|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Boird Choimeádaithe.) |
AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1958
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID II. Cumhachtaí Ilghnéitheacha leis an Aire. | |
| [EN] |
Cumhacht an Aire chun ceadúnais ghoir éisc a dheonadh. |
5. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinicí is oiriúnach leis, údarás a thabhairt le ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas goir éisc san alt seo), faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leis agus a shonrós sé sa cheadúnas, do dhuine ainmnithe pé oibríochtaí a dhéanamh in áit shonraithe, maidir le gor éisc de chineál sonraithe, a sonrófar sa cheadúnas. |
| [EN] | (2) D'ainneoin aon ní sna hAchta nó san Acht seo nó in aon ionstraim faoin gcéanna, féadfaidh duine dá ndeonfar ceadúnas goir éisc agus aon duine a bheas ag gníomhú faoi threoracha an duine chéadluaite sin aon ní dá mbeidh údaraithe leis an gceadúnas a dhéanamh, faoi réir na gcoinníollacha a sonrófar sa cheadúnas. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, ceadúnas goir éisc a leasú laistigh de dheich mbliana ón dáta a deonadh an ceadúnas. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh an tAire ceadúnas goir éisc a chúlghairm— | |
| [EN] | (a) má ciontaítear an ceadúnaí i gcion faoi na hAchta nó faoin Acht seo nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoin gcéanna, nó | |
| [EN] | (b) más deimhin leis go ndearnadh sárú ar aon choinníoll dá mbeidh sonraithe sa cheadúnas. | |
| [EN] | (5) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le ceadúnas goir éisc a leasú nó a chúlghairm faoin alt seo— | |
| [EN] | (a) ní dhéanfaidh an tAire an ceadúnas a leasú ná a chúlghairm mura mbeidh agus go dtí go mbeidh fógra coicíse ar a laghad i scríbhinn tugtha aige, leis an bpost, don cheadúnaí á rá go bhfuil leasú nó cúlghairm an cheadúnais, do réir mar bheas, á bhreithniú ag an Aire, | |
| [EN] | (b) luafar sa bhfógra freisin— | |
| [EN] | (i) má deirtear ann go bhfuil leasú an cheadúnais á bhreithniú ag an Aire—an leasú sonrach atá á bhreithniú agus na forais ar a bhfuil sé á bhreithniú amhlaidh, nó | |
| [EN] | (ii) má deirtear ann go bhfuil cúlghairm an cheadúnais á bhreithniú ag an Aire—na forais ar a bhfuil an chúlghairm sin á breithniú amhlaidh, | |
| [EN] | (c) breithneoidh an tAire aon uiríolla maidir leis an leasú nó an chúlghairm sin, do réir mar bheas, a dhéanfaidh an ceadúnaí sin chuige roimh éag don fhógra. |