|
||||
|
AN tACHT COSANTA, 1954
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil XI. Cruthú ar nithe áirithe mar Fhianaise in Imeachta os comhair Cúirteanna Sibhialta agus Armchúirteanna. | |
[EN] |
Fianaise maidir le hoifigigh de na hÓglaigh Cúltaca a bheith faoin dlí míleata. |
247. —Aon deimhniú faoi láimh dhuine a bheas údaraithe ag an Aire chun deimhnithe a dhéanamh faoin alt seo ag deimhniú na nithe a luaitear in aon mhír acu seo a leanas, is é sin le rá— |
[EN] | (a) go raibh duine a bheas ainmnithe sa deimhniú sin ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca ar feadh tréimhse sonraithe agus go ndearnadh tráth sonraithe é d'ordú ar seirbhís nó ar dualgas a dhligh sé a dhéanamh mar oifigeach a bhain leis na hÓglaigh Cúltaca, | |
[EN] | (b) go raibh duine a bheas ainmnithe sa deimhniú sin ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca ar feadh tréimhse sonraithe agus go raibh sé ar feadh tréimhse sonraithe ar fostú ar seirbhís nó ar dualgas a dhligh sé a dhéanamh mar oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca, | |
[EN] | (c) go raibh duine a bheas ainmnithe sa deimhniú sin ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca ar feadh tréimhse sonraithe agus go raibh sé ar feadh tréimhse sonraithe ar ceangal le comhlucht trúpaí a bhí de thuras na huaire faoin dlí míleata, | |
[EN] | (d) go raibh duine a bheas ainmnithe sa deimhniú sin ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca ar feadh tréimhse sonraithe agus go raibh sé ar feadh tréimhse sonraithe ag déanamh dualgais le comhlucht trúpaí a bhí de thuras na huaire faoin dlí míleata, | |
[EN] | (e) go raibh duine a bheas ainmnithe sa deimhniú sin ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca ar feadh tréimhse sonraithe agus gur ordaigh na húdaráis mhíleata ar dualgas é tráth sonraithe, | |
[EN] | (f) go raibh duine a bheas ainmnithe sa deimhniú sin ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca ar feadh tréimhse sonraithe agus go raibh sé ar feadh tréimhse sonraithe ag freastal tréineála go saorálach, | |
[EN] | (g) go raibh duine a bheas ainmnithe sa deimhniú sin ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca ar feadh tréimhse sonraithe agus go raibh sé ar feadh tréimhse sonraithe faoi chóireáil in ospidéal míleata, | |
[EN] | beidh sé in imeachta faoin Acht seo, pé acu os comhair cúirte sibhialta nó os comhair armchúirte é, ina fhianaise prima facie ar na nithe a deimhneofar amhlaidh agus ní gá cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartós an deimhniú sin a dhéanamh ná ar é a bheith údaraithe amhlaidh. | |
[EN] |
Fianaise ar dhoiciméid agus nithe áirithe. |
248. —Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le fianaise in imeachta faoin Acht seo os comhair armchúirte nó cúirte sibhialta— |
[EN] | (a) beidh cóip den Iris Oifigiúil, a airbheartós fógra faoi alt 52 d'fhoilsiú, ina fianaise ar an ní a bheas sa bhfógra; | |
[EN] | (b) beidh aon pháipéar fianuithe, a airbheartós a bheith sínithe ag aon duine ar é d'fhianú mar fhear in aon chuid d'Óglaigh na hÉireann, ina fhianaise gur thug an duine sin, mar fhreagra ar na ceisteanna sa pháipéar fianuithe sin, na freagraí a bheas curtha ina leith sa pháipéar sin; | |
[EN] | (c) féadfar líostáil duine sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca a chruthú trí fhinné faoi mhionn do thabhairt cóipe de pháipéar fianuithe an duine sin ar aird a airbheartós a bheith deimhnithe mar chóip dhílis ag an oifigeach ag a mbeidh coimeád an pháipéir fhianuithe bhunaidh sin, gan cruthúnas ar shíniú an oifigigh sin ná ar an bpáipéar fianuithe bunaidh sin a bheith á choimeád aige; | |
[EN] | (d) aon litir, tuairisceán nó doiciméad eile— | |
[EN] | (i) i dtaobh duine a bheith nó gan a bheith, aon tráth nó trátha sonraithe, ag fónamh in aon chuid d'Óglaigh na hÉireann nó arna urscaoileadh aisti, nó | |
[EN] | (ii) i dtaobh aon chéim nó ceapachán a bheith ag duine, nó gan a bheith aige, in aon chuid d'Óglaigh na hÉireann, nó i dtaobh é a bheith, nó gan é a bheith, postaithe nó aistrithe chuici nó ceangailte léi, nó i dtaobh é a bheith, nó gan é a bheith, ag fónamh in áit áirithe, nó | |
[EN] | (iii) i dtaobh údarás a bheith, nó gan a bheith, ag duine aon oirneas, bonn, ribín boinn, suaitheantas, síog chréachta, inchomharthaí céime nó feathal a chaitheamh, ar cion faoi alt 267 duine neamhúdaraithe dá n-úsáid nó dá gcaitheamh, | |
[EN] | a airbheartós a bheith sínithe ag an Aire nó thar a cheann nó ag oifigeach ceannais, nó thar ceann oifigigh ceannais, aon choda d'Óglaigh na hÉireann a ndealróidh sé gur bhain an duine sin léi nó a líomhnóidh sé go mbaineann nó gur bhain sé léi, beidh sé ina fhianaisc prima facie ar na fíorais iomchuí a bheas ráite sa litir, sa tuairisceán nó sa doiciméad eile sin; | |
[EN] | (e) beidh Liosta d'Óglaigh na hÉireann nó Iris d'Óglaigh na hÉireann (pé acu clóite nó roth-ghraifnithe dhó), a airbheartós a bheith arna eisiúint faoi údarás an Aire ag an Ard-Aidiúnach, ina fhianaise ar stádas agus céim aon oifigigh a bheas luaite ann agus ar aon cheapachán a bheas aige agus ar an aonad lena mbaineann sé nó lena bhfuil sé i gceangal; | |
[EN] | (f) beidh Liosta agus Treorachán Cabhlaigh (pé acu clóite nó roth-ghraifnithe dhó), a airbheartós a bheith arna eisiúint faoi údarás an Aire ag an Ard-Aidiúnach, ina fhianaise— | |
[EN] | (i) gur long Stáit aon long a bheas luaite ann mar long Stáit, agus | |
[EN] | (ii) ar stádas agus céim choimisiúnta chabhlaigh aon oifigigh a bheas luaite ann agus ar aon cheapachán a bheas aige; | |
[EN] | (g) má déantar taifead i leabhar seirbhíse, de bhun an Achta seo nó aon rialachán faoin Acht seo nó ar shlí eile de bhun dualgais mhíleata, agus go n-airbheartóidh sé a bheith sínithe ag an oifigeach ceannais nó ag an oifigeach arb é a dhualgas an taifead sin a dhéanamh— | |
[EN] | (i) beidh an taifead sin ina fhianaise ar na fíorais a bheas luaite ann, | |
[EN] | (ii) beidh cóip den taifead sin, a airbheartós a bheith deimhnithe mar chóip dhílis ag an oifigeach ag a mbeidh coimeád an leabhair sheirbhíse sin, ina fhianaise prima facie ar an taifead sin, gan cruthúnas ar shíniú an oifigigh sin ná ar an leabhar seirbhíse sin a bheith á choimeád aige; | |
[EN] | (h) measfar aon bharántas nó ordú a dhéanfas údarás míleata faoin Acht seo a bheith ina fhianaise ar na nithe a dtreoraítear leis an Acht seo, nó a dtreorófar de bhun an Achta seo, iad a lua ann; | |
[EN] | (i) beidh doiciméad, a airbheartós a bheith ina chóip d'aon ionstraim (ar barántas nó ordú í a bheas déanta ag údarás míleata faoin Acht seo) ina fhianaise prima facie ar an ionstraim sin, má bhíonn sé deimhnithe ag oifigeach a bheas údaraithe chuige sin ag an Aire gur cóip dhílis é den ionstraim sin, agus ní gá cruthúnas ar shíniú an oifigigh a dheimhnigh an doiciméad sin amhlaidh ná ar é a bheith údaraithe amhlaidh; | |
[EN] | (j) más iad imeachta a bheas ann imeachta in aghaidh oifigigh nó fir (dá ngairmtear an cúisí sa mhír seo) ar chúiseamh gur tréigtheoir nó neamhláithrí é, agus go mbeidh comhalta den Gharda Síochána nó aon oifigeach nó fear tar éis an cúisí a ghabháil, nó go mbeidh an cúisí tar éis é féin a thabhairt suas i gcoimeád aon oifigigh nó aon choda d'Óglaigh na hÉireann, is fianaise ar na nithe a bheas ráite ann deimhniú a airbheartós a bheith sínithe ag an gcomh alta den Gharda Síochána, ag an oifigeach nó ag an bhfear a ghabh an cúisí, nó ag an oifigeach dár thug an cúisí é féin suas nó ag oifigeach ceannais na coda d'Óglaigh na hÉireann dár thug sé é féin suas, agus adéarfas gur gabhadh an cúisí nó gur thug sé é féin suas amhlaidh agus a luafas dáta, am agus áit a dhéanta sin agus adéarfas cé acu bhí an cúisí a thug é féin suas amhlaidh faoi éide, nó nach raibh, nuair a gabhadh é nó nuair a thug sé é féin suas; | |
[EN] | (k) más iad imeachta a bheas ann imeachta in aghaidh oifigigh nó fir (dá ngairmtear an cúisí sa mhír seo) ar chúiseamh gur tréigtheoir nó neamhláithrí é, agus go mbeidh an cúisí tar éis é féin a thabhairt suas d'aon chomhalta den Gharda Síochána, is fianaise ar na nithe a bheas ráite ann deimhniú a airbheartós a bheith sínithe ag an gcomhalta sin nó ag an duine a bhí i bhfeighil stáisiún Gharda Shíochána an tráth ar sheachaid an duine sin an cúisí i gcoimeád seirbhíse, agus adéarfas gur thug an cúisí é féin suas amhlaidh agus a luafas an dáta, an t-am agus an áit ar thug sé é féin suas amhlaidh agus adéarfas cé acu bhí an cúisí faoi éide, nó nach raibh, an tráth a thug sé é féin suas; | |
[EN] | (l) más iad imeachta a bheas ann imeachta in aghaidh oifigigh nó fir (dá ngairmtear an cúisí sa mhír seo) ar chúiseamh gur tréigtheoir nó neamhláithrí é, agus go mbeidh comhalta den Gharda Síochána nó oifigeach nó fear tar éis an cúisí a ghabháil agus é a thabhairt go dtí stáisiún Gharda Shíochána nó go mbeidh an cúisí tar éis é féin a thabhairt suas do chomhalta den Gharda Síochána ag stáisiún Gharda Shíochána, is fianaise ar na nithe a bheas ráite ann deimhniú a airbheartós a bheith sínithe ag an gcomhalta den Gharda Síochána a bhí i bhfeighil an stáisiúin sin an tráth a seachadadh an cúisí i gcoimeád seirbhíse, agus adéarfas gur gabhadh an cúisí nó gur thug sé é féin suas agus a luafas an dáta agus an áit ar gabhadh é nó ar thug sé é féin suas agus adéarfas cé acu bhí an cúisí faoi éide, nó nach raibh, an tráth a gabhadh é nó a thug sé é féin suas. | |
[EN] |
Fianaise ar chiontú nó éigiontú ag cúirt shibhialta. |
249. —(1) Aon uair a triailfear aon duine a bheas faoin dlí míleata ag aon chúirt shibhialta, is fianaise ar chiontú agus ar phianbhreith an duine sin, nó ar ordú na cúirte, nó ar éigiontú an duine sin, do réir mar bheas, deimhniú ó chléireach na cúirte sin nó óna ionadaí nó ó aon oifigeach eile ag a mbeidh coimeád taifead na cúirte sin, ina sonrófar an cion a ndearnadh an duine sin faoin dlí míleata a thriail ina leith, maraon le breithiúnas na cúirte air, nó, má héigiontaíodh an duine sin, maraon leis an éigiontú. |
[EN] | (2) Bainfidh an t-alt seo le fear de na hÓglaigh Cúltaca a triailfear ag cúirt shibhialta, pé acu a bheas nó nach mbeidh sé faoin dlí míleata tráth a thriala. | |
[EN] |
Fianaise ar imeachta armchúirte. |
250. —(1) Measfar imeachta bunaidh armchúirte a airbheartós a bheith sínithe ag uachtarán na harmchúirte, agus a bheas faoi choimeád an oifigigh fhorordaithe ag a mbeid á gcoimeád go dleathach, a bheith chomh poiblí sin iontu féin nach gá ach iad a thabhairt ar aird as an gcoimeád sin chun iad a bheith inghlactha i bhfianaise, agus beidh aon chóip a airbheartós a bheith deimhnithe ag an oifigeach forordaithe ag a mbeid á gcoimeád amhlaidh mar chóip dhílis de na himeachta sin, nó d'aon chuid díobh, inghlactha i bhfianaise, gan cruthúnas ar shíniú an oifigigh sin. |
[EN] | (2) Aon uair a triailfear aon duine a bheas faoin dlí míleata ag armchúirt, is fianaise ar na nithe a bheas sonraithe ann deimhniú ón oifigeach forordaithe ag a mbeidh coimeád imeachta bunaidh na harmchúirte ina sonrófar áit agus dáta na triala, an cion ar triaileadh an duine sin ina leith, maraon le cinneadh agus pianbhreith na harmchúirte agus an beart a rinne an t-údarás daingniúcháin maidir leo nó, má héigiontaíodh an duine sin, maraon leis an éigiontú. |