhinné a thógaint os comhair armchúirte, agus chun na críche sin féadfaidh oifigeach ceannais daoine a chur faoi mhionn agus faoi dhearbhú solamanta.

(6) Má bhíonn cumhacht ag oifigeach ceannais cás a thriail go hachomair faoin alt seo agus go measfaidh sé, tar éis an fhianaise d'éisteacht, go bhféadfaidh sé an cás a thriail amhlaidh, ansin, más é an pionós a bheartós sé a ghearradh, nó an cinneadh a bheartós sé a dhéanamh, pionós nó cinneadh lena ngabhfaidh fíneáil nó suim d'fhorghéilleadh nó a bhaint as páigh, nó má bheartaíonn sé ordú faoi fho-alt (4) den alt seo, a dhéanamh, fiafróidh sé den chúisí cé acu is mian leis é a thriail go hachomair nó é a thriail ag armchúirt agus, más é rogha an chúisí é a thriail ag armchúirt, athchuirfidh an t-oifigeach ceannais é chun a thriala ag armchúirt, ach murab é sin a rogha raghaidh sé ar aghaidh chun an cás a thriail go hachomair.

(7) Má athchuireann oifigeach ceannais cúisí chun a thriala ag armchúirt faoin alt seo, ansin, murar ghlac an cúisí de rogha faoi fho-alt (6) den alt seo é a thriail ag armchúirt, féadfaidh aon oifigeach ag a mbeidh cumhacht chomórtha armchúirte a threorú an cúiseamh (le pé athruithe, leasuithe agus cúisimh bhreise is oriúnach leis) a tharchur siar chun an oifigigh ceannais agus air sin déanfaidh an t-oifigeach ceannais an cúiseamh nó na cúisimh arna dtarchur siar amhlaidh a dhíbhe nó, faoi réir fo-ailt (6) den alt seo, a thriail go hachomair.

(8) Más rud é—

(a) go n-athchuirfear fear chun a thriala ag armchúirt faoi fho-alt (1) den alt seo agus nach dtabharfar aon treoir faoi fho-alt (7) den alt seo, nó

(b) go n-athchuirfear fear chun a thriala ag armchúirt faoi fho-alt (6) den alt seo,

iarrfaidh an t-oifigeach ceannais ar an údarás comórtha údaraithe an armchúirt iomchuí a chomóradh chun an fear a thriail.

Fo-oifigigh do thriail cúiseamh i gcoinne saighdiúirí singile agus mairnéalach.

179. —(1) Féadfaidh oifigeach ceannais, faoi réim agus do réir rialachán faoin gCaibidil seo, cumhacht triala cúiseamh i gcoinne saighdiúirí singile nó mairnéalach a bheas faoi cheannas aon oifigigh a bheas faoina cheannas féin a tharmligean chun an oifigigh sin, agus chun críocha an ailt seo is fo-oifigeach gach oifigeach chun a ndéanfar an chumhacht sin a tharmligean.

(2) Déanfaidh fo-oifigeach, ar imscrúdú cúisimh i gcoinne saighdiúra shingil nó mairnéalaigh, is duine faoin dlí míleata, a bheas faoina cheannas, go ndearna sé cion in aghaidh an dlí mhíleata, an cúiseamh a dhíbhe, más dóigh leis dá rogha féin nár chóir dul ar aghaidh leis ach, más dóigh leis gur chóir dul ar aghaidh leis an gcúiseamh, féadfaidh sé an cúiseamh a tharchur chun an oifigigh cheannais agus triailfidh an t-oifigeach ceannais an cás faoi alt 178, nó féadfaidh sé féin an cás a thriail go hachomair.

(3) Má thriaileann fo-oifigeach cás go hachomair faoin alt seo, féadfaidh sé pionós acu seo a leanas a ghearradh, is é sin le rá:—

(a) fíneáil nach mó ná punt,

(b) gaibhniú i mbeairic go ceann aon tréimhse nach sia ná seacht lá nó, má tá an ciontóir ar fostú ar long Stáit, cead saoire ar tír a stopadh go ceann tréimhse nach sia ná seacht lá,

(c) rabhadh.

(4) Más rud é—

(a) go dtriailfidh fo-oifigeach cás go hachomair faoin alt seo, agus

(b) gur tharraing cion an chúisimh aon chaiteachas, caillteanas, damáiste nó díthiú,

féadfaidh an fo-oifigeach, in ionad nó i dteannta aon phionóis a húdaraítear dó leis an alt seo a ghearradh i leith an chiona, a ordú go n-íocfaidh an ciontóir, mar chúiteamh sa chaiteachas, sa chaillteanas, sa damáiste nó sa díthiú a tarraingíodh amhlaidh, pé suim (nach mó ná an tsuim is gá chun an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díthiú sin a shlánú, nó suim trí punt, pé acu sin is lú) is oiriúnach leis an bhfo-oifigeach.

(5) Má bhíonn cumhacht ag fo-oifigeach cás a thriail go hachomair faoin alt seo, is faoi mhionn a tógfar an fhianaise i gcoinne an chúisí, má éilíonn an cúisí é, agus sa chás sin cuirfear gach finné faoin mionn nó faoin dearbhú solamanta céanna sin is gá d'fhinné a thógaint os comhair armchúirte, agus chun na críche sin féadfaidh fo-oifigeach daoine a chur faoi mhionn agus faoi dhearbhú solamanta.

(6) Má bhíonn cumhacht ag fo-oifigeach cás a thriail go hachomair faoin alt seo agus go measfaidh sé, tar éis an fhianaise d'éisteacht, go bhféadfaidh sé an cás a thriail amhlaidh, ansin, más é an pionós a bheartós sé a ghearradh, nó an cinneadh a bheartós sé a dhéanamh, pionós nó cinneadh lena ngabhfaidh fíneáil nó suim d'fhorghéilleadh nó a bhaint as páigh, nó má bheartaíonn sé ordú a dhéanamh faoi fho-alt (4) den alt seo, fiafróidh sé den chúisí cé acu is mian leis é a thriail go hachomair nó an cás a tharchur chun an oifigigh ceannais, agus, más é rogha an chúisí an cás a tharchur chun an oifigigh ceannais, tarchuirfidh an fo-oifigeach an cás chun an oifigigh ceannais, ach murab é sin a rogha raghaidh sé ar aghaidh chun an cás a thriail go hachomair.

Athbhreithniú ar phionóis a gearradh go hachomair.

180. —Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le haon phionós (lena n-áirítear ordú chun cúiteamh d'íoc) a ghearrfas oifigeach údaraithe, oifigeach ceannais nó fo-oifigeach faoin gCaibidil seo, is é sin le rá:—

(a) más dóigh leis an údarás míleata forordaithe an pionós sin a bheith neamhdhleathach ar fad, treoróidh sé gearradh an phionóis a chealú agus an taifead ina thaobh a scrios as taifid an chúisí;

(b) más dóigh leis an údarás míleata forordaithe an pionós sin a bheith níos troime ná an pionós a húdaraítear le dlí i leith an chiona, athróidh sé an pionós ionas nach troime é ná an pionós a húdaraítear le dlí, agus athrófar dá réir sin an taifead ina thaobh i dtaifid an chúisí;

(c) más dóigh leis an údarás míleata forordaithe an pionós sin a bheith ródhian ag féachaint d'imthosca uile an cháis, féadfaidh sé, laistigh de dhá bhliain ó dháta an phionóis a ghearradh, an pionós uile nó aon chuid de a loghadh agus taifeadfar an loghadh sin i dtaifid an chúisí.

Cúisí a thriail gan réamh-imscrúdú.

181. —(1) Má líomhantar go ndearna duine atá faoin dlí míleata cion in aghaidh an dlí mhíleata agus má bhí cúirt fhiosrúcháin ann maidir le nithe a bhaineas leis an gcion a líomhantar, féadfaidh oifigeach ag a mbeidh cumhacht chomórtha armchúirte a ordú, más deimhin leis fianaise prima facie a bheith ann go ndearnadh an cion sin, an duine sin a thriail ag armchúirt gan aon imscrúdú roimh ré ar an gcúiseamh i gcoinne an duine sin.

(2) Má hordaítear duine a thriail ag armchúirt faoi fho-alt (1) den alt seo, seachadfar dó roimh an triail ráiteas ar fhianaise na bhfinnéithe a beartaítear a ghairm ar thaobh an inchúisimh ag an triail agus cóip d'imeachta agus de chinneadh na cúirte fiosrúcháin.

Tréigean nó liostáil chalaoiseach d'admháil.

182. —(1) Má dhéanann fear de na Buan-Óglaigh nó fear de na hÓglaigh Cúltaca a gairmfear amach ar buan-tseirbhís admháil a shíniú go raibh sé ciontach i gcion tréigin nó liostála calaoisí, féadfaidh údarás míleata forordaithe, le hordú, a thriail ag armchúirt a ligean thar ceal agus féadfaidh sé, leis an ordú sin nó le hordú ina dhiaidh sin, aon ní nó nithe acu seo leanas a dhéanamh, is é sin le rá:—

(a) é d'ísliú, má tá céim neamhchoimisiúnta airm aige, go dtí aon chéim neamhchoimisiúnta airm níos ísle nó, má tá céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh aige, go dtí aon chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh níos ísle;

(b) a shinsearacht chéime d'fhorghéilleadh ar an modh forordaithe;

(c) má tharraing déanamh an chiona sin aon chaiteachas, caillteanas, damáiste nó díthiú, a threorú go n-íocfaidh sé, mar chúiteamh sa chaiteachas, sa chaillteanas, sa damáiste nó sa díthiú sin, pé suim (nach mó ná an tsuim is gá chun an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díthiú sin a shlánú) a sonrófar san ordú sin.

(2) Má dhéanann fear de na Buan-Óglaigh nó fear de na hÓglaigh Cúltaca a gairmfear amach ar buan-tseirbhís admháil a shíniú go raibh sé ciontach i gcion tréigin nó liostála calaoisí agus mura féidir fianaise ar fhírinne nó neamhfhírinne na hadmhála sin d'fháil go caothúil an tráth sin, cuirfear sna leabhair sheirbhíse taifead i dtaobh na hadmhála sin arna shíniú ag oifigeach ceannais an fhir, agus leanfaidh an fear sin de dhualgas a dhéanamh sa chór seirbhíse ina mbeidh sé ag fónamh an tráth sin, nó chun a n-aistreofar é, go dtí go n-urscaoilfear é nó, más fear de na Buan-Óglaigh é, go dtí go n-aistreofar go dtí na hÓglaigh Cúltaca é nó go dtí gur féidir cruthú dlíthiúil d'fháil ar fhírinne nó neamhfhírinne na hadmhála sin.

Finnéithe sibhialta a thoghairm os comhair oifigeach údaraithe agus oifigeach ceannais.

183. —(1) Gach duine nach mbeidh faoin dlí míleata agus a bheas ag teastáil chun fianaise a thabhairt os comhair oifigigh údaraithe nó oifigigh ceannais a bheas ag imscrúdú cúisimh faoin gCaibidil seo, féadfar toghairm a chur air nó ordú a thabhairt dó ar an modh forordaithe freastal mar fhinné os comhair an oifigigh údaraithe nó an oifigigh ceannais.

(2) Aon duine nach mbeidh faoin dlí míleata agus a mhainneos freastal a dhéanamh ar thoghairm a chur air, nó ordú a thabhairt dó go cuí freastal mar fhinné os comhair oifigigh údaraithe nó oifigigh ceannais, agus ar chostais réasúnacha a fhreastail d'íoc leis nó a thairiscint dó, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

Rialacháin maidir le cúisimh d'imscrúdú agus a thriail go hachomair.

184. —(1) Chun críocha na Caibidil seo, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh, nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo, maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) na hoifigigh ina ndílseofar cumhachta agus dualgais oifigeach údaraithe agus oifigeach ceannais faoin gCaibidil seo agus na hoifigigh a bhféadfar cumhachta agus dualgais fo-oifigeach faoin gCaibidil seo a dhílsiú iontu trí tharmligean,

(b) na cionta a féadfar a thriail go hachomair tar éis iad a tharchur chun údaráis uachtaraigh,

(c) na cionta a féadfar a thriail go hachomair gan iad a a tharchur chun údaráis uachtaraigh,

(d) cumhacht a tharmligean chun fo-oifigigh chun cás a thriail go hachomair,

(e) oifigigh ag a bhfuil cumhacht chomórtha armchúirteanna do tharchur cúiseamh siar chun iad a thriail go hachomair,

(f) an tráth a thiocfas pionóis a gearrfar go hachomair in éifeacht agus an modh ar a gcuírfear i gcrích iad,

(g) aon duine, ní nó rud dá dtagartar sa Chaibidil seo mar dhuine, ní nó rud forordaithe,

(h) aon ní nó rud eile is gá chun an Chaibidil seo a chur in éifeacht.

(2) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.