An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII. Sriantachtaí ar Bhradáin agus Bric a Dhíol agus d'Onnmhuiriú le Díol.) Ar Aghaidh (CUID X. Cumhachtai Coimeádaithe uisce, Oifigeach agus Seirbhíseach Bhord Coimeádaithe, Garda Shíochána agus Daoine eile chun na hAchta agus an tAcht seo a chur i bhFeidhm.)

15 1958

AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1958

CUID IX.

Ceadúnais le hAghaidh Iascaireachta Oisrí.

Sriantachtaí ar oisrí a thógaint.

24. —(1) Má thógann duine ar bith i gceantar iascaigh aon oisrí as iascach oisrí ar shlí seachas le hinneall iascaireachta oisrí a bhfuil ceadúnas iascaireachta oisrí i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire á údarú an t-inneall iascaireachta oisrí sin d'úsáid sa cheantar iascaigh sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná dhá oiread agus nach mó ná trí oiread na dleachta ceadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith ceadúnais iascaireachta oisrí.

(2) Má ciontaítear duine i gcion faoin alt seo agus gur húsáideadh inneall iascaireachta oisrí ag déanamh an chiona sin, beidh an t-inneall iascaireachta oisrí sin ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Forála maidir le ceadúnais iascaireachta oisrí.

25. —(1) Déanfaidh boird choimeádaithe, do réir an ailt seo, ceadúnais (dá ngairmtear ceadúnais iascaireachta oisrí san Acht seo) d'eisiúint i leith inneall iascaireachta oisrí.

(2) Bliain an tréimhse a h-eiseofar ceadúnais iascaireachta oisrí ina leith.

(3) Beidh ceadúnas iascaireachta oisrí bailí agus i bhfeidhm i leith na bliana a sonrófar chuige sin sa cheadúnas.

(4) Eiseofar ceadúnas iascaireachta oisrí ar leithligh i leith gach innill iascaireachta oisrí ar leithligh.

(5) I gcás gach ceadúnais iascaireachta oisrí a eiseos an bord coimeádaithe do cheantar iascaigh—

(a) is i pé foirm a ordóidh an tAire a bheas sé,

(b) luafar ann—

(i) an bhliain ar ina leith a bheas sé bailí agus i bhfeidhm,

(ii) uimhir nó ainm an cheantair iascaigh sin,

(iii) an toghroinn cheantair (ar toghroinn cheantair den cheantar iascaigh sin é) inar heisíodh é,

(iv) an t-inneall iascaireachta oisrí lena mbaineann sé,

(v) ainm an duine chun ar heisíodh é,

(c) beidh sé séalaithe le séala an bhoird choimeádaithe sin.

(6) Beidh ceadúnas iascaireachta oisrí ar fáil lena úsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin.

(7) Oibreoidh gach ceadúnas iascaireachta oisrí chun údarás a thabhairt an t-inneall iascaireachta oisrí a sonrófar ann d'úsáid i gcaitheamh na bliana a sonrófar ann agus sa cheantar iascaigh a sonrófar ann, ach sin faoi réir forál na nAcht agus aon ionstraime arna déanamh fúthu.

Dleacht cheadúnais ar cheadúnais iascaireachta oisrí.

26. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, dhá phunt an dleacht cheanúnais a bheas ar gach ceadúnas iascaireachta oisrí.

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, an dleacht cheadúnais i leith ceadúnais iascaireachta oisrí d'athrú, ach sin i slí nach n-athrófar an dleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin chun go mbeidh sí níos mó ná ceithre phunt.

(3) Má hathraítear an dleacht cheadúnais i leith ceadúnais iascaireachta oisrí faoi fho-alt (2) den alt seo, beidh an dleacht arna hathrú amhlaidh iníoctha i leith aon cheadúnais iascaireachta oisrí den tsórt sin a bheas bailí i leith tréimhse a thosnós an 1ú lá nó tar éis an 1ú lá den chéad Eanáir eile tar éis déanamh an ordaithe a rinne an t-athrú.

Ceart chun ceadúnais iascaireachta oisrí.

27. —I gcás ina n-iarrfaidh duine ceadúnas iascaireachta oisrí ar bhord coimeádaithe agus go dtairgfidh sé an dleacht cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith an cheadúnais sin eiseoidh an bord sin an ceadúnas sin chun an duine sin.