An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Bunú, Cothabháil, Ceannas, Comhdhéanamh agus Eagraíocht Óglaigh na hÉireann, Oideachas Míleata agus Nithe Ilghnéitheacha a bhaineas le hÓglaigh na hÉireann.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

CUIDII.

An Chomhairle Chosanta, an Ceann Foirne, an tArd-Aidiúnach, an tArd-Cheathrúnach, Brainsí Míleata na Roinne Cosanta, an tArd-Chigire, agus an tArd-Abhcóide Breithiúnais.

An Chomhairle Chosanta.

11. —(1) Beidh comhlucht arna bhunú ar a dtabharfar an Chomhairle Chosanta (dá ngairmtear an Chomhairle san alt seo) chun cabhair agus comhairle a thabhairt don Aire i ngach ní maidir le gnó na Roinne Cosanta a n-iarrfaidh an tAire a gcomhairle faoi.

(2) Is iad a bheas ar an gComhairle dhá chomhalta shibhialta, eadhon, Rúnaí Parlaiminte an Aire Chosanta agus Rúnaí na Roinne Cosanta, agus trí chomhalta míleata, eadhon, an Ceann Foirne, an tArd-Aidiúnach agus an tArd-Cheathrúnach.

(3) Is é Rúnaí na Roinne Cosanta a bheas ina rúnaí ag an gComhairle.

(4) Beidh cruinniú ag an gComhairle aon uair a ghairmfeas an tAire é.

An CeannFoirne, an tArd-Aidiúnach agus an tArd-Cheathrúnach.

12. —(1) Beidh—

(a) Ceann Foirne ag Óglaigh na hÉireann,

(b) Ard-Aidiúnach ag Óglaigh na hÉireann, agus

(c) Ard-Cheathrúnach ag Óglaigh na hÉireann.

(2) (a) Sa bhfo-alt seo ciallaíonn an abairt “príomh-oifig mhíleata” aon oifig acu seo a leanas—

(i) oifig an Chinn Fhoirne, nó

(ii) oifig an Ard-Aidiúnaigh, nó

(iii) oifig an Ard-Cheathrúnaigh.

(b) Is é an tUachtarán a dhéanfas ceapachán chun príomh-oifige míleata.

(c) Beidh gach duine a ceapfar chun príomh-oifige míleata ina oifigeach de na Buan-Óglaigh.

(d) Beidh gach sealbhóir príomh-oifige míleata i seilbh na hoifige sin go ceann pé téarma (nach sia ná cúig bliana) a sonrófar in ionstraim a cheaptha ach féadfar é d'athcheapadh ar an téarma sin a bheith caite,

(e) I gcás sealbhóir príomh-oifige míleata a scor de bheith ina oifigeach de na Buan-Óglaigh, scoirfidh sé de bheith i seilbh na príomh-oifige míleata sin.

(f) Féadfaidh an tUachtarán sealbhóir príomh-oifige míleata a chur as oifig.

Brainsí míleata na Roinne Cosanta.

13. —(1) Beidh trí príomh-bhrainsí míleata arna mbunú sa Roinn Cosanta, eadhon—

(a) brainse an Chinn Fhoirne, arb é an Ceann Foirne a bheas ina cheann air,

(b) brainse an Ard-Aidiúnaigh, arb é an tArd-Aidiúnach a bheas ina cheann air, agus

(c) brainse an Ard-Cheathrúnaigh, arb é an tArd-Cheathrúnach a bheas ina cheann air.

(2) Faoi réir forál an Achta seo, cuirfear ar an gCeann Foirne, ar an Ard-Aidiúnach agus ar an Ard-Cheathrúnach faoi seach na dualgais sin a cheapfas an tAire ó am go ham maidir le gnó na Roinne Cosanta.

(3) Beidh gach duine acu, an Ceann Foirne, an tArd-Aidiúnach agus an tArd-Cheathrúnach, freagrach go díreach don Aire i gcomhlíonadh na ndualgas sin a cuirfear air ó am go ham faoi fho-alt (2) den alt seo.

(4) Féadfaidh an tAire comhoirdniú gnótha nó aon choda de ghnó, príomh-bhrainsí míleata na Roinne Cosanta a tharmligean chun an Chinn Fhoirne.

An tArd-Chigire.

14. —(1) Féadfaidh an Rialtas, aon uair is oiriúnach leo, a dhearbhú, le hordú faoin bhfo-alt seo, go mbeidh Ard-Chigire ag Óglaigh na hÉireann, agus aon uair a déanfar aon ordú den tsórt sin agus a bheas sé i bhfeidhm beidh Ard-Chigire ag Óglaigh na hÉireann.

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú faoin bhfo-alt seo, aon ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm.

(3) Beidh Ard-Chigire Óglaigh na hÉireann ina oifigeach de na Buan-Óglaigh agus is é an tUachtarán a cheapfas é, agus beidh sé i seilbh oifige an fhaid is toil leis an Uachtarán.

(4) Beidh ar Ard-Chigire Óglaigh na hÉireann na dualgais sin a chomhlíonadh a chuirfeas an Rialtas air ó am go ham.

An tArd. Abhcóide Breithiúnais.

15. —(1) Beidh Ard-Abhcóide Breithiúnais ann.

(2) Beidh an tArd-Abhcóide Breithiúnais ina abhcóide dlí atá ag cleachtadh a ghairme agus seasamh deich mblian ar a laghad aige, ach ní bheidh sé ina chomhalta d'Óglaigh na hÉireann, agus is é an tUachtarán a cheapfas é agus beidh sé i seilbh oifige an fhaid is toil leis an Uachtarán.

(3) Beidh ar an Ard-Abhcóide Breithiúnais na dualgais sin a chomhlíonadh a chuirfeas an Rialtas air ó am go ham.

(4) Íocfar leis an Ard-Abhcóide Breithiúnais pé luach saothair a shocrós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.