An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Forálacha Ilghnéitheacha) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Achtacháin a Athghairtear maidir le hEastáit Dhaoine a Éagfaidh an l Meitheamh, 1959, nó dá éis)

8 1959

AN tACHT UM RIARADH EASTÁT, 1959

AN CHEAD SCEIDEAL

Mionleasuithe agus Leasuithe Iarmartacha maidir le hEastáit Dhaoine a Éagfaidh an 1 Meitheamh, 1959, nó dá éis

Alt 4.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Leasuithe

(1)

(2)

(3)

20 & 21 Vic. c. 79.

The Probates and Letters of Administration Act (Ireland), 1857.

In alt 53, cuirfear an focal “estate” in ionad an fhocail “goods” gach áit a bhfuil an focal deiridh sin.

In alt 80, cuirfear na focail “real or” isteach roimh an bhfocal “personal” agus cuirfear na focail “or shall have expired” isteach i ndeireadh an ailt.

In alt 84 cuirfear an focal “estate” in ionad an fhocail “effects”.

Uimh. 12 de 1954 .

An tAcht um Eastáit Díthiomnóirí, 1954.

In alt 4, cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (2)—

“(2) Fulaingeofar agus íocfar an muirear sin i gcomhréir le luachanna an eastáit réadaigh agus an eastáit phearsanta faoi seach ar éag an t-éagach gan tiomna a dhéanamh ina leith.”