An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL. Tailte, etc., a aistreofar chun an Údaráis.)

10 1960

AN tACHT UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN, 1960

AN TRIU SCEIDEAL.

Fo-alt agus Ailt a chuirfear isteach san Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 .

Alt 34.

Cuid I.

Fo-alt a chuirfear isteach i ndiaidh Fo-alt (1) d'Alt 5.

(1A) Féadfaidh an tAire le hordú (a fhéadfaidh sé a chúlghairm tráth ar bith le hordú eile) a dhearbhú gurb é Radio Éireann a dheonfaidh ceadúnais faoin Acht seo i leith gléasraí le haghaidh glactha amháin agus a bhaileoidh thar ceann an Aire táillí i leith deonú den sórt sin agus, an fad a leanfaidh aon ordú den sórt sin i bhfeidhm,—

(i) is é Radio Éireann a dhéanfaidh, agus ní in aon slí eile a dhéanfar, d'ainneoin fo-alt (1) den alt seo, an deonú agus an bailiú sin,

(ii) beidh ag Radio Éireann na cumhachtaí go léir is iomchuí chun fo-alt (1) d'alt 3 den Acht seo a chur i bhfeidhm maidir le gléasraí le haghaidh glactha amháin,

(iii) beidh éifeacht ag ailt 7 agus 8 den Acht seo maidir le gléasraí le haghaidh glactha amháin ionann is dá bhfolódh gach tagairt iontu don Aire tagairt do Radio Éireann, agus

(iv) d'ainneoin alt 13 den Acht seo, is é an tAire nó Radio Éireann a thabharfaidh ar aghaidh, agus ní in aon slí eile a thabharfar ar aghaidh, ionchúisimh faoi fho-alt (3) d'alt 3 den Acht seo maidir le gléasraí le haghaidh glactha amháin, agus ionchúisimh faoi fho-alt (3) d'alt 7 den Acht seo maidir le fógra a sheirbheáil Radio Éireann.

Cuid II.

Ailt a chuirfear isteach i ndiaidh Alt 12.

Rialacháin maidir le raidíocht fuinnimh leictreamhaighnéadaigh, etc.

12A. (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun an dá chríoch nó ceachtar críoch acu seo a leanas:

(a) chun na ceanglais a fhorordú nach foláir a chomhlíonadh i gcás aon ghléasra lena mbaineann an t-alt seo má bhítear chun an gléasra a úsáid;

(b) chun na ceanglais a fhorordú nach foláir a chomhlíonadh i gcás aon ghléasra lena mbaineann an t-alt seo má bhítear chun an gléasra a dhíol ar shlí seachas chun é a onnmhairiú nó a thairiscint nó a fhógairt chun a dhíolta ar shlí seachas chun é a onnmhairiú, nó é a ligean ar fruiliú nó a thairiscint nó a fhógairt le ligean ar fruiliú, ag aon duine a mhonaraíonn, a chomhghabhann nó a allmhairíonn gléasraí den sórt sin i gcúrsa gnó.

(2) Is é a bheidh sna ceanglais sin ceanglais a mheasfaidh an tAire a bheith oiriúnach chun a áirithiú nach ndéanfaidh úsáid an ghléasra trasnaíl mhíchuí ar raidió-theileagrafaíocht, agus féadfaidh a bheith ar áireamh orthu go háirithe—

(a) ceanglais maidir le déine uasta fuinnimh leictreamhaighnéadaigh aon mhinicíochtaí sonraithe a raideofar in aon treo ón ngléasra nuair a bheifear á úsáid; agus

(b) i gcás gléasra ar ó línte leictreachais a sholathraítear an chumhacht dó, ceanglais maidir le fuinneamh leictreamhaighnéadach uasta aon mhinicíochtaí sonraithe a insteallfaidh an gléasra sna línte sin,

agus, sa mhéid is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirstineach i gcás na rialacháin a bheidh i gceist, féadfar ceanglais éagsúla a fhorordú d'imthosca éagsúla agus maidir le gléasraí de shaghsanna nó de thuairiscí éagsúla, ceantair nó áiteanna éagsúla agus tráthanna éagsúla úsáide.

(3) Is é a bheidh sa ghléasra lena mbainfidh an t-alt seo an gléasra a shonrófar sna rialacháin faoin alt seo, is gléasra a ghineann, a bheidh deartha le go nginfidh sé, nó ar dóigh dó go nginfeadh sé go teagmhasach, fuinneamh leictreamhaighnéadach ar mhinicíochtaí trí mhilliún mheigithimthriall ar a mhéid sa soicind, agus nach gléasra raidió-theileagrafaíocht.

Folaíonn na tagairtí san fho-alt seo do ghléasra tagairtí d'aon saghas líne leictreachais.

(4) I gcás ina mbeartóidh an tAire rialacháin a dhéanamh faoin alt seo—

(a) cuirfidh sé faoi deara dréacht de na rialacháin bheartaithe a ullmhú agus cuirfidh sé faoi deara go ndéanfaidh Oifig an tSoláthair an dréacht a fhoilsiú agus a chur ar díol,

(b) tabharfaidh sé fógra don phobal, i cibé slí is oiriúnach leis, go bhfuil ar intinn aige na rialacháin a dhéanamh,

(c) déarfar san fhógra go bhfuil cóipeanna den dréacht de na rialacháin ar fáil le ceannach agus go bhféadfar, i rith tréimhse sonraithe nach giorra ná dhá mhí, uiríolla a chur faoi bhráid an Aire ag moladh athruithe ar an dréacht.

(5) Ní dhéanfar rialacháin faoin alt seo go mbeidh an tréimhse caite chun uiríolla a dhéanamh a shonrófar san fhógra iomchuí faoi mhír (b) d'fho-alt (4) den alt seo agus breithneoidh an tAire aon uiríolla a chuirfear faoina bhráid de bhun an fhógra.

(6) (a) Féadfaidh an tAire coiste comhairleach nó coistí comhairleacha a cheapadh lena chomhairliú i dtaobh rialacháin a dhéanamh faoin alt seo agus i dtaobh uiríolla dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo a bhreithniú.

(b) Beidh coiste faoin bhfo-alt seo comhdhéanta de cibé méid (nach lú ná triúr) comhaltaí is cuí leis an Aire.

(c) Murab éag nó éirí as roimhe sin dó, beidh comhalta de choiste faoin bhfo-alt seo ina chomhalta den choiste go ceann na tréimhse a chinnfidh an tAire le linn é a cheapadh agus ní níos faide ná sin, ach beidh sé inathcheaptha.

(d) Beidh cruinniú de choiste faoin bhfo-alt seo ann aon uair a ghairmfidh an tAire é.

(7) Aon uair is dóigh leis an Aire go bhfuil duine ag oibriú nó ag úsáid gléasra nach gcomhlíonann na ceanglais a bhaineann leis faoi rialacháin arna ndéanamh chun na gcríocha a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar an duine sin nó a chur leis an bpost cláraithe chuige—

(a) á cheangal ar an duine sin cibé bearta (lena n-áirítear oibriú nó úsáid an ghléasra a stop ar fad i gcás inar gá sin) a shonrófar san fhógra a dhéanamh chun deireadh a chur le trasnaíl mhíchuí ar raidiótheileagrafaíocht, agus

(b) á cheangal ar an duine sin na bearta sin a dhéanamh—

(i) láithreach i gcás inar dóigh leis an Aire gurb éard í an trasnaíl mhíchuí ar raidió-theileagrafaíocht a bheidh i gceist, nó gur cuid den trasnaíl sin, trasnaíl mhíchuí ar raidió-theileagrafaíocht a úsáidtear chun críocha aon tseirbhíse sábháilteachta daoine nó chun aon chríche ar a mbraitheann sábháilteacht aon duine nó aon árthaigh, aerárthaigh nó feithicle, agus

(ii) in aon chás eile, laistigh de thréimhse (nach giorra ná seacht lá) a shonrófar san fhógra.

(8) (a) I gcás—

(i) ina mbeifear tar éis fógra faoi fho-alt (7) den alt seo a sheirbheáil ar dhuine nó a chur chuige agus go gceanglóidh an fógra oibriú nó úsáid an ghléasra a stop ar fad láithreach, agus

(ii) go n-oibreoidh nó go n-úsáidfidh an duine sin an gléasra,

beidh an duine sin ciontach i gcion.

(b) I gcás—

(i) ina mbeifear tar éis fógra faoi fho-alt (7) den alt seo a sheirbheáil ar dhuine nó a chur chuige agus go gceanglóidh an fógra oibriú nó úsáid an ghléasra a stop ar fad laistigh de thréimhse shonraithe, agus

(ii) go n-oibreoidh nó go n-úsáidfidh an duine sin an gléasra tar éis deireadh na tréimhse sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion.

(c) I gcás—

(i) ina mbeifear tar éis fógra faoi fho-alt (7) den alt seo a sheirbheáil ar dhuine nó a chur chuige agus go gceanglóidh an fógra bearta a dhéanamh láithreach chun deireadh a chur le trasnaíl mhíchuí ar raidió-theileagrafaíocht le haon ghléasra (nach bearta arb éard iad oibriú nó úsáid an ghléasra sin a stop ar fad), agus

(ii) go n-oibreoidh nó go n-úsáidfidh an duine sin an gléasra gan na bearta sin a dhéanamh,

beidh an duine sin ciontach i gcion.

(d) I gcás—

(i) ina mbeifear tar éis fógra faoi fho-alt (7) den alt seo a sheirbheáil ar dhuine nó a chur chuige agus go gceanglóidh an fógra bearta a dhéanamh, laistigh de thréimhse shonraithe, chun deireadh a chur le trasnaíl mhíchuí ar raidió-theileagrafaíocht le haon ghléasra (nach bearta arb éard iad oibriú nó úsáid an ghléasra a stop ar fad), agus

(ii) go n-oibreoidh nó go n-úsáidfidh an duine sin an gléasra gan na bearta sin a dhéanamh,

beidh an duine sin ciontach i gcion.

(9) Aon uair is dóigh leis an Aire nach gcomhlíonann aon ghléasra áirithe na ceanglais a bhaineann leis faoi rialacháin a rinneadh chun na gcríocha a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar aon duine, nó a chur leis an post cláraithe chun aon duine, a mhonaraigh, a chomhghabh nó d'allmhairigh an gléasra i gcúrsa gnó á thoirmeasc air, amhail ó dheireadh tréimhse (nach giorra ná seacht lá) a shonrófar san fhógra, an gléasra a dhíol seachas chun a onnmhairithe, nó é a thairiscint nó a fhógairt chun a dhíolta, seachas chun a onnmhairithe, nó é a ligean ar fruiliú nó é a fhógairt chun a ligthe ar fruiliú.

(10) I gcás—

(a) ina mbeifear tar éis fógra faoi fho-alt (9) den alt seo a sheirbheáil ar dhuine nó a chur chuige, agus

(b) go ndéanfaidh an duine sin, tar éis an tréimhse a shonrófar san fhógra a bheith caite, forálacha an fhógra a shárú,

beidh an duine sin ciontach i gcion.

(11) (a) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche, ar fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach don Aire nó ó chomhalta den Gharda Síochána go bhfuil cúis réasúnach chun a chreidiúint go bhfuil, in aon áit shonraithe, gléasra lena mbaineann an t-alt seo nach gcomhlíonann na ceanglais a bhaineann leis faoi rialacháin a rinneadh faoin alt seo, barántas cuardaigh a thabhairt don oifigeach sin don Aire nó (le toiliú an Aire) don chomhalta sin den Gharda Síochána is barántas adéarfaidh go dtugann sé údarás, agus a oibreoidh chun údarás a thabhairt, don oifigeach don Aire nó don chomhalta den Gharda Síochána dá dtabharfar é dul isteach, agus le neart más gá sin, san áit a luafar san fhaisnéis sin agus cuardach a dhéanamh ansin ar lorg gléasra lena mbaineann an t-alt seo agus gach gléasra den sórt sin a gheofar ansin a scrúdú agus a thástáil.

(b) Féadfaidh barántas cuardaigh a thabharfar faoin bhfo-alt seo d'oifigeach don Aire údarás a thabhairt nó, más dóigh leis an mBreitheamh a thabharfaidh é gur cuí sin, a cheangal comhalta amháin nó níos mó den Gharda Síochána a bheith in éineacht leis an oifigeach sin nuair a bheidh sé ag déanamh an chuardaigh faoin mbarántas.

(c) I gcás ina mbeidh ceart faoi bharántas faoin alt seo ag duine scrúdú agus tástáil a dhéanamh ar aon ghléasra in aon áit, beidh de dhualgas ar aon duine san áit sin cibé cúnamh a thabhairt dó a theastóidh le réasún uaidh ag scrúdú nó ag tástáil an ghléasra,

(d) Aon duine—

(i) a bhacfaidh aon duine agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le barántas faoin bhfo-alt seo, nó

(ii) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon chúnamh a thabhairt d'aon duine den sórt sin a mbeidh de dhualgas air faoin alt seo é a thabhairt dó,

beidh sé ciontach i gcion.

(12) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air agus, más cion leanúnach é, fíneáil bhreise nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(13) Féadfaidh an tAire, le hordú (a fhéadfaidh sé a chúlghairm aon tráth le hordú eile) a dhearbhú go mbeidh ag Radio Éireann na cumhachtaí go léir is iomchuí chun trasnaíl ar ghléasraí raidió-theileagrafaíochta le haghaidh glactha amháin a fhiosrú agus a bhraith agus aon uair a bheidh ordú den sórt sin i bhfeidhm—

(a) beidh na cumhachtaí sin go léir ag Radio Éireann,

(b) beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 12 den Acht seo agus ag fo-alt (7) den alt seo ionann is dá bhfolódh gach tagairt iontu don Aire tagairt do Radio Éireann, agus

(c) beidh éifeacht ag fo-alt (11) den alt seo ionann is dá bhfolódh gach tagairt ann don Aire, maidir le rialacháin arna ndéanamh chun na gcríocha a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, tagairt do Radio Éireann.

Trasnaíl thoiliúil.

12B. (1) Aon duine a úsáidfidh aon ghléasra chun trasnaíl a dhéanamh ar aon raidió-theileagrafaíocht beidh sé ciontach i gcion.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo cibé acu is gléasra raidió-theileagrafaíochta nó gléasra lena mbainfidh alt 12A den Acht seo an gléasra a bheidh i gceist agus cibé acu atá nó nach bhfuil aon fhógra faoi fho-alt (7) nó fo-alt (9) den alt sin tugtha maidir leis an ngléasra.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air agus, más cion leanúnach é, fíneáil bhreise nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.