|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear) |
AN tACHT UM CHLÚMHILLEADH, 1961
| [EN] | ||
| [EN] |
AN DARA SCEIDEAL Ráitis a bheidh faoi Phribhléid Shrianta | |
|
Cuid I Ráitis a bheidh faoi Phribhléid gan Miniú ná Bréagnú | ||
1. Tuairisc chothrom chruinn ar aon imeachtaí poiblí ag teach aon reachtais (lena n-áirítear fo-reachtais nó reachtais chónaidhme) le haon Stát ceannasach iasachta nó ag aon chomh lacht is cuid den reachtas sin nó aon chomhlacht arna cheapadh go cuí ag reachtas nó feadhmannas an Stáit sin nó faoi chun fiosrúchán poiblí a dhéanamh i dtaobh ní a mbaineann tábhacht phoiblí leis. | ||
2. Tuairisc chothrom chruinn ar aon imeachtaí poiblí ag eagras idirnáisiúnta a bhfuil an Stát nó an Rialtas ina chomhalta de nó ag aon chomhdháil idirnáisiúnta a gcuireann an Rialtas ionadaí chuici. | ||
3. Tuairisc chothrom chruinn ar aon imeachtaí poiblí ag an gCúirt Cheartais Idirnáisiúnta agus ag aon bhinse breithiúnach nó eadránach eile a bheidh ag cinneadh ábhar a bheidh faoi dhíospóid idir Stáit. | ||
4. Tuairisc chothrom chruinn ar aon imeachtaí os comhair cúirte (lena n-áirítear armchúirt) a mbeidh dlínse á hoibriú aici faoi dhlí aon reachtais (lena n-áirítear fo-reachtais nó reachtais chónaidhme) le haon Stát ceannasach iasachta. | ||
5. Cóip chothrom chruinn d'aon chlár, nó sliocht cothrom cruinn as aon chlár, a bheidh á choimeád de bhun aon dlí agus a bheidh ar oscailt lena iniúchadh ag an bpobal nó d'aon doiciméad eile is gá de réir dlí a bheith ar oscailt lena iniúchadh ag an bpobal. | ||
6. Aon fhógra nó fógrán a fhoilseoidh aon chúirt sa Stát nó i dTuaisceart Éireann nó aon Bhreitheamh nó oifigeach de chuid cúirte den sórt sin nó a fhoilseofar lena n-údarás. | ||
|
Cuid II Ráitis a bheidh faoi phribhléid faoi réir a Minithe nó a mBréagnaithe | ||
1. Tuairisc chothrom chruinn ar chinntí nó ar bhreith ó aon chomhlachas acu seo a leanas, cibé acu sa Stát nó i dTuaisceart Éireann a cuireadh ar bun é, nó ó aon choiste nó comhlacht ceannais d'aon chomhlachas acu, is é sin le rá: | ||
(a) comhlachas chun cleachtadh aon ealaíne, eolaíochta, creidimh nó léinn nó suim in aon ní díobh sin a chur ar aghaidh nó a spreagadh, agus é de chumhacht aige óna chóiriú rialú nó breithniú a dhéanamh ar chúrsaí is ábhar suime nó is cúram don chomhlachas nó ar ghníomhartha nó iompar aon daoine a bheidh faoi réir an rialaithe nó an bhreithnithe sin; | ||
(b) comhlachas chun leasanna aon cheirde, gnó, tionscail nó gairme, nó leasanna na ndaoine a bhíonn ag gabháil d'aon cheird, gnó, tionscal nó gairm nó a mbíonn sin á sheoladh acu, a chur ar aghaidh nó a chaomhnú agus é de chumhacht ag an gcomhlachas óna chóiriú rialú nó breithniú a dhéanamh ar chúrsaí a bhaineann leis an gceird, leis an ngnó, leis an tionscal nó leis an ngairm sin nó ar bhearta nó iompar na ndaoine sin; | ||
(c) comhlachas chun leasanna aon chluiche, spóirt nó caitheamh aimsire a chur ar aghaidh nó a chaomhnú a dtugtar cuireadh do dhaoine den phobal nó a ligtear isteach iad chun a imeartha nó a chleachta, agus é de chumhacht ag an gcomhlachas sin óna chóiriú rialú nó breithniú a dhéanamh ar dhaoine a mbíonn baint acu leis an gcluiche, leis an spórt nó leis an gcaitheamh aimsire sin nó a ghlacann páirt ann; | ||
más cinneadh nó breith é a bhaineann le duine is comhalta den chomhlachas nó atá, de bhua aon chonartha, faoi rialú an chomhlachais. | ||
2. Tuairisc chothrom chruinn ar na himeachtaí ag aon chruinniú poiblí a thionólfar sa Stát nó i dTuaisceart Éireann, más cruinniú bona fide é agus go dtionólfar go dleathach é chun críche dleathaí agus chun aon ábhar is cúram don phobal, a chur ar aghaidh nó a phlé, cibé acu a ligfear an pobal i gcoitinne isteach chun an chruinnithe nó nach ligfear isteach ach daoine áirithe. | ||
3. Tuairisc chothrom chruinn ar na himeachtaí ag aon chruinniú a thionólfaidh nó ar aon ócáid a shuífidh— | ||
(a) aon údarás áitiúil, nó aon choiste d'údarás áitiúil nó d'údaráis áitiúla, agus aon údarás comhréire, nó aon choiste de i dTuaisceart Éireann; | ||
(b) aon Bhreitheamh a bheidh ag gníomhnú ar shlí seachas mar chúirt ag oibriú údaráis bhreithiúnaigh agus aon duine comhréire a bheidh ag gníomhú amhlaidh i dTuaisceart Éireann; | ||
(c) aon choimisiún, binse, coiste nó duine a ceapadh, sa Stát nó i dTuaisceart Éireann, chun críocha aon fhiosrúcháin faoi údarás reachtúil; | ||
(d) aon duine a cheap údarás áitiúil chun fiosrúchán áitiúil a dhéanamh de bhun Acht ón Oireachtas agus aon duine a cheap údarás comhréire i dTuaisceart Éireann chun fiosrúchán áitiúi a dhéanamh de bhun údaráis reachtúil; | ||
(e) aon bhinse, bord, coiste nó comhlacht eile a bunaíodh le húdarás reachtúil nó faoi, agus a bheidh ag feidhmiú feidhmeanna faoi údarás reachtúil, cibé acu sa Stát nó i dTuaisceart Éireann é; | ||
nach cruinniú ná suí nach ligfear ionadaithe na nuachtán ná daoine eile den phobal isteach chuige. | ||
4. Tuairisc chothrom chruinn ar na himeachtaí ag cruinniú ginearálta, cibé acu sa Stát nó i dTuaisceart Éireann é, d'aon chuideachta nó comhlachas a bunaíodh, a cláraíodh nó a deimhníodh le húdarás reachtúil nó faoi, nó a corpraíodh le cairt, agus nach é atá ann, i gcás cuideachta sa Stát, cuideachta phríobháideach de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, nó i gcás cuideachta i dTuaisceart Éireann, cuideachta phríobháideach de réir bhrí na reachtanna maidir le cuideachtaí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire ansin. | ||
5. Cóip, nó tuairisc nó coimriú a bheidh cothrom agus cruinn, d'aon fhógra nó ábhar eile a eisíodh mar eolas don phobal ó aon roinn Rialtais nó údarás áitiúil nó ó choimisinéir an Gharda Síochána, nó thar a gceann, nó ó roinn, údarás nó oifigeach comhréire i dTuaisceart Éireann nó thar a gceann. |