An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Seiceadóirí agus Rlarthóirí)

8 1959

AN tACHT UM RIARADH EASTÁT, 1959

CUID II

Cineachadh Eastáit Réadaigh ar Bhás Duine

Cineachadh eastáit réadaigh ar bhás duine.

6. —(1) (a) Faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, i gcás teideal a bheith ag duine éagtha chun eastáit réadaigh le haghaidh eastáit nó leasa nár scoir ar a bhás, ansin ar é d'fháil bháis, d'ainneoin aon diúscartha thiomnaí, cineachfaidh an céanna chun a ionadaithe pearsanta ó am go ham agus beidh sé dílsithe iontu ionann is dá mba airnéis réadach é a bheadh ag dílsiú iontu.

(b) Chun críocha míre (a) den fho-alt seo—

(i) aon eastát nó leas in eastát réadach a aistreoidh faoi aon bhronntanas in uacht dhuine éagtha a oibríonn mar cheapachán faoi chumhacht ghinearálta chun ceapachán a dhéanamh le huacht, measfar gur eastát nó leas é nár scoir ar a bhás agus a raibh teideal aige chuige,

(ii) aon eastát nó leas in eastát réadach a bhí ag duine éagtha faoi eastát sainoidhrithe, measfar gur eastát nó leas é a scoir ar a bhás, ach aon eastát nó leas eile a bhí ag an éagach i bhfuíoll nó i bhfrithdhílse san eastát réadach sin agus is féidir a dhiúscairt trína uacht, measfar gur eastát nó leas é nár scoir amhlaidh,

(iii) aon eastát nó leas a bhí ag duine éagtha faoi nascthionóntacht, agus aon tionónta ag maireachtáil d'éis an éagaigh, measfar gur eastát nó leas é a scoir ar é d'fháil bháis,

(iv) ar bhás corparáidigh aonair, measfar gur eastát nó leas a scoir ar é d'fháil bháis a eastát nó a leas in eastát réadach na corparáide.

(2) Aon tagairtí atá sna hailt ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht seo d'eastát réadach dhuine éagtha forléireofar iad mar thagairtí don eastát réadach de chuid an duine éagtha a chinneachaigh chun a ionadaithe pearsanta de bhua fo-ailt (1) den alt seo.

Forálacha maidir le riarachán.

7. —(1) Faoi réir na gcumhachtaí, na gceart, na ndualgas agus na ndliteanas a luaitear anseo ina dhiaidh seo san Acht seo, teachtfaidh ionadaithe pearsanta dhuine éagtha a eastát réadach mar iontaobhaithe do na daoine atá ina dteideal de réir dlí, agus beidh ag na daoine sin, faoi réir forálacha an Achta seo, an chumhacht chéanna chun a cheangal go n-aistreofar eastát réadach atá ag daoine atá i dteideal eastáit phearsanta chun a cheangal go n-aistreofaí an t-eastát pearsanta sin.

(2) Faoi réir forálacha an Acht seo, gach achtachán agus riail dlí a bhaineann leis na nithe seo—

(a) éifeacht phrobháide nó litreacha riaracháin maidir le hairnéisí réadacha,

(b) déileáil le hairnéisí réadacha roimh phrobháid nó litreacha riaracháin,

(c) cumhachtaí, cearta, dualgais agus dliteanais ionadaithe pearsanta maidir le heastát pearsanta,

(d) íoc costas riaracháin, agus

(e) gach ní eile maidir le riaradh eastáit phearsanta, beidh feidhm aige,

chomh fada agus is infheidhme an céanna, maidir le heastát réadach ionann is dá mba airnéis réadach é.

(3) (a) I gcás riarachán sócmhainní duine a éagfaidh an 1ú lá de Mheitheamh, 1959, nó dá éis, riarfar a eastát réadach ar an modh céanna, faoi réir na ndliteanas céanna i leith fiacha, costas agus caiteachas agus leis na comhleanúintí céanna, ionann is dá mba eastát pearsanta é.

(b) Ní athróidh aon ní i mír (a) den fho-alt seo an t-ord, ná ní dhéanfaidh sé difir don ord, ina mbeidh, díreach roimh an 1ú lá de Mheitheamh 1959, sócmhainní réadacha agus sócmhainní pearsanta faoi seach inúsáidte chun, nó mar chabhair chun, íoctha caiteachas adhlactha agus caiteachas tiomnach, fiacha nó leagáidí, nó dliteanas eastáit réadaigh a bheidh inmhuirir le haghaidh leagáidí a íoc.

(4) Má éagann duine agus é i seilbh eastáit réadaigh, tabharfaidh an Ard-Chúirt, nuair a bheidh litreacha riaracháin á ndeonú aici, aird ar chearta agus leasa daoine a bhfuil leas acu ina eastát réadach, agus, mura duine dá neasghaolta a oidhre ginearálta, beidh an teideal céanna aige chun a ndeonaithe dó a bheidh ag na neasghaolta, agus féadfar socrú a dhéanamh le rialacha cúirte chun an nós imeachta agus an cleachtas a bhaineann le deonú litreacha riaracháin a chur in oiriúint do chás eastáit réadaigh.

Dliteanas i leith dleachtanna.

8. —Ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo den Acht seo difir d'aon dleacht is iníoctha i leith eastáit réadaigh, ná ní chuirfidh ar eastát réadach aon dleacht eile seachas an dleacht is iníoctha ina leith díreach roimh an 1ú lá de Mheitheamh, 1959.

Talamh áirithe a eisiamh.

9. —Ní bheidh feidhm ag aon ní sa Chuid seo den Acht seo—

(a) maidir le talamh lena mbaineann Cuid IV d'Acht 1891, ná

(b) maidir le leas i ndáileacht de thalamh neamhthionóntaithe a measfar, faoi alt 5 den Acht Talún, 1946 ( Uimh. 12 de 1946 ), gur airnéis réadach é chun críocha cineachadh iar mbás.

Cosaint d'alt 30 den Conveyancing Act, 1881.

10. —Ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo den Acht seo difir d'oibriú ailt 30 den Conveyancing Act, 1881.