|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Ceadúnais chun Bradáin, Bric agus Eascanna d'Iascach.) | Ar Aghaidh (Caibidil III. Sriantachtaí ar Cheadúnais Iascaireachta d'Eisiúint.) |
AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1958
| [EN] | ||
| [EN] |
Caibidil II. Ceadúnais le haghaidh Iascaireachta in Uiscí Taoide Speisialta. | |
| [EN] |
Leasuithe ar Acht 1934. |
17. —(1) I bhfo-alt (4) d'alt 4 (a bhaineas le ceadúnais áitiúla speisialta agus dleachta orthu) d'Acht 1934, déanfar an tagairt don dleacht cheadúnais is iníoctha faoi na hAchta Iascaigh, 1842 go 1925, i leith gnáth-cheadúnais d'fhorléiriú mar thagairt don dleacht cheadúnais is iníoctha faoin Acht seo i leith gnáthcheadúnais iascaireachta. |
| [EN] | (2) I bhfo-alt (5) d'alt 4 d'Acht 1934, cuirfear na focail “pé suim a sonrófar san ordú le toiliú an Aire Airgeadais”in ionad na bhfocal “tríocha scilling”. | |
| [EN] | (3) I bhfo-alt (3) d'alt 5 (a bhaineas le foirm agus éifeacht cheadúnas áitiúla speisialta) d'Acht 1934, forléireofar an tagairt do na hAchta Iascaigh, 1842 go 1925, mar thagairt do na hAchta agus don Acht seo. | |
| [EN] | (4) I bhfo-alt (1) d'alt 11 (a bhaineas le forghéilleadh ceadúnas áitiúla speisialta) d'Acht 1934, forléireofar an tagairt do na hAchta Iascaigh, 1842 go 1925, mar thagairt do na hAchta agus don Acht seo. | |
| [EN] | (5) I bhfo-alt (1) d'alt 13 (a bhaineas le híocaíochtaí leis an Aire ag boird choimeádaithe) d'Acht 1934,— | |
| [EN] | (a) forléireofar an tagairt do na hAchta Iascaigh, 1842 go 1925, mar thagairt don Acht seo, agus | |
| [EN] | (b) forléireofar an tagairt do ghnáth-cheadúnas mar thagairt do ghnáth-cheadúnas iascaireachta. |