|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IX. Ceadúnais le hAghaidh Iascaireachta Oisrí.) | Ar Aghaidh (CUID XI. Fíneála agus Forghéilleadh.) |
AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1958
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID X. Cumhachtai Coimeádaithe uisce, Oifigeach agus Seirbhíseach Bhord Coimeádaithe, Garda Shíochána agus Daoine eile chun na hAchta agus an tAcht seo a chur i bhFeidhm. | |
| [EN] |
A bheith ar dhaoine a úsáideas innill iascaireachta oisrí an ceadúnas ina leith a thabhairt ar aird nuair a hiarrfar sin. |
28. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “duine údaraithe” duine ar bith is— |
| [EN] | (a) comhalta den Gharda Síochána, nó | |
| [EN] | (b) uisce-choimeádaí príobháideach, nó | |
| [EN] | (c) cigire do bhord coimeádaithe, nó | |
| [EN] | (d) uisce-choimeádaí arna cheapadh ag bord coimeádaithe, nó | |
| [EN] | (e) oifigeach arna cheapadh ag an Aire, nó | |
| [EN] | (f) comhalta de bhord coimeádaithe. | |
| [EN] | (2) Duine ar bith a úsáidfeas nó a mbeidh ina sheilbh aige inneall iascaireachta oisrí in iascach oisrí nó in aice le hiascach oisrí nó ag dul ag iascaireacht nó ag filleadh ó iascaireacht déanfaidh sé, má hiarrtar sin air, an ceadúnas iascaireachta oisrí i leith an innill sin a thabhairt ar aird do dhuine údaraithe ar bith agus, mura ndéana, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná méid na dleachta ceadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith an cheadúnais sin agus nach mó ná dhá oiread na dleachta ceadúnais sin. | |
| [EN] | (3) Duine ar bith a n-iarrfar go dleathach air faoin alt seo ceadúnas iascaireachta oisrí a thabhairt ar aird agus nach dtabharfaidh an ceadúnas sin ar aird mar nach bhfuil aon cheadúnas den tsórt sin ann measfar gur mhainnigh sé an ceadúnas sin a thabhairt ar aird do réir bhrí an ailt seo. |