An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID X. Cumhachtai Coimeádaithe uisce, Oifigeach agus Seirbhíseach Bhord Coimeádaithe, Garda Shíochána agus Daoine eile chun na hAchta agus an tAcht seo a chur i bhFeidhm.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.)

15 1958

AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1958

CUID XI.

Fíneála agus Forghéilleadh.

Alt 10 den Acht Iascaigh (Leasú), 1949 , a leathnú chun baint a bheith aige le fíneála i leith cionta áirithe faoi na hachtacháin iascaigh oisrí.

29. —Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 10 (a bhaineas le híocaíochtaí ag an Aire maidir le fíneála i leith cionta faoi na hachtacháin iascaigh bhradán) den Acht Iascaigh (Leasú), 1949 (Uimh. 18 de 1949) , amhail is dá bhfolódh an tagairt atá ann do chion faoi na hachtacháin iascaigh bhradán tagairt do chion faoi aon achtachán acu seo a leanas—

1. Alt 36 (sa mhéid go mbaineann sé le hoisrí agus álmhach oisrí) den Fisheries (Ireland) Act, 1842.

2. Alt 19 den Fisheries (Ireland) Act, 1845.

3. Alt 2 den Oyster Beds (Ireland) Act, 1866.

4. Alt 13 den Oyster Fishery (Ireland) Amendment Act, 1866.

5. Alt 13 den Oyster Cultivation (Ireland) Act, 1884.

6. Ailt 24 agus 28 den Acht seo.

Alt 15 den Acht Iascaigh (Leasú), 1949 , a leathnú chun baint a bheith aige le fáltais ó fhorghéilleadh faoi achtacháin iascaigh oisrí áirithe.

30. —Beidh éifeacht ag alt 15 (a bhaineas le híocaíochtaí ag an Aire i leith fáltas ó fhorghéilleadh faoi na hachtacháin iascaigh bhradán) den Acht Iascaigh (Leasú), 1949 (Uimh. 18 de 1949) , amhail is dá bhfolódh an tagairt atá ann do ní a forghéilleadh faoi na hachtacháin iascaigh bhradán tagairt do ní a forghéilleadh faoi aon achtacháin acu seo a leanas—

1. Alt 36 (sa mhéid go mbaineann sé le hoisrí agus álmhach oisrí) den Fisheries (Ireland) Act, 1842.

2. Alt 19 den Fisheries (Ireland) Act, 1845.

3. Alt 24 den Acht seo.