|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Cumhachtaí Ilghnéitheacha leis an Aire.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Rátaí ar Iascaigh.) |
AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1958
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID III. Boird Choimeádaithe. | |
| [EN] |
Dleachta ceadúnais áirithe a eisceadh nuair a bheas an scála vótaí á ríomh i dtoghcháin choimeádaithe. |
6. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “ceadúnas eiscithe” aon cheadúnas— |
| [EN] | (a) ar ceadúnas iascaireachta é a heisíodh i mbliain thoghcháin, ach sin tar éis an 31ú lá d'Iúil an bhliain sin, nó | |
| [EN] | (b) ceadúnas slaite bradán a bheas bailí go ceann tréimhse nach giorra ná bliain, nó | |
| [EN] | (c) gnáth-cheadúnas slaite bradán a bheas bailí i leith bliana áirithe agus a heisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán (Límistéar an Fheabhail) a bheas bailí i leith na bliana sin, nó | |
| [EN] | (d) ceadúnas slaite bradán ar iníoctha ráta laghdaithe dleachta ceadúnais ina leith faoi fho-alt (5) d'alt 4 d'Acht 1934, nó | |
| [EN] | (e) ceadúnas slaite breac. | |
| [EN] | (2) Nuair a beifear, chun críocha an scála atá i bhfo-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1925, ag ríomh na dleachta ceadúnais d'íoc duine ar bith, ní cuirfear san áireamh an dleacht cheadúnais a híocadh i leith ceadúnais eiscithe. | |
| [EN] |
Ceart a bheith ag sealbhóirí ceadúnas iascaireachta oisrí chun vótáil i dtoghchán coimeádaithe agus an scála vótaí. |
7. —(1) Gach duine is sealbhóir ar cheadúnas nó ar cheadúnais iascaireachta oisrí is ceadúnas nó ceadúnais atá bailí i leith bliana toghcháin áirithe agus a heisíodh i dtoghroinn áirithe, beidh teideal aige vóta a chaitheamh go pearsanta sa toghchán coimeádaithe a bheas ar siúl an bhliain sin don toghroinn sin agus beidh vóta nó vótaí aige ann do réir an scála atá leagtha amach i bhfo-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1925. |
| [EN] | (2) Duine a mbeidh teideal aige de bhua fo-ailt (1) den alt seo vóta a chaitheamh in aon toghchán coimeádaithe do thoghroinn a bheas ar siúl i mbliain thoghcháin áirithe— | |
| [EN] | (a) measfar, chun cathaoirleach a roghnú le bheith i gceannas ar an gcruinniú don toghchán sin, gur duine é ag á bhfuil dleacht cheadúnais in aghaidh na bliana sin íoctha aige sa toghroinn sin, agus | |
| [EN] | (b) beidh sé i dteideal a roghnaithe mar chathaoirleach ar an gcruinniú sin. | |
| [EN] |
An Ciste Caomhanta Bradán. |
8. —(1) San alt seo— |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1954”an t Acht um Chiste Caomhanta Bradán, 1954 (Uimh. 4 de 1954) (a hathghairmtear leis an Acht seo); | |
| [EN] | ciallaíonn “an Ciste”an Ciste Caomhanta Bradán a bunaíodh le halt 5 d'Acht 1954; | |
| [EN] | ciallaíonn an briathar “forordú”forordú le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire; | |
| [EN] | ní fholaíonn “bradáin”bradáin leasaithe atá i stáin, i mbuidéil, i searróga nó i gcoimeádáin dá samhail sin agus gan iontu ach coda d'iasc nó táirgí éisc. | |
| [EN] | (2) Leanfaidh an tAire den Chiste a chothabháil. | |
| [EN] | (3) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú a fhoráil nach n-onnmhuireoidh duine ar bith bradáin mura dtugtar ar aird le linn an onnmhuirithe fianaise, i pé foirm a forordófar, gur híocadh tobhach do réir an ráta fhorordaithe ar na bradáin sin. | |
| [EN] | (b) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo a chúlghairm. | |
| [EN] | (4) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, an ráta tobhaigh a híocfar ar bhradáin atá le honnmhuiriú, agus modh a íoctha, d'fhorordú le rialacháin. | |
| [EN] | (b) Féadfar rátaí éagsúla tobhaigh d'fhorordú do thréimhsí éagsúla. | |
| [EN] | (c) Faoi réir míre (d) den fho-alt seo ní bheidh an ráta tobhaigh níos mó ná dhá phingin an punt meáchain. | |
| [EN] | (d) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, a fhoráil go bhféadfar a fhorordú gur ráta sonraithe is mó ná dhá phingin an punt meáchain ráta an tobhaigh, ach ní bheidh éifeacht ag aon ordú den tsórt sin mura ndaingnítear agus go dtí go ndaingneofar é le rún ó gach Teach den Oireachtas. | |
| [EN] | (5) Déanfaidh gach bord coimeádaithe agus gach duine eile a bhaileos tobhaigh faoin alt seo na suimeanna uile a baileofar amhlaidh d'íoc leis an Aire a luaithe is féidir. | |
| [EN] | (6) (a) Aon uair a tharlóidh de bhua ordaithe faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 15 den Acht seo, gur mó ná dhá phunt an tobhach gnáth-cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire maidir le gnáth-cheadúnas (bliantúil) slaite bradán a bheas bailí i leith bliana áirithe, déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den tsórt sin d'eisigh sé agus a bheidh bailí i leith na bliana sin, méid na breise sin d'íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana sin. | |
| [EN] | (b) Aon uair a tharlóidh de bhua ordaithe faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 15 den Acht seo, gur mó ná punt an tobhach gnáth-cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire maidir le gnáth-cheadúnas (seacht lá) slaite bradán a bheas bailí i leith tréimhse áirithe seacht lá, déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den tsórt sin d'eisigh sé agus a bheidh bailí i leith na tréimhse sin, méid na breise sin d'íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana ina mbeidh an tréimhse sin. | |
| [EN] | (c) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordaithe faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 15 den Acht seo, gur mó ná punt agus deich scillinge an tobhach gnáth-cheadúnais is iníoctha maidir le gnáth-cheadúnas (lá agus fiche) slaite bradán a bheas bailí i leith tréimhse áirithe lae agus fiche, déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den tsórt sin d'eisigh sé agus a bheidh bailí i leith na tréimhse sin, méid na breise sin d'íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana ina mbeidh an tréimhse sin. | |
| [EN] | (d) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordaithe faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 15 den Acht seo, gur mó ná punt agus deich scillinge an tobhach gnáth-cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire maidir le gnáthcheadúnas (séasúr déanach) slaite bradán a bheas bailí i leith tréimhse áirithe sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil, déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den tsórt sin d'eisigh sé agus a bheidh bailí i leith na tréimhse sin, méid na breise sin d'íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana ina mbeidh an tréimhse sin. | |
| [EN] | (e) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordaithe faoi mhír (c) d'fho-alt (2) d'alt 15 den Acht seo, gur mó ná deich scillinge an tobhach gnáth-cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire maidir le gnáth-cheadúnas (bliantúil) slaite bradán (is ceadúnas a bheas bailí i leith bliana áirithe agus a heisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán (Límistéar an Fheabhail) agus a bheas bailí i leith na bliana sin), déanfaidh gach bord coimeádaithe, i leith gach ceadúnais den tsórt sin d'eisigh sé agus a bheas bailí i leith na bliana sin, méid na breise sin d'íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana sin. | |
| [EN] | (7) Déanfar aon airgead a gheobhas an tAire faoi fho-alt (5) nó (6) den alt seo d'íoc isteach sa Chiste. | |
| [EN] | (8) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suimeanna is gá chun go bhféadfar íocaíochtaí a dhéanamh faoi mhír (a) d'fho-alt (9) den alt seo d'íoc isteach sa Chiste as airgead a sholáthrós an tOireachtas. | |
| [EN] | (b) Féadfar íocaíochtaí isteach sa Chiste faoin bhfo-alt seo a dhéanamh ar mhodh deontais nó airleacan is inaisíoctha do réir pé téarmaí a bheas ceadaithe ag an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (9) (a) Féadfaidh an tAire na suimeanna seo a leanas d'íoc as an gCiste— | |
| [EN] | (i) pé suimeanna a mheasfas sé is cuí mar chabhair d'ioncam aon bhoird choimeádaithe ar dóigh leis nach leor a ioncam in aon bhliain áirithe faoi chomhair caiteachas an bhoird choimeádaithe sin chun a dhualgais a chomhlíonadh, | |
| [EN] | (ii) pé suimeanna i leith na gcaiteachas faoina rachfar maidir le haon scéim is cuí leis an Aire chun iascaireacht intíre d'fheabhsú. | |
| [EN] | (b) Déanfaidh an tAire costais riartha an Chiste d'íoc as an gCiste. | |
| [EN] | (c) Íocfaidh an tAire as an gCiste na híocaíochtaí uile a bheas dlite i leith airleacan chun an Chiste faoi fho-alt (8) den alt seo. | |
| [EN] | (10) Ullmhófar cuntas ar an gCiste in aghaidh gach bliana airgeadais i bhfoirm a cheadós an tAire Airgeadais agus iniúchfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an cuntas agus leagfar an cuntas, maraon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste air, faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
| [EN] | (11) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal go mbeidh daoine ag ar iníoctha tobhach faoin alt seo nó aon aicme daoine den tsórt sin, cláraithe sa tslí fhorordaithe, go gcoimeádfaid pé taifid agus go dtabharfaid pé saoráidí lena n-iniúchadh agus go dtabharfaid pé tuairiscáin a forordófar. | |
| [EN] | (b) Aon duine a shárós, trí ghníomh nó neamhghníomh, aon rialachán a déanfar faoin bhfo-alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air. | |
| [EN] | (12) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ábhar nó ní a luaitear san alt seo mar ábhar nó ní atá forordaithe. | |
| [EN] | (13) Na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo agus nach bhfuil soláthar dóibh in aon áit eile déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas. | |
| [EN] | (14) Aon ordú nó rialachán a rinneadh faoi Acht 1954 agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta seo a rith, leanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar gur faoin alt seo a rinneadh é. | |
| [EN] | (15) Athghairmtear leis seo Acht 1954. | |
| [EN] |
Séala boird choimeádaithe. |
9. —Soláthróidh an bord coimeádaithe do cheantar iascaigh séala dó féin. |