|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil VI. Pionóis is inghearrtha ag Armchúirteanna i leith cionta in aghaidh an Dlí Mhileata.) | Ar Aghaidh (Caibidil VIII. Pianbhreitheanna a chur i bhfeidhm.) |
AN tACHT COSANTA, 1954
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil VII. Bearta atá le déanamh maidir le Cinneadh agus Pianbhreith Armchúirte. | |
[EN] |
Can cinneadh ná pianbhreith a bheith bailí mura ndaingnítear iad. |
215. —Faoi réir ailt 204, ní bheidh cinneadh ná pianbhreith armchúirte bailí ach amháin sa mhéid go ndaingneoidh údarás daingniúcháin iad faoin gCaibidil seo. |
[EN] |
Údaráis daingniúcháin. |
216. —(1) Beidh cumhacht ag gach údarás acu seo a leanas cinneadh agus pianbhreith armchúirte a dhaingniú— |
[EN] | (a) i gcás armchúirte ginearálta, aon oifigeach (ag a mbeidh céim chornail airm nó céim chaptaein chabhlaigh nó céim choimisiúnta níos airde) a bheas údaraithe le barántas ón Aire chun cinneadh agus pianbhreith armchúirte ginearálta a dhaingniú, | |
[EN] | (b) i gcás armchúirte tóranta, | |
[EN] | (i) aon oifigeach a bheas údaraithe le barántas ón Aire chun cinneadh agus pianbhreith armchúirte tóranta a dhaingniú, | |
[EN] | (ii) aon oifigeach a bheas údaraithe de thuras na huaire chun armchúirt tóranta a chomóradh. | |
[EN] | (2) Féadfar barántas faoin alt seo a chur faoi réir pé srianta, forcoimeádas, eisceacht agus coinníollacha is oiriúnach leis an Aire. | |
[EN] | (3) Féadfar barántas faoin alt seo a dhíriú chun oifigigh faoina ainm nó faoi theideal a oifige nó go páirteach i slí amháin agus go páirteach sa tslí eile agus féadfar, do réir a théarmaí agus modh a dhírithe, gan réim a thabhairt dó ach maidir le hoifigeach a hainmneofar nó réim thairis sin a thabhairt dó nó a réim a leathnú nó gan a leathnú chun duine a bheas de thuras na huaire ag déanamh dualgas na hoifige a hainmneofar nó a réim a leathnú nó gan a leathnú chun comharbaí oifige oifigigh. | |
[EN] | (4) Ní bheidh cumhacht ag oifigeach a bhí ina chomhalta d'armchúirt cinneadh ná phianbhreith na harmchúirte sin a dhaingniú. | |
[EN] | (5) San Acht seo ciallaíonn an abairt “údarás daingniúcháin”, nuair a húsáidtear í maidir le harmchúirt ghinearálta nó maidir le harmchúirt tóranta, duine a bheas údaraithe de bhuaidh an ailt seo chun cinneadh agus breith na harmchúirte sin a dhaingniú. | |
[EN] |
Cinneadh agus pianbhreith a tharchur ó údarás daingniúcháin chun údaráis daingniúcháin uachtaraigh. |
217. —Féadfaidh údarás ag a mbeidh cumhacht cinneadh agus pianbhreith armchúirte a dhaingniú gan aon chuid díobh nó gan ach cuid díobh a dhaingniú agus an cinneadh agus an phianbhreith sin nó an chuid nár dhaingnigh sé a tharchur chun aon oifigigh de chéim choimisiúnta níos airde ag a mbeidh cumhacht cinneadh agus pianbhreith armchúirte den chineál sin a dhaingniú, agus sa chás sin is é an t-oifigeach sin a bheas, chun críocha an Achta seo, ina údarás ag a mbeidh cumhacht an méid a tarchuireadh chuige de chinneadh agus pianbhreith na harmchúirte sin a dhaingniú. |
[EN] |
Cinneadh agus pianbhreith d'athbhreithniú ag armchúirt. |
218. —(1) Féadfaidh údarás ag a mbeidh cumhacht cinneadh agus pianbhreith armchúirte a dhaingniú an cinneadh agus an phianbhreith sin, nó ceachtar acu, a chur ar ais, uair amháin ach sin an méid, le hathbhreithniú. |
[EN] | (2) Má dhéanann údarás ag a mbeidh cumhacht cinneadh agus pianbhreith armchúirte a dhaingniú an cinneadh agus an phianbhreith sin, nó ceachtar acu, a chur ar ais le hathbhreithniú faoin alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:— | |
[EN] | (a) ní ghlacfaidh an armchúirt le linn an athbhreithnithe sin aon fhianaise bhreise; | |
[EN] | (b) mura gcuirtear ar ais le hathbhreithniú ach an cinneadh, féadfaidh an armchúirt an phianbhreith d'athbhreithniú freisin; | |
[EN] | (c) ní mholfaidh an t-údarás sin in aon chás an phianbhreith a mhéadú, ná ní bheidh cumhacht ag an armchúirt an phianbhreith a gearradh i gcéadóir a mhéadú. | |
[EN] |
Cumhachta an údaráis daingniúcháin maidir le daingniú. |
219. —(1) Má fuarthas duine ciontach in aon chúiseamh ag armchúirt, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin an t-iomlán nó cuid den chinneadh nó den phianbhreith bhunaidh, nó den chinneadh nó den phianbhreith athbhreithnithe, a dhaingniú nó diúltú é a dhaingniú. |
[EN] | (2) Má dhiúltaíonn údarás daingniúcháin cinneadh armchúirte ar aon chúiseamh a dhaingniú, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin a threorú go dtriailfear an cúisí arís ag armchúirt, agus féadfaidh treoracha a thabhairt maidir leis an gcúiseamh nó na cúisimh ina dtriailfear an cúisí arís. | |
[EN] |
Cumhachta breise údaráis daingniúcháin maidir le pianbhreith a thug armchúirt. |
220. —(1) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le haon phianbhreith a bhéarfas armchúirt— |
[EN] | (a) más go neamhfhoirmiúil a bheas an phianbhreith ráite, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin, nuair a bheas sé á daingniú, foirm na pianbhreithe d'athrú ionas go mbeidh sí ráite go cuí; | |
[EN] | (b) má bhíonn an pionós a gearradh leis an bpianbhreith neamhbhailí nó níos troime ná an pionós a údaraíos an tAcht seo— | |
[EN] | (i) más cion faoi alt 139 an cion ar ina leith a gearradh an pionós, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin dífhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin a luaitear sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 209 a chur mar phianbhreith in ionad pianbhreithe na harmchúirte agus an phianbhreith ionaid sin a dhaingniú, | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin aon phionós eile d'fhéadfadh an armchúirt a ghearradh ar an gciontóir a chur mar phianbhreith in ionad pianbhreithe na harmchúirte agus an phianbhreith ionaid sin a dhaingniú. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le pianbhreith bháis a bhéarfas armchúirt— | |
[EN] | (a) más tréas nó dúnmharú an cion ar tugadh an phianbhreith ina leith, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin dá luaitear, más oifigeach-an ciontóir, sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 209 nó, más fear an ciontóir, sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 210, a chur mar phianbhreith in ionad pianbhreithe na harmchúirte agus an phianbhreith ionaid sin a dhaingniú; | |
[EN] | (b) in aon chás eile, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin aon phionós eile d'fhéadfadh an armchúirt a ghearradh ar an gciontóir a chur mar phianbhreith in ionad pianbhreithe na harmchúirte agus an phianbhreith ionaid sin a dhaingniú. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le pianbhreith (seachas pianbhreith bháis) a bhéarfas armchúirt— | |
[EN] | (a) féadfaidh an t-údarás daingniúcháin, nuair a bheas sé ag daingniú na pianbhreithe, an pionós a gearradh léi a mhaolú go dtí pionós níos lú den chineál céanna; | |
[EN] | (b) féadfaidh an t-údarás daingniúcháin, nuair a bheas sé ag daingniú na pianbhreithe, an pionós a gearradh léi a loghadh go hiomlán nó go páirteach; | |
[EN] | (c) más cion faoi alt 139 an cion ar ina leith a tugadh an phianbhreith, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin aon phionós is ísle ná sin dá luaitear sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 209 a chur mar phianbhreith in ionad pianbhreithe na harmchúirte agus an phianbhreith ionaid sin a dhaingniú; | |
[EN] | (d) mura cion faoi alt 139 an cion ar ina leith a tugadh an phianbhreith, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin aon phionós is ísle ná sin d'fhéadfadh an armchúirt a ghearradh ar an gciontóir a chur mar phianbhreith in ionad pianbhreithe na harmchúirte agus an phianbhreith ionaid sin a dhaingniú. | |
[EN] | (4) Má cuirtear faoin alt seo pianbhreith nua in ionad pianbhreithe a thug armchúirt, beidh feidhm agus éifeacht ag an bpianbhreith nua amhail is dá mba í an armchúirt a thug í ar an gcéad ásc agus beidh feidhm dá réir sin ag forála an Achta seo. | |
[EN] |
Pianbhreith (seachas pianbhreith bháis) a mhaolú, a loghadh, etc., tar éis a daingnithe. |
221. —(1) Nuair a beifear tar éis pianbhreith (seachas pianbhreith bháis) a thug armchúirt a dhaingniú, féadfaidh údarás uachtarach aon ní nó nithe acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá:— |
[EN] | (a) féadfaidh sé an pionós a gearradh leis an bpianbhreith a mhaolú go dtí pionós níos lú den chineál céanna; | |
[EN] | (b) féadfaidh sé an pionós sin a loghadh go hiomlán nó go páirteach; | |
[EN] | (c) féadfaidh sé— | |
[EN] | (i) más é atá sa phionós sin difhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann, nó dífhostú as Óglaigh na hÉireann, a gearradh i leith ciona faoi alt 139, aon phionós is ísle ná sin dá luaitear sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 209 a chur ina ionad, | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, aon phionós is ísle ná sin d'fhéadfadh an armchúirt a thug an phianbhreith a ghearradh ar an gciontóir a chur ina ionad. | |
[EN] | (2) Má daingnítear pianbhreith a thug armchúirt agus go gcinnfear í a bheith neamhbhailí ar chúis ar bith, féadfaidh údarás uachtarach pianbhreith bhailí a thabhairt agus beidh ag an bpianbhreith a bhéarfar amhlaidh an éifeacht chéanna a bheadh aici dá mba í an armchúirt a thug í agus gur daingníodh í go cuí, ach ní bheidh an pionós a gearrfar leis an bpianbhreith sin níos airde sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 209 nó le fo-alt (1) d'alt 210 (pé fo-alt acu sin is iomchuí) ná an pionós a gearradh leis an bpianbhreith neambhailí, ná níos troime, i dtuairim an údaráis uachtaraigh adúradh, ná an pionós deiridh sin a luadh. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo, is údarás uachtarach gach duine acu seo a leanas— | |
[EN] | (a) an tAire, | |
[EN] | (b) an tArd-Aidiúnach, | |
[EN] | (c) aon oifigeach ginearálta nó aon bhrat-oifigeach a cheapfas an tAire chuige sin. | |
[EN] |
Dáta tosnuithe pian-tseirbhíse, príosúntachta nó coinneála a gearrfar mar phianbhreith ionaid. |
222. —Má cuirtear in ionad pianbhreithe (dá ngairmtear an phianbhreith bhunaidh san alt seo) a ghearr armchúirt pianbhreith eile (dá ngairmtear an phianbhreith ionaid san alt seo). phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:— |
[EN] | (a) más pianbhreith bháis an phianbhreith bhunaidh, áireofar an phianbhreith ionaid do thosnú ar an lá a shínigh uachtarán na harmchúirte an phianbhreith bhunaidh; | |
[EN] | (b) in aon chás eile, áireofar an phianbhreith ionaid do thosnú ar an lá a shínigh uachtarán na harmchúirte an phianbhreith bhunaidh, nó ar pé dáta roimhe sin a threoraigh an armchúirt mar dháta tosnuithe na pianbhreithe bunaidh. | |
[EN] |
Fionraí pianbhreithe pian-tseirbhíse, príosúntachta nó coinneála a tugadh ar fhear. |
223. —(1) Má tugadh pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála ar fhear, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin chun a dtarchuirfear an phianbhreith lena daingniú, a threorú, nuair a bheas sé ag daingniú na pianbhreithe, gan an fear a chur dá chimiú chun príosúin ná chun beairic coinneála go dtí go bhfaighfear orduithe ó údarás uachtarach. |
[EN] | (2) Féadfaidh údarás uachtarach, i gcás fir ar ar tugadh pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála— | |
[EN] | (a) a threorú gan ordú chun é a chur dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála d'eisiúint go dtí go bhfaighfear orduithe uaidh, | |
[EN] | (b) an phianbhreith a tugadh ar an bhfear d'fhionraí, pé acu cuireadh nó nár cuireadh dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála cheana féin é. | |
[EN] | (3) Má déantar pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála d'fhionraí faoin alt seo sara gcuirfear an fear ar ar tugadh í dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála, scaoilfear é agus, d'ainneoin aon ní san Acht seo, ní thosnóidh téarma na pianbhreithe go dtí go n-ordófar é a chur dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála faoin bpianbhreith sin. | |
[EN] | (4) Má déantar pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála d'fhionraí faoin alt seo tar éis an fear ar ar tugadh í a chur dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála, scaoilfear an fear sin agus fionrófar caitheamh a phianbhreithe ó lá a scaoilte go dtí go n-ordófar arís é a chur dá chimiú chun príosúin nó beairic coinneála faoin bpianbhreith chéanna. | |
[EN] | (5) Má fionraítear pianbhreith faoin alt seo, féadfaidh údarás uachtarach tráth ar bith, agus déanfaidh sé i gceann tréimhsí nach sia ná trí mhí, an cás a bhreithniú agus, más dóigh leis an údarás uachtarach, ar aon athbhreithniú den tsórt sin a dhéanamh, gur ceart, mar gheall ar dhea-iompar an fhir ón uair a ciontaíodh é, an phianbhreith a loghadh, loghfaidh sé í. | |
[EN] | (6) Féadfaidh údarás uachtarach, aon uair le linn pianbhreith ar fhear a bheith ar fionraí faoin alt seo, a ordú an fear a chur dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála, agus ó dháta an orduithe sin scoirfidh an phianbhreith de bheith ar fionraí. | |
[EN] | (7) Más rud é, le linn pianbhreith air a bheith ar fionraí faoin alt seo, go gcuirfear pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála i leith aon chiona eile ar fhear, ansin, má fionraítear an phianbhreith sin freisin faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás uachtarach a ordós an fhionraí a threorú an dá phianbhreith a bheith le rith i gcomhthráth nó as a chéile, ach sin i dtreo nach mbeidh téarma comhiomlán na príosúntachta nó na coinneála níos sia ná dhá bhliain as a chéile, agus más pianbhreith phian-tseirbhíse an phianbhreith i leith an chiona eile sin, ansin, pé acu fionrófar nó nach bhfionrófar an phianbhreith sin, cuirfear ar neamhní aon phianbhreith phríosúntachta nó choinneála a tugadh roimhe sin agus a fionraíodh. | |
[EN] | (8) Is méadú, agus ní laghdú, ar na cumhachta a bheirtear le halt 221 na cumhachta a bheirtear leis an alt seo. | |
[EN] | (9) Is údarás uachtarach chun críocha an ailt seo gach duine acu seo a leanas— | |
[EN] | (a) an tAire, | |
[EN] | (b) an tArd-Aidiúnach, | |
[EN] | (c) aon oifigeach ginearálta nó aon bhrat-oifigeach a cheapfas an tAire chuige sin. | |
[EN] |
Cinneadh armchúirte a neamhniú. |
224. —(1) Má bítear tar éis cinneadh agus pianbhreith armchúirte i leith duine chúisithe a dhaingniú agus más dóigh leis an Aire go raibh imeachta na harmchúirte neamhdhlíthiúil, cuirfidh an tAire an cinneadh ar neamhní, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:— |
[EN] | (a) scoirfidh iomlán na pianbhreithe a thug an armchúirt d'éifeacht a bheith aici; | |
[EN] | (b) féadfaidh an tAire a threorú san am céanna an cúisí a thriail arís sa chion dob ábhar don chinneadh agus, sa chás sin féadfar, d'ainneoin aon ní san Acht seo nó in aon riail dlí, an cúisi a thriail ag armchúirt sa chion sin agus, má gheibhtear ciontach é, é a phionósú ina leith. | |
[EN] | (2) Má bítear tar éis cinneadh agus pianbhreith armchúirte i leith duine chúisithe a dhaingniú agus más dóigh leis an Aire gur ciontaíodh an cúisí go héagórach, féadfaidh an tAire an cinneadh ciontachta a neamhniú, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:— | |
[EN] | (a) mura bhfuil aon chinneadh ciontachta eile ón armchúirt fágtha i leith an chúisí, scoirfidh iomlán na pianbhreithe a thug an armchúirt d'éifeacht a bheith aici; | |
[EN] | (b) más rud é— | |
[EN] | (i) go mbeidh cinneadh ciontachta eile (dá ngairmtear an cinneadh atá fágtha sa bhfo-alt seo) ón armchúirt fágtha i leith an chúisí, agus | |
[EN] | (ii) go mbeidh aon phionós (dá ngairmtear an pionós bunaidh sa bhfo-alt seo) a háiríodh sa phianbhreith a thug an armchúirt níos troime ná an pionós a húdaraítear leis an Acht seo maidir leis an gcinneadh atá fágtha, nó go mbeidh sé, i dtuairim an Aire, ró-dhian, féadfaidh sé, faoi réir míre (c) den fho-alt seo, pionós eile (dá ngairmtear an pionós ionaid sa bhfo-alt seo) a chur ina ionad, agus beidh éifeacht ag an bpionós ionaid amhail is dá mba í an armchúirt a ghearr é agus gur daingníodh é go cuí; | |
[EN] | (c) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an bpionós ionaid:— | |
[EN] | (i) ní bheidh sé ina phionós nach bhféadfadh armchúirt a ghearradh ar an gcúisí maidir leis an gcinneadh atá fágtha, | |
[EN] | (ii) ní bheidh sé níos airde sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 209 nó le fo-alt (1) d'alt 210 (pé fo-alt acu sin is iomchuí) ná an pionós bunaidh, | |
[EN] | (iii) má bhí pian-tseirbhís sa phianbhreith a thug an armchúirt, ní ghabhfaidh leis an bpionós ionaid, más pian-tseirbhís é, tréimhse phian-tseirbhíse is sia ná an tréimhse a bhí sa phianbhreith, | |
[EN] | (iv) má bhí príosúntacht sa phianbhreith a thug an armchúirt sin, ní ghabhfaidh leis an bpionós ionaid, más príosúntacht nó coinneáil é, tréimhse phríosúntachta nó choinneála is sia ná an tréimhse a bhí sa phianbhreith, | |
[EN] | (v) má bhí coinneáil sa phianbhreith a thug an armchúirt sin, ní ghabhfaidh leis an bpionós ionaid, más coinneáil é, tréimhse choinneála is sia ná an tréimhse a bhí sa phianbhreith, | |
[EN] | (vi) más coinneáil an pionós ionaid agus príosúntacht an pionós bunaidh, ní mó in aon chás téarma na coinneála ó dháta an phionóis ionaid a cheapadh ná an téarma príosúntachta atá fós le cur isteach. | |
[EN] |
Maoin ghoidte a thabhairt ar ais. |
225. —(1) Chun críocha an ailt seo, measfar maoin a bheith faighte go neamhdhleathach más trí chion a dhéanamh in aghaidh an dlí mhíleata a fuarthas í. |
[EN] | (2) Má ciontaíodh duine ag armchúirt in aon mhaoin d'fháil go neamhdhleathach agus go bhfaighfear an mhaoin nó aon chuid di i seilbh an chiontóra, féadfaidh an t-údarás a bheas ag daingniú cinneadh agus pianbhreith na harmchúirte sin, nó féadfaidh an tAire, a ordú an mhaoin a fuarthas amhlaidh a thabhairt ar ais don duine ar cosúil gurb é únaer dleathach na maoine sin é. | |
[EN] | (3) Féadfar ordú den tsamhail chéanna a dhéanamh maidir le haon mhaoin a gheofar i seilbh an chiontóra sin agus ar dóigh leis an údarás daingniúcháin nó leis an Aire go bhfuarthas í trí aon mhaoin a fuarthas go neamhdhleathach a chomhshó nó a mhalairtiú. | |
[EN] | (4) Ina cheann sin más dóigh leis an údarás daingniúcháin nó leis an Aire, ón bhfianaise a tugadh os comhair na harmchúirte, go ndearnadh aon chuid den mhaoin a fuarthas go neamhdhleathach a dhíol nó a gheall-earbadh le haon duine gan aon fhios ciontach a bheith ag an duine a cheannaigh an mhaoin nó a ghlac an mhaoin ar geall-earbadh, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin nó an tAire, ar iarratas an duine sin agus ar an maoin sin a thabhairt ar ais dá húnaer, a ordú go n-íocfar as an airgead (más aon airgead é) a fuarthas i seilbh an chiontóra suim (nach mó ná méid an fháltais as an díol nó as an ngeall-earbadh sin) leis an duine sin a cheannaigh an mhaoin nó a ghlac an mhaoin ar geall-earbadh. | |
[EN] | (5) Ní chuirfidh ordú faoin alt seo urchosc ar cheart aon duine, ach amháin an ciontóir nó aon duine a bheas ag déanamh éilimh tríd an gciontóir, chun aon mhaoin nó airgead a seachadadh nó a híocadh de bhun orduithe faoin alt seo d'aisghabháil ón duine dar seachadadh an mhaoin sin nó lenar híocadh an t-airgead sin amhlaidh. | |
[EN] |
Ceart chun cóip d'imeachta armchúirte d'fháil. |
226. —(1) Beidh duine ar bith a triaileadh ag armchúirt i dteideal, ar é dá iarraidh sin, cóip d'imeachta na harmchúirte sin nó d'aon chuid sonrach díobh d'fháil, ón oifigeach nó ón duine a mbeidh imeachta na harmchúirte sin faoina choimeád, aon tráth laistigh de sheacht mbliana, i gcás armchúirte ginearálta, agus laistigh de trí bliana, i gcás armchúirte tóranta, tar éis cinneadh agus pianbhreith na harmchúirte a dhaingniú nó tar éis é d'éigiontú, ar é d'íoc aisti do réir an ráta fhorordaithe, nach mó ná ceithre pingne ar gach fóile sheachtód focal nó, in imthoscaí a forordófar, saor in aisce. |
[EN] | (2) Má gheibheann duine a triaileadh ag armchúirt bás laistigh de sheacht mbliana, i gcás armchúirte ginearálta, nó laistigh de thrí bliana, i gcás armchúirte tóranta, tar éis cinneadh agus pianbhreith na harmchúirte a dhaingniú nó tar éis é d'éigiontú, beidh neas-ghaol dó i dteideal, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis a bháis, cóip d'imeachta na harmchúirte nó d'aon chuid sonrach díobh d'fháil, ar é dá hiarraidh, ón oifigeach nó ón duine a mbeidh na himeachta sin faoina choimeád, ar é d'íoc aisti do réir an ráta a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo. | |
[EN] | (3) Déanfar imeachta armchúirte a bhuanchoimeád sa tslí fhorordaithe. | |
[EN] | (4) Chun críocha an ailt seo, áirítear ar imeachta armchúirte na himeachta maidir le hathbhreithniú agus le daingniú agus le foilseáin. |