|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil IX. Rialacha Nós Imeachta.) | Ar Aghaidh (Caibidil XI. Cruthú ar nithe áirithe mar Fhianaise in Imeachta os comhair Cúirteanna Sibhialta agus Armchúirteanna.) |
AN tACHT COSANTA, 1954
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil X. Cionta Ilghnéitheacha ag Comhaltaí de na hÓglaigh Cúltaca. | |
[EN] |
Pionós ar chomhalta de na hÓglaigh Cúltaca a ghabhfas le fórsaí armtha Stáit eile. |
241. —Más rud é, laistigh nó lasmuigh den Stát, go nglacfaidh aon chomhalta de na hÓglaigh Cúltaca, nuair nach mbeidh sé faoin dlí míleata, coimisiún, nó fruilíocht chun fónamh, i bhfórsaí armtha Stáit eile, beidh sé ciontach in oilghníomh agus ar a chiontú ann dlífear príosúntacht go ceann téarma nach sia ná dhá bhliain a chur air. |
[EN] |
Pionósú cionta áirithe ag cúltacairí. |
242. —(1) Más rud é— |
[EN] | (a) nuair a ceanglófar ar chúltacaire, le rialacháin do na hÓglaigh Cúltaca, freastal in áit áirithe ag am áirithe, go mainneoidh sé, gan leithscéal réasúnach, freastal san áit sin agus ag an am sin, nó, | |
[EN] | (b) go ndéanfaidh cúltacaire caint bhagrach nó mhaslach nó go n-iompróidh sé é féin go heasumhal le haon oifigeach nó le haon oifigeach neamhchoimisiúnta a bheas, de bhun rialachán do na hÓglaigh Cúltaca, ag gníomhú i bhfeidhmiú a oifige agus a bheadh, dá mbeadh an cúltacaire sin faoin dlí míleata, ina oifigeach uachtarach air, nó | |
[EN] | (c) go gcuirfidh cúltacaire aon fhreagra easumhal ar aon fhógra a seirbheálfar air faoin Acht seo nó faoi rialacháin do na hÓglaigh Cúltaca, nó | |
[EN] | (d) go bhfaighidh cúltacaire, le haon chalaois, aon pháigh nó aon tsuim eile contrártha do rialacháin faoi alt 97 nó go mbeidh sé cúlpháirteach ina fáil amhlaidh, nó | |
[EN] | (e) go mainneoidh cúltacaire, gan cúis réasúnach, rialacháin do na hÓglaigh Cúltaca a chomhlíonadh, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air. | |
[EN] | (2) Má dhéanann cúltacaire cion faoin alt seo, féadfar é a thógáil faoi choimeád seirbhíse. | |
[EN] | (3) Má dhéanann cúltacaire cion faoin alt seo i láthair aon oifigigh, féadfaidh an t-oifigeach sin, más oiriúnach leis é, in ionad a ordú go dtógfar an cúltacaire sin i gcoimeád seirbhíse, a ordú go dtógfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána i gcoimeád é. | |
[EN] | (4) Nuair a ceanglófar ar chúltacaire de bhun rialachán do na hÓglaigh Cúltaca freastal in aon áit, beidh deimhniú a airbheartós a bheith sínithe ag oifigeach nó ag duine a mbeidh luaite sa deimhniú sin gur ceapadh é chun bheith i láthair san áit sin chun cigireacht a dhéanamh ar chúltacairí, nó chun aon chríche eile a bhainfeas leis na hÓglaigh Cúltaca, agus adéarfas nach ndearna an cúltacaire sin freastal do réir an cheanglais sin, ina fhianaise ar an neamhfhreastal sin, gan cruthúnas ar shíniú ná ar cheapadh an oifigigh nó an duine sin, in aon imeachta faoin alt seo. | |
[EN] | (5) San alt seo, ciallaíonn an abairt “rialacháin do na hÓglaigh Cúltaca” rialacháin faoi alt 92 nó 94. | |
[EN] |
Neamhfhreastal cúltacaire a gairmfear amach le haghaidh tréineála nó ar buantseirbhís, etc. |
243. —(1) Má gairmtear cúltacaire amach le haghaidh tréineála nó ar buan-tseirbhís nó i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta agus go mainneoidh an cúltacaire sin, gan cead d'fháil go dleathach nó gan breoiteacht a bheith air nó leathscéal réasúnach eile aige a bheas ceadaithe sa tslí fhorordaithe, teacht i láthair aon tráth agus in aon áit ar ceanglaíodh air freastal nuair a gairmeadh amach amhlaidh é, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:— |
[EN] | (a) más ar buan-tseirbhís nó i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta a gairmeadh amach é, beidh an cúltacaire sin ciontach, do réir na n-imthosca, i dtréigean nó i neamhláithreacht gan cead; | |
[EN] | (b) más le haghaidh tréineála a gairmeadh amach é, beidh an cúltacaire sin ciontach i neamhláithreacht gan cead. | |
[EN] | (2) Má dhéanann cúltacaire, de bhuaidh an ailt seo, cion tréigin nó neamhláithreachta gan cead, dlífear— | |
[EN] | (a) é a thriail ag armchúirt agus é a chiontú agus a phionósú dá réir, nó | |
[EN] | (b) é a thriail go hachomair ag an gCúirt Dúiche agus ar é a chiontú ag an gcúirt sin fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air. | |
[EN] | (3) Measfar aon chion a dhéanfas cúltacaire, agus is inphionóis faoin alt seo ar a chiontú ag armchúirt, a bheith, chun gach críche a bhainfeas le gabháil, triail agus pionósú an chiontóra, lena n-áirítear triail a cháis go hachomair ag a oifigeach ceannais, ina chion in aghaidh an dlí mhíleata. | |
[EN] | (4) Aon duine a cúiseofar i gcion is intriala faoin alt seo ag armchúirt agus ag an gCúirt Dúiche, ní dlífear é a thriail ag armchúirt agus ag an gCúirt Dúiche araon, ach féadfar é a thriail ag ceachtar acu do réir mar threorós an t-údarás míleata forordaithe. | |
[EN] | (5) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le himeachta in aghaidh ciontóra os comhair armchúirte nó os comhair a oifigigh ceannais nó os comhair na Cúirte Dúiche i leith ciona is inphionóis faoin alt seo, is é sin le rá:— | |
[EN] | (a) féadfar na himeachta sin a thionscnamh, pé acu bheas nó nach mbeidh a théarma seirbhíse sna hÓglaigh Cúltaca caite; | |
[EN] | (b) féadfar, d'ainneoin aon ní san Acht seo nó in aon Acht eile, na himeachta sin a thionscnamh laistigh de dhá mhí i ndiaidh pé trátha acu seo a leanas is déanaí, is é sin le rá:— | |
[EN] | (i) an tráth a gheobhas an t-údarás míleata forordaithe fios an chiona, nó | |
[EN] | (ii) an tráth a gabhfar an ciontóir. | |
[EN] |
Taifead agus fianaise maidir le neamhláithreacht chúltacairí a gairmfear amach, etc. |
244. —I gcás— |
[EN] | (a) cúltacaire a gairmeadh amach le haghaidh tréineála nó ar buan-tseirbhís nó i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta do mhainniú teacht i láthair pé tráth agus i pé áit ar ceanglaíodh air freastal, nuair a gairmeadh amach amhlaidh é, agus | |
[EN] | (b) a neamhláithreacht do mharthain ceithre lá déag ar a laghad, | |
[EN] | taifeadfaidh an t-oifigeach forordaithe an neamhláithreacht sin sa tslí fhorordaithe sna leabhair sheirbhíse fhorordaithe, agus is fianaise dochloíte gur tharla an neamhláithreacht sin an taifead sin. | |
[EN] |
Comhalta de na hÓglaigh Cúltaca do dhíol, etc., a threalaimh go héagórach. |
245. —I gcás aon duine (is comhalta nó ba chomhalta de na hÓglaigh Cúltaca)— |
[EN] | (a) do chur aon earra a heisíodh chuige mar chomhalta de na hÓglaigh Cúltaca i gceal go toiliúil, nó dá díol nó dá geall-earbadh, nó dá díthiú nó dá damáistiú go héagórach, nó dá cailliúint go faillíoch, | |
[EN] | (b) do dhiúltú aon earra den tsórt sin a thabhairt suas ar an Aire, nó aon duine a bheas ag gníomhú thar ceann an Aire, dá éileamh sin air, | |
[EN] | ansin— | |
[EN] | (i) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air, | |
[EN] | (ii) féadfaidh an Chúirt a thriailfeas an duine sin, pé acu a chiontós sí nó nach gciontóidh sí sa chion é, a ordú dhó luach na hearra sin d'íoc leis an Aire. | |
[EN] |
Rialacháin chun críocha Caibidile X de Chuid V. |
246. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon duine, ní nó rud dá dtagartar sa Chaibidil seo mar dhuine, ní nó rud forordaithe. |