|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1955
| [EN] | ||
| [EN] |
AN DARA SCEIDEAL. Na Fo-ailt dá dtagartar in Alt 24 den Acht seo. | |
|
Cuid I. | ||
“(5) (a) I gcás dearbhú a dhéanamh faoin alt seo roimh an 7ú lá d'Iúil. 1954. ní bheidh éifeacht ag an dearbhú ach amháin maidir le sealbhóir a bheas do réir dlí i dteideal aoisliúntais nó a bhféadfar sin a dheonadh dhó ar é d'éirí as oifig nó a scor ar shlí eile de bheith i seilbh oifige agus déanfar, maidir leis an dearbhú, fo-alt (3) den alt seo d'fhorléiriú dá réir sin. | ||
(b) I gcás dearbhú a dhéanamh faoin alt seo an 7ú lá d'Iúil, 1954, nó dá éis— | ||
(I) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:— | ||
(i) ní bheidh éifeacht ag an dearbhú ach amháin— | ||
(A) maidir le sealbhóir a bheas do réir dlí i dteideal aoisliúntais nó a bhféadfar sin a dheonadh dhó ar é d'éirí as oifig nó a scor ar shlí eile de bheith i seilbh oifige, agus | ||
(B) maidir le sealbhóir a bheas do réir dlí' má fhanann sé i seilbh oifige go dtí go slánóidh sé aois áirithe is mó ná an aois shonraithe a bheas sa dearbhú, agus nach mbeidh go dtí sin, i dteideal aoisliúntas d'fháil nó i gcumas é a dheonadh dhó ar é d'éirí as oifig nó a scor ar shlí eile de bheith i seilbh oifige, | ||
(ii) beidh éifeacht ag an tagairt sa dearbhú don aois shonraithe sin i gcás sealbhóra a sonraítear i gclásal (B) den fho-mhír sin roimhe seo amhail is dá mba thagairt í don aois áirithe dá dtagartar sa chlásal sin, | ||
agus déanfar, maidir leis an dearbhú, fo-alt (3) den alt seo d'fhorléiriú dá réir sin, | ||
(II) féadfaidh feidhm a bheith ag an dearbhú maidir leis na hoifigí uile arb é Aire an dearbhuithe a dhéanamh an tAire oiriúnach ina leith nó maidir leis na cinn sin díobh a bhaineas le haicme, tuairisc nó grád áirithe nó maidir le ceann nó cinn áirithe díobh d'ainneoin aon fhorála eile a rinneadh le reacht nó faoi reacht maidir le sealbhú na n-oifigí sin, oifigí den aicme. den tuairisc nó den ghrád sin nó na hoifige áirithe nó na n-oifigí áirithe sin (lena n-áirítear go sonrach, foráil i dtaobh oifig a shealbhú go héag, go héirí as nó go cur as oifig), agus in aon chás den tsórt sin beidh éifeacht ag an dearbhú agus ag an alt seo d'ainneoin na forála eile sin. | ||
(c) Féadfar dearbhú faoin alt seo a chumadh agus éifeacht an fho-ailt seo á lua ann nó gan í á lua ann.” | ||
|
Cuid II. | ||
“(5) (a) I gcás dearbhú a dhéanamh faoin alt seo roimh an 7ú lá d'Iúil, 1954, ní bheidh éifeacht ag an dearbhú ach amháin maidir le sealbhóir a bheas do réir dlí i dteideal aoisliúntais nó a bhféadfar sin a dheonadh dhó ar é d'éirí as oifig nó a scor ar shlí eile de bheith i seilbh oifige agus déanfar, maidir leis an dearbhú, fo-alt (3) den alt seo d'fhorléiriú dá réir sin. | ||
(b) I gcás dearbhú a dhéanamh faoin alt seo an 7ú lá d'Iúil, 1954, nó dá éis— | ||
(I) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:— | ||
(i) ní bheidh éifeacht ag an dearbhú ach amháin— | ||
(A) maidir le sealbhóir a bheas do réir dlí i dteideal aoisliúntais nó a bhféadfar sin a dheonadh dhó ar é d'éirí as oifig nó a scor ar shlí eile de bheith i seilbh oifige, agus | ||
(B) maidir le sealbhóir a bheas do réir dlí, má fhanann sé i seilbh oifige go dtí go slánóidh sé aois áirithe is mó ná an aois shonraithe a bheas sa dearbhú, agus nach mbeidh go dtí sin, i dteideal aoisliúntais d'fháil nó i gcumas é a dheonadh dhó ar é d'éirí as oifig nó a scor ar shlí eile de bheith i seilbh oifige, | ||
(ii) beidh éifeacht ag an tagairt sa dearbhú don aois shonraithe sin i gcás sealbhóra a sonraítear i gclásal (B) den fho-mhír sin roimhe seo amhail is dá mba thagairt í don aois áirithe dá dtagartar sa chlásal sin, | ||
agus déanfar, maidir leis an dearbhú, fo-alt (3) den alt seo d'fhorléiriú dá réir sin, | ||
(II) féadfaidh feidhm a bheith ag an dearbhú maidir leis na hoifigí uile arb é Aire an dearbhuithe a dhéanamh an tAire oiriúnach ina leith nó maidir leis na cinn díobh sin a bhaineas le haicme, tuairisc nó grád áirithe nó maidir le ceann nó cinn áirithe díobh sin d'ainneoin aon fhorála eile a rinneadh le reacht nó faoi reacht maidir le sealbhú na n-oifigí sin, oifigí den aicme, den tuairisc nó den ghrád sin nó na hoifige áirithe nó na n-oifigí áirithe sin (lena n-áirítear, go sonrach, foráil i dtaobh oifig a shealbhú go héag, go héirí as nó go cur as oifig) agus in aon chás den tsórt sin beidh éifeacht ag an dearbhú agus ag an alt seo d'ainneoin na forála eile sin. | ||
(c) Féadfar dearbhú faoin alt seo a chumadh agus éifeacht an fho-ailt seo á lua ann nó gan í á lua ann.” |