|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL. Talamh Stáit nach mbaineann ailt 10 ná 11 leis.) |
AN tACHT MAOINE STÁIT, 1954
| [EN] | ||
| [EN] |
AN DARA SCEIDEAL. Ionstraimí a déantar Bailí. | |
1. Gníomhas Malairte dar dáta an 21ú lá de Mheitheamh, 1929, a rinneadh idir Anne Moran de pháirt agus an tAire Cosanta den pháirt eile— | ||
(1) trínar shannaigh an Anne Moran sin don Aire Cosanta tailte áirithe a dtugtar tuairisc orthu ann mar leanas— | ||
“All that part of the lands of Little Forest containing six acres, two roods and twenty-two perches, statute Measure or thereabouts and shown on the plan annexed hereto and therein coloured red situate in the Barony of Nethercross and County of Dublin” | ||
agus | ||
(2) trínar shannaigh an tAire Cosanta don Anne Moran sin tailte áirithe a dtugtar tuairisc orthu ann mar leanas— | ||
“All that part of the lands of Rock containing seven acres three roods and thirty-four perches statute Measure or thereabouts and shown on the plan annexed hereto and therein coloured green situate in the Barony of Coolock and County of Dublin”. | ||
2. Ordú Iascaigh na Sionainne (Iascach Bhéal Átha Luain agus Chaisleáin O gConaing d'Aistriú), 1937, a rinneadh an 14ú lá d'Aibreán, 1937, faoi alt 7 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 ( Uimh. 4 de 1935 ). | ||
3. Ordú Iascaigh na Sionainne (Iascach Easconn Chill Dá Lua d'Aistriú), 1938, a rinneadh an 27ú lá d'Aibreán, 1938, faoi alt 7 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 , adúradh. | ||
4. Aistriú dar dáta an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, trínar aistrigh an tAire Sláinte chun Boird Ospidéil Mheabhair-Ghalar Ghráinseach Uí Ghormáin cuid de thailte Diméin Sheantrabh atá ar áireamh i bhFóile 4435 Contae Bhaile Átha Cliath sa Chlár de Ruílseoirí atá á choimeád faoin Registration of Title Act, 1891, agus ina bhfuil 222 acra agus aon phéirse amháin nó mar sin tomhas reachtúil maraon leis an Mainteach air dá ngairmtear Santry Court atá suite i mBarúntacht na Cúlóige agus i gContae Bhaile Átha Cliath. |