|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Urrúis.) | Ar Aghaidh (CUID VI. Cur i bhFeidhm.) |
AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE, 1954
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID V. Allmhuiriú agus Onnmhuiriú. | |
| [EN] |
Srian le hallmhuiriú. |
15. —(1) Toirmisctear leis seo, ach amháin le cead ón Aire— |
| [EN] | (a) allmhuiriú aon deimhnithe theidil chun aon urrúis fhorcoimeádta, lena n-áirítear aon deimhniú den tsórt sin a cealaíodh agus aon doiciméad á dheimhniú gur díthíodh, gur cailleadh nó gur cealaíodh aon deimhniú teidil chun urrúis fhorcoimeádta, agus | |
| [EN] | (b) allmhuiriú aon chúpóin. | |
| [EN] | (2) Toirmisctear leis seo, ach amháin le cead ón Aire, allmhuiriú a dhéanamh, ó aon áit nach bhfuil i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain Mhór, in Inse Mara nIocht nó in Oileán Manann, ar aon nótaí atá, nó a bhí tráth ar bith, ina ndlíthairiscint i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain Mhór, in Inse Mara nIocht agus in Oileán Manann, nó in aon chuid díobh sin, nó ar aon nótaí bainc le haon bhanc eisiúna i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain Mhór, in Inse Mara nIocht nó in Oileán Manann. | |
| [EN] |
Srian le honnmhuiriú. |
16. —(1) Toirmisctear leis seo, ach amháin le cead ón Aire— |
| [EN] | (a) onnmhuiriú aon óir, | |
| [EN] | (b) onnmhuiriú aon deimhnithe theidil chun urrúis fhorcoimeádta (lena n-áirítear aon deimhniú den tsórt sin a cealaíodh) nó aon doiciméid á dheimhniú gur díthíodh, gur cailleadh nó gur cealaíodh aon deimhniú den tsórt sin, agus | |
| [EN] | (c) onnmhuiriú aon chúpóin. | |
| [EN] | (2) Toirmisctear leis seo, ach amháin le cead ón Aire, onnmhuiriú a dhéanamh, chun aon áite nach bhfuil i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain Mhór, in Inse Mara nIocht nó in Oileán Manann— | |
| [EN] | (a) ar aon nótaí d'eisigh aon bhanc, nó atá nó a bhí ina ndlí-thairiscint, in aon chuid de na críocha sceidealta, | |
| [EN] | (b) ar aon airgeadra coigríche nó aon doiciméad de chineál atá beartaithe chun a chur ar chumas an duine chun ar heisíodh é airgeadra coigríche d'fháil ó dhuine éigin eile ar chreidmheas an duine d'eisigh é, | |
| [EN] | (c) ar aon pholasaí árachais, agus | |
| [EN] | (d) ar aon ordú poist. | |
| [EN] |
Iocaíocht as earraí a honnmhuireofar. |
17. —(1) Toirmisctear leis seo, ach amháin le cead ón Aire, onnmhuiriú earraí d'aon aicme nó cineál go dtí ceann cúrsa in aon chríoch, seachas na críocha sceidealta, mura rud é— |
| [EN] | (a) (i) go dtabharfar ar aird do na Coimisinéirí Ioncaim an fhianaise ordaithe go ndearnadh íocaíocht as na hearraí le duine sa Stát pé slí a bheas ordaithe maidir le hearraí den aicme nó den chineál sin a honnmhuireofar go dtí ceann cúrsa sa chríoch sin, agus | |
| [EN] | (ii) gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil an íocaíocht a rinneadh de mhéid a bheir, in imthosca uile an cháis, leor-fháltas as na hearraí, nó | |
| [EN] | (b) gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim— | |
| [EN] | (i) go bhfuil íocaíocht as na hearraí le déanamh le duine sa Stát laistigh de shé mhí tar éis dáta an onnmhuirithe i pé slí a bheas ordaithe maidir le hearraí den aicme nó den chineál sin a honnmhuireofar go dtí ceann cúrsa sa chríoch sin, agus | |
| [EN] | (ii) go bhfuil an íocaíocht atá le déanamh de mhéid a bheir, in imthosca uile an cháis, leor-fháltas as na hearraí. | |
| [EN] | (2) (a) Chun gur deimhin leo, i gcás aon earraí, na nithe a sonraítear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) den alt seo, agus gan dochar do na cumhachta a bheirtear le halt 24 den Acht Airgeadais, 1938 ( Uimh. 25 de 1938 ), féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal ar an duine a thaifeadfas na hearraí chun a n-onnmhuirithe pé dearbhuithe, arna síniú ag pé daoine, agus pé doiciméid, is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncaim, a sheachadadh, i dteannta an taifid, don bhailitheoir nó don oifigeach cuí eile custam. | |
| [EN] | (b) Má ceanglaítear ar dhuine dearbhú nó doiciméad a sheachadadh faoin bhfo-alt seo, ní honnmhuireofar na hearraí go dtí go mbeidh an dearbhú nó an doiciméad seachadta. | |
| [EN] | (3) Má honnmhuirítear earraí, roimh íocaíocht d'fháil, go dtí ceann cúrsa lasmuigh de na críocha sceidealta, déanfaidh an duine d'onnmhuirigh na hearraí, mura sonróidh an tAire a mhalairt, an fhianaise ordaithe ag taispeáint méid agus modha na híocaíochta as na hearraí a thabhairt ar aird do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de sheacht mí, nó de pé tréimhse is sia ná sin a shonrós an tAire, tar éis dáta an onnmhuirithe. | |
| [EN] | (4) Is cosaint mhaith ar inchúiseamh i leith fo-alt (3) den alt seo a shárú nach ar an gcosantóir a bhí an locht nár tugadh ar aird an fhianaise is gá do réir an fho-ailt sin. |