|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Sábháltacht.) | Ar Aghaidh (CUID V. Riarachán.) |
AN tACHT UM ÁITRIBH OIFIGE, 1958
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID IV. Leas. | |
| [EN] |
Soláthar d'uisce óil. |
19. —Cuirfear ar fáil, mar a mbeidh sé so-rochtana, leorsholáthar d'uisce óil folláin le haghaidh daoine a fostaítear. |
| [EN] |
Saoráidí níocháin. |
20. —(1) Cuirfear ar fáil agus cothabhálfar chun úsáide daoine a fostaítear leor-shaoráidí oiriúnacha le haghaidh níocháin agus beidh na saoráidí so-rochtana agus coimeádfar glan ordúil iad. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, caighdeán do leor-shaoráidí oiriúnacha níocháin d'fhorordú, go ginearálta nó maidir le haon chineál nó sórt oifige nó maidir le haon chineál áirithe oibre. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, a fhoráil, le rialacháin, go ndéanfar oifigí a dhíolmhadh ón aon cheann de cheanglais an ailt seo i gcásanna inar dóigh leis go mbeadh sé míréasúnach feidhm a thabhairt don cheanglas toisc a dheacracht a bheadh sé leor-sholáthar uisce d'fháil, nó toisc cóiríocht a bheith gann agus leor-shaoráidí oiriúnacha níocháin a bheith ar fáil go háisiúil ar chuma eile, nó de bhíthin pé imthosca speisialta eile a sonrófar sna rialacháin. | |
| [EN] |
Saoráidí chun suí síos. |
21. —(1) Má bhíonn ag aon daoine fostaithe caoi réasúnach, i gcúrsa a bhfostaíochta, chun suí síos gan dochar dá gcuid oibre, nó más féidir le daoine fostaithe cion maith d'aon obair a bhíos ar siúl acu a dhéanamh go cuí ina suí dhóibh, cuirfear ar fáil agus cothabhálfar dóibh saoráidí oiriúnacha chun suite. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, caighdeán do shaoráidí oiriúnacha chun suite d'fhorordú d'oifigí nó d'aon chineál nó sórt oifige, nó do choda díobh, nó d'aon chineál áirithe oibre. | |
| [EN] |
Céad-chabhair. |
22. —I ngach oifig cuirfear ar fáil agus cothabhálfar, i dtreo go mbeidh teacht go réidh ar an gcéanna, bosca nó cupard céadchabhrach amháin nó níos mó a bheas feistithe mar is cóir. |
| [EN] |
Rialacháin leasa. |
23. —(1) Más dóigh leis an Aire gur gá socrú a dhéanamh maidir le haon cheann de na nithe lena mbaineann an t-alt seo ar mhaithe le leas na ndaoine a fostaítear nó aon aicme dhíobh, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, rialacháin (dá ngairmtear rialacháin leasa san Acht seo) a dhéanamh á cheangal pé bearta réasúnacha, a sonrófar sna rialacháin, a dhéanamh i ndáil leis sin, i dteannta nó in ionad, nó trí leathnú nó athrú, aon fhorála acu sin roimhe seo den Chuid seo. |
| [EN] | (2) Baineann an t-alt seo leis na nithe seo a leanas — | |
| [EN] | (a) na nithe a bhforáltar ina leith sna forála roimhe seo den Chuid seo, | |
| [EN] | (b) cóiríocht d'éadaí, | |
| [EN] | (c) saoráidí chun béilí d'ullmhú agus a chaitheamh, | |
| [EN] | (d) soláthar éadaigh chosanta, | |
| [EN] | (e) socruithe le haghaidh othar-chúraim agus céad-chabhrach, | |
| [EN] | (f) seomraí scíthe, | |
| [EN] | (g) socruithe chun daoine a fostaítear a mhaoirsiú. | |
| [EN] | (3) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon oifig nach bhfuil d'fhostaithe inti ach daoine den aon-teaghlach a chónaíos inti. | |
| [EN] | (4) I gcás rialachán leasa— | |
| [EN] | (a) féadfar iad a dhéanamh d'oifig áirithe nó d'aon chineál nó sórt oifige, | |
| [EN] | (b) féadfar iad a dhéanamh ar an gcoinníoll nach foláir, maidir le ceanglais áirithe, líon nó cion sonraithe de na daoine fostaithe a bheas i gceist dá n-iarraidh, agus féadfaid an modh ar a bhfaighfear tuairimi na ndaoine fostaithe d'fhorordú, | |
| [EN] | (c) féadfaid foráil a dhéanamh i dtaobh na ndaoine fostaithe a bheas i gceist a bheith páirteach i mbainistí na socraíochtaí, na cóiríochta nó na saoráidí eile dá ndéantar socrú, in aon chás ina ndéanann na daoine fostaithe ranníoc i leith an chostais; ach ní ceanglófar ar na daoine a fostaítear in aon oifig aon ranníoc a dhéanamh, ach amháin chun sochair bhreise nó speisialta a chur ar fáil ar dóigh leis an Aire nach bhféadfaí go réasúnach a cheangal ar an bhfostóir féin amháin iad a chur ar fáil, agus mura dtoilí dhá dtrian ar a laghad de na fostaithe lena mbaineann san oifig sin, ar a dtuairimí d'fháil ar an modh forordaithe. | |
| [EN] | (5) Féadfaidh rialacháin leasa dualgais a chur ar únaerí agus, chomh fada is bhainfeas le húsáid aon tsaoráidí a cuirfear ar fáil, ar dhaoine fostaithe. | |
| [EN] | (6) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, na hábhair lena mbaineann an t-alt seo a leathnú chun go mbeidh ar áireamh orthu ábhair eile a bhaineas le leas daoine fostaithe nó aon aicme dhíobh. |