|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Déileáil in Ór agus in Airgeadra Coigríche.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Urrúis.) |
AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE, 1954
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID III. Iocaíochtaí. | |
| [EN] |
Srian le híocaíochtaí a dhéanamh le daoine atá ina gcónaí lasmuigh de na críocha sceidealta. |
5. —Ach amháin le cead ón Aire, ní dhéanfaidh duine ar bith— |
| [EN] | (a) aon tsuim d'íoc, ná dliteanas a ghabháil air féin í d'íoc, le haon duine, ná ar ordú ná thar ceann aon duine, atá ina chónaí lasmuigh de na críocha sceidealta, ná | |
| [EN] | (b) aon tsuim a chur, ná geallúint a thabhairt í a chur, chun creidmheasa aon duine atá ina chónaí lasmuigh de na críocha sceidealta. | |
| [EN] |
Srian le híocaíochtaí a dhéanamh le daoine atá ina gcónaí sna críocha sceidealta. |
6. —Ach amháin le cead ón Aire, ní dhéanfaidh duine ar bith— |
| [EN] | (a) aon tsuim a chur, ná geallúint a thabhairt í a chur, chun creidmheasa aon duine atá ina chónaí sna críocha sceidealta ar ordú ná thar ceann aon duine atá ina chónaí lasmuigh de na críocha sin, ná | |
| [EN] | (b) aon tsuim d'íoc, ná dliteanas a ghabháil air féin í d'íoc, le duine atá ina chónaí sna críocha sceidealta, ná aon tsuim a chur, ná geallúint a thabhairt í a chur, chun creidmheasa aon duine atá ina chónaí sna críocha sin, i gcomaoin ná i leith— | |
| [EN] | (i) aon duine d'fháil íocaíochta a rinneadh lasmuigh de na críocha sceidealta, aon duine d'fháil maoine atá lasmuigh de na críocha sceidealta, aon tseirbhís a chomhlíonadh lasmuigh de na críocha sceidealta, ná earraí ó thír tionscnaimh nach bhfuil sna críocha sceidealta d'allmhuiriú isteach sa Stát nó in aon cheann eile de na críocha sceidealta, ná | |
| [EN] | (ii) ceart (pé acu láithreach nó todhchaí dhó agus pé acu iarbhír nó teagmhasach dhó) d'aistriú chun aon duine, ná a chruthú i bhfábhar aon duine, chun íocaíocht d'fháil lasmuigh de na críocha sceidealta, chun maoin d'fháil atá lasmuigh de na críocha sceidealta, chun aon tseirbhís a chur dá comhlíonadh lasmuigh de na críocha sceidealta, ná chun earraí ó thír tionscnaimh nach bhfuil sna críocha sceidealta d'allmhuiriú isteach sa Stát nó in aon cheann eile de na críocha sceidealta. | |
| [EN] |
Iocaíochtaí, etc., ó dhéileálaithe údaraithe. |
7. —D'ainneoin aon fhorála eile san Acht seo, féadfaidh déileálaí údaraithe, do réir treora ón Aire faoi alt 26— |
| [EN] | (a) íocaíochtaí a dhéanamh, nó dliteanas a ghabháil air féin iad a dhéanamh, le daoine, nó ar ordú daoine, atá ina gcónaí lasmuigh de na críocha sceidealta, nó suimeanna a chur, nó geallúint a thabhairt iad a chur, chun creidmheasa daoine den tsórt sin, nó | |
| [EN] | (b) aon idirbheart eile a dhéanamh i ngnáth-chúrsa gnótha bhaincéireachta. |