An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V. Armchúirteanna.) Ar Aghaidh (Caibidil VII. Bearta atá le déanamh maidir le Cinneadh agus Pianbhreith Armchúirte.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

Caibidil VI.

Pionóis is inghearrtha ag Armchúirteanna i leith cionta in aghaidh an Dlí Mhileata.

Pionóis is inghearrtha ag armchúirteanna ar oifigigh.

209. —(1) Féadfar pionóis, i leith cionta in aghaidh an dlí mhíleata a dhéanfas daoine a bheas faoin dlí míleata mar oifigigh, agus a ciontófar ag armchúirt, a ghearradh do réir an scála seo a leanas, is é sin le rá:—

AN SCÁLA.

A.      Bás.

B.      Pian-tseirbhís go ceann aon téarma nach giorra ná trí bliana.

C.      Príosúntacht, le daor-obair nó gan daor-obair, go ceann aon téarma nach sia ná dhá bhliain.

D.      Dífhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann.

E.      Dífhostú as Óglaigh na hÉireann.

F.      Sinsearacht chéime in Óglaigh na hÉireann, nó sa chuid díobh ina bhfuil an ciontóir ag fónamh nó iontu araon, d'fhorghéilleadh sa tslí fhorordaithe nó, i gcás oifigigh a bhfuil ardú a chéime ag braith ar fhaid a sheirbhíse, a sheirbhís uile nó aon chuid dá sheirbhís d'fhorghéilleadh chun críche ardú céime.

G.      Fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead.

H.      Dian-iomardú.

I.        Iomardú.

(2) Chun críocha an Achta seo maidir lena fheidhm i gcás duine a bheas faoin dlí míleata mar oifigeach, measfar aon phionós dá luaitear sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo a bheith ina phionós is ísle ná aon phionós dá luaitear roimhe sa Scála sin.

(3) I gcás—

(a) duine a bheas faoin dlí míleata mar oifigeach a chiontú ag armchúirt i gcion in aghaidh an dlí mhíleata a luaitear in aon alt i gCaibidil II den Chuid seo, agus

(b) an t-alt sin dá fhoráil go ndlífear, ar é a chiontú amhlaidh, pionós sonraithe a chur air nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt,

ciallaíonn an abairt “aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt” san alt sin aon phionós dá luaitear sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo is ísle ná an pionós sonraithe.

(4) Ach amháin mar foráltar a mhalairt go sainráiteach san Acht seo, ní cuirfear ach an t-aon phionós amháin mar phianbhreith ar dhuine a ciontófar ag armchúirt i gcion in aghaidh an dlí mhíleata a dhéanamh le linn dó bheith faoin dlí míleata mar oifigeach.

(5) Má bheartaíonn armchúirt pianbhreith phian-tseirbhíse nó phríosúntachta a thabhairt ar oifigeach, déanfaidh an armchúirt, sara dtabharfaidh sí an phianbhreith phian-tseirbhíse nó phríosúntachta air (mura faoi fho-alt (2) d'alt 208 é) pianbhreith a dhífhostuithe faoi aithis, nó a dhífhostuithe, as Óglaigh na hÉireann a thabhairt air agus ansin bhéarfaidh an phianbhreith phiantseirbhíse nó phríosúntachta air.

(6) Féadfaidh armchúirt pianbhreith a dhian-iomarduithe nó a iomarduithe a thabhairt ar oifigeach chomh maith le pianbhreith a fhíneála.

(7) Féadfaidh armchúirt pianbhreith a fhíneála nó a dhianiomarduithe nó a iomarduithe a thabhairt ar oifigeach chomh maith le pianbhreith a shinsearacht chéime d'fhorghéilleadh.

(8) Beidh oifigeach a dífhostófar faoi aithis as Óglaigh na hÉireann dícháilithe feasta chun seirbhís a dhéanamh arís don Stát in aon cáil, sibhialta ná míleata.

Pionóis is inghearrtha ag armchúirteanna ar fhir.

210. —(1) Féadfar pionóis i leith cionta in aghaidh an dlí mhíleata a dhéanfas daoine a bheas faoin dlí míleata mar fhir agus a ciontófar ag armchúirt a ghearradh do réir an scála seo a leanas, is é sin le rá:—

AN SCÁLA.

A.      Bás.

B.      Pian-tseirbhís go ceann aon téarma nach giorra ná trí bliana.

C.      Príosúntacht, le daor-obair nó gan daor-obair, go ceann aon téarma nach sia ná dhá bhliain.

D.      Coinneáil go ceann aon téarma nach sia ná dhá bhliain.

E.      Urscaoileadh faoi aithis as Óglaigh na hÉireann.

F.      Urscaoileadh as Óglaigh na hÉireann.

G.      Más oifigeach neamhchoimisiúnta an duine a ciontófar, ísliú—

(a) más céim neamhchoimisiúnta airm atá aige, go dtí aon chéim neamhchoimisiúnta airm níos ísle, nó

(b) más céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh atá aige, go dtí aon chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh níos ísle.

H.      Fíneáil nach mó ná deich bpuint, más oifigeach neamhchoimisiúnta an duine a ciontófar nó, in aon chás eile, fíneáil nach mó ná cúig puint.

I.        Más oifigeach neamhchoimisiúnta an duine a ciontófar, sinsearacht chéime d'fhorghéilleadh sa tslí fhorordaithe.

J.        Dian-iomardú.

K.      Iomardú.

(2) Chun críocha an Achta seo maidir lena fheidhm i gcás duine a bheas faoin dlí míleata mar fhear, measfar aon phionós dá luaitear sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo a bheith ina phionós is ísle ná aon phionós dá luaitear roimhe sa Scála sin.

(3) I gcás—

(a) duine a bheas faoin dlí míleata mar fhear a chiontú ag armchúirt i gcion in aghaidh an dlí mhíleata a luaitear in aon alt i gCaibidil II den Chuid seo, agus

(b) an t-alt sin dá fhoráil go ndlífear ar é a chiontú amhlaidh, pionós sonraithe a chur air nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt,

ciallaíonn an abairt “aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt” san alt sin aon phionós dá luaitear sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo is ísle ná an pionós sonraithe.

(4) Ach amháin mar foráltar a mhalairt go sainráiteach san Acht seo, ní cuirfear ach an t-aon phionós amháin mar phianbhreith ar dhuine a ciontófar ag armchúirt i gcion in aghaidh an dlí mhíleata a dhéanamh le linn dó bheith faoin dlí míleata mar fhear.

(5) Chun críocha iomalairtithe agus athbhreithnithe pionóis, ní measfar coinneáil a bheith ina pionós is ísle ná príosúntacht más sia téarma na coinneála ná téarma na príosúntachta.

(6) Má bheartaíonn armchúirt pianbhreith phian-tseirbhíse a thabhairt ar fhear, déanfaidh an armchúirt, sara dtabharfaidh sí an phianbhreith phian-tseirbhíse air, pianbhreith a dhífhostuithe faoi aithis, nó a dhífhostuithe, as Óglaigh na hÉireann a thabhairt air agus ansin bhéarfaidh an phianbhreith phian-tseirbhíse air.

(7) Má thugann armchúirt pianbhreith phríosúntachta ar fhear (mura faoi fho-alt (2) d'alt 208 é), féadfaidh an armchúirt pianbhreith a urscaoilte faoi aithis as Óglaigh na hÉireann nó a urscaoilte as Óglaigh na hÉireann a thabhairt air freisin.

(8) Má thugann armchúirt de phianbhreith ar oifigeach neamhchoimisiúnta an pionós a luaitear ag G nó I sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo, féadfaidh an armchúirt pianbhreith a fhíneála nó a dhian-iomarduithe nó a iomarduithe a thabhairt air freisin.

(9) Má thugann armchúirt pianbhreith a choinneála nó a dhian-iomarduithe nó a iomarduithe ar fhear, féadfaidh an armchúirt pianbhreith a fhíneála a thabhairt air freisin.

(10) Má thugann armchúirt pianbhreith phríosúntachta nó choinneála ar oifigeach neamhchoimisiúnta, déanfaidh an armchúirt pianbhreith a íslithe, más céim neamhchoimisiúnta airm atá aige, go dtí céim shaighdiúra shingil nó, in aon chás eile, go dtí céim mhairnéalaigh, a thabhairt air freisin.

(11) Beidh fear a hurscaoilfear faoi aithis as Óglaigh na hÉireann dícháilithe feasta chun seirbhís a dhéanamh arís don Stát in aon cháil, sibhialta ná míleata.

An t-aon phianbhreith amháin i leith na gcionta uile.

211. —Má gheibhtear duine ciontach ag armchúirt i dhá chion nó níos mó in aghaidh an dlí mhíleata, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) ní thabharfaidh an armchúirt, má thugann sí pianbhreith ar bith, ach an t-aon phianbhreith amháin i leith na gcionta uile, agus

(b) is pianbhreith í sin a féadfar, faoin Acht seo, a thabhairt i leith aon chiona áirithe acu sin.

Srian le pianbhreith phríosúntachta agus choinneála i gcás duine atá faoi phríosúntacht nófaoi choinneáil cheana.

212. —Más rud é—

(a) go gciontófar duine ag armchúirt i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus

(b) go mbeartóidh an armchúirt pianbhreith phríosúntachta nó choinneála a thabhairt ar an duine sin, agus

(c) go mbeidh an duine sin, tráth na pianbhreithe, ag fulaing príosúntachta nó coinneála faoi phianbhreith a tugadh roimhe sin,

ní raghaidh aon phianbhreith phríosúntachta ná choinneála a bhéarfas an armchúirt thar pé téarma a dhéanfas, i dteannta an téarma a bheas gan caitheamh an tráth sin den phianbhreith roimhe sin, tréimhse dhá bhliain as a chéile.

Ordú ó armchúirt cúiteamh d'íoc.

213. —(1) Más rud é—

(a) go gciontófar duine a bheas faoin dlí míleata ag arm chúirt i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus

(b) gur tharraing an cion sin aon chaiteachas, caillteanas, damáiste nó díthiú,

féadfaidh an armchúirt, in ionad nó i dteannta aon phionóis a húdaraítear di leis an Acht seo a ghearradh i leith an chiona, a threorú go n-íocfaidh an ciontóir, mar chúiteamh sa chaiteachas, sa chaillteanas, sa damáiste nó sa díthiú a tarraingíodh amhlaidh, pé suim (nach mó ná an tsuim is gá chun an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díthiú sin a shlánú) a threorós an armchúirt.

(2) Measfar, chun críocha an Achta seo, gur pianbhreith ó armchúirt treoir faoi fho-alt (1) den alt seo.

Sinsearacht a cailleadh agus seirbhís a forghéilleadh, trí phianbhreith armchúirte, a thabhairt ar ais.

214. —Féadfaidh an tAire an t-iomlán nó aon chuid d'aon tsinsearacht chéime nó d'aon tseirbhís a forghéilleadh, trí phianbhreith armchúirte, a thabhairt ar ais i gcás oifigigh nó fir a bhéarfas seirbhís mhaith dhílis uaidh nó a measfaidh an tAire go dtuilleann sé ar shlí eile sin a thabhairt ar ais dó.