An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhraiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Imeachtaí Sibhialta mar gheall ar Chlúmhilleadh)

40 1961

AN tACHT UM CHLÚMHILLEADH, 1961

CUID II

Imeachtaí Coiriúla mar gheall ar Leabhal

An giúiré a bheith inniúil chun fíorasc ginearálta a thabhairt i dtriail ar dhíotáil mar gheall ar leabhal.

5. —(1) I ngach triail ar dhíotáil mar gheall ar leabhal a dhéanamh nó a fhoilsiú nach dtaifeadfar pléadáil neamhchiontachta ina leith, féadfaidh an giúiré fíorasc ginearálta ciontachta nó neamhchiontachta a thabhairt ar an ábhar go léir a cuireadh i saincheist sa díotáil, agus ní iarrfaidh an chúirt ar an ngiúiré ná ní threoróidh dóibh an duine a cúisíodh a fháil ciontach ar an gcruthú amháin gur fhoilsigh sé an páipéar ar cúisíodh gur leabhal é agus go raibh leis an bpáipéar sin an chiall a cuireadh ina leith sa díotáil.

(2) I ngach triail den sórt sin déanfaidh an chúirt, de réir a rogha, a tuairim agus a treorú a thabhairt don ghiúiré ar an ábhar a bheidh i saincheist amhail mar a dhéantar i gcásanna coiriúla eile.

(3) Ní oibreoidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo chun giúiré a chosc ó fhíorasc speisialta a chinneadh, dá rogha féin, amhail mar a dhéantar i gcásanna coiriúla eile.

Pléadáil gurbh fhíor na hábhair a cúisíodh i dtriail mar gheall ar leabhal clúmhillteach agus gurbh é leas an phobail iad a fhoilsiú.

6. —Sa triail ar aon díotáil mar gheall ar leabhal clúmhillteach, i gcás an duine a cúisíodh do dhéanamh pléadáil mar a luaitear anseo ina dhiaidh seo, féadfar fírinne na n-ábhar a cúisíodh a fhiosrú ach ní bheidh sin in ionannas le cosaint, murarbh é leas an phobail é go ndéanfaí na hábhair sin a cúisíodh a fhoilsiú; agus, chun go mbeidh teideal ag an gcosantóir fianaise i dtaobh fírinne na n-ábhar sin a cúisíodh a thabhairt mar chosaint ar an díotáil sin, ní foláir don duine a cúisíodh, ina phléadáil sa díotail sin, fírinne na n-ábhar sin a cúisíodh a líomhnú, sa tslí is gá i gcás fírinniú a phléadáil i gcaingean mar gheall ar chlúmhilleadh agus fairis sin a líomhnú gurbh é leas an phobail é na hábhair sin a cúisíodh a fhoilsiú, agus an fíoras nó na fíorais áirithe a líomhnú a thug gurbh é leas an phobail é go ndéanfaí na hábhair sin a cúisíodh a fhoilsiú, agus féadfaidh an t-ionchúisitheoir freagra a thabhairt go ginearálta ar an bpléadáil sin, á séanadh go hiomlán; agus más rud é, tar éis na pléadála sin, go gciontófar an duine a cúisíodh ar an díotáil sin, féadfaidh an chúirt, ag tabhairt a pianbhreithe di, a bhreithniú an méadú nó maolú ar a chiontacht an phléadáil sin agus an fhianaise a tugadh á cruthú nó á bréagnú: ar choinníoll—

(a) nach ndéanfar i gcás ar bith gan fírinniú a phléadáil amhlaidh fiosrú i dtaobh fírinne na n-ábhar a cúisíodh sa leabal líomhanta a gearánadh sa díotáil sin;

(b) i dteannta fírinniú a phléadáil amhlaidh, go bhféadfaidh an duine a cúisíodh pléadáil neamhchiontachta a thaifeadadh;

(c) nach gcuirfidh aon ní san alt seo ó chion aon chosaint, ná nach ndéanfaidh dochar d'aon chosaint, faoin bpléadáil neamhchiontachta a mbeidh an duine a cúisíodh inniúil ar a déanamh faoin bpléadáil sin in aon díotáil mar gheall ar leabhal clúmhillteach.

Fianaise ón duine a cúisíodh ag frisnéisiú cás prima facie gur ghníomhaire dó a rinne an foilsiú.

7. —Aon uair a tharlóidh, i dtriail ar dhíotáil mar gheall ar leabhal a fhoilsiú, a ndearnadh pléadáil neamhchiontachta a thaifeadadh ina leith, go dtabharfar fianaise a shuífidh i gcoinne an duine a cúisíodh toimhde go ndearnadh an foilsiú trí ghníomh aon duine eile le húdarás uaidh, beidh an duine a cúisíodh inniúil ar a chruthú gur gan údarás ná toiliú uaidh nó gur i ganfhios dó a rinneadh an foilsiú agus nach trí easpa cúraim nó aireachais mar ba chuí aige féin a tharla sé.

Ordú ó Bhreitheamh ag teastáil chun dílseánach páipéir nuachta, etc., a ionchúiseamh.

8. —Ní thosófar aon ionchúiseamh coiriúil i gcoinne aon dílseánaigh, foilsitheora nó eagarthóra ná i gcoinne aon duine atá freagrach i bhfoilsiú páipéir nuachta mar gheall ar aon leabhal a foilsíodh ann gan ordú ó Bhreitheamh den Ard-Chúirt ina shuí in camera a bheith tugtha agus faighte roimh ré, agus déanfar gach iarratas ar ordú den sórt sin ar fhógra a thabhairt don duine cúisithe, agus tabharfar caoi dósan éisteacht a fháil i gcoinne an iarratais.

Fiosrú i dtaobh leabhal a bheith chun leasa an phobail nó a bheith fíor.

9. —Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche, ar chúiseamh a éisteacht i gcoinne dílseánaigh, foilsitheora, eagarthóra nó aon duine atá freagrach i bhfoilsiú páipéir nuachta mar gheall ar leabhal a foilsíodh ann, fianaise a ghlacadh i dtaobh an foilsiú a bheith chun leasa an phobail, i dtaobh na hábhair a cúisíodh sa leabhal a bheith fíor, i dtaobh an tuairisc a bheith cothrom agus cruinn agus arna foilsiú gan mhailís agus i dtaobh aon ní a d'fhéadfadh an duine a cúisíodh a thabhairt i bhfianaise mar chosaint, faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile nó in aon slí eile, ina thriail ar dhíotáil, agus más é tuairim an Bhreithimh, tar éis an fhianaise sin a éisteacht, go bhfuil toimhde láidir nó toimhde dhóchúil ann go ndéanfadh an giúire ar an triail an duine a cúisíodh a éigiontú, féadfaidh sé an cás a dhíbheadh.

Forálacha maidir le ciontú achomair mar gheall ar leabhal.

10. —Más é tuairim Breithimh den Chúirt Dúiche, ar chúiseamh a éisteacht i gcoinne dílseánaigh, foilsitheora, eagarthóra nó aon duine eile atá freagrach i bhfoilsiú páipéir nuachta mar gheall ar leabhal a fhoilsiú ann, nach raibh sa leabhal, ar a shon gur taispeánadh go raibh an duine cúisithe ciontach ann, ach leabhal de chineál mionchúiseach agus go bhféadfar an cion a leorphionósú de bhua na gcumhachtaí a thugtar leis an alt seo, cuirfidh an Breitheamh faoi deara an cúiseamh a chur i scríbhinn agus a léamh don duine a cúisíodh agus fiafróidh sé de ansin an mian leis go dtrialfeadh giúiré é nó an dtoilíonn sé leis an gcás a thriail go hachomair, agus, má thoilíonn an duine sin leis an gcás a thriail go hachomair, féadfaidh sé é a chiontú go hachomair, agus fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air, agus beidh feidhm dá réir sin ag na hAchtanna um Dhlínse Achomair.

Pionós mar gheall ar leabhal clúmillteach a fhoilsiú go mailíseach.

11. —Gach duine a fhoilseoidh go mailíseach aon leabhal clúmhillteach dlífear, ar a chiontú ann ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air nó príosúnacht go ceann téarma nach faide ná bliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Pionós mar gheall ar leabhal is feasach a bheith bréagach a fhoilsiú go mailíseach.

12. —Gach duine a fhoilseoidh go mailíseach aon leabhal clúmhillteach, agus a fhios aige é a bheith bréagach dlífear, ar a chiontú ann ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó príosúnacht go ceann téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

Pionós mar gheall ar leabhal diamhaslach nó graosta a chlóbhualadh nó a fhoilsiú.

13. —(1) Gach duine a chumfaidh, a chlóbhuailfidh nó a fhoilseoidh aon leabhal diamhaslach nó graosta dlífear, ar a chiontú ann ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó príosúnacht go ceann téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile nó pianseirbhís go ceann téarma nach faide ná seacht mbliana a chur air.

(2) (a) I ngach cás ina gciontófar duine i leabhal diamaslach a chumadh, a chlóbhualadh nó a fhoilsiú, féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh chun na cóipeanna go léir den leabhal a bheidh i seilbh an duine sin, nó i seilbh aon duine eile a bheidh ainmnithe san ordú chun a úsáide, a urghabháil agus a thabhairt chun bealaigh agus a choinneáil i slánchoimeád, i cibé slí a ordófar san ordú ar fhianaise faoi mhionn a bheith tugtha roimhe sin chun sástacht na cúirte go bhfuil cóipeanna den leabhal sin i seilbh an duine eile sin chun úsáide an duine a ciontaíodh.

(b) Ar ordú a dhéanamh faoi mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh comhalta ar bith den Gharda Síochána agus é ag gníomhú faoin ordú sin dul isteach, le héigean más gá, agus cuardach a dhéanamh le haghaidh aon chóipeanna den leabhal sin in aon fhoirgneamh, teach nó aon áit eile leis an duine a ciontaíodh nó leis an duine eile sin a bheidh ainmnithe san ordú, agus féadfaidh sé gach cóip den leabhal a gheobhaidh sé ansin a urghabháil agus a thabhairt chun bealaigh agus a choinneáil sa tslí a ordaíodh san ordú sin.

(c) Más rud é, in aon chás den sórt sin, go ndéanfar an ciontú a neamhniú de thoradh achomhairc, déanfar aon chóipeanna den leabhal a urghabhadh faoi ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo a thabhairt ar ais saor ó mhuirear don duine nó do na daoine ónar urghabhadh iad.

(d) Más rud é, in aon chás den sórt sin, nach dtaiscfear achomharc nó go ndaingneofar an ciontú de thoradh achomhairc, déanfar, ar iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána chun na cúirte a rinne an t-ordú sin, aon chóipeanna den leabhal a urghabhadh faoi ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo a dhiúscairt i cibé slí a ordóidh an chúirt sin.