|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV. Páirt-íocaíocht.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Feidhm an Achta seo, agus Achtachán Eile i dTaobh Tréimhsí Tórann, Maidir le hEadrána.) |
REACHT NA dTRÉIMHSÍ, 1957
| [EN] | ||
| [EN] |
Caibidil V. Calaois agus dearmad. | |
| [EN] |
An tréimhse thórann a chur siar i gcás calaoise. |
71. —(1) Más rud é, i gcás caingin dá socaírtear tréimhse thórann leis an Acht seo— |
| [EN] | (a) go mbeidh an caingean bunaithe ar chalaois an chosantóra nó a ghníomhaire nó ar chalaois aon duine trína mbeidh sé ag éileamh nó ar chalaois ghníomhaire an duine sin, nó | |
| [EN] | (b) go gceilfear an ceart caingin trí chalaois aon duine den tsórt sin, | |
| [EN] | ní thosnóidh an tréimhse thórann ar rith go dtí go bhfionna an gearánaí an chalaois nó go dtí go bhféadfadh sé ó dhúthracht réasúnach í d'fhionnadh. | |
| [EN] | (2) Ní chumasóidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo caingean a thionscnamh chun aon mhaoin d'aisghabháil a ceannaíodh ar chomaoin luachmhar ag duine nár pháirtí sa chalaois agus nárbh eol dó, nó nach raibh réasún aige a chreidiúint, nuair a rinneadh an ceannach, go ndearnadh aon chalaois, nó aon mhuirear a chur i bhfeidhm i gcoinne na maoine sin nó aon idirbheart a bhaineas léi a chur ar ceal. | |
| [EN] |
An tréimhsc thórann a chur siar i gcás dearmaid. |
72. —(1) Más rud é, i gcás aon chaingin dá socraítear tréimhse thórann leis an Acht seo, gur caingean é d'iarraidh faoisimh ó iarmairt dearmaid, ní thosnóidh an tréimhse thórann ar rith go dtí go bhfionna an gearánaí an dearmad nó go dtí go bhféadfadh sé é ó dhúthracht réasúnach é d'fhionnadh. |
| [EN] | (2) Ní chumasóidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo caingean a thionscnamh chun aon mhaoin d'aisghabháil a ceannaíodh ar chomaoin luachmhar, tar éis an idirbhirt ina ndearnadh an dearmad, ag duine nárbh eol dó nó nach raibh réasún aige a chreidiúint go ndearnadh an dearmad, nó aon mhuirear a chur i bhfeidhm i gcoinne na maoine sin nó aon idirbheart a bhaineas léi a chur ar ceal. |