|
||||
|
AN tACHT COSANTA, 1954
[EN] | ||
[EN] |
CUID IX. Seirbhís Altranais an Airm. | |
[EN] |
An tseirbhís láithreach altranais. |
288. —Sa Chuid seo, ciallaíonn an abairt “an tseirbhís láithreach altranais” an tseirbhís altranais a bunaíodh faoi Acht 1923. |
[EN] |
Seirbhís Altranais an Airm a bhunú. |
289. —(1) Beidh seirbhís altranais arna bunú dá ngairmfear agus ar a dtabharfar Seirbhís Altranais an Airm. |
[EN] | (2) Is iad a bheas i Seirbhís Altranais an Airm mná a ceapfar ina gcomhaltaí di. | |
[EN] |
Feidhm an Achta seo maidir le Seirbhís Altranais an Airm. |
290. —(1) Ní bheidh feidhm maidir le comhaltaí Sheirbhís Altranais an Airm ag forála an Achta seo (seachas an Chuid seo agus ailt 8, 103, 104, 234, 235 agus 236 agus Cuid VI), ach amháin mar luaitear Seirbhís Altranais an Airm go sonrach iontu nó mar forálfar le hordú faoin alt seo. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, feidhm maidir le comhaltaí Sheirbhís Altranais an Airm a thabhairt, le pé modhnuithe agus oiriúnuithe is cuí leis, d'aon fhoráil den Acht seo nach mbaineann, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, le comhaltaí Sheirbhís Altranais an Airm. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le hordú faoin bhfo-alt seo, aon ordú faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú. | |
[EN] | (4) Ní thiocfaidh ordú faoin alt seo i ngníomh mura ndaingnítear ná go dtí go ndaingneofar é le rún ó gach Teach den Oireachtas, ach beidh éifeacht reachtúil aige amhail ón dáta a rithfear an rún is déanaí díobh sin. | |
[EN] |
Seirbhís Altranais an Airm a dhéanamh den tseirbhís láithreach altranais. |
291. —(1) Ar an dáta feidhme déanfar Seirbhís Altranais an Airm den tseirbhís láithreach altranais agus is í Seirbhís Altranais an Airm í feasta agus tiocfaidh gach duine a bheas, díreach roimh an dáta feidhme, ina comhalta den tseirbhís láithreach altranais chun bheith, agus beidh sí, de bhuaidh an ailt seo, ina comhalta de Sheirbhís Altranais an Airm agus measfar í a bheith ina comhalta de Sheirbhís Altranais an Airm ar feadh an ama go léir a bhí sí ina comhalta den tseirbhís láithreach altranais. |
[EN] | (2) Aon chomhaontú a rinne comhalta den tseirbhís láithreach altranais maidir lena seirbhís mar chomhalta den tseirbhís láithreach altranais agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé i bhfeidhm agus bainfidh sé lena seirbhís mar comhalta de Sheirbhís Altranais an Airm. | |
[EN] |
Rialacháin maidir le Seirbhís Altranais an Airm. |
292. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh Seirbhís Altranais an Airm maidir le haon ní nó gach ní acu seo a leanas, is é sin le rá:— |
[EN] | (a) a heagraíocht, a ceannas agus a riaradh; | |
[EN] | (b) gráid na gceapachán inti agus líon a bunaíochta; | |
[EN] | (c) comhaltaí a ligean isteach agus a cheapadh chuici; | |
[EN] | (d) na comhaontuithe a bheas le síniú ag daoine a bheas ag iarraidh dul isteach inti agus ag a comhaltaí; | |
[EN] | (e) coinníollacha seirbhíse a comhaltaí; | |
[EN] | (f) uaschéimniú, scor, urscaoileadh agus dífhostú a comhaltaí; | |
[EN] | (g) araíonacht agus pionósú a comhaltaí; | |
[EN] | (h) an éide a chaithfeas a comhaltaí; | |
[EN] | (i) páigh agus liúntais a comhaltaí agus na suimeanna a féadfar d'fhorghéilleadh, a stopadh agus a bhaint as an bpáigh agus na liúntais sin; | |
[EN] | (j) saoire a comhaltaí; | |
[EN] | (k) aon ní nó rud eile a bhainfeas lena bainistí inmheánach. |