|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Rátaí ar Iascaigh.) | Ar Aghaidh (Caibidil II. Ceadúnais le haghaidh Iascaireachta in Uiscí Taoide Speisialta.) |
AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1958
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID V. Ceadúnais chun Bradáin, Bric agus Eascanna d'Iascach. | |
| [EN] |
Caibidil I. Gnáth-Cheadúnais Iascaireachta. | |
| [EN] |
Gan feidhm a bheith ag an gCaibidil seo i gcás uiscí taoide speisialta. |
11. —Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo i gcás inneall iascaireachta d'úsáid in aon uiscí taoide speisialta le bradáin nó bric a ghabháil. |
| [EN] |
Pionós mar gheall ar inneall sceidealta neamhcheadúnaithe, seachas slat agus ruaim, d'úsáid. |
12. —(1) Má dhéanann duine ar bith aon inneall sceidealta d'úsáid nó a chur suas in aon cheantar iascaigh chun bradáin, bric nó eascanna a ghabháil, agus gan gnáth-cheadúnas iascaireachta a bheith i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire á údarú an t-inneall sin d'úsáid sa cheantar iascaigh sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá oiread agus nach mó ná trí oiread na gnáth-dhleachta ceadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith gnáth-cheadúnais iascaireachta chun an t-inneall sin d'úsáid. |
| [EN] | (2) Má ciontaítear duine i gcion faoin alt seo beidh an t-inneall ar ina leith a rinneadh an cion ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe. | |
| [EN] | (3) Ní bhaineann an t-alt seo le slait agus ruaim d'úsáid. | |
| [EN] |
Pionós mar gheall ar bhradáin d'iascach nó a ghabháil le slait agus ruaim ag duine neamhcheadúnaithe. |
13. —(1) Más rud é— |
| [EN] | (a) go ndéanfaidh duine ar bith bradáin d'iascach nó a ghabháil nó a mharú le slait agus ruaim i gceantar iascaigh, agus | |
| [EN] | (b) nach mbeidh an duine sin ina shealbhóir ar ghnáthcheadúnas slaite bradán a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bheas ar fáil le haghaidh úsáide sa cheantar iascaigh sin, | |
| [EN] | beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná dhá oiread agus nach mó ná trí oiread na gnáth-dhleachta ceadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith gnáth-cheadúnais (bliantúil) slaite bradán, seachas gnáth-cheadúnas (bliantúil) slaite bradán lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 15 den Acht seo. | |
| [EN] | (2) Má ciontaítear duine i gcion faoin alt seo beidh an tslat agus an ruaim ar ina leith a rinneadh an cion ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe. | |
| [EN] |
Forála maidir le gnáth-cheadúnais iascaireachta. |
14. —(1) Déanfaidh gach bord coimeádaithe, do réir forál na nAcht agus na bhfo-alt ina dhiaidh seo den alt seo, ceadúnais iascaireachta (dá ngairmtear gnáth-cheadúnais iascaireachta san Acht seo) a eisiúint i leith inneall sceidealta. |
| [EN] | (2) (a) Ní dhéanfaidh bord coimeádaithe gnáth-cheadúnais (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán a eisiúint mura mbeidh ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire á údarú don bhord coimeádaithe sin ceadúnais den aicme sin d'eisiúint. | |
| [EN] | (b) Féadfaidh an tAire le hordú (uaidh féin nó ar iarratas ó bhord coimeádaithe) a údarú do bhord coimeádaithe gnáth-cheadúnais (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán d'eisiúint. | |
| [EN] | (c) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo a chúlghairm. | |
| [EN] | (3) (a) Is iad na tréimhsí a mbeidh gnáth-cheadúnais iascaireachta le heisiúint ina leith— | |
| [EN] | (i) i gcás gnáth-cheadúnas slaite bradán—seacht lá, lá agus fiche, bliain, agus tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil, | |
| [EN] | (ii) i gcás gnáth-cheadúnas iascaireachta eile—bliain. | |
| [EN] | (b) Gnáth-cheadúnais (seacht lá) slaite bradán a tabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe i leith seacht lá, agus sin é a gairmtear díobh san Acht seo. | |
| [EN] | (c) Gnáth-cheadúnais (lá agus fiche) slaite bradán a tabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe i leith lae agus fiche, agus sin é a gairmtear díobh san Acht seo. | |
| [EN] | (d) Gnáth-cheadúnais (bliantúil) slaite bradán a tabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe i leith bliana agus a bheas ar fáil le húsáid i ngach ceantar iascaigh, agus sin é a gairmtear díobh san Acht seo. | |
| [EN] | (e) Gnáth-cheadúnais (bliantúil) (ceantar) slaite bradán a tabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe i leith bliana agus a bheas ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe d'eisigh iad agus sa cheantar sin amháin, agus sin é a gairmtear díobh san Acht seo. | |
| [EN] | (f) Gnáth-cheadúnais (séasúr déanach) slaite bradán a tabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe i leith tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus a bheas ar fáil le húsáid i ngach ceantar iascaigh, agus sin é a gairmtear díobh san Acht seo. | |
| [EN] | (g) Gnáth-cheadúnais (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán a tabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe i leith tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus a bheas ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe d'eisigh iad agus sa cheantar sin amháin, agus sin é a gairmtear díobh san Acht seo. | |
| [EN] | (4) (a) Beidh gnáth-cheadúnas (seacht lá) slaite bradán bailí agus i bhfeidhm go ceann na tréimhse seacht lá dar tosach an dáta a sonrófar chuige sin sa cheadúnas. | |
| [EN] | (b) Beidh gnáth-cheadúnas (lá agus fiche) slaite bradán bailí agus i bhfeidhm go ceann na tréimhse lae agus fiche dar tosach an lá a sonrófar chuige sin sa cheadúnas. | |
| [EN] | (c) Beidh gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) slaite bradán nó gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán bailí agus i bhfeidhm go ceann na tréimhse sé mhí dar tosach an dáta (ar chéad lá d'Iúil é) a sonrófar chuige sin sa cheadúnas. | |
| [EN] | (d) Beidh gnáth-cheadúnas iascaireachta (seachas gnáthcheadúnas (seacht lá) slaite bradán, gnáth-cheadúnas (lá agus fiche) slaite bradán, gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) slaite bradán nó gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán) bailí agus i bhfeidhm i leith na bliana a sonrófar chuige sin sa cheadúnas. | |
| [EN] | (5) Eiseofar gnáth-cheadúnas iascaireachta ar leithligh i leith gach innill iascaireachta ar leithligh. | |
| [EN] | (6) I gcás gach gnáth-cheadúnais iascaireachta a eiseos an bord coimeádaithe do cheantar iascaigh— | |
| [EN] | (a) is i pé foirm a ordós an tAire ó am go ham a bheas sé, | |
| [EN] | (b) luafar ann— | |
| [EN] | (i) an tréimhse ar ina leith a bheas sé bailí agus i bhfeidhm, | |
| [EN] | (ii) uimhir nó ainm an cheantair iascaigh sin, | |
| [EN] | (iii) muran gnáth-cheadúnas (seacht lá) slaite bradán é, nó gnáth-cheadúnas (lá agus fiche) slaite bradán, nó gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) slaite bradán, nó gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán nó gnáthcheadúnas (bliantúil) slaite bradán lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 15 den Acht seo nó gnáth-cheadúnas (bliantúil) (ceantar) slaite bradán lena mbaineann fo-alt (3) den alt sin 15—ainm na toghroinne (ar toghroinn í den cheantar iascaigh sin) inar heisíodh é, | |
| [EN] | (iv) an sórt innill iascaireachta lena mbaineann sé. | |
| [EN] | (7) Beidh gach gnáth-cheadúnas iascaireachta séalaithe le séala an bhoird choimeádaithe d'eisigh é. | |
| [EN] | (8) Beidh gach ceann de na gnáth-cheadúnais iascaireachta seo a leanas ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin— | |
| [EN] | (a) gnáth-cheadúnas iascaireachta (nach gnáth-cheadúnas slaite bradán), | |
| [EN] | (b) gnáth-cheadúnas (bliantúil) (ceantar) slaite bradán, | |
| [EN] | (c) gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán. | |
| [EN] | (9) Beidh gnáth-cheadúnas slaite bradán (nach gnáthcheadúnas (bliantúil) (ceantar) slaite bradán ná gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán) ar fáil le húsáid i ngach ceantar iascaigh. | |
| [EN] | (10) Inseofar i ngach gnáth-cheadúnas slaite bradán ainm agus seoladh an duine chun ar heisíodh é agus ní bheidh an ceadúnas sin ar fáil le húsáid ag aon duine ach amháin ag an duine a bheas ainmnithe ann ná ní haistreofar é go dtí aon duine eile. | |
| [EN] | (11) Oibreoidh gach gnáth-cheadúnas iascaireachta (seachas gnáth-cheadúnas slaite bradán) chun údarás a thabhairt inneall iascaireachta den tsórt a sonrófar ann d'úsáid i gcaitheamh na tréimhse a sonrófar ann agus sa cheantar iascaigh a sonrófar ann, ach sin faoi réir forál na nAcht agus an Achta seo agus aon ionstraime arna déanamh faoin gcéanna. | |
| [EN] | (12) Oibreoidh gach gnáth-cheadúnas slaite bradán (nach gnáth-cheadúnas (bliantúil) (ceantar) slaite bradán ná gnáthcheadúnas (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán) chun a údarú don duine a hainmneofar ann, agus dó-san amháin, slat bhradán d'úsáid, i gcaitheamh na tréimhse a sonrófar ann agus i ngach ceantar iascaigh, ach sin faoi reir forál na nAcht agus an Acht seo agus aon ionstraime arna déanamh faoin gcéanna. | |
| [EN] | (13) Oibreoidh gach gnáth-cheadúnas slaite bradán (is gnáthcheadúnas (bliantúil) (ceantar) slaite bradán nó gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán) chun a údarú don duine a hainmneofar ann, agus dó-san amháin, slat bhradán d'úsáid, i gcaitheamh na tréimhse a sonrófar ann agus i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe d'eisigh é, ach sin faoi réir forál na nAcht agus an Achta seo agus aon ionstraime arna déanamh faoin gcéanna. | |
| [EN] |
Dleachta ar ghnáthcheadúnais iascaireachta. |
15. —(1) (a) Faoi réir míreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, is í an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith gnáthcheadúnais slaite bradán den aicme a sonraítear i gcolún (2), (3), (4), (5), (6) nó (7) de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo an tsuim atá leagtha amach i pé colún acu sin a bhaineas le gnáth-cheadúnas slaite bradán den aicme sin. |
| [EN] | (b) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán d'aicme áirithe a sonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athrú, ach sin i slí nach n-athrófar an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith an cheadúnais sin chun go mbeidh sí níos mó ná dhá oiread na suime a socraítear ina leith le mír (a) den fho-alt seo. | |
| [EN] | (c) Ní bhaineann an fo-alt seo leis an dleacht ghnáthcheadúnais is iníoctha maidir le— | |
| [EN] | (i) gnáth-cheadúnas (bliantúil) slaite bradán lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo, nó | |
| [EN] | (ii) gnáth-cheadúnas (bliantúil) (ceantar) slaite bradán lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo. | |
| [EN] | (2) (a) Baineann an fo-alt seo le gnáth-cheadúnas (bliantúil) slaite bradán atá bailí i leith bliana áirithe agus a heisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas (Límistéar an Fheabhail) slaite bradán atá bailí i leith na bliana sin. | |
| [EN] | (b) Faoi réir míre (c) den fho-alt seo, deich scillinge an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha i leith gnáthcheadúnais (bliantúil) slaite bradán lena mbaineann an fo-alt seo. | |
| [EN] | (c) Aon uair a dhéanfas an tAire, faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, ordú ag athrú na dleachta gnáthcheadúnais i leith gnáth-cheadúnais (bliantúil) slaite bradán, féadfaidh sé, le hordú, an dleacht cheadúnais bhliantúil is iníoctha i leith gnáth-cheadúnais (bliantúil) slaite bradán lena mbaineann an fo-alt seo d'athrú. | |
| [EN] | (3) (a) Baineann an fo-alt seo le gnáth-cheadúnas (bliantúil) (ceantar) slaite bradán atá bailí i leith bliana áirithe agus a heisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas (Límistéar an Fheabhail) slaite bradán atá bailí i leith na bliana sin. | |
| [EN] | (b) Faoi réir míre (c) den fho-alt seo, deich scillinge an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha i leith gnáthcheadúnais (bliantúil) (ceantar) slaite bradán lena mbaineann an fo-alt seo. | |
| [EN] | (c) Aon uair a dhéanfas an tAire, faoi mhír (b) d'fho-alt(1) den alt seo, ordú ag athrú na dleachta gnáthcheadúnais i leith gnáth-cheadúnais (bliantúil) (ceantar) slaite bradán, féadfaidh sé, le hordú, an dleacht cheadúnais bhliantúil is iníoctha i leith gnáth-cheadúnais (bliantúil) (ceantar) slaite bradán lena mbaineann an fo-alt seo d'athrú. | |
| [EN] | (4) (a) Faoi réir míre (b) den fho-alt seo, is í an dleacht ghnáthcheadúnais i leith gnáth-cheadúnais iascaireachta a údaraíos inneall iascaireachta d'úsáid den tsórt a sonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha an tsuim atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha sin. | |
| [EN] | (b) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, an dleacht ghnáth-cheadúnais d'athrú i leith gnáth-cheadúnais iascaireachta a údaraíos inneall iascaireachta d'úsáid den tsórt a sonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha, ach sin i slí nach n-athrófar an dleacht ghnáth-cheadúnais sin chun go mbeidh sí níos mó ná dhá oiread na suime a sonraítear i gcolún (3) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha sin. | |
| [EN] | (5) I gcás ina mbeidh an dleacht cheadúnais i leith ceadúnais chun inneall (nach inneall sceidealta) d'úsáid socair faoi alt 21 d'Acht 1848, arna leasú le halt 9 d'Acht 1850, maidir le ceantar iascaigh áirithe, ansin, maidir leis an gceantar iascaigh sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas— | |
| [EN] | (a) chun críocha an Achta seo tiocfaidh an t-inneall sin chun bheith agus beidh sé ina inneall sceidealta, | |
| [EN] | (b) faoi réir míre (c) den fho-alt seo, is í an ghnáth-dhleacht cheadúnais is iníoctha i leith ceadúnais chun an t-inneall sin d'úsáid í sin a socraítear faoin alt sin 21, arna leasú amhlaidh, | |
| [EN] | (c) féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, athrú a dhéanamh ar an ngnáth-dhleacht cheadúnais i leith ceadúnais chun an t-inneall sin d'úsáid, ach sin i slí nach n-athrófar an ghnáth-dhleacht cheadúnais i leith ceadúnais den tsórt sin chun go mbeidh sí níos mó ná dhá oiread na suime a socraítear ina leith faoin alt sin 21, arna leasú amhlaidh. | |
| [EN] | (6) Má hathraítear an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith gnáth-cheadúnais iascaireachta faoi aon cheann de na forála seo a leanas den alt seo, eadhon, mír (b) d'fho-alt (1), mír (c) d'fho-alt (2), mír (c) d'fho-alt (3), mír (b) d'fho-alt (4) agus mír (c) d'fho-alt (5), beidh an dleacht arna hathrú amhlaidh iníoctha i leith aon ghnáth-cheadúnais iascaireachta den tsórt sin is bailí i leith tréimhse a thosnós an lú lá nó tar éis an lú lá den chéad Eanáir eile tar éis déanamh an ordaithe a rinne an t-athrú. | |
| [EN] |
Alt 21 d'Acht 1848 agus alt 9 d'Acht 1850 a leasú. |
16. —(1) In alt 21 (a bhaineas le hinnill nach n-áirítear sa Sceideal) d'Acht 1848, forléireofar na tagairtí don Sceideal a ghabhas leis an Acht sin mar thagairtí do Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. |
| [EN] | (2) In alt 9 (a bhaineas le hachomhairc i gcoinne dleachta ceadúnais a socraíodh faoi alt 21 d'Acht 1848) d'Acht 1850, forléireofar an tagairt don Sceideal a ghabhas le hAcht 1848 mar thagairt do Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. |