An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Forála maidir le cíosa áirithe is iníoctha leis an Stát.) Ar Aghaidh (Caibidil V. Forála Ilghnéitheacha.)

25 1954

AN tACHT MAOINE STÁIT, 1954

Caibidil IV.

Imeachta Dlí.

Imeachta dlí i leith talún Stáit.

16. —(1) Féadfaidh údarás Stáit, maidir le haon talamh Stáit a bheas de thuras na huaire dílsithe san údarás Stáit sin, aon imeachta dlí a thionscnamh d'fhéadfadh an t-údarás Stáit sin a thionscnamh dá mba phearsa phríobháideach an t-údarás Stáit sin agus go mba é únaer, léasaí nó tionónta na talún Stáit sin é.

(2) In aon imeachta dlí a thionscnós údarás Stáit in aghaidh duine ar bith chun aon tsuim thréimhsiúil (arb é atá inti seanchoróinchíos nó aon chíos, cíos-mhuirear nó suim eile is iníoctha go tréimhsiúil as talamh Stáit nó aon tsuim is iníoctha mar tháillí as talamh Stáit) a ghnóthú, beidh deimhniú faoi shéala oifigiúil an údaráis Stáit sin, á dheimhniú go bhfuil suim shonraithe dlite ón duine sin, de bhun na suime tréimhsiúla sin, in aghaidh tréimhse sonraithe, ina fhianaise prima facie ar na nithe a bheas deimhnithe amhlaidh.

(3) In aon imeachta dlí maidir le talamh Stáit a thionscnós an t-údarás Stáit ina mbeidh an talamh Stáit sin dílsithe in aghaidh duine ar bith, beidh deimhniú faoi shéala oifigiúil an údaráis Stáit sin a dheimhneos aon ní nó nithe díobh seo a leanas, eadhon—

(a) go bhfuil an talamh Stáit sin á theachtadh ag an údarás Stáit sin faoin tionacht a bheas sonraithe sa deimhniú,

(b) go bhfuil an talamh Stáit sin á theachtadh ón údarás Stáit sin ag an duine sin ar na téarmaí a bheas sonraithe sa deimhniú,

(c) gur seirbheáladh go cuí ar dháta sonraithe ar thionónta na talún Stáit sin fógra (sa bhfoirm a bheas leagtha amach sa deimhniú) an talamh Stáit sin d'fhágáil, agus gur dhiúltaigh an tionónta sin seilbh na talún Stáit sin a thabhairt suas ar an bhfógra sin a bheith caite,

ina fhianaise prima facie ar na nithe a bheas deimhnithe amhlaidh.

(4) Measfar, maidir le gach cúnant agus comhaontú i dtaobh aon talún Stáit a bheas déanta (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) ag aon duine (arb é deontaí, léasaí, tionónta nó ceadúnaí na talún Stáit sin é), gur leis an údarás Stáit ina mbeidh an talamh Stáit sin dílsithe de thuras na huaire a rinne an duine sin é, agus féadfaidh an t-údarás Stáit sin é a chur i bhfeidhm amhail is dá mba pháirtí ann an t-údarás Stáit sin.

(5) Ní forléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanas difir do cheart an Ard-Aighne imeachta dlí maidir le talamh Stáit a thionscnamh agus dul ar aghaidh leo thar ceann an Stáit nó an Phobail.

Aisghabháil talún Stáit a bheas á theachtadh ag comhaltaí de na Fórsaí Cosanta, den Gharda Síochána, etc.

17. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an t-oifigeach cuí”—

(a) maidir le háitreabh i gcontae nó i gcontae-bhuirg a bhfuil fo-shirriam ann di de thuras na huaire, foshirriam na contae nó na contae-bhuirge sin, nó

(b) maidir le háitreabh i gcontae nó i gcontae-bhuirg a bhfuil sirriam ann di de thuras na huaire, a ceapadh faoi alt 12 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 ( Uimh. 25 de 1945 ), agus a bhfuil feidhmeanna an chláraitheora chontae don chontae nó don chontae-bhuirg sin maidir le forghníomhú orduithe forghníomhuithe dílsithe ann de thuras na huaire, sirriam na contae nó na contae-bhuirge sin, nó

(c) maidir le háitreabh in aon chontae nó contae-bhuirg eile, an cláraitheoir contae don chontae nó don chontae-bhuirg sin;

ciallaíonn “seirbhíseach Stáit” aon duine—

(a) atá ina chomhalta de na Fórsaí Cosanta nó den Gharda Síochána, nó

(b) atá ina dhuine (nach comhalta de na Fórsaí Cosanta ná den Gharda Síochána) ag a bhfuil post faoi údarás Stáit.

(2) Más rud é—

(a)  (i) gur cuireadh duine (a bhí an uair sin ina sheirbhíseach Stáit), roimh an dáta feidhme nó ar an dáta sin nó dá éis, ag áitiú aon áitribh (ar talamh Stáit é) toisc é a bheith ina sheirbhíseach Stáit, agus

(ii) go ndiúltóidh an duine sin (pé acu bheas sé nó nach mbeidh sé an uair sin ina sheirbhíseach Stáit) an t-áitreabh sin d'fhágáil ar sin dá éileamh ag an údarás Stáit ina mbeidh an t-áitreabh dílsithe de thuras na huaire nó ag duine a bheas údaraithe chuige sin ag an údarás Stáit sin, nó

(b)  (i) gur cuireadh duine (roimh an dáta feidhme nó ar an dáta sin nó dá éis) ag áitiú aon áitribh (ar talamh Stáit é) mar sheirbhíseach, mar aoire nó mar airíoch, agus

(ii) go ndiúltóidh an duine sin an t-áitreabh sin d'fhágáil ar sin dá éileamh ag an údarás Stáit ina mbeidh an t-áitreabh sin dílsithe de thuras na huaire nó ag duine a bheas údaraithe chuige sin ag an údarás Stáit sin, nó

(c)  (i) gur cuireadh duine (a bhí an uair sin ina sheirbhíseach Stáit), roimh an dáta feidhme nó ar an dáta sin nó dá éis, ag áitiú aon áitribh (ar talamh Stáit é) toisc é a bheith ina sheirbhíseach Stáit, agus

(ii) go bhfuair an duine sin bás (roimh an dáta feidhme nó ar an dáta sin nó dá éis), agus

(iii) go ndiúltóidh aon duine a bheas ag áitiú an áitribh (seachas le toiliú scríofa údaráis Stáit) an t-áitreabh d'fhágáil ar sin dá éileamh ag an údarás Stáit ina mbeidh an t-áitreabh dílsithe de thuras na huaire nó ag duine a bheas údaraithe chuige sin ag an údarás Stáit sin, nó

(d)  (i) gur cuireadh duine (roimh an dáta feidhme nó ar an dáta sin nó dá éis) ag áitiú aon áitribh (ar talamh Stáit é) mar sheirbhíseach, mar aoire nó mar airíoch, agus

(ii) go bhfuair an duine sin bás (roimh an dáta feidhme nó ar an dáta sin nó dá éis), agus

(iii) go ndiúltóidh aon duine a bheas ag áitiú an áitribh (seachas le toiliú scríofa údaráis Stáit) an t-áitreabh d'fhágáil ar sin dá éileamh ag an údarás Stáit ina mbeidh an t-áitreabh dílsithe de thuras na huaire nó ag duine a bheas údaraithe chuige sin ag an údarás Stáit sin,

féadfaidh an Chúirt Dúiche, ar iarratas ón údarás Stáit ina mbeidh an t-áitreabh dílsithe de thuras na huaire, ordú d'eisiúint chun an oifigigh chuí seilbh an áitribh a thabhairt suas d'aon duine a bheas ainmnithe san ordú, agus ar an ordú sin d'fháil dó bhéarfaidh an t-oifigeach cuí seilbh an áitribh suas dá réir sin, agus beidh an t-údarás Stáit sin i dteideal na costais agus na caiteachais faoina ndeachaigh sé, i ndáil le heisiúint agus forghníomhú an orduithe, a ghnóthú ón duine a dhiúltaigh amhlaidh an t-áitreabh d'fhágáil.

(3) In aon imeachta faoi fho-alt (2) den alt seo maidir le haon áitreabh, beidh deimhniú faoi shéala oifigiúil údaráis Stáit a dheimhneos aon ní nó nithe díobh seo a leanas—

(a) go raibh an t-áitreabh sin ar dháta an deimhnithe dílsithe san údarás Stáit sin,

(b) go raibh duine sonraithe ar dháta sonraithe ag áitiú an áitribh toisc é a bheith ina sheirbhíseach Stáit,

(c) go raibh duine sonraithe ar dháta sonraithe ag áitiú an áitribh mar sheirbhíseach, mar aoire nó mar airíoch,

(d) go raibh duine sonraithe ar dháta sonraithe ag áitiú an áitribh,

(e) gur éiligh duine a bhí údaraithe ag an údarás Stáit sin chuige sin ar dhuine sonraithe ar dháta sonraithe an t-áitreabh d'fhágáil,

(f) gur dhiúltaigh duine sonraithe an t-áitreabh d'fhágáil ar sin dá éileamh ar an duine sonraithe sin ar dháta sonraithe ag duine a bhí údaraithe chuige sin ag an údarás Stáit sin,

ina fhianaise prima facie ar na cinn sin de na nithe sin a bheas sonraithe sa deimhniú sin.

(4) Aon uair a bheas seilbh aon áitribh a bheas dílsithe in údarás Stáit tugtha suas ag an oifigeach cuí faoin alt seo, beidh aon duine a raghas isteach san áitreabh nó in aon chuid de, agus a ghlacfas seilbh air, gan toiliú an údarás Stáit sin, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a fhanfas sé ina sheilbh.

Tosaíocht airgid a bheas dlite i leith seanchoróinchíos, etc.

18. —Beidh ag airgead a bheas dlite ag údarás Stáit, nó iníoctha leis, mar shean-choróinchíos nó mar chíos, mar chíos-mhuirear, mar rí-chíos nó mar bhrabúis de chineál eile as talamh Stáit nó mar tháillí i leith talún Stáit, na tosaíochtaí céanna a bheirtear le fo-alt (2) d'alt 38 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ). d'airgead lena mbaineann an fo-alt sin.