An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XI. Cuideachtaí a Corpraíodh lasmuigh den Stát agus a Bhunóidh Áit Ghnó laistigh den Stát.) Ar Aghaidh (CUID XIII. Forálacha Ginearálta maidir le Clárú.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

CUID XII.

Srianta le Scaireanna a Dhíol agus le Scaireanna a Thairiscint chun a nDíolta.

amheolairí a bhaineann le cuideachtaí a corpraíodh lasmuigh den Stát.

361. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní dleathach d'aon duine aon réamheolaire a eisiúint, a leathadh ná a dháileadh sa Stát a thairgfidh le haghaidh a suibscríofa scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta a corpraíodh nó atá le corprú lasmuigh den Stát, cibé acu atá nó nach bhfuil áit ghnó bunaithe ag an gcuideachta nó, ar í a bheith foirmithe, a bheidh nó nach mbeidh sin á bunú aici sa Stát, mura rud é go mbeidh an réamheolaire dátaithe agus—

(a) go mbeidh sonraí ann maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) an ionstraim lenar comhdhéanadh an chuideachta nó lena mínítear a comhdhéanamh;

(ii) na hachtacháin nó na forálacha ag a bhfuil feidhm achtacháin, lena ndearnadh nó faoina ndearnadh an chuideachta a chorprú;

(iii) seoladh sa Stát ina bhféadfar scrúdú a dhéanamh ar an ionstram, na hachtacháin nó na forálacha sin, nó ar chóipeanna díobh, agus, más i dteanga seachas Gaeilge nó Béarla dóibh, ar thiontú Gaeilge nó Béarla orthu a bheidh deimhnithe ar an modh forordaithe;

(iv) an dáta a corpraíodh agus an tír inar corpraíodh an chuideachta;

(v) cé acu atá nó nach bhfuil áit ghnó bunaithe sa Stát ag an gcuideachta, agus, má tá, seoladh a príomháite gnó sa Stát;

(b) faoi réir forálacha an ailt seo, go mbeidh luaite ann na nithe a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal agus go mbeidh leagtha amach ann na tuarascálacha a shonraítear i gCuid II den Sceideal sin, ach sin i gcónaí faoi réir na bhforálacha atá i gCuid III den Sceideal sin.

(2) Nuair a bheidh Cuid I den Tríú Sceideal á cur chun feidhme chun críocha fho-alt (1), beidh éifeacht ag mír 2 di ach tagairt d'ionstraim chomhdhéanta na cuideachta a chur in ionad na tagartha do na hairteagail.

(3) Aon choinníoll a éileoidh nó a cheanglóidh ar iarratasóir ar scaireanna nó bintiúir comhlíonadh aon cheanglais a fhorchuirtear le mír (a) nó mír (b) d'fho-alt (1) a tharscaoileadh, nó a airbheartóidh éifeacht air a thabhairt d'fhógra maidir le haon chonradh, doiciméad nó ní nach ndéantar tagairt go sonrach dó sa réamheolaire, beidh sé ar neamhní.

(4) Faoi réir fho-alt (5), ní dleathach d'aon duine foirm iarratais ar scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta, nó de chuid cuideachta beartaithe, den sórt a luaitear i bhfo-alt (1), a eisiúint chun aon duine sa Stát, mura n-eiseofar an fhoirm i dteannta réamheolaire a chomhlíonann an Chuid seo agus nach sárú ar fhorálacha alt 363 é a eisiúint sa Stát.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) má shuitear gur eisíodh an fhoirm iarratais i ndáil le cuireadh bona fide do dhuine chun dul faoi chomhaontú frithghealltanais maidir leis na scaireanna nó na bintiúir.

(6) Faoi réir fho-alt (7), má tharlaíonn neamhchomhlíonadh nó sárú ar aon cheann de cheanglais an ailt seo, ní bheidh stiúrthóir nó aon duine eile a bheidh freagrach sa réamheolaire faoi aon dliteanas mar gheall ar an neamhchomhlíonadh nó an sárú, más rud é—

(a) go gcruthóidh sé maidir le haon ní nár nochtadh nach raibh a fhios aige é; nó

(b) go gcurthóidh sé gur trí dhearmad macánta fíorais aige a tharla an neamhchomhlíonadh nó an sárú; nó

(c) gur neamhchomhlíonadh nó sárú é maidir le nithe arb é tuairim na cúirte a dhéileálfaidh leis an gcás gur nithe neamhábhartha iad nó go raibh siad ar shlí eile de shórt gurb é tuairim na cúirte sin, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, gur cóir de réir réasúin é a mhaitheamh.

(7) Má mhainnítear ráiteas maidir leis na nithe a luaitear i mír 16 den Tríú Sceideal a chur isteach i réamheolaire, ní bheidh aon stiúrthóir ná aon duine eile faoi aon dliteanas i leith na mainneachtana mura gcruthófar go raibh fios aige ar na nithe nár nochtadh.

(8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le réamheolaire nó foirm iarratais a bhaineann le scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta a eisiúint chuig comhaltaí nó bintiúraigh láithreacha den chuideachta, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh ceart ag iarratasóir ar na scaireanna nó na bintiúir tréigean a dhéanamh i bhfabhar daoine eile; ná

(b) ach amháin sa mhéid go gceanglaíonn sé réamheolaire a dhátú, maidir le réamheolaire nó foirm iarratais a eisiúint a bhaineann le scaireanna nó bintiúir atá, nó atá le bheith, go huile agus go hiomlán ar aon réim le scaireanna nó bintiúir a eisíodh laistigh den 2 bhliain roimhe sin agus a bhfuiltear de thuras na huaire ag déileáil iontu nó á lua ar stocmhargadh aitheanta;

ach, faoi réir a bhfuil ráite, beidh feidhm ag an alt seo maidir le réamheolaire nó foirm iarratais, cibé acu ar chuideachta a fhoirmiú, nó i ndáil lena foirmiú nó dá éis sin, a eiseofar iad.

(9) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo teorannú ná laghdú ar aon dliteanas a bheidh ar aon duine faoin dlí ginearálta nó faoin Acht seo, ar leithligh ón alt seo.

Alt 361 a eisiamh agus an Tríú Sceideal a mhaolú i gcás réamheolairí áirithe.

362. —(1) I gcás—

(a) ina mbeartófar aon scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta a corpraíodh nó atá le corprú lasmuigh den Stát a thairiscint don phobal trí réamheolaire arna eisiúint go ginearálta, cibé acu atá nó nach bhfuil áit ghnó bunaithe ag an gcuideachta nó, ar í a bheith foirmithe, a bheidh nó nach mbeidh sin á bunú aici sa Stát; agus

(b) ina ndéanfar iarratas chun stocmhargadh aitheanta ag iarraidh cead déileáil sna scaireanna nó sna bintiúir sin nó cead iad a lua ar an stocmhargadh sin;

féadfaidh an stocmhargadh sin nó féadfar thar a cheann, ar an iarratasóir dá iarraidh sin, deimhniú díolúine a thabhairt, is é sin, deimhniú á rá go mbeadh sé ródhian ceanglais an Tríú Sceideal a chomhlíonadh, ag féachaint do na tograí (mar a bheidh siad luaite san iarratas) maidir le méid agus imthosca eile na heisiúna scaireanna nó bintiúr, agus maidir le haon teorannú ar líon agus aicme na ndaoine a bhfuil an tairiscint le tabhairt dóibh.

(2) Má thugtar deimhniú díolúine agus má chloítear leis na tograí a dúradh agus go ndéanfar na sonraí agus an t-eolas is gá a fhoilsiú i ndáil leis an iarratas ar chead a rinneadh chun an stocmhargaidh a fhoilsiú amhlaidh, ansin—

(a) measfar ceanglais an Tríú Sceideal a bheith comhlíonta ag réamheolaire a thugann na sonraí agus an t-eolas a dúradh san fhoirm inar gá amhlaidh iad a fhoilsiú; agus

(b) ach amháin sa mhéid go gceanglaíonn sé réamheolaire a dhátú agus faoi réir mhír (c), ní bhainfidh alt 361 le haon eisiúint a dhéanfar, tar éis an cead a iarradh a bheith tugtha, ar réamheolaire maidir leis na scaireanna nó na bintiúir; agus

(c) bainfidh fo-alt (4) d'alt 361 le haon eisiúint a dhéanfar, tar éis an cead a iarradh a bheith tugtha, ar fhoirm iarratais maidir leis na scaireanna nó na bintiúir amhail is dá mba é a bhí sa tagairt do réamheolaire tagairt do réamheolaire a thugann na sonraí agus an t-eolas a dúradh san fhoirm inar gá amhlaidh iad a fhoilsiú.

Forálacha maidir le toiliú saineolaí agus le leithroinnt.

363. —(1) Ní dleathach d'aon duine aon réamheolaire a eisiúint, a leathadh nó a dháileadh sa Stát a thairgfidh le haghaidh a suibscríofa scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta a corpraíodh nó atá le corprú lasmuigh den Stát, cibé acu atá nó nach bhfuil áit ghnó bunaithe ag an gcuideachta nó, ar í a bheith foirmithe, a bheidh nó nach mbeidh sin á bunú aici sa Stát—

(a) más rud é, i gcás ráiteas a bheith sa réamheolaire a airbheartaíonn a bheith arna dhéanamh ag saineolaí, nár thug sé, nó gur tharraing sé siar sular seachadadh an réamheolaire lena chlárú, a thoiliú i scríbhinn le heisiúint an réamheolaire agus an ráiteas istigh ann san fhoirm agus sa chomhthéacs ina bhfuil sé istigh ann, nó nach bhfuil sa réamheolaire ráiteas gur thug sé a thoiliú agus nár tharraing sé siar é mar a dúradh; agus

(b) mura bhfuil d'éifeacht leis an réamheolaire, i gcás iarratas a dhéanamh dá bhun, gach duine lena mbaineann a chur faoi cheangal ag forálacha atá ar comhréir leis na forálacha (seachas na forálacha pionósacha) atá in ailt 56 agus 57, a mhéid is infheidhme iad.

(2) San alt seo folaíonn “saineolaí” innealtóir, luachálaí, cuntasóir agus aon duine eile a dtugann a ghairm údarás do ráiteas uaidh, agus chun críocha an ailt seo, measfar ráiteas a bheith curtha isteach i réamheolaire má tá sé istigh ann féin nó in aon tuarascáil nó meabhrán ar a éadan nó má tá sé corpraithe ann i modh tagartha nó má eisíodh é leis an réamheolaire.

Clárú an réamheolaire.

364. —(1) Ní dleathach d'aon duine aon réamheolaire a eisiúint, a leathadh nó a dháileadh sa Stát a thairgfidh le haghaidh a suibscríofa scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta a corpraíodh nó atá le corprú lasmuigh den Stát, cibé acu atá nó nach bhfuil áit ghnó bunaithe ag an gcuideachta nó, ar í a bheith foirmithe, a bheidh nó nach mbeidh sin á bunú aici sa Stát, mura rud é, sula ndéanfar an réamheolaire a eisiúint, a leathadh nó a dháileadh sa Stát, go ndearnadh cóip den réamheolaire, faoi dheimhniú ón gcathaoirleach agus ó bheirt eile de stiúrthóirí na cuideachta gur ceadaíodh í le rún ón gcomhlacht bainistíochta, a sheachadadh lena clárú do chláraitheoir na gcuideachtaí, mar a mhínítear sin san Acht seo, agus go luafaidh an réamheolaire ar a éadan go ndearnadh cóip den réamheolaire a sheachadadh amhlaidh agus go mbeidh formhuinithe ar an gcóip nó ag gabháil léi—

(a) aon toiliú le heisiúint an réamheolaire is gá de réir alt 363;

(b) cóip d'aon chonradh is gá de réir mhír 14 den Tríú Sceideal a lua sa réamheolaire nó, i gcás conradh nár cuireadh síos i scríbhinn, meabhrán ina dtabharfar sonraí iomlána ina thaobh nó, más rud é, i gcás réamheolaire a measfar de bhua deimhniú a tugadh faoi alt 362 ceanglais an Sceidil sin a bheith comhlíonta ina leith, gur gá go mbeadh conradh nó cóip de nó meabhrán conartha ar fáil lena scrúdú i ndáil leis an iarratas faoin alt sin chun an stocmhargaidh a bheidh i gceist, cóip nó, de réir mar a bheidh, meabhrán, den chonradh sin; agus

(c) i gcás ina mbeidh na daoine a thabharfaidh aon tuarascáil is gá a thabhairt de réir Chuid II den Sceideal sin tar éis aon choigeartuithe mar atá luaite i mír 29 den Sceideal sin a dhéanamh sa tuarascáil sin nó, gan na fáthanna a lua, a chur in iúl inti, ráiteas i scríbhinn faoi shíniú na ndaoine sin ina leagfar amach na coigeartuithe agus ina dtabharfar na fáthanna a bhí leo.

(2) Na tagairtí atá i mír (b) d'fho-alt (1) don chóip de chonradh is gá dá réir a fhormhuiniú ar chóip den réamheolaire nó a chur ag gabháil léi, measfar, i gcás conradh atá go hiomlán nó go páirteach i dteanga seachas Béarla nó Gaeilge, gur tagairtí iad do chóip de thiontú Béarla nó Gaeilge ar an gconradh nó do chóip ina bhfuil tiontú Béarla nó Gaeilge ar na codanna atá sa teanga iasachta, de réir mar a bheidh, agus ar tiontú é a mbeidh sé deimhnithe sa tslí fhorordaithe gur tiontú ceart é, agus folóidh an tagairt do chóip de chonradh is gá a bheidh ar fáil lena scrúdú tagairt do chóip de thiontú ar an gconradh nó do chóip ina bhfuil tiontú ar chodanna de.

Pionós mar gheall ar ailt 361 go 364 a shárú.

365. —Aon duine a bheidh freagrach go feasach as réamheolaire a eisiúint, a leathadh nó a dháileadh, nó as foirm iarratais ar scaireanna nó bintiúir a eisiúint, contrártha d'aon cheann d'fhorálacha ailt 361 go 364, dlífear—

(a) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, a chur air; nó

(b) ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air.

Dliteanas sibhialta mar gheall ar mhíráitis i réamheolaire.

366. —Beidh réim ag alt 49 maidir le gach réamheolaire a thairgfidh le haghaidh a suibscríofa scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta a corpraíodh nó atá le corprú lasmuigh den Stát, cibé acu atá nó nach bhfuil áit ghnó bunaithe ag an gcuideachta nó, ar í a bheith foirmithe, a bheidh nó nach mbeidh sin á bunú aici sa Stát, ach tagairtí d'alt 363 a chur in ionad na dtagairtí d'alt 46.

Léiriú forálacha a bhaineann le réamheolairí.

367 —(1) I gcás aon doiciméad lena dtairgfear aon scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát a dhíol leis an bpobal, más rud é, dá mba chuideachta de réir bhrí an Achta seo an chuideachta sin, go measfaí de bhua alt 51 é a bheith ina réamheolaire a d'eisigh an chuideachta, measfar, chun críche na Coda seo, gur réamheolaire a d'eisigh an chuideachta an doiciméad sin.

(2) Ní mheasfar gur tairiscint don phobal chun críocha na Coda seo tairiscint scaireanna nó bintiúir lena suibscríobh nó lena ndíol d'aon duine arb é a ghnáthghnó é scaireanna nó bintiúir a cheannach nó a dhíol, cibé acu mar phríomhaí nó mar ghníomhaire é.

(3) Ní bhainfidh an Chuid seo le réamheolaire ná le foirm iarratais ar scaireanna nó bintiúir a foilsíodh nó a eisíodh don chéad uair i dtír a bheidh aitheanta chun críocha an ailt seo, má chomhlíonann an réamheolaire nó an fhoirm iarratais an dlí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire sa tír inar foilsíodh nó inar eisíodh an réamheolaire nó an fhoirm iarratais don chéad uair.

(4) Sa Chuid seo tá le “réamheolaire”,“scaireanna” agus “bintiúir” an bhrí chéanna atá leo nuair a úsáidtear iad maidir le cuideachta a corpraíodh faoin Acht seo, agus ciallaíonn “aitheanta” aitheanta le hordú arna dhéanamh ag an Aire.