|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Rialacháin maidir le Líonta.) | Ar Aghaidh (CUID VIII. Sriantachtaí ar Bhradáin agus Bric a Dhíol agus d'Onnmhuiriú le Díol.) |
AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1958
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID VII. Coraí Iascaireachta, Dambaí Muilinn Iascaireachta agus Innill Sheasta. | |
| [EN] |
Alt 33 d'Acht 1939 a leasú. |
20. —(1) Féadfaidh an tAire más oiriúnach leis, le hordú, a údarú do dhuine ainmnithe cineál sonraithe innill iascaireachta (ar cora iascaireachta nó damba muilinn iascaireachta nó inneall seasta é) chun breith ar eascanna a thógáil, do réir pleananna a bheas ceadaithe ag an Aire, in áit shonraithe i gcuid an fhíoruisce d'abhainn nó de loch sonraithe. |
| [EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag aon ní in alt 33 d'Acht 1939 maidir le duine a n-údarófar dó le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo cineál sonraithe innill iascaireachta (ar cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasta é) a thógail chun breith ar eascanna do thógáil an chineáil sin innill iascaireachta faoin ordú sin agus dá réir. | |
| [EN] |
Alt 34 d'Acht 1939 a leasú. |
21. —(1) (a) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, údarás (dá ngairmtear údarás iascaigh eascanna) a dheonadh d'áititheoir innill iascaireachta (ar cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasta é) chun breith ar eascanna á údarú dó an t-inneall iascaireachta sin d'úsáid chun breith ar eascanna. |
| [EN] | (b) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha (lena n-áirítear coinníoll ag teorannú na tréimhse a bheas an t-údarás i bhfeidhm) is oiriúnach leis a chur ag gabháil le húdarás iascaigh eascanna. | |
| [EN] | (c) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, údarás iascaigh eascanna a leasú laistigh de dheich mbliana ón dáta a deonadh an t-údarás. | |
| [EN] | (d) Féadfaidh an tAire údarás iascaigh eascanna a chúlghairm— | |
| [EN] | (i) má ciontaítear a shealbhóir i gcion faoi na hAchta nó faoin Acht seo nó faoi aon ionstraim faoin gcéanna, nó | |
| [EN] | (ii) más deimhin leis go ndearnadh sárú ar aon choinníoll a ghabhas leis an údarás. | |
| [EN] | (2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le húdarás iascaigh eascanna a leasú nó a chúlghairm faoin alt seo— | |
| [EN] | (a) ní dhéanfaidh an tAire an t-údarás a leasú ná a chúlghairm mura mbeidh sé agus go dtí go mbeidh sé tar éis fógra coicise ar a laghad i scríbhinn, á rá go bhfuil leasú nó cúlghairm an údaráis, do réir mar bheas, á bhreithniú ag an Aire, a thabhairt, leis an bpost, do shealbhóir an údaráis sín, | |
| [EN] | (b) luafar sa bhfógra freisin— | |
| [EN] | (i) má deir sé gurb é leasú an údaráis atá á bhreithniú ag an Aire—an leasú sonrach atá á bhreithniú agus na forais ar a bhfuil sé á bhreithniú amhlaidh, nó | |
| [EN] | (ii) má deir sé gurb é cúlghairm an údaráis atá á bhreithniú ag an Aire—na forais ar a bhfuil an chúlghairm sin á breithniú amhlaidh, | |
| [EN] | (c) breithneoidh an tAire aon uiríolla maidir leis an leasú nó an chúlghairm sin, do réir mar bheas, a dhéanfas sealbhóir an údaráis leis sara mbeidh an fógra caite. | |
| [EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag aon ní in alt 34 d'Acht 1939 maidir le húsáid innill iascaireachta (ar cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasta é) a mbeidh údarás iascaigh eascanna i bhfeidhm de thuras na huaire ina leith, an fhad a húsáidfear do réir an údaráis sin é. | |
| [EN] |
Coraí iascaireachta eascanna d'oibriú gan saor-bhearna. |
22. —(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a údarú le hordú cora iascaireachta eascanna sonraithe d'oibriú gan saorbhearna, faoi réir pé coinníollacha (más ann) is cuí leis an Aire agus a shonrós sé san ordú. |
| [EN] | (2) (a) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, cúlghairm a dhéanamh ar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á údarú cora iascaireachta eascanna d'oibriú, faoi réir coinníollacha, gan saor-bhearna, más rud é— | |
| [EN] | (i) go gciontófar áititheoir na cora sin i gcion faoi na hAchta nó faoin Acht seo nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoin gcéanna, nó | |
| [EN] | (ii) go mainneoidh áititheoir na cora sin déanamh do réir na gcoinníollacha sin. | |
| [EN] | (b) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le cúlghairm faoi mhír (a) den fho-alt seo ar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á údarú cora iascaireachta eascanna d'oibriú gan saor-bhearna— | |
| [EN] | (i) ní chúlghairmfidh an tAire an t-ordú mura mbeidh agus go dtí go mbeidh fógra coicíse ar a laghad curtha aige leis an bpost chun áititheora na cora sin á rá go bhfuil cúlghairm an orduithe á breithniú ag an Aire agus ag insint na bhforas ar a bhfuil an chúlghairm á breithniú amhlaidh, | |
| [EN] | (ii) breithneoidh an tAire aon uiríolla maidir leis an gcúlghairm sin a dhéanfas an t-áititheoir leis sara mbeidh an fógra sin caite. | |
| [EN] | (3) I gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á údarú cora iascaireachta eascanna d'oibriú gan saor-bhearna, ansin, a fhad a leanfas an t-ordú i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag aon cheann d'fhorála na nAcht, a bhaineas le saor-bhearnaí i gcoraí iascaireachta, i gcás na cora sin sa mhéid gur chun eascanna a ghabháil agus chuige sin amháin a húsáidtear í. |