|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID X Rialacháin) | Ar Aghaidh (CUID XII Cigirí) |
AN tACHT UM MIANAIGH AGUS CAIRÉIL, 1965
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID XI Scrúd-mheáchan ag Mianaigh Ghuail | |
| [EN] |
Scrúd-mheáchan guail. 1919, c. 51. |
128. —(1) Beidh feidhm ag an Checkweighing in Various Industries Act, 1919, maidir le gual a fháil ó mhianaigh ghuail. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire an chumhacht chun rialacháin a dhéanamh faoi aon fhoráil den Acht sin a fheidhmiú. | |
| [EN] |
Forléiriú an Checkweighing in Various Industries Act, 1919. 1919, c. 51. |
129. —Chun amhrais a sheachaint, achtaítear leis seo nach mbeidh éifeacht ag an aisghairm ar an Coal Mines Regulation Act, 1887, ar an Coal Mines (Check Weigher) Act, 1894, agus ar an Coal Mines (Weighing of Minerals) Act, 1905, a dhéantar le halt 10 agus leis an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ar ionchorprú, le fo-alt (3) d'alt 2 den Checkweighing in Various Industries Act, 1919, na bhforálacha de na hAchtanna sin atá leagtha amach agus oiriúnaithe sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin agus forléireofar an tAcht sin agus beidh éifeacht aige amhail is dá mba chuid den Acht sin na forálacha sin. |