An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V. Calaois agus dearmad.) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.)

6 1957

REACHT NA dTRÉIMHSÍ, 1957

CUID IV.

Feidhm an Achta seo, agus Achtachán Eile i dTaobh Tréimhsí Tórann, Maidir le hEadrána.

Léiriú (Cuid IV).

73. —Sa Chuid seo den Acht seo—

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt.

Tosach eadrána.

74. —(1) Chun críocha an Achta seo agus aon achtacháin eile i dtaobh tréimhsí tórann, measfar eadráin do thosnú nuair a dhéanas páirtí amháin sa chomhaontú eadrána fógra a scríbhinn a sheirbheáil ar an bpáirtí nó ar na páirtithe eile á cheangal air nó orthu eadránaí a cheapadh nó comhthoiliú lena cheapadh nó, i gcás dá bhforálann an comhaontú eadrána gur chun eadrána ag duine a hainmnítear nó a sonraítear sa chomhaontú a cuirfear an díospóid, á cheangal air nó orthu an díospóid a chur chun eadrána ag duine a hainmnítear nó a sonraítear amhlaidh.

(2) (a) Féadfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo a sheirbheáil—

(i) trína sheachadadh don duine ar a bhfuil sé le seirbheáil,

(ii) trína fhágáil san áit sa Stát ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine sin nó gnó á sheoladh aige,

(iii) trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach faoi sheoladh an duine sin chun na háite sa Stát ina bhfuil gnáthchónaí air nó gnó á sheoladh aige,

(iv) ar aon tslí eile dá bhforáltar sa chomhaontú eadrána.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gnó a bheith á sheoladh ag cuideachta atá cláraithe faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, ina hoifig chláraithe sa Stát agus measfar gnó a bheith á sheoladh ag gach comhlacht corpraithe eile agus ag gach comhlacht neamhchorpraithe ina phríomhoifig nó ina phríomháit ghnótha sa Stát.

Feidhm an Achta seo, agus achtachán eile i dtaobh tréimhsí tórann, maidir le headrána.

75. —Bainfidh an tAcht seo, agus aon achtacháin eile i dtaobh tréimhse tórann, le headrána mar bhainid le caingin sa Chúirt.

Faibhriú cúise caingin i gcás nach mór dámhachtain faoi chomhaontú sara dtionscnófar an caingean.

76. —D'ainneoin aon téarma i gcomhaontú eadrána darb éifeacht nach bhfaibhreoidh aon chúis chaingin maidir le haon ní is gá do réir an chomhaontuithe a chur chun eadrána go dtí go ndéanfar dámhachtain faoin gcomhaontú, measfar, chun críocha an Achta seo agus aon achtacháin eile i dtaobh tréimhsí tórann (pé acu ina bhfeidhm maidir le headrána nó le himeachta eile é), cúis chaingin d'fhaibhriú maidir le haon ní den tsórt sin an tráth d'fhaibhreodh sí mura mbeadh an téarma sin sa chomhaontú.

Cumhacht na Cúirte chun tréimhse d'fhadú má chuireann sí dámhachtain ar ceal nó má ordaíonn sí go scoirfidh eadráin d'éifeacht a bheith aici.

77. —Má ordaíonn an Chúirt dámhachtain a chur ar ceal nó má ordaíonn sí, tar éis eadráin a thosnú, go scoirfidh an eadráin d'éifeacht a bheith aici maidir leis an díospóid a cuireadh chun cadrána, féadfaidh an Chúirt a ordú ina theannta sin go bhfágfar an tréimhse idir tosnú na headrána agus dáta an orduithe ón gCúirt gan áireamh nuair a beifear ag ríomh na tréimhse a socraítear leis an Acht seo, nó le haon achtachán eile i dtaobh tréimhsí tórann chun na himeachta (ar a n-áirítear eadráin) maidir leis an díospóid a cuireadh chun eadrána a thionscnamh.

Feidhm Choda IV maidir le headrána faoi Achta eile.

78. —Bainfidh an Chuid seo den Acht seo le headráin faoi Acht i dteannta eadrána de bhun comhaontuithe eadrána, agus beidh éifeacht ag alt 74 den Acht seo, maidir le headráin faoi Acht, amhail is dá gcuirtí, in ionad na dtagairtí don chomhaontú eadrána, tagairtí do pé cinn d'fhorála an Achta, nó aon orduithe, scéime, rialacha, rialachán nó fo-dhlithe faoin Acht, a bhaineas leis an eadráin.

Cosaint d'achtacháin eile a bhaineas le tréimhsí tórann i gcásanna eadrána.

79. —Ní bhainfidh an tAcht seo—

(a) le haon eadráin dá bhfuil tréimhse thórann socair le haon achtachán eile, ná

(b) le haon eadráin ina bhfuil údarás Stáit ina pháirtí agus a mbeadh, dá mba dhuine príobháideach an t-údarás Stáit sin, tréimhse thórann socair dó le haon achtachán eile.

Eadrána ar feitheamh ar an dáta feidhme.

80. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir d'eadráin a tosnaíodh roimh an dáta feidhme ná don teideal chun aon mhaoine is ábhar d'aon eadráin den tsórt sin.