An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Bunú, Cothabháil, Ceannas, Comhdhéanamh agus Eagraíocht Óglaigh na hÉireann, Oideachas Míleata agus Nithe Ilghnéitheacha a bhaineas le hÓglaigh na hÉireann.) Ar Aghaidh (Caibidil III. Oideachas Míleata.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

Caibidil II.

Comhdhéanamh Óglaigh na hÉireann agus a nEagraíocht Ghinearálta.

Comhdhéanamh Óglaigh na hÉireann.

18. —Is é a bheas in Óglaigh na hÉireann—

(a) fórsa cosanta dá ngairmfear agus ar a dtabharfar na Buan-Óglaigh nó (i mBéarla) the Permanent Defence Force, ina mbeidh comhpháirteanna airm, cabhlaigh, agus aeir, agus

(b) fórsa cosanta dá ngairmfear agus ar a dtabharfar na hÓglaigh Cúltaca nó (i mBéarla) the Reserve Defence Force, ina mbeidh chomhpháirteanna airm, cabhlaigh agus aeir.

Comhdhéanamh na mBuan-Óglach.

19. —Is iad a bheas sna Buan-Óglaigh—

(a) daoine a ceapfar chucu mar oifigigh agus a bheas de thuras na huaire ina n-oifigigh de na Buan-Óglaigh,

(b) daoine a liostálfar iontu mar fhir faoi alt 53 nó 54 agus a bheas de thuras na huaire ina bhfir de na Buan-Óglaigh,

(c) daoine a liostáil iontu mar fhir faoi alt 53 agus, tar éis iad d'aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca faoi alt 70, a raghas isteach athuair sna Buan-Óglaigh faoi fho-alt (3) d'alt 63 agus a bheas de thuras na huaire ina bhfir de na Buan-Óglaigh, agus

(d) daoine a bheas de thuras na huaire ina gcomhaltaí de Sheirbhís Altranais an Airm.

Comhdhéanamh na nÓglach Cúltaca.

20. —Is iad a bheas sna hÓglaigh Cúltaca—

(a) daoine a ceapfar chucu mar oifigigh agus a bheas de thuras na huaire ina n-oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca,

(b) daoine a haistreofar chucu mar fhir ó na Buan-Óglaigh faoi alt 70 agus a bheas ina gcúltacairí de thuras na huaire, agus

(c) daoine a liostálfar go díreach iontu mar fhir faoi alt 55 agus a bheas de thuras na huaire ina gcúltacairí.

Aicmí de na hÓglaigh Cúltaca.

21. —(1) Roinnfear na hÓglaigh Cúltaca sna haicmí seo a leanas—

(a) aicme dá ngairmfear an Cúltaca Oifigeach (An Chéad Líne) arb iad a bheas inti na hoifigigh sin de na hÓglaigh Cúltaca a bheas arna gceapadh ó am go ham chun na haicme sin faoi alt 44,

(b) aicme dá ngairmfear an Cúltaca Oifigeach (An Fórsa Cosanta Áitiúil) arb iad a bheas inti na hoifigigh sin de na hÓglaigh Cúltaca a bheas arna gceapadh ó am go ham chun na haicme sin faoi alt 44,

(c) aicme dá ngairmfear an Cúltaca Oifigeach (An Slua Muirí) arb iad a bheas inti na hoifigigh sin de na hÓglaigh Cúltaca a bheas arna gceapadh ó am go ham chun na haicme sin faoi alt 44,

(d) aicme dá ngairmfear an Cúltaca Fear (An Chéad Líne) arb iad a bheas inti—

(i) fir (seachas fir a bheas de thuras na huaire arna gceapadh chun aicme eile cúltacairí faoi fho-alt (2) d'alt 62) a liostáil faoi alt 53 agus a haistreofar go dtí na hÓglaigh Cúltaca de bhun ailt 70 agus a bheas ina gcúltacairí, de thuras na huaire,

(ii) fir (seachas fir a bheas de thuras na huaire arna gceapadh chun aicme eile cúltacairí faoi fho-alt (2) d'alt 62) a liostálfar faoi alt 55 le haghaidh seirbhíse san aicme sin agus a bheas de thuras na huaire ina gcúltacairí, agus

(iii) na cúltacairí sin a bheas arna gceapadh ó am go ham chun na haicme sin faoi alt 62,

(e) aicme dá ngairmfear an Cúltaca Fear (an Fórsa Cosanta Áitiúil) arb iad a bheas inti—

(i) fir (seachas fir a bheas de thuras na huaire arna gceapadh chun aicme eile cúltacairí faoi fho-alt (2) d'alt 62) a liostálfar faoi alt 55 le haghaidh seirbhíse san aicme sin agus a bheas de thuras na huaire ina gcúltacairí, agus

(ii) na cúltacairí sin a bheas ó am go ham arna gceapadh chun na haicme sin faoi alt 62,

(f) aicme dá ngairmfear an Cúltaca Fear (An Slua Muirí) arb iad a bheas inti—

(i) fir (seachas fir a bheas de thuras na huaire arna gceapadh chun aicme eile cúltacairí faoi fho-alt (2) d'alt 62) a liostálfar faoi alt 55 le haghaidh seirbhíse san aicme sin agus a bheas de thuras na huaire ina gcúltacairí, agus

(ii) na cúltacairí sin a bheas ó am go ham arna gceapadh chun na haicme sin faoi alt 62,

(g) aon aicmí eile a chuirfeas an tAire ar bun faoi fho-alt (2) nó (3) den alt seo.

(2) (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin pé aicmí oifigeach, agus pé méid aicmí oifigeach, de na hÓglaigh Cúltaca is oiriúnach leis a chur ar bun agus pé teideal is oiriúnach leis a thabhairt ar aon aicme a cuirfear ar bun amhlaidh.

(b) Is iad a bheas in aicme de na hÓglaigh Cúltaca a cuirfear ar bun faoin bhfo-alt seo na hoifigigh sin de na hÓglaigh Cúltaca a bheas ó am go ham arna gceapadh chun na haicme sin faoi alt 44.

(3) (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin pé aicmí cúltacairí, agus pé méid aicmí cúltacairí, is oiriúnach leis a chur ar bun agus pé teideal is oiriúnach leis a thabhairt ar aon aicme a cuirfear ar bun amhlaidh.

(b) Is iad a bheas in aicme de na hÓglaigh Cúltaca a cuirfear ar bun faoin bhfo-alt seo—

(i) fir (seachas fir a bheas de thuras na huaire arna gceapadh chun aicme eile cúltacairí faoi fho-alt (2) d'alt 62) a liostálfar faoi alt 55 le haghaidh seirbhíse san aicme sin agus a bheas de thuras na huaire ina gcúltacairí, agus

(ii) na cúltacairí sin a bheas ó am go ham arna gceapadh chun na haicme sin faoi alt 62.

(4) Má tharlaíonn aon uair nach mbeidh aon chomhaltaí de na hÓglaigh Cúltaca ceaptha de thuras na huaire chun aicme áirithe de na hÓglaigh Cúltaca, féadfaidh an tAire le rialacháin deireadh a chur leis an aicme sin.

(5) Féadfaidh an tAire ó am go ham le rialacháin pé teideal eile is oiriúnach leis agus a shonrós sé sna rialacháin a chur in ionad an teidil atá i láthair na huaire ar aicme áirithe de na hÓglaigh Cúltaca.

Eagraiocht Óglaigh na hÉireann.

22. —(1) Déanfar Óglaigh na hÉireann d'eagrú ina bhfoirne, ina n-aonaid agus ina bhfeadhna eile do réir mar forordófar.

(2) Is do réir mar forordófar a bheas líon bunaíochta agus teideal gach foirne, aonaid nó feadhna eile d'Óglaigh na hÉireann agus na céimeanna agus na ceapacháin éagsúla iontu.

Cór seirbhise.

23. —Féadfaidh an tAire le rialacháin a dhearbhú go mbeidh aon chomhlucht míleata (is foireann, aonad nó feadhan eile a bheas eagraithe faoi alt 22) nó aon chónascadh de chomhluchta míleata den tsórt sin ina chór seirbhíse chun críocha an Achta seo agus féadfaidh pé teideal is oiriúnach leis a thabhairt ar an gcór seirbhíse sin.

Céimeanna coimisiúnta in Óglaigh na hÉireann.

24. —(1) (a) Is iad na céimeanna ar leithligh atá leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo na céimeanna coimisiúnta airm in Óglaigh na hÉireann.

(b) Aon chéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún 2 den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo roimh aon chéim choimisiúnta airm eile, is airde í ná an chéim choimisiúnta airm eile sin.

(2)  (a) Is iad na céimeanna ar leithligh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo na céimeanna coimisiúnta cabhlaigh in Óglaigh na hÉireann.

(b) Aon chéim choimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo roimh aon chéim choimisiúnta chabhlaigh eile, is airde í ná an chéim choimisiúnta chabhlaigh eile sin.

(3) Chun críocha an Achta seo—

(a) measfar an chéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha (arb í uimhir thagartha 3, 4, 5, 6, 7 nó 8 í) a bheith ar comhréir leis an gcéim choimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin;

(b) measfar an chéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal sin ag uimhir thagartha 9 a bheith ar comhréir le gach ceann de na céimeanna coimisiúnta cabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag uimhir thagartha 9;

(c) measfar an chéim choimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag aon uimhir thagartha (arb í uimhir thagartha 3, 4, 5, 6, 7 nó 8 í) a bheith ar comhréir leis an gcéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin;

(d) measfar gach ceann de na céimeanna coimisiúnta cabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag uimhir thagartha 9 a bheith ar comhréir leis an gcéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún 2 den Dara Sceideal sin ag uimhir thagartha 9.

(4) Faoi réir fo-ailt (5), féadfaidh an tAire—

(a) a threorú, maidir le haon oifigeach ag a bhfuil (pé acu de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh treora faoi mhír (c) den fho-alt seo é) céim choimisiúnta airm áirithe (nach céim dhara lefteanaint), gurb í an chéim choimisiúnta chabhlaigh chomhréire a bheas aige in ionad na céime coimisiúnta airm sin,

(b) a threorú, maidir le hoifigeach ag a bhfuil (pé acu de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh treora faoi mhír (d) den fho-alt seo é) céim choimisiúnta dhara lefteanaint airm, gurb é an ceann sin de na céimeanna coimisiúnta cabhlaigh seo a leanas, eadhon, meirgire agus meánloingseach, a sonrófar sa treoir a bheas aige in ionad na céime coimisiúnta airm sin,

(c) a threorú, maidir le hoifigeach ag a bhfuil (pé acu de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh treora faoi mhír (a) den fho-alt seo é) céim choimisiúnta chabhlaigh áirithe (nach céim mheirgire ná mheánloingsigh), gurb í an chéim choimisiúnta airm chomhréire a bheas aige in ionad na céime coimisiúnta cabhlaigh sin,

(d) a threorú, maidir le hoifigeach ag a bhfuil (pé acu de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh treora faoi mhír (b) den fho-alt seo é) céim choimisiúnta mheirgire nó mheánloingsigh chabhlaigh, gur céim choimisiúnta dhara lefteanaint airm a bheas aige in ionad na céime coimisiúnta cabhlaigh sin,

agus beidh éifeacht ag aon treoir den tsórt sin do réir a brí.

(5) Ní tabharfar treoir i dtaobh oifigigh faoi fho-alt (4) den alt seo ach amháin le toiliú an oifigigh.

Céimeanna neamhchoimisiúnta in Óglaigh na hÉireann.

25. —(1) (a) Is iad na céimeanna ar leithligh atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo na céimeanna neamhchoimisiúnta airm in Óglaigh na hÉireann.

(b) Aon chéim neamhchoimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo roimh aon chéim neamhchoimisiúnta airm eile, is airde í ná an chéim neamhchoimisiúnta airm eile sin.

(2) (a) Is iad na céimeanna ar leithligh atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo na céimeanna neamhchoimisiúnta cabhlaigh in Óglaigh na hÉireann.

(b) Aon chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo roimh aon chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh eile, is airde í ná an chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh eile sin.

(3) Féadfaidh an tAire a dhearbhú le rialacháin, maidir le haon chór seirbhíse áirithe, go mbeidh ag aon duine ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta airm ann, in ionad céime a sonraítear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, pé céim chomhionann eile a sonrófar sna rialacháin sin agus, sa chás sin, déanfar tagairtí in aon reacht de chuid Shaorstát Éireann nó in aon Acht ón Oireachtas (arna rith roimh an Acht seo nó dá éis sin), nó in aon scéim arna déanamh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) faoin Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 (Uimh. 26 de 1932) , do chéim a sonraítear sa cholún sin (2) d'fhorléiriú, maidir leis an gcór seirbhíse sin, mar thagairtí don chéim chomhionann a sonrófar sna rialacháin sin.

(4) Féadfaidh an tAire le rialacháin aon chéim neamhchoimisiúnta airm nó aon chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh a roinnt i pé gráid agus i pé méid grád is oiriúnach leis agus féadfaidh pé ainm ar leith is oiriúnach leis a thabhairt ar gach ceann faoi leith de na gráid sin.

(5) Féadfaidh an tAire le rialacháin aon chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh a roinnt i pé aicmíochtaí agus i pé méid aicmíochtaí is oiriúnach leis agus féadfaidh pé ainm ar leith is oiriúnach leis a thabhairt ar gach aicmíocht acu sin.

(6) Chun críocha an Achta seo—

(a) measfar an chéim neamhchoimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha a bheith ar comhréir leis an gcéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin;

(b) measfar an chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal sin ag aon uimhir thagartha a bheith ar comhréir leis an gcéim neamhchoimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(7) Faoi réir fo-ailt 8, féadfaidh an tAire—

(a) a threorú, maidir le fear ag a bhfuil (pé acu de bhuaidh a liostála nó de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh treora faoi mhír (b) den fho-alt seo é) céim neamhchoimisiúnta airm áirithe atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha, gurb í an chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh chomhréire a bheas aige in ionad na céime neamhchoimisiúnta airm sin,

(b) a threorú, maidir le fear ag a bhfuil (pé acu de bhuaidh a liostála nó de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh treora faoi mhír (a) den fho-alt seo é) céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh áirithe atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal sin ag aon uimhir ithagartha, gurb í an chéim neamhchoimisiúnta airm chomhréire a bheas aige in ionad na céime neamhchoimisiúnta cabhlaigh sin,

agus beidh éifeacht ag aon treoir den tsórt sin do réir a brí.

(8) Ní tabharfar treoir maidir le fear faoi fho-alt (7) den alt seo ach amháin le toiliú an fhir féin.

Rialacháin ghinearálta maidir le hÓglaigh na hÉireann.

26. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh, nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo, maidir le haon ní nó gach ní dá luaitear sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.