An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XI. Leasú agus Oiriúnú ar Achtacháin Áirithe.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

CUID XII.

Forála Ilghnéitheacha.

Gnóthú airgid a bheas dlite don Aire nó iníoctha leis.

311. —Beidh ag aon airgead a bheas dlite don Aire, agus iníoctha leis, na cearta, na pribhléidí agus na tosaíochtaí céanna a bheirtear le fo-alt (2) d'alt 38 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), d'airgead lena mbaineann an fo-alt sin.

Srian le hearcaíocht do Stáit eile.

312. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith—

(a) aon duine d'aslú, ná a thabhairt ná a áiteamh ar aon duine, sa Stát, aon choimisiún ná fruilíocht a ghlacadh, nó a chomhaontú é a ghlacadh, in aon fhórsa míleata, cabhlaigh nó aeir a bheas á chothabháil ag Rialtas aon Stáit eile, ná

(b) aon fhógra ná fógrán, maidir le pearsanra d'fháil d'aon fhórsa míleata, cabhlaigh ná aeir a bheas á chothabháil ag Rialtas aon Stáit eile, a chlóbhualadh sa Stát ná a chur faoi deara ná a thabhairt é a chlóbhualadh sa Stát, ná

(c) aon fhógra ná fógrán den tsórt a luaitear i mír (b) den fho-alt seo agus a clóbhuaileadh sa Stát d'fhoilsiú ná a chur faoi deara ná a thabhairt é d'fhoilsiú sa Stát.

(2) Gach duine a dhéanfas aon ghníomh contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(3) San alt seo—

folaíonn an focal “Rialtas”, maidir le haon Stát eile, aon duine a bheas ag feidhmiú, nó ag gabháil lena ais bheith ag feidhmiú, cumhacht Rialtais sa Stát sin nó in aon chuid de, nó ar an Stát sin nó ar aon chuid de;

ní fholaíonn an abairt “fórsa míleata, cabhlaigh ná aeir” cumann saorálach cabhrach atá aitheanta agus údaraithe go cuí chun críocha Choinbhinsiún na Geinéibhe le Fóirthin ar Dhaoine Gonta agus Daoine Tinne i bhFórsaí Armtha ar an Machaire, coinbhinsiún a síníodh sa Gheinéibh an 12ú lá de Lúnasa, 1949.

Siamsaí faoi stiúradh seirbhíse.

313. —(1) Ní bheidh feidhm ag an méid sin d'aon Acht a oibríos chun toirmeasc a chur, i gcás laethanta áirithe, nó chun srian a chur nó rialú a dhéanamh thairis sin, ar choimeád, oscailt nó úsáid áitreabh chun críocha siamsa nó aineasa phoiblí, maidir le húsáid a dhéanamh, ar údarás ón Aire, d'aon fhoirgneamh i gcampa nó i stáisiún nó d'aon long le haghaidh siamsa nó áineasa faoi stiúradh agus treorú oifigigh nó coiste ar a mbeidh freagracht oifigiúil sna cúrsaí sin.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) folaíonn an abairt “siamsa nó aineas poiblí” rince, amhránaíocht nó ceol poiblí, drámaí stáitse a thaibhiú go poiblí agus taispeántais chineamatagrafacha a thabhairt;

(b) i gcás foirgneamh nó long d'úsáid chun taispeántais chineamatagrafacha a thabhairt, measfar coimeád nó stóráil scannán a bheith ina chuid den úsáid sin chun na taispeántais a thabhairt.

Ceadúnas máil a dheonadh le haghaidh ceaintíní míleata.

314. —D'ainneoin aon ní sna hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1946, nó in aon achtachán eile, ní bheidh ar dhuine ag a mbeidh ceaintín faoi údarás an Aire deimhniú d'fháil ó Bhreitheamh den Chúirt Dúiche chun a chur ar a chumas aon cheadúnas máil d'fháil nó a shealbhú faoi na hAchta sin chun deocha meisciúla a dhíol, agus feadfar an ceadúnas máil sin a dheonadh dhó dá réir sin.

Ceart an Aire chun airgead tarrthálais d'éileamh i leith seirbhísí long Stáit.

315. —I gcás ina ndéanfaidh aon long Stáit seirbhísí tarrthálais, beidh teideal ag an Aire airgead tarrthálais d'éileamh thar ceann an Stáit i leith na seirbhísí sin, agus beidh na cearta agus na leighis chéanna aige a bheadh ann dá mba nár long Stáit an long a rinne na seirbhísí sin.

Eileamh airgid tarrthálais ag ceannasaithe agus foirne long Stáit.

316. —(1) In aon chás—

(a) ina ndéanfaidh ceannasaí nó foireann loinge Stáit seirbhísí tarrthálais, agus

(b) ina dtionscnóidh ceannasaí nó foireann nó cuid d'fhoireann na loinge Stáit sin imeachta chun éileamh i leith na seirbhísí tarrthálais sin a chur i bhfeidhm,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(i) ní tabharfar breithniú críochnaitheach ar an éileamh sin mura gcruthaítear toiliú an Aire (a fhéadfas sé a thabhairt roimh thionscnamh na n-imeacht sin nó dá éis sin) a bheith faighte lena thabhairt ar aghaidh;

(ii) mura gcruthaítear an toiliú sin a bheith faighte, díbhfear an t-éileamh sin le costais.

(2) San alt seo folaíonn an focal “foireann” oifigigh.

Eidí coigríche.

317. —(1) Ní thiocfaidh duine ar bith faoi éide choigríche isteach sa Stát ná ní thiocfaidh i dtír sa Stát, ach amháin le toiliú i scríbhinn ó Aire Stáit.

(2) Ní raghaidh duine ar bith faoi éide choigríche isteach in áit phoiblí sa Stát ach amháin le toiliú i scríbhinn ó Aire Stáit.

(3) Féadfaidh Aire Stáit ó am go ham a threorú nach mbeidh feidhm, i gcaitheamh tréimhse sonraithe, ag fo-ailt (1) agus (2) den alt seo maidir le haon aicme shonraithe dhaoine (a míneofar i pé slí is oiriúnach leis) agus sa chás sin ní bheidh feidhm i gcaitheamh na tréimhse sin ag na fo-ailt sin maidir leis an aicme dhaoine sin.

(4) Gach duine a shárós (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon fhoráil d'fho-ailt (1) nó (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí.

(5) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo srianadh, ná ní bheidh feidhm aige, maidir le caitheamh aon éide ag ceann aon mhisiúin taidhleoireachta a bheas creidiúnaithe go cuí chun an Stáit ná ag aon chomhalta d'fhoireann taidhleoireachta an mhisiúin sin a mbeidh a cheapachán sa cháil sin curtha in iúl go hoifigiúil don Aire Gnóthaí Eachtracha nó a mbeidh teideal aige ar shlí eile chun díolúintí taidhleoireachta.

(6) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo srianadh, ná ní bheidh feidhm aige, maidir le caitheamh aon éide coigríche i gcúrsa dráma stáitse ná aon taibhithe ná léirithe dhrámúil eile.

(7) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “éide choigríche” éide aon fhórsa armtha de chuid aon Stáit eile, pé acu ar tír, ar muir nó san aer a oibríos sé, agus folaíonn sí aon chuid shuaithnidh d'aon éide den tsórt sin;

folaíonn an abairt “áit phoiblí” aon tsráid, bóthar, páire nó áit eile dá samhail, agus fós aon áit nó foirgneamh a bhfuil cead isteach ann ag an bpobal ar tháille d'íoc as dul isteach.

Seirbhís phríntíseach aturnaethe sna Fórsaí Cosanta láithreacha.

318. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “na Fórsaí Cosanta”—

(a) an fórsa a bunaíodh faoi Chuid I d'Acht 1923; agus

(b) an fórsa cúltaca a bunaíodh faoi Chuid III d'Acht 1923;

ciallaíonn an abairt “Acht 1898” an Solicitors (Ireland) Act, 1898;

ciallaíonn an abairt “tréimhse na héigeandála” an tréimhse a thosnaigh an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, agus a chríochnaigh an lú lá de Mheán Fómhair, 1946.

(2) I gcás aon duine, a bhí fruilithe ar seirbhís sna Fórsaí Cosanta le linn tréimhse na héigeandála, a bheith, nó a dhul, faoi dhintiúirí príntíseachta le haturnae cleachtach, féadfaidh Comhairle an Dlí-Chumainn Chorpraithe, dá rogha féin amháin, a dhearbhú le hordú go mbeidh pé tréimhse (nach sia ná tréimhse sheirbhíse an duine sin sna Fórsaí Cosanta le linn tréimhse na héigeandála) is oiriúnach leis an gComhairle sin, agus a shonróid san ordú, ináirithe chun críocha Achta 1898 mar sheirbhís iarbhír faoi na dintiúirí príntíseachta sin, faoi réir an duine sin do chomhlíonadh pé coinníollacha (más ann) is oiriúnach leis an gComhairle sin agus a shonróid san ordú.

(3) I gcás ina ndéanfaidh Comhairle an Dlí-Chumainn Chorpraithe ordú faoi fho-alt (2) den alt seo maidir le duine ar bith, beidh feidhm, faoi réir an duine sin do chomhlíonadh na gcoinníollacha (más ann) a sonrófar san ordú, ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) beidh an tréimhse a sonrófar san ordú ináirithe, chun críocha Achta 1898, mar sheirbhís iarbhír faoina dhintiúirí príntíseachta;

(b) déanfar fo-alt (1) d'alt 25 d'Acht 1898, chomh fada is bhaineas leis an duine sin, d'fhorléiriú amhail is dá gcuirtí isteach—

(i) i ndiaidh na bhfocal “such practising solicitor”, na focail “except during a period declared, by an order made in respect of him by the Council of the Incorporated Law Society under Article 3 of the Emergency Powers (No. 285) Order, 1943 (S.R. & O. No. 268 of 1943), or under section 14 of the Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1946 (No. 7 of 1946), or section 318 of the Defence Act, 1954, to be reckonable, for the purposes of this Act, as actual service under his indentures of apprenticeship”, agus

(ii) i ndiaidh na bhfocal “employment of a solicitor”, na focail “or service in the Defence Forces”;

(c) féadfar na foirmeacha mionnscríbhinne chun críocha an ailt sin 25, a hordaítear le rialacha faoi alt 57 d'Acht 1898, a mhodhnú, maidir leis an duine sin, i gcomhréir leis na leasuithe a déantar le mír (b) den fho-alt seo.

(4) Aon ordú a rinneadh faoi Airteagal 3 den Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 285), 1943 (R. & O. R., Uimh. 268 de 1943), nó faoi fho-alt (1) d'alt 14 den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1946 ( Uimh. 7 de 1946 ), measfar gur faoin alt seo a rinneadh é.

(5) Forléireofar an t-alt seo agus Acht 1898 mar aon ní amháin.