An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Seirbhísigh Inphinsin.) Ar Aghaidh (CUID V. Forála Airgeadais.)

10 1956

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (AOISLIÚNTAS), 1956

CUID IV.

Sochair Bhreise.

Liúntas do bhaintreach.

50. —(1) Faoi réir rialachán, féadfaidh údaras áitiúil agus oifigeach inphinsin fireannach don údarás sin atá pósta agus a maireann a bhanchéile comhaontú chun críocha an ailt seo a dhéanamh ar mhaithe leis an mbanchéile sin.

(2) Faoi réir rialachán, más rud é—

(a) go ndearna duine comhaontú chun críocha an ailt seo le húdarás áitiúil,

(b) go bhfaighidh sé bás le linn dó bheith ina oifigeach don údarás áitiúil sin nó le linn liúntas faoi alt 15 den Acht seo a bheith iníoctha leis ag an údarás áitiúil sin, agus

(c) go mairfidh a bhanchéile ina dhiaidh, agus gurb ise an bhanchéile a ndearnadh an comhaontú ar mhaithe léi,

íocfaidh an t-údarás áitiúil leis an mbanchéile liúntas is comhionann

(i) i gcás é a bheith i seirbhís an údaráis áitiúil sin tráth a bháis, le trian an liúntais a deonfaí dhó dá mba nach bhfuair sé bás ach gur scoir sé dá oifig a shealbhú de dheasca buan-éiglíochta meabhrach nó coirp, nó

(ii) i gcás liúntas faoi alt 15 den Acht seo a bheith iníoctha leis ag an údarás áitiúil sin tráth a bháis, le trian an liúntais sin.

(3) D'ainneoin ailt 60 den Acht seo, scoirfidh liúntas faoin alt seo de bheith iníoctha má athphósann agus nuair a athphósfas an bhaintreach.

(4) D'ainneoin aon fhorála den Acht seo nó d'aon Acht eile, beidh éifeacht do réir a théarmaí ag chomhaontú chun críocha an ailt seo (ach sin faoi réir na rialachán).

(5) Beidh de rogha ag údarás áitiúil comhaontú chun críocha an ailt seo a dhéanamh nó gan é a dhéanamh, faoi réir an choinníll nach ndéanfaid an comhaontú mura deimhin leo an t-oifigeach a bheith i ndea-shláinte.

(6) San alt seo ciallaíonn “comhaontú chun críocha an ailt seo” comhaontú go ndéanfar aon chnapshuim nó aisce bháis a thiocfas chun bheith iníoctha faoin Acht seo leis an oifigeach áirithe, nó ina leith, a laghdú tríd an gcodán iomchuí a bhaint as.

(7) I bhfo-alt (6) den alt seo ciallaíonn “an codán iomchuí”—

(a) i gcás ina mbeidh cnapshuim iníoctha agus go mb'fhéidir liúntas faoin alt seo a theacht chun bheith iníoctha ina dhiaidh sin nó ina mbeidh aisce bháis agus liúntas faoin alt seo iníoctha—pé codán a bheas, an tráth a bheas an tsuim nó an aisce sin le n-íoc, arna shonrú le rialacháin mar chodán cuí chun críocha an ailt seo sa chás sin, agus

(b) in aon chás eile—an ceann is iomchuí de na codáin sin (is lú ná an codán dá dtagartar i mír (a) den fho-alt seo) a bheas, an tráth a bheas an tsuim nó an aisce sin le n-íoc, arna shonrú le rialacháin mar chodáin chuí chun críocha an ailt seo sna cásanna sin.

(8) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo agus beidh na rialacháin i pé téarmaí a áiritheos, i dtuairim an Aire, nach mbeidh asbhaintí as cnapshuimeanna agus aiscí báis níos lú, i gcoitinne agus ag glacadh tréimhsí i dteannta a chéile, ná mar is leor faoi chomhair dliteanas údarás áitiúla faoi na comhaontuithe a dhéanfaid faoin alt seo.

(9) A luaithe is féidir tar éis deich mbliana a bheith caite ó dháta an Achta seo a rith, agus dá éis sin i gceann tréimhsí nach sia ná deich mbliana, athbhreithneoidh an tAire oibriú an ailt seo agus, do réir mar is iomchuí de thoradh aon athbhreithnithe den tsórt sin, leasóidh sé na rialacháin faoin alt seo.

Cuid de liúntas a thabhairt suas.

51. —(1) I gcás—

(a) ina scoirfidh oifigeach nó seirbhíseach fireannach d'údarás áitiúil dá oifig nó dá fhostaíocht a shealbhú, agus

(b) ina mbeidh teideal aige chun liúntais faoi Chuid II nó Cuid III den Acht seo,

féadfaidh sé cead d'iarraidh ar an údarás áitiúil cuid shonraithe, nach mó ná trian, den liúntas sin a thabhairt suas i gcomaoin liúntais dá bhanchéile nó d'aon chleithiúnaí sonraithe amháin.

(2) I gcás—

(a) ina scoirfidh oifigeach nó seirbhíseach baineannach d'údarás áitiúil dá hoifig nó dá fostaíocht a shealbhú, agus

(b) ina mbeidh teideal aici chun liúntais faoi Chuid II nó Cuid III den Acht seo,

féadfaidh sí cead d'iarraidh ar an údarás áitiúil cuid shonraithe, nach mó ná trian, den liúntas sin a thabhairt suas i gcomaoin liúntais d'aon chleithiúnaí sonraithe amháin.

(3) Is é a bheas in aon iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo ag iarraidh liúntais do bhanchéile an iarratasóra—

(a) iarratas ag iarraidh an liúntais sin ar feadh na tréimhse (más ann) a mhairfeas an bhanchéile i ndiaidh an iarratasóra, nó

(b) iarratas ag iarraidh an liúntais sin ar feadh tréimhse comhshaoil an iarratasóra agus na banchéile agus na tréimhse (más ann) a mhairfeas an bhanchéile i ndiaidh an iarratasóra.

(4) Nuair a déanfar iarratas faoin alt seo chun cuid de liúntas a thabhairt suas, féadfaidh an t-údarás áitiúil, dá rogha féin, diúltú nó géilleadh don iarratas, faoi réir an choinníll nach ngéillfid don iarratas mura deimhin leo go bhfuil an t-iarratasóir i ndea-shláinte.

(5) Nuair a géillfear d'iarratas faoin alt seo chun cuid de liúntas a thabhairt suas—

(a) laghdófar an liúntas sin dá réir sin,

(b) más iarratas é chun cuid de liúntas a thabhairt suas i gcomaoin liúntais do bhanchéile an iarratasóra ar feadh na tréimhse (más ann) a mhairfeas sí i ndiaidh an iarratasóra, deonfaidh an t-údarás áitiúil di, má mhaireann sí i ndiaidh an iarratasóra, liúntas ar feadh na tréimhse a mhairfeas sí dá éis,

(c) más iarratas é chun cuid de liúntas a thabhairt suas i gcomaoin liúntais do bhanchéile an iarratasóra ar feadh tréimhse comhshaoil an iarratasóra agus na banchéile agus na tréimhse (más ann) a mhairfeas an bhanchéile i ndiaidh an iarratasóra, deonfaidh an t-údarás áitiúil liúntas don bhanchéile ar feadh tréimhse a gcomhshaoil agus, má mhaireann an bhanchéile i ndiaidh an iarratasóra, ar feadh na tréimhse a mhairfeas sí dá éis, agus

(d) más iarratas é chun cuid de liúntas a thabhairt suas i gcomaoin liúntais do chleithiúnaí, deonfaidh an t-údarás áitiúil don chleithiúnaí, má mhaireann an cleithiúnaí i ndiaidh an iarratasóra, liúntas ar feadh na tréimhse a mhairfeas an clethiúnaí i ndiaidh an iarratasóra.

(6) Is é a bheas i liúntas faoin alt seo pé suim is comhionann do réir achtúireachta (do réir pé táiblí a bhí, an tráth a scoir an t-iarratasóir den oifig nó den fhostaíocht a shealbhú, arna gceadú chun críocha an ailt seo ag an Aire) le luach an mhéid a tugadh suas.

(7) I gcás liúntais faoin alt seo ar feadh tréimhse comhshaoil an iarratasóra agus a bhanchéile agus na tréimhse (más ann) a mhairfeas a bhanchéile i ndiaidh an iarratasóra, beidh ráta an liúntais don dara tréimhse a dhá oiread chomh mór lena ráta don chéad tréimhse.

(8) Ní bheidh liúntas faoin alt seo níos mó ná liúntas laghdaithe an iarratasóra.

(9) I gcás ina dtabharfaidh duine cuid de liúntas suas faoin alt seo, ansin—

(a) chun a chinneadh cé acu is féidir nó nach féidir aon tsuim d'íoc leis agus, más féidir cad é a méid, ag féachaint do mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 62 den Acht seo, mar liúntas in aghaidh aon tréimhse a bhfaighidh sé ina leith aon íocaíocht den tsórt dá dtagartar sa mhír sin, áireofar an luach saothair dá dtagartar sa mhír sin mar luach saothair a laghdaíodh an méid a thug sé suas mar adúradh,

(b) chun méid aon aisce a ríomh a deonfar dá ionadaí dlíthiúil pearsanta faoi alt 21 (má bhaineann) den Acht seo, measfar gurb ionann iomlán na suimeanna go léir a fuair sé ar scór na cnapshuime agus an liúntais agus iomlán na suimeanna go léir a gheobhadh sé amhlaidh mura mbeadh an méid a thug sé suas, agus

(c) chun méid aon aisce a ríomh a deonfar dá ionadaí dlíthiúil pearsanta faoi alt 41 (má bhaineann) den Acht seo, measfar gurb ionann iomlán na suimeanna go léir a fuair sé ar scór an liúntais agus iomlán na suimeanna go léir a gheobhadh sé amhlaidh mura mbeadh an méid a thug sé suas.

Aisce nó liúntas i gcás díobhála.

52. —(1) Má déantar díobháil d'oifigeach nó do sheirbhíseach d'údarás áitiúil—

(a) ag comhlíonadh a dhualgais dó, agus

(b) gan faillí uaidh féin, agus

(c) de dheasca díobhála éigin is inchurtha i leith nádúir a dhualgais, agus ina leith sin amháin.

féadfaidh an t-údarás áitiúil pé aisce nó liúntas saoil nó liúntas ar feadh tréimhse tóranta, is réasúnach leis an údarás áitiúil agus a cheadós an tAire go ginearálta nó in aon chás áirithe, a dheonadh, in airgead, dhó féin agus, má gheibheann sé bás laistigh de sheacht mbliana tar éis dáta na díobhála agus gur go díreach de dheasca na díobhála é, dá bhaintreach (nó, i gcás oifigigh nó seirbhísigh bhaineannaigh, dá baintreach fir), dá athair nó dá mháthair, i gcás iad a bheith i lán-chleithiúnas air tráth a bháis, agus dá leanaí nó i leith a leanaí, nó d'aon duine nó i leith aon duine acu sin.

(2) I gcás ina ndeonfar liúntas faoin alt seo do dhuine díobhálaithe agus go mbeidh gach ní nó aon ní acu seo a leanas iníoctha leis freisin:

(a) aon liúntas eile is iníoctha ag an údarás áitiúil,

(b) aon chnapshuim is iníoctha amhlaidh, agus

(c) aon tsuim is iníoctha amhlaidh mar chúiteamh faoi na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955.

ní bheidh an liúntas faoin alt seo, maraon le pé suim is comhionann leis an méid is iníoctha freisin mar adúradh, níos mó ná cúig shéú den luach saothair (agus luach airgid na sochar oifige (is é sin, aon tseomraí, ciondála nó forliúntais eile in earraí), más ann, d'áireamh) a ghabhas leis an bpost inar bhain an díobháil dó.

Aisce—oifigeach páirt-aimsire, buan, neamhinphinsin.

53. —I gcás—

(a) buan-oifigeach, seachas múinteoir, d'údarás áitiúil a bheith ina oifigeach páirt-aimsire agus gan é a bheith ina oifigeach inphinsin, agus

(b) maidir leis an oifigeach sin—

(i) go gcuirfear as a oifig é ar chúis seachas mí-iompar nó neamhoiriúnacht,

(ii) go gcuirfear deireadh lena oifig, nó

(iii) go ndearnadh a phost d'athrú go hábhartha chun dochair dó trí athruithe a rinneadh ar choinníollacha an phoist gan chúis réasúnach agus go n-éireoidh sé as a oifig,

féadfaidh an t-údarás áitiúil aisce a dheonadh dhó is comhionann leis an dóú cuid déag dá luach saothair tráth a scortha den oifig a shealbhú arna iolrú faoin uimhir de bhlianta iomlána (gan aon chorr-chodán de bhliain iomlán d'áireamh) sa tréimhse leanúnach dar críoch tráth na haisce sin a dheonadh agus a raibh feidhm ina chás ag mír (a) den alt seo lena linn.

Liúntais i gcásanna speisialta áirithe.

54. —(1) I gcás—

(a) inar scoir duine, roimh an Acht seo a rith, de bheith ina sheirbhíseach d'údarás áitiúil,

(b) ina raibh glactha roimhe sin ag an údarás áitiúil le Cuid III d'Acht 1948,

(c) nár dheoin an t-údarás áitiúil aoisliúntas don duine sin tráth a scortha amhlaidh,

(d) ina ndeonfadh an t-údarás áitiúil, tráth an scortha sin, liúntas dó faoi Chuid III den Acht seo dá mbeadh an Chuid sin i ngníomh an tráth sin maidir leo, agus

(e) ina n-iarrfaidh an duine tairbhe an ailt seo ar an údarás áitiúil,

beidh cumhacht ag an údarás áitiúil, a bheas infheidhmithe dá rogha féin agus, d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, nach mbeidh aon achomharc indéanta ina coinne, liúntas nach mó ná an liúntas dá dtagartar i mír (d) den fho-alt seo a dheonadh don duine sin.

(2) Beidh éifeacht ag deontas faoi fho-alt (1) den alt seo amhail ón tráth a gheobhas an t-údarás áitiúil an t-iarratas ar thairbhe an ailt seo, ach beidh cumhacht ag an údarás áitiúil, a bheas infheidhmithe dá rogha féin agus nach mbeidh aon achomharc indéanta ina coinne, d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, an deontas a thabhairt le héifeacht amhail ó dháta an Achta seo a rith.