|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Imeachtaí Coiriúla mar gheall ar Leabhal) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear) |
AN tACHT UM CHLÚMHILLEADH, 1961
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID III Imeachtaí Sibhialta mar gheall ar Chlúmhilleadh | |
| [EN] |
Léiriú (Cuid III). 1926, umih. 45. 1960, Umih. 10. 1863, c.112. |
14. —(1) Sa Chuid seo— |
| [EN] | tá le “craoladh” an bhrí chéanna atá le “foirleatha” san Acht | |
| [EN] | Radio-Thelegrafaíochta, 1926 (dá ngairtear Acht 1926 san alt seo) agus forléireofar an briathar “craoladh” da réir sin; | |
| [EN] | tá le “stáisiún craolacháin” an bhrí chéanna atá le “stáisiún foirleatha” in Acht 1926, arna leasú leis an Acht um Údarás Craolacháin, 1960 ; | |
| [EN] | tá le “raidió-theileagrafaíocht” an bhrí chéanna atá le “radiothelegrafaíocht” in Acht 1926. | |
| [EN] | (2) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo d'fhocail a fhorléiriú mar ní a fholaíonn tagairt d'amharc-íomhánna, gothaí agus modhanna eile chun ciall a chur in iúl. | |
(3) Má dhéantar focail a chraolfar le raidió-theileagrafaíocht a tharchur san am céanna le teileagraf mar mhínítear sin leis an Telegraph Act, 1863, de réir ceadúnais arna dheonú ag an Aire Poist agus Telegrafa, beidh feidhm ag forálacha na Coda seo amhail is dá mba chraoladh le raidió-theileagrafaíocht an tarchur. | ||
| [EN] |
Ráitis chraolta. |
15. —Chun críocha dhlí an leabhail agus na béadchainte áireofar craoladh focal le raidió-theileagrafaíocht mar fhoilsiú i mbuanfhoirm. |
| [EN] |
Focail a chuirfidh mígheanmnaíocht nó adhaltranas i leith duine a bheith inchaingne gan damáiste speisialta. |
16. —Focail a labhrófar agus a fhoilseofar agus a chuirfidh mígheanmhaíocht nó adhaltranas i leith aon mhná nó chailín ní gá damáiste speisialta chun iad a dhéanamh inchaingne. |
| [EN] |
Tairiscint apalachta a bheith inghlactha i bhfianaise de mhaolú ar dhamáistí i gcaingean mar gheall ar chlúmhilleadh. |
17. —In aon chaingean mar gheall ar chlúmhilleadh, is dleathach don chosantóir (tar éis fógra i scríbhinn faoina bheith ar intinn aige sin a dhéanamh, a tugadh go cuí don ghearánaí an tráth a comhadaíodh nó a seachadadh an phléadáil sa chaingean) a chur i bhfianaise, de mhaolú ar dhamáistí, go ndearna sé apalacht a ghabháil leis an ngearánaí nó a thairiscint dó mar gheall ar an gclúmhilleadh sin sular tosaíodh an chaingean, nó chomh luath ina dhiaidh sin agus a bhí caoi aige ar é a dhéanamh, i gcás an chaingean a bheith tosaithe sula raibh caoi aige an apalacht sin a ghabháil nó a thairiscint. |
| [EN] |
Tuairiscí páipéir nuachta agus tuairiscí craolta ar imeachtaí i gcúirt a bheith faoi phribhléid. |
18. —Aon tuairisc chothrom chruinn a fhoilseofar in aon nuachtán nó a chraolfar le raidió-theileagrafaíocht mar chuid d'aon chlár nó seirbhís a sholáthrófar trí stáisiún craolacháin sa Stát nó i dTuaisceart Éireann ar imeachtaí a éisteadh go poiblí os comhair aon chúirte a bunaíodh le dlí agus ag a mbeidh údarás breithiúnach á fheidhmiú aici sa Stát nó i dTuaisceart Éireann, beidh sí faoi phribhléid más i gcomhaimsir leis na himeachtaí sin a fhoilseofar nó a chraolfar í. |
| [EN] | (2) Ní údaróidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo aon ábhar diamhaslach nó graosta a fhoilsiú nó a chraoladh. | |
| [EN] |
Béadchaint a bhaineann le clú duine ina oifig, ina ghairm nó ina ghnó. |
19. —I gcaingean mar gheall ar bhéadchaint i leith focal a rachadh chun dímheas a tharraingt ar an ngearánaí in aon oifig, gairm, slí bheatha, ceird nó gnó a bhí aige nó a bhí á sheoladh aige tráth an fhoilsithe, ní gá damáiste speisialta a líomhnú ná a chruthú, cibé acu i ndáil lena oifig, lena ghairm, lena slí bheatha, lena cheird, nó lena ghnó a dúradh na focail i dtaobh an ghearánaí nó nach ea. |
| [EN] |
Clúmhilleadh teidil, etc. |
20. —(1) I gcaingean mar gheall ar chlúmhilleadh teidil, clúmhilleadh earraí nó bréag mhailíseach eile, ní gá damáiste speisialta a líomhnú ná a chruthú— |
| [EN] | (a) más rud é go rachadh na focail ar ar bunaíodh an chaingean chun damáiste i gcúrsaí airgid a dhéanamh don ghearánaí agus gur i scríbhinn nó i mbuanfhoirm eile a foilsíodh iad; nó | |
| [EN] | (b) más rud é go rachadh na focail sin chun damáiste i gcúrsaí airgid a dhéanamh don ghearánaí maidir le haon oifig, gairm, slí bheatha, ceird nó gnó a bhí aige nó a bhí á sheoladh aige tráth an fhoilsithe. | |
| [EN] | (2) Beidh feidhm ag alt 15 den Acht seo chun críocha fho-alt (1) den alt seo amhail mar atá feidhm aige chun críocha dhlí an leabhail agus an chlúmhillte. | |
| [EN] |
Clúmhilleadh neamhbheartaithe. |
21. —(1) Duine a d'fhoilsigh focail a líomhnaítear a bheith ina gclúmhilleadh ar dhuine eile, féadfaidh sé, má éilíonn sé gur go neamhurchóideach a d'fhoilsigh sé na focail maidir leis an duine eile sin, tairiscint sásaimh a dhéanamh faoin alt seo, agus in aon chás den sórt sin— |
| [EN] | (a) má ghlacann an páirtí éagóraithe leis an tairiscint agus go gcomhlíonfar í go cuí, ní thionscnóidh an páirtí sin aon imeachtaí, ná ní leanfaidh sé d'aon imeachtaí, mar gheall ar leabhal nó clúmhilleadh i gcoinne an duine a rinne an tairiscint maidir leis an bhfoilsiú a bheidh i gceist (ach gan dochar d'aon chúis chaingne i gcoinne aon duine eile a bhí freagrach i gcomhpháirt san fhoilsiú sin); | |
| [EN] | (b) mura nglacfaidh an páirtí éagóraithe leis an tairiscint, ansin, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an alt seo, is cosaint é, in aon imeachtaí aige mar gheall ar leabhal nó clúmhilleadh i gcoinne an duine a rinne an tairiscint maidir leis an bhfoilsiú a bheidh i gceist, a chruthú gur go neamhurchóideach a rinne an cosantóir na focail a gearánadh a fhoilsiú maidir leis an ngearánaí agus go ndearnadh an tairiscint a luaithe ab fhéidir tar éis don chosantóir fógra a fháil go raibh siad nó go bhféadfaidís a bheith ina gclúmhilleadh ar an ngearánaí, agus nár tarraingíodh siar an tairiscint. | |
| [EN] | (2) Ní foláir é a bheith sainráite i dtairiscint sásaimh faoin alt seo gur chun críocha an ailt seo a dhéantar é, agus ní foláir mionnscríbhinn a bheith ag gabháil leis a shonróidh na fíorais ar a bhfuil a sheasamh ag an duine atá á dhéanamh chun a thaispeáint gur go neamhurchóideach a foilsíodh na focail atá i gceist maidir leis an bpáirtí éagóraithe; agus chun críocha cosanta faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo ní bheidh aon fhianaise, seachas fianaise ar fhíorais a shonrófar sa mhionnscríbhinn, inghlactha thar ceann an duine sin chun a chruthú gur mar sin a foilsíodh na focail. | |
| [EN] | (3) Is tuigthe gurb é is tairiscint sásaimh a dhéanfar faoin alt seo ann tairiscint— | |
| [EN] | (a) In aon chás, chun ceartú oiriúnach ar na focail a gearánadh, maraon le leor-apalacht don pháirtí éagóraithe i dtaobh na bhfocal sin, a fhoilsiú nó páirt a ghlacadh ina bhfoilsiú; | |
| [EN] | (b) i gcás cóipeanna de dhoiciméad nó de thaifead ina raibh na focail sin a bheith dáilte ag an duine nó go bhfios don duine a dhéanfaidh an tairiscint, chun cibé bearta a dhéanamh is féidir leis de réir réasúin lena chur in iúl do dhaoine dár dáileadh cóipeanna amhlaidh go líomhnaítear na focail a bheith ina gclúmhilleadh ar an bpáirtí éagóraithe. | |
| [EN] | (4) I gcás ina nglacfaidh an páirtí éagóraithe le tairiscint sásaimh faoin alt seo— | |
| [EN] | (a) déanfar aon cheist i dtaobh na mbeart a bheidh le déanamh i gcomhlíonadh na tairisceana mar a ghlacfar léi amhlaidh, mura gcomhaontóidh na páirtithe ar na bearta sin, a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte agus a chinneadh aici nó, má tionscnaíodh imeachtaí sa Chúirt Chuarda maidir leis an bhfoilsiú a bheidh i gceist, a chur faoi bhráid na Cúirte Cuarda agus a chinneadh aici, agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh na Cúirte sin ar an gceist sin; | |
| [EN] | (b) ar chumhacht na cúirte chun orduithe a dhéanamh i dtaobh costais in imeachtaí ag an bpáirtí éagóraithe i gcoinne an duine a dhéanfaidh an tairiscint maidir leis an bhfoilsiú a bheidh i gceist, nó in imeachtaí maidir leis an tairiscint faoi mhír (a) den fho-alt seo, áireofar cumhacht chun a ordú go mbeidh ar an duine a dhéanfaidh an tairiscint costais a íoc leis an bpáirtí éagóraithe ar fhoras slánaíochta maraon le haon chaiteachais faoina ndeachaigh nó faoina rachaidh an páirtí sin go réasúnach de dhroim an fhoilsithe a bheidh i gceist; | |
| [EN] | agus mura dtionscnófar aon imeachtaí mar a dúradh, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ón bpáirtí éagóraithe, aon ordú den sórt sin a dhéanamh le haghaidh íoc na gcostas nó na gcaiteachas sin mar a dúradh a d'fhéadfaí a dhéanamh sna himeachtaí sin. | |
| [EN] | (5) Chun críocha an ailt seo áireofar focail a bheith foilsithe ag duine amháin (dá ngairtear an foilsítheoir san fho-alt seo) go neamhurchóideach i dtaobh duine eile i gcás, agus sa chás sin amháin, ina mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta, is é sin le rá— | |
| [EN] | (a) nach raibh sé ar intinn ag an bhfoilsitheoir iad a fhoilsiú i dtaobh agus i leith an duine eile sin, agus nárbh eol dó imthosca a bhféadfaí a thuiscint iad a bheith ag tagairt dó; nó | |
| [EN] | (b) nach raibh na focail clúmhillteach de réir a gcuma, agus nárbh eol don fhoilsitheoir imthosca as a bhféadfaí a thuiscint iad a bheith ina gclúmhilleadh ar an duine eile sin, | |
| [EN] | agus i gceachtar cás gur ghlac an foilsitheoir gach cúram réasúnach maidir leis an bhfoilsiú; agus déanfar aon tagairt san fho-alt seo don fhoilsitheoir a fhorléiriú mar ní a fholaíonn tagairt d'aon seirbhíseach nó gníomhaire don fhoilsitheoir a raibh baint aige lena raibh san fhoilsiú. | |
| [EN] | (6) Ní bheidh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo i gcás ina gcruthóidh an páirtí éagóraithe gur bhain damáiste speisialta dó. | |
| [EN] | (7) Ní bheidh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo maidir le foilsiú ag duine ar bith ar fhocail nach é féin a n-údar mura gcruthóidh sé nach le mailís a scríobh an t-údar na focail. | |
| [EN] |
Fírinniú. |
22. —I gcaingean mar gheall ar leabhal nó clúmhilleadh i leith focail ina mbeidh dhá chúiseamh ar leithligh nó níos mó i gcoinne an ghearánaí, ní chlisfidh cosaint fhírinnithe de dhroim amháin nach gcruthófar fírinne gach cúisimh, más rud é nach ndéanfaidh na focail nár cruthaíodh a bheith fíor díobháil ábhartha do chlú an ghearánaí ag féachaint d'fhírinne na gcúiseamh eile. |
| [EN] |
Imchaint dhlisteanach. |
23. —I gcaingean mar gheall ar leabhal nó clúmhilleadh i leith focail a bheidh go páirteach ina líomhaintí fíorais agus go páirteach ina nochtadh tuairime, ní chlisfidh cosaint gurbh imchaint dhlisteanach a bhí iontu ar an aon chúis nár cruthaíodh gach líomhain fíorais, más imchaint dhlisteanach an nochtadh tuairme ag féachaint don méid a cruthaíodh de na fíorais a líomhnaíodh nó dar tagraíodh sna focail a gearánadh. |
| [EN] |
Tuairiscí áirithe páipéir nuachta agus craolacháin a bheith faoi phribhléid shrianta. 1888, c. 64. |
24. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh foilsiú a dhéanfar i bpáipéar nuachta, nó craoladh a dhéanfar le raidió-theileagrafaíocht mar chuid d'aon chlár nó seirbhís a sholáthraítear trí stáisiún craolacháin sa Stát nó i dTuaisceart Éireann, ar aon tuairisc nó ábhar eile den sórt a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, faoi phribhléid mura gcruthófar gur le mailís a rinneadh an foilsiú nó an craoladh sin. |
| [EN] | (2) I gcaingean mar gheall ar leabhal i leith foilsiú nó craoladh aon tuairisce nó ábhair den sórt a luaitear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ní cosaint iad forálacha an ailt seo má chruthaítear gur iarr an gearánaí ar an gcosantóir ráiteas réasúnach mar mhíniú nó mar bhréagnú a fhoilsiú sa pháipéar nuachta ina ndearnadh an foilsiú bunaidh nó a chraoladh ón stáisiún craolacháin óna ndearnadh an craoladh bunaidh, cibé acu é, agus gur dhiúltaigh nó gur fhailligh sé é sin a dhéanamh, nó go ndearna sé é ar chuma nár leor nó nach raibh réasúnach ag féachaint do na himthosca uile. | |
| [EN] | (3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chosnaíonn foilsiú nó craoladh aon ábhair a dtoirmisctear le dlí é a fhoilsiú nó a chraoladh, ná aon ábhair nach de chúram an phobail agus nach é leas an phobail é a fhoilsiú nó a chraoladh. | |
| [EN] | (4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a theorannaíonn nó a laghdaíonn aon phribhléid a bheidh ar marthain (ar shlí seachas de bhua alt 4 den Law of Libel Amendment Act, 1888) díreach roimh thosach feidhme an Achta seo. | |
| [EN] |
Comhaontuithe i leith slánaíochta. |
25. —Ní neamhdhleathach do chomhaontú chun aon duine a shlánú i gcoinne dliteanais shibhialta mar gheall ar leabhal maidir le foilsiú aon ábhair, murab eol don duine sin tráth an fhoilsithe gurbh ábhar clúmhillteach é, agus nach gcreideann sé go réasúnach go bhfuil cosaint mhaith ann ar aon chaingean a thionscnófaí mar gheall air. |
| [EN] |
Fianaise i dtaobh damáistí eile a ghnóthaigh an gearánaí. |
26. —In aon chaingean mar gheall ar leabhal nó clúmhilleadh féadfaidh an cosantóir fianaise a thabhairt do mhaolú ar dhamáistí gur ghnóthaigh an gearánaí damáistí, nó gur thionscain sé caingne ag iarraidh damáistí, mar gheall ar leabhal nó clúmhilleadh i leith focail a fhoilsiú arb ionann éifeacht dóibh agus do na focail ar ar bunaíodh an chaingean, nó gur ghlac sé, nó gur chomhaontaigh sé glacadh, le cúiteamh i leith aon fhoilsithe den sórt sin. |
| [EN] |
Oibleagáid ar dhílseánaigh áirithe páipéar nuachta a bheith cláraithe faoin Registration of Business Names Act, 1916. |
27. —(1) Ní foláir dílseánach gach páipéir nuachta ag a bhfuil áit ghnó sa Stát, mura cuideachta a claraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, an dílseánach sin, agus nach gá faoi fhorálacha an Registration of Business Names Act, 1916, a bheith cláraithe faoin Acht sin maidir le gnó seolta an pháipéir nuachta sin, a bheith cláraithe mar a ordaítear leis an Acht sin, agus beidh feidhm ag an Acht sin maidir leis an dílseánach sin amhail mar atá feidhm aige maidir le gnólacht nó le duine dá dtagraítear in alt 1 den Acht sin. |
| [EN] | (2) Déanfar gach tagairt atá san Registration of Business Names Act, 1916, don Acht sin a fhorléiriú mar thagairt don Acht sin arna leathnú le fo-alt (1) den alt seo. | |
| [EN] | (3) San alt seo ciallaíonn “páipéar nuachta” aon pháipéar ina mbíonn nuacht phoiblí nó tuairimí ar nuacht phoiblí, nó ar fógraí a bhíonn ann ar fad nó go formhór, agus a chlóbhuailtear lena dhíol agus a fhoilsítear sa Stát go tréimhsiúil nó i gcodanna nó in uimhreacha i gceann tréimhsí nach faide ná sé lá is fiche. | |
| [EN] |
Cosaint. |
28. —Ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo difir don dlí a bhaineann le leabhal coiriúil. |