|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN TRIU SCEIDEAL. Céimeanna Neamhchoimisiúnta Airm agus Cabhlaigh in Óglaigh na hÉireann.) | Ar Aghaidh (AN CUIGIU SCEIDEAL. Foirmeacha coimisiúin d'oifigeach.) |
AN tACHT COSANTA, 1954
[EN] | ||
[EN] |
AN CEATHRU SCEIDEAL. Nithe a bhféadfar rialacháin a dhéanamh ina dtaobh faoi alt 26. | |
1. Ord tosaíochta na bhfórsaí cosanta faoi seach atá in Óglaigh na hÉireann agus na gcór seirbhíse, na bhfoireann, na n-aonad agus na bhfeadhan éagsúla díobh. | ||
2. Sinsearacht oifigeach. | ||
3. Na daoine dá dtabharfar, mar oifigigh nó eile, ceannas ar Óglaigh na hÉireann nó ar aon chuid díobh agus an modh ar a bhfeidhmeofar an ceannas sin, ar shlí, ámh, nach bhfeidhmeoidh duine ar bith ceannas ar dhuine is airde céim ná é féin. | ||
4. Ceapadh chun céime coimisiúnta, ardú i gcéim choimisiúnta, agus sealbhaíocht chéime coimisiúnta, in Óglaigh na hÉireann. | ||
5. Na ceapacháin a bheas ag oifigigh agus ag fir. | ||
6. Sealbhaíocht aon oifige, cheapacháin nó cháile in Óglaigh na hÉireann. | ||
7. Scor oifigeach de na Buan-Óglaigh, scarúint oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca lena gcoimisiúin, éirí oifigeach as a gcoimisiúin agus urscaoileadh fear. | ||
8. Na hoifigigh a bheas ina n-oifigigh ceannais agus ina gceannasaithe complachta faoi seach chun críocha an Achta seo. | ||
9. Oifigigh a ligeán ar iasacht le haghaidh ceapachán sibhialta nó ceapachán leath-mhíleata. | ||
10. Cead comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann chun bheith as láthair. | ||
11. An éide agus na hinchomharthaí a chaithfeas comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann. | ||
12. Na hoird agus na hoirneasa a chaithfeas comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann. | ||
13. Freastal, laistigh nó lasmuigh den Stát, ar ranganna speisialta agus cúrsaí speisialta teagaisc, ag comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann a roghnófar chun freastal orthu. | ||
14. Scrúdú comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann i leith a n-inniúlachta ar ábhair mhíleata agus i leith a gcáilíochtaí ginearálta oideachais nó a gcáilíochtaí teicniúla, agus deonadh deimhnithe inniúlachta. | ||
15. Aicmiú fear do réir céimeanna nó grád céimeanna, cáilíochtaí agus ceapachán. | ||
16. Tréineáil agus cigireacht Óglaigh na hÉireann, bunú campaí tréineála, agus freachnaimh le haghaidh Óglaigh na hÉireann. | ||
17. Rialú cleachtais airtléire, mhuscaeid agus bhuamála agus cleachtais eile airm, chabhlaigh nó aeir, agus caomhaint shlándála an phobail lena linn sin. | ||
18. Aireachasú, cigireacht agus tástáil arm, tiomthaigh, lón lámhaigh, soláthairtí, ainmhithe, córacha iompair, árthach, aerárthach, éadaí agus trealaimh Óglaigh na hÉireann. | ||
19. Dualgais, onóracha agus cúirtéisí searmóinnis. | ||
20. Eiteall aerárthach seirbhíse. | ||
21. Na bratacha nó na bratainní is iomchuí do chóir sheirbhíse, d'fhoirne, d'aonaid agus d'fheadhna eile d'Óglaigh na hÉireann agus do longa Stáit, nó a ceapfar chun a n-úsáidte sin. | ||
22. An cúram a ghlacfas longa Stáit chun iombualadh ar muir a sheachaint. | ||
23. Soilsiú long Stáit. | ||
24. Coimisiúnú agus trealmhú long Stáit. | ||
25. Caomhaint, deisiú agus dugú long Stáit. | ||
26. Na seirbhísí tarrthálais a dhéanfas longa Stáit. | ||
27. Rialacháin choraintín agus chustam maidir le longa Stáit agus aerárthaigh sheirbhíse. | ||
28. Loingsiú agus píolótú long Stáit. | ||
29. Bainistí, rialú agus sábháltacht chaladh agus longlann a húsáidtear chun críocha cosanta, agus pléascán, olaí, breoslaí, soláthairtí agus earraí a stórálfar ar chalaidh agus i longlanna. | ||
30. Suirbhéireacht long Stáit agus a n-inneall agus a dtrealaimh. | ||
31. An scála ar a n-eiseofar airm, tiomthach, lón lámhaigh, soláthairtí, ainmhithe, córacha iompair, éadaí, trealamh agus matériel eile le hÓglaigh na hÉireann. | ||
32. Bunú, stiúradh agus rialú bialanna, ceaintíní agus foras chun caitheamh aimsire agus bia agus deoch a chur ar fáil do chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann, agus cuntas a thabhairt ar chistí na mbialann, na gceaintíní agus na bhforas sin, agus rialú agus úsáid na gcistí sin. | ||
33. Bunú cistí seirbhíse agus cistí chun leasa comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann agus a dteaghlaigh, agus cuntas a thabhairt ar na cistí sin agus rialú agus úsáid na gcistí sin. | ||
34. Coinníollacha agus téarmaí seirbhíse fostaithe sibhialta. | ||
35. Trealamh seirbhíse a thabhairt ar iasacht, in aisce nó ar fruiliú. | ||
36. Aon ní nó rud dá dtagartar i gCuid III den Acht seo mar ní nó rud forordaithe nó mar ábhar do rialacháin a dhéanfas an tAire. | ||
37. Aon ní no rud eile nach ndéantar ar shlí eile foráil shainráite ina leith leis an Acht seo ná faoi agus is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach ar mhaithe le dea-riaradh agus éifeachtúlacht agus le stiúradh agus bainistí inmheánach Óglaigh na hÉireann, nó chun feidhm agus éifeacht a thabhairt don Acht seo. |