An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Cúiteamh.) Ar Aghaidh (CUID VIII. Ilghnéitheach.)

28 1963

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1963

CUID VII.

Talamh a Thógáil, etc.

Talamh a leithreasú chun críocha feidhmeanna faoin Acht seo.

74. —(1) I gcás—

(a) ina mbeidh talamh dílsithe d'údarás pleanála ar shlí seachas chun críocha a bhfeidhmeanna faoin Acht seo, agus

(b) gur deimhin leis an údarás pleanála gur ceart an talamh a chur ar fáil chun na gcríocha sin,

féadfaidh an t-údarás pleanála, le toiliú an Aire iomchuí, an talamh a leithreasú chun aon cheann de na críocha sin.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo ciallaíonn “an tAire iomchuí”—

(a) más d'Aire amháin seachas an tAire atá na feidhmeanna Aire a bhaineann leis an talamh atá i gceist dílsithe— an tAire sin,

(b) má tá na feidhmeanna sin dílsithe do bheirt Aire nó níos mó (nach aon duine acu an tAire)—an tAire acu is mó a bhfuil baint aige leis an talamh,

(c) i ngach cás eile—an tAire.

(3) Má éiríonn aon amhras maidir le mír (b) den fho-alt sin roimhe seo i dtaobh cé acu de bheirt Aire nó níos mó is mó a bhfuil baint aige le talamh áirithe, cinnfidh an tAire an t-ambras.

Údarás pleanála do dhiúscairt talún.

1960, Uimh. 42 .

75. —(1) Féadfar aon talamh a thógfaidh údarás pleanála chun críocha an Achta seo nó a leithreasóidh siad faoin Acht seo a dhíol, a léasú, nó a mhalartú, faoi réir cibé coinníollacha is dóigh leo is gá chun go n-úsáidfear sa tslí is fearr is féidir an talamh sin nó talamh eile, agus fós aon déanmhais nó oibreacha a foirgníodh, a cuireadh suas nó a rinneadh, nó atáthar chun a fhoirgniú a chur suas nó a dhéanamh, ar an talamh sin nó ann nó faoi nó ar thalamh eile nó ann nó faoi nó chun a áirithiú go bhfoirgneofar, go gcuirfear suas nó go ndéanfar aon déanmhais nó oibreacha is dóigh leo is gá chun a limistéar a phleanáil agus a fhorbairt mar is cuí.

(2) Beidh riachtanas ann go dtoileoidh an tAire le haon díol, léasú nó malartú faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) i gcás nach é an praghas nó an cíos, nó an rud a gheobhaidh an t-údarás pleanála den mhalartú, an praghas, an cíos nó an rud is fearr a d'fhéadfaí, le réasún, a fháil, nó

(b) i gcás ina ndéanfadh an fhorbairt a bheidh beartaithe le haghaidh na talún sárú ábhartha ar an bplean forbartha,

ach, ní bheidh riachtanas leis ach amháin mar adúradh, d'ainneoin forálacha aon achtacháin eile.

(3) Aon airgead caipitil a éireoidh ó thalamh a dhiúscairt faoi fho-alt (1) den alt seo cuirfear é chun críche caipitiúla chun ar féidir airgead caipitil a chur go cuí.

(4) (a) Más rud é, maidir le haon talamh a thógfaidh údarás pleanála chun críocha an Achta seo nó a leithreasóidh siad faoin Acht seo, go measfaidh an t-údarás nach mbeidh úsáid na talún ag teastáil le haghaidh aon cheann dá bhfeidhmeanna i gcaitheamh tréimhse áirithe, féadfaidh an t-údarás léas ar an talamh a dheonú ar feadh na tréimhse sin nó aon tréimhse is lú ná sin, agus déarfaidh an léas sin gur léas é arna dheonú chun críocha an fho-ailt seo.

(b) Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 agus 1958, ná ag an Acht Srianta Cíosa, 1960 , maidir le léas arna dheonú mar a dúradh chun críocha an fho-ailt seo.

Ceart slí poiblí a mhúchadh.

76. —(1) Féadfaidh údarás pleanála, le ceadú an Aire, ceart slí poiblí a mhúchadh le hordú, ach foilseofar sa tslí fhorordaithe ordú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo, agus ní cheadóidh an tAire an t-ordú go dtí go mbeidh sé tar éis a chur faoi deara fiosrúchán áitiúil poiblí a sheoladh agus go mbeidh sé tar éis breithniú a dhéanamh ar aon agóidí i gcoinne an ordaithe nach mbeidh tarraingthe siar agus ar thuarascáil an duine a sheol an fiosrúchán.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le ceart slí poiblí thar thalamh a thóg údarás pleanála go héigeantach chun críocha an Achta seo má d'údaraigh an t-ordú a d'údaraigh an tógáil éigeantach an ceart slí sin a mhúchadh.

Forbairt ag údarás pleanála, etc.

1960, Uimh. 40 .

77. —(1) Féadfaidh údarás pleanála talamh a fhorbairt nó a áirithiú go ndéanfar é a fhorbairt, agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo, féadfaidh siad—

(a) feabhsú cholbha aon bhóthair phoiblí a áirithiú, a urasú agus a rialú trí leathnú, oscailt, méadú nó feabhsú ar shlí eile,

(b) aon talamh i gcomharsanacht aon bhóthair nó droichid a fhorbairt, a mbeartaítear é a fheabhsú nó a fhoirgniú,

(c) bóithre agus cibé seirbhísí agus oibreacha a bheidh ag teastáil le haghaidh forbartha a chur ar fáil i limistéir,

(d) limistéir chuí-chrutha a chur ar fáil le haghaidh forbartha,

(e) maidir le limistéir neamhfhóinteacha, iad a fhorbairt nó a athnuachan, nó a bhforbairt nó a n-athnuachan a áirithiú, agus spásanna oscailte a chur ar fáil iontu,

(f) a áirithiú go slánchoimeádfar aon radharc nó amharc, aon déanmhas nó aon airí nádúrtha ábhartha, aon chrainn is ábhar d'ordú slánchoimeádta crann, aon ionad is ábhar spéise ó thaobh na geolaíochta, na haeceolaíochta, nó na seandálaíochta nó aon ainmhithe nó fásra is ábhar d'ordú caomhnaithe.

(2) Féadfaidh údarás pleanála iad seo a leanas a chur ar fáil—

(a) láithreáin chun tionscail agus gnóthaí (lena n-áirítear óstáin, mótar-liosanna agus tithe aíochta), tithe cónaithe, oifigí, siopaí, scoileanna, eaglaisí agus áiseanna eile don phobal, agus foirgnimh, áitribh cónaithe, páirceanna agus teaghaisí, den sórt dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo a bhunú nó a athionadú iontu,

(b) foirgnimh mhonarchan, áitribh oifige, áitribh siopa, tithe cónaithe, páirceanna siamsa agus déanmhais chun siamsaíochta, carabháin-locanna, foirgnimh chun cóiríocht, béilí agus bia agus deoch a sholáthar, foirgnimh chun seirbhísí trádála agus gairmiúla a sholáthar agus déanmhais fógráin,

(c) aon seirbhísí is dóigh leo a bheith cúntach le haon ní dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo agus a bheidh curtha ar fáil acu,

agus féadfaidh siad aon láithreán, foirgneamh, áitreabh, teaghais, páirc, déanmhas nó seirbhís den sórt sin a chothabháil agus féadfaidh siad aon táillí a bhaint amach is dóigh leo a bheith réasúnach maidir leis sin a chur ar fáil, a chothabháil nó a bhainistí.

(3) Féadfaidh údarás pleanála, maidir le haon cheann dá bhfeidhmeanna faoin Acht seo, comhshocraíochtaí a dhéanamh le haon duine nó comhlacht chun talamh a fhorbairt nó a bhainistí agus na comhshocraíochtaí sin a chur i gcrích.

(4) Chun amhras a sheachaint dearbhaítear leis seo maidir leis na cumhachtaí a fhéadfaidh údarás pleanála a fheidhmiú de bhun alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960 , i ndáil le tógáil éigeantach chun críocha aon cheann dá bhfeidhmeanna faoin Acht seo go bhfuil feidhm acu maidir le haon ní a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Acht seo mar ní atá folaithe i “talamh”.

Fógra poiblí i dtaobh forbairt a bheartóidh údaráis áitiúla áirithe a dhéanamh.

78. —Féadfaidh rialacháin a dhéanfar maidir le haon chásanna nó cineál cásanna forbartha a bheartóidh údaráis áitiúla is údaráis phleanála a dhéanamh—

(a) a cheangal ar an údarás fógra poiblí a thabhairt, ar aon mhodh a shonrófar, i dtaobh forbairt a bheartaíonn siad a dhéanamh,

(b) a cheangal go gcuirfear in aon fhógra den sórt sin cuireadh chun daoine leasmhara agóidí a dhéanamh i gcoinne na forbartha a bheidh beartaithe,

(c) i gcásanna ina ndéanfar aon agóid den sórt sin agus nach dtarraingeofar siar í, a cheangal ar an údarás toiliú an Aire a fháil sula ndéanfaidh siad an fhorbairt a bheidh beartaithe.

Leasú ar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 agus 1958.

1931, Uimh. 55 .

1958, Uimh. 2 .

79. —(1) Folóidh “gnó” san Acht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931 , comhlíonadh aon cheann dá bhfeidhmeanna ag údarás pleanála.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 22 den Acht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe 1931, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(bb) gurb amhlaidh, agus an tiarna tí sin ina údarás pleanála de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , gurb é áit a bhfuil an tionóntán sin nó aon chuid de i limistéar a dtaispeánann an plean forbartha de réir bhrí an Achta sin ina leith cuspóirí chun é a fhorbairt nó a athnuachtan mar limistéar neamhfhóinteach, nó”.

(3) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 15 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Léasanna Frithdhílse), 1958 , trí “nó, d'eile, agus é ina údarás pleanála de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , go gcruthóidh sé don Chúirt, i gcás inarbh léas ar iomlán na talún an léas frithdhílse, gurb é áit a bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh i limistéar a dtaispeánann an plean forbartha de réir bhrí an Achta sin ina leith cuspóirí chun é a fhorbairt nó a athnuachan mar limistéar neamhfhóinteach nó, i gcás inarbh léas ar chuid den talamh é an léas frithdhílse, gurb é áit a bhfuil an chuid sin nó aon chuid den chuid sin i limistéar den sórt sin,” a chur leis.