|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IX Taifid, Tuairisceáin agus Eolas) | Ar Aghaidh (CUID XI Scrúd-mheáchan ag Mianaigh Ghuail) |
AN tACHT UM MIANAIGH AGUS CAIRÉIL, 1965
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID X Rialacháin | |
| [EN] |
Rialacháin. |
127. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon chríocha de chuid an Achta seo. |
| [EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin le haghaidh aon ní acu seo a leanas,—aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú, tionóiscí i mianaigh nó i gcairéil a sheachaint, úsáid feithiclí agus córacha iompair i mianaigh agus na coinníollacha faoina bhféadfar iad a úsáid amhlaidh, sábháilteacht, sláinte nó leas daoine a fhostaítear a áirithiú nó araíonacht chuí a choimeád orthu nó a áirithiú go dtabharfar aire chuí d'ainmhithe a úsáidtear i mianaigh nó i gcairéil agus go gcuirfear cóir chuí orthu. | |
| [EN] | (3) I gcás foráil a bheith san Acht seo i dtaobh ní ar bith, ní oibreoidh sé sin chun cosc a chur le rialacháin a dhéanamh (i gcomhréir leis an bhforáil sin) i dtaobh an ní sin. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh baint a bheith ag rialacháin, faoi réir aon fhorála sainráite contrártha dó sin, le mianaigh nó le cairéil go ginearálta, le mianaigh nó cairéil de chineál a shonrófar, nó le mianach nó cairéal áirithe. | |
| [EN] | (5) Féadfaidh rialacháin— | |
| [EN] | (a) foráil éagsúil a dhéanamh i dtaobh cineálacha éagsúla mianach nó cairéal nó i dtaobh foranna éagsúla de chineál agus i dtaobh codanna éagsúla de mhianach nó de chairéal; | |
| [EN] | (b) díolúintí a thabhairt, nó socrú a dhéanamh chun iad a thabhairt, ó aon fhorálacha sna rialacháin; | |
| [EN] | (c) foráil a dhéanamh le haghaidh aon nithe foghabhálacha nó forlíontacha ar cuí leis an Aire foráil a dhéanamh lena n-aghaidh. | |
| [EN] | (6) Beidh feidhm ag an Dara Sceideal maidir leis an nós imeachta chun rialacháin a dhéanamh. |