|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID XIII Cionta, Pionóis agus Imeachtaí Dlíthiúla) | Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear) |
AN tACHT UM MIANAIGH AGUS CAIRÉIL, 1965
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID XIV Ilghnéitheach | |
| [EN] |
Forálacha maidir le tarchur i gcás fógraí a sheirbheálfaidh cigirí. |
146. —(1) Bainfidh na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo le haon fhógra a sheirbheálfaidh cigire faoi aon fhoráil den Acht seo nó de rialacháin ar úinéir nó bainisteoir mianaigh nó cairéil, agus a ndearbhaítear go sainráite ina thaobh gur fógra é lena mbainfidh forálacha an ailt seo maidir le tarchur i gcás fógraí a sheirbheálfaidh cigirí. |
| [EN] | (2) (a) Má dhéanann an duine ar a seirbheálfar aon fhógra den sórt sin nó, i gcás é a sheirbheáil ar bheirt duine nó níos mó, aon duine acu, trí fhrithfhógra a sheirbheálfar go cuí ar an gcigire a sheirbheáil an fógra, tarchur a éileamh i leith an fhógra, beidh sé arna tharchur chun duine nó daoine a roghnóidh an roghnóir ainmnithe (mar a mhínítear anseo ina dhiaidh seo) as líon an chinn sin de na rollaí daoine a bheidh ceaptha ag an Aire faoin alt seo is iomchuí d'imthosca an cháis. | |
| [EN] | (b) Má bhíonn an roghnóir sin sásta go bhfuil fáthanna speisialta ann a bheireann go bhfuil sé fóirsteanach dó féin gníomhú mar réiteoir in ionad duine nó daoine a roghnófar mar a dúradh, féadfaidh sé a threorú go bhfuil an fógra arna tharchur chuige féin. | |
| [EN] | (3) I gcás tarchur faoin alt seo i leith aon fhógra den sórt sin, féadfaidh aon duine acu seo a leanas láithriú é féin nó duine a bheith aige ag feidhmiú ar a shon, agus féadfaidh sé fianaise a thabhairt agus cibé finnéithe is cuí leis a ghairm— | |
| [EN] | (a) aon duine ar ar seirbheáladh an fógra; | |
| [EN] | (b) aon chigire; | |
| [EN] | (c) aon chomhlachas nó comhlacht atá ionadaitheach do thromlach de líon iomlán na ndaoine a fhostaítear sa mhianach nó sa chairéal lena mbaineann an fógra; | |
| [EN] | (d) aon daoine eile ar dóigh leis an réiteoir nó na réiteoirí éifeacht a bheith ag an bhfógra orthu nó aon chomhlachas nó comhlacht atá ionadaitheach d'aon daoine den sórt sin. | |
| [EN] | (4) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le neamhniú nó daingniú aon fhógra den sórt sin i gcás tarchur ina leith faoin alt seo— | |
| [EN] | (a) mura ndéantar aon fhoras ábhartha agóide in aghaidh an fhógra a shuíomh chun sástacht an réiteora nó na réiteoirí, daingneoidh an réiteoir nó na réiteoirí an fógra; | |
| [EN] | (b) má dhéantar foras ábhartha agóide a shuíomh amhlaidh, déanfaidh an réiteoir nó na réiteoirí an fógra a neamhniú mura rud é go bhfuil sé nó siad ar an tuairim gur féidir freagairt don agóid tríd an bhfógra a mhodhnú, agus sa chás sin déanfaidh an réiteoir nó na réiteoirí an fógra a dhaingniú faoi réir cibé modhnú is dóigh leis nó leo a fhreagróidh don agóid; | |
| [EN] | agus má dhaingnítear an fógra faoi réir aon mhodhnaithe, beidh éifeacht aige faoi mar a modhnaíodh é. | |
| [EN] | (5) Chun críocha fho-alt (4)— | |
| [EN] | (a) i gcás aon fhógra den sórt sin a sheirbheálfar faoi fhoráil den Acht seo, beidh aon fhoras acu seo a leanas is iomchuí d'imthosca an cháis ina fhoras ábhartha agóide— | |
| [EN] | (i) go bhfuil comhlíonadh toirmisc, sriain nó ceanglais a iarrtar a fhorchur leis an bhfógra, nó dá bhua, neamhriachtanach nó mífhóinteach ar chúiseanna sábháilteachta nó neamhphraiticiúil, go hiomlán nó go feadh méid áirithe; | |
| [EN] | (ii) go bhfuil aon tréimhse a cheaptar leis an bhfógra neamdhóthanach chun aon oibreacha a chur i gcrích nó chun aon ní eile a dhéanamh; | |
| [EN] | (b) i gcás fógra a sheirbheálfar faoi aon fhoráil de rialacháin, is de réir mar a fhorordófar a bheidh an foras nó na forais ábhartha agóide. | |
| [EN] | (6) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite leis an Acht seo nó le rialacháin, ní thiocfaidh aon fhógra den sórt sin i ngníomh in aon chás go dtí deireadh na tréimhse ina bhféadfar tarchur ina leith a éileamh faoin alt seo nó, má éilítear tarchur den sórt sin laistigh den tréimhse sin, go dtí go mbeidh an fógra daingnithe ag an réiteoir nó ag na réiteoirí. | |
| [EN] | (7) Ní ghlacfar neamhniú faoin alt seo ar aon fhógra den sórt sin mar chosc ar sheirbheáil fógra úir ag cigire ná, má tháinig an fógra i ngníomh sular neamhníodh é, ní bheidh éifeacht aige ar a oibriú roimhe sin. | |
| [EN] | (8) Féadfaidh an tAire— | |
| [EN] | (a) cibé uimhir is cuí leis a bhunú de rollaí daoine as a bhféadfar réiteoirí a roghnú chun críocha tarchur faoin alt seo agus, maidir le gach rolla, féadfaidh sé na cásanna a shonrú a mbeidh sé le háireamh chun críocha an ailt seo mar rolla iomchuí ina leith; | |
| [EN] | (b) rialacha a dhéanamh chun na tarchuir sin a rialú agus, go háirithe, chun socrú a dhéanamh maidir le costais na dtarchur sin (lena n-áirítear luach saothair agus liúntais a íoc le réiteoirí) agus chun foirm fhrithfhógra faoi fho-alt (2), agus an tréimhse ina gcaithfear fógra den sórt sin a sheirbheáil, a shonrú; | |
| [EN] | agus féadfar tréimhsí éagsúla a shonrú le rialacha faoi mhír (b) den fho-alt seo maidir le seirbheáil frithfhógraí a bhainfidh le fógraí a sheirbheálfar faoi fhorálacha éagsúla den Acht seo nó de rialacháin. | |
| [EN] | (9) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) don roghnóir ainmnithe a fhorléiriú mar thagairt do cibé duine a bheidh ainmnithe de thuras na huaire ag an Aire chun an dualgas a chomhlíonadh a bhainfidh le réiteoirí a roghnú chun gníomhú i gcás tarchur faoin alt seo. | |
| [EN] |
Cumhacht an Aire chun díolúintí ar feadh tréimhse teoranta a dheonú. |
147. —Má bhíonn an tAire ar an tuairim, maidir le mianaigh nó cairéil d'aon chineál, nár cheart, mar gheall ar nádúr nó méid na hoibre atá i gceist, nó ar ghiorracht na tréimhse a mhéastar a bheidh na mianaigh nó na cairéil á n-oibriú, nó ar imthosca speisialta eile a bhaineann leo, go mbeadh sé de cheangal forálacha an Achta seo, nó aon fhoráil áirithe de, a chomhlíonadh ina leith, féadfaidh sé, le rialacháin, mianaigh nó cairéil den chineál sin a dhíolmhú ó na forálacha sin, nó ón bhforáil sin, go ceann cibé tréimhse, agus faoi réir cibé coinníollacha, a fhorordóidh sé. |
| [EN] |
Orduithe a chúlghairm agus a athrú. |
148. —Aon chumhacht a thugtar leis an Acht seo chun ordú a dhéanamh, forléireofar í mar chumhacht a fholaíonn cumhacht, is infheidhmithe ar an dóigh chéanna agus faoi réir na gcoinníollacha céanna, más ann, chun an t-ordú a chúlghairm nó a athrú. |
| [EN] |
An modh chun fógraí a sheirbheáil. |
149. —(1) Féadfar fógra a gceanglaítear nó a n-údaraítear leis an Acht seo, nó dá bhua, é a sheirbheáil ar chigire, nó a thabhairt dó, a sheirbheáil nó a thabhairt trína sheachadadh dó, nó trína fhágáil ag a oifig, nó trína chur chuici, leis an bpost cláraithe. |
| [EN] | (2) Féadfar fógra a gceanglaítear nó a n-údaraítear leis an Acht seo, nó dá bhua, é a sheirbheáil ar úinéir mianaigh nó cairéil, nó a thabhairt dó, a sheirbheáil nó a thabhairt— | |
| [EN] | (a) más pearsa aonair an t-úinéir, trína sheachadadh dó, trína fhágáil san oifig ag an mianach nó ag an gcairéal, nó trína chur leis an bpost cláraithe agus é dírithe chuige ag an áit chónaithe is gnách nó is déanaí is eol a bheith aige, nó chuig seoladh ceart poist an mhianaigh nó an chairéil; | |
| [EN] | (b) más comhlacht corpraithe an t-úinéir, trína sheachadadh do rúnaí nó cléireach an chomhlachta ina n-oifig chláraithe nó ina bpríomhoifig nó trína chur leis an bpost cláraithe agus é dírithe chuig rúnaí nó cléireach an chomhlachta ag an oifig sin; | |
| [EN] | (c) más gnólacht an t-úinéir, trína sheachadadh d'aon chomhpháirtí sa ghnólacht nó trína fhágáil in oifig an ghnólactha, nó trína chur chuici leis an bpost cláraithe. | |
| [EN] | (3) Féadfar fógra a gceanglaítear nó a n-údaraítear leis an Acht seo, nó dá bhua, é a sheirbheáil ar bhainisteoir mianaigh nó cairéil, nó a thabhairt dó, a sheirbheáil nó a thabhairt trína sheachadadh dó, trína fhágáil san oifig ag an mianach nó ag an gcairéal, nó trína chur leis an bpost cláraithe agus é dírithe chuige ag seoladh ceart poist an mhianaigh nó an chairéil. | |
| [EN] | (4) Bainfidh an t-alt seo le haon doiciméad a sheoladh nó a thaisceadh faoi mar a bhaineann sé le fógra a thabhairt. | |
| [EN] |
Deimhnithe breithe. |
150. —(1) Más gá aois aon duine a fháil amach nó a chruthú chun críocha an Achta seo, beidh duine ar bith, ar fhoréileamh i scríbhinn a chur isteach a bheidh i cibé foirm agus ina mbeidh cibé sonraí a ordóidh an tAire Sláinte, agus ar an táille cheaptha a íoc, i dteideal cóip dheimhnithe a fháil de thaifeadadh bhreith an duine sin i gclár na mbreitheanna faoi láimh an chláraitheora nó an chláraitheora mhaoirseachta nó an duine eile a mbeidh an clár faoina choimeád, agus déanfaidh gach cláraitheoir breitheanna agus gach cláraitheoir maoirseachta nó duine eile a mbeidh an clár faoina choimeád foirmeacha don fhoréileamh sin a sholáthar saor in aisce ar iad a iarraidh. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire Sláinte, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, táillí a cheapadh, le rialacháin, chun críocha an ailt seo. | |
| [EN] |
Comhairle Chomhairleach. |
151. —(1) Beidh comhairle ann ar a mbeidh cathaoirleach agus ochtar gnáthchomhalta (dá ngairtear an Chomhairle Chomhairleach san alt seo) chun na feidhmeanna a thugtar di leis an alt seo a chomhlíonadh. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an Chomhairle Chomhairleach breithniú, agus tabharfaidh siad comhairle don Aire, ar aon nithe a éireoidh as comhalladh, nó maidir le comhalladh, an Achta seo (lena n-áirítear aon tograí ón Aire chun aon orduithe nó rialacháin a dhéanamh, a leasú, nó a chúlghairm faoin Acht seo) agus a tharchuirfidh an an tAire chun na Comhairle. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an Chomhairle Chomhairleach, de réir mar a mheasfaidh siad is gá ó am go ham, an tAire a chomhairliú ar na nithe seo a leanas:— | |
| [EN] | (a) a mhéad atá sé inmholta aon orduithe nó rialacháin a dhéanamh, a leasú, nó a chúlghairm faoin Acht seo; | |
| [EN] | (b) nithe a bhaineann le forálacha an Achta seo nó d'orduithe nó rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo a chur i bhfeidhm; | |
| [EN] | (c) feachtais sábháilteacha agus leasa a eagrú nó a chur chun cinn i measc fostaithe agus fostóirí; | |
| [EN] | (d) léachtaí, taispeánadh scannán nó taispeántais a eagrú, póstaeir nó paimfléid a fhoilsiú nó aon bhearta eile ar léachtaí, taispeánadh scannán, taispeántais, póstaeir, paimfléid iad nó bearta atá ceaptha chun fostaithe agus fostóirí a theagasc ar chúrsaí sábháilteachta agus leasa i mianaigh agus i gcairéil agus ar mhodhanna chun sláinte oibrithe a chosaint agus a fheabhsú. | |
| [EN] | (4) Is é an tAire a cheapfaidh Cathaoirleach agus gnáthchomhaltaí na Comhairle Comhairlí. | |
| [EN] | (5) Déanfar an chéad cheapachán den sórt sin a luaithe is caothúil tar éis an tAcht seo a rith agus déanfar ceapacháin ina dhiaidh sin ó am go ham de réir mar is gá. | |
| [EN] | (6) Nuair a bheidh an tAire ag ceapadh daoine ina ngnáthchomhaltaí den Chomhairle Chomhairleach áireoidh sé orthu daoine atá ionadaitheach d'eagrais fostaithe agus d'eagrais fostóirí. | |
| [EN] | (7) Beidh Cathaoirleach agus gnáthchomhaltaí na Comhairle Comhairlí i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an tAire. | |
| [EN] | (8) Arna iarraidh sin don Chomhairle Chomhairleach agus faoi réir thoiliú an Aire, féadfaidh cigire freastal ar chruinniú den Chomhairle Chomhairleach chun aon eolas a thabhairt a iarrfaidh an Chomhairle Chomhairleach d'fhonn a feidhmeanna a chomhlíonadh. |