|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Sábháilteacht, Sláinte agus Leas (Mianaigh)) | Ar Aghaidh (CUID V Fógra i dTaobh Tionóiscí agus Galar agus a nImscrúdú) |
AN tACHT UM MIANAIGH AGUS CAIRÉIL, 1965
| [EN] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
CUID IV Sábháilteacht, Sláinte agus Leas (Cairéil) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Forálacha chun modhanna sábháilte oibre a áirithiú. |
91. —(1) Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach cairéil a áirithiú go seolfar oibríochtaí cairéaladóireachta ar dhóigh go seachnófar contúirt ó ábhair a thitim, cibé acu laistigh den chairéal nó lasmuigh de é agus cibé acu titim na mianraí a oibrítear nó titim aon substaint eile é. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Cuirfidh an bainisteoir in áirithe nach n-oibreofar aon chuid d'éadan nó de thaobhanna an chairéil ná aon áiléar air ar dhóigh go dtiocfadh aon scéimh amach ann. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Más deimhin le cigire, ag féachaint don chóras oibre agus do staid nádúrtha na mianraí, nach gá le haghaidh sábháilteachta an ceanglas a fhorchuirtear le fo-alt (2), féadfaidh sé, le fógra a sheirbheálfar ar an úinéir, an cairéal nó cuid de a shonrófar a dhíolmhú ón gceanglas sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Rochtain shábháilte ar áiteanna oibre. |
92. —Cuirfear ar fáil agus cothabhálfar caoi shábháilte rochtana ar gach áit i gcairéal a mbeidh ar aon duine obair a dhéanamh ann tráth ar bith. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Bearta sábháilteachta maidir le feithiclí a ritheann ar ráillí. |
93. —(1) Fad a bheidh feithiclí a ritheann ar ráillí á n-úsáid i gcairéal, beidh ar fáil, agus cothabhálfar agus úsáidfear, sa chairéal nó ar na feithiclí, nó sa chairéal agus ar na feithiclí araon, cibé deiseanna sábháilteachta is gá chun cosc a chur le tionóiscí a bhaint do dhaoine trí aon fheithiclí den sórt sin a dhul ó smacht agus beidh gach deis de shaghas a bheidh deartha chun go ngabhfaidh sí go huathoibreach san ionad ina n-oibríonn sí chun na críche chun ar dearadh í, ach amháin i gcás ina mbeidh cúis mhaith chun gan deis den saghas sin a chur ar fáil. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Glacfar gach cúram is gá chun go gcosnófar ar dhíobháil, i gcás aon fheithicil den sórt sin a dhul ó smacht, aon duine a bheidh, ar dhóigh seachas mar chúrsa gnáthaimh, ag obair in áit i gcairéal a ritheann aon fheithicil den sórt sin tríd. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Soilsiú. |
94. —Beidh de dhualgas ar úinéir gach cairéil— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) a áirithiú go gcuirfear ar fáil soilsiú saorga a bheidh oiriúnach agus leordhóthanach i ngach cuid den chairéal a mbíonn daoine ag obair ann tráth nach leor an solas nádúrtha chun a chur ina gcumas obair a dhéanamh go sábháilte agus i ngach cuid den chairéal a mbíonn daoine ag gabháil tríd tráth nach leor an solas nádúrtha chun a chur ina gcumas gabháil tríd go sábháilte. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) a áirithiú go gcothabhálfar go cuí gach gaireas chun soilsiú saorga a dhéanamh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Réamhchúram in aghaidh deannaigh. |
95. —(1) Más rud é, i ndáil le próiseas a sheoladh i gcairéal, in áit seachas i bhfoirgneamh, go leathfar deannach de chineál agus ina mhéid gur dócha é a bheith díobhálach do na daoine a fhostaítear, beidh de dhualgas ar an mbainisteoir a áirithiú go ndéanfar cibé bearta is gá chun na daoine sin a chosaint in aghaidh an deannach a shú isteach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Más rud é i ndáil le haon oibríochtaí nó próiseas a sheoladh i bhfoirgneamh i gcairéal, go leathfar deannach de chineál agus ina mhéid gur dócha é a bheith díobhálach do na daoine a fhostaítear, beidh de dhualgas ar an mbainisteoir a áirithiú— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) go laghdófar oiread agus is féidir ar a rachaidh san aer den deannach nó ar a charnadh in aon áit in imthosca ina mbeadh a charnadh san áit sin díobhálach, trí bhearta chuige sin a dhéanamh chomh cóngarach agus is féidir do phointe tionscnaimh an deannaigh, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) go ndéanfar aon chuid den deannach a rachaidh san aer a cheapadh nó a scaipeadh ar dhóigh go ndéanfar neamhdhíobhálach é, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) go ndéanfar aon chuid den deannach nach gcoiscfear ó charnadh in áit in imthosca ina mbeadh a charnadh san áit sin díobhálach a ghlanadh suas agus a aistriú go rianúil go dtí áit nach féidir dó bheith díobhálach nó go ndéileálfar leis ar mhodh a cheadóidh an tAire chun é a dhéanamh neamhdhíobhálach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Féadfar, le rialacháin, ceanglais a chur ar bhainisteoirí cairéil maidir le húsáid gairis fhorordaithe agus le déanamh beart forordaithe chun aon chuspóir dá luaitear san alt seo a thabhairt i gcrích; agus féadfaidh na rialacháin a fhoráil go mbeidh a gcomhlíonadh ag bainisteoir cairéil le glacadh, gan choinníoll nó go feadh méid a fhorordófar, mar chomhlíonadh ar gach ceann nó aon cheann de cheanglais an ailt seo, nó nach mbeidh comhlíonadh na rialachán ag bainisteoir cairéil le glacadh de riachtanas mar chomhlíonadh ar aon cheanglas acu sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Forálacha ilghnéitheacha chun sábháilteacht do dhaoine a fhostaítear a áirithiú. |
96. —Féadfar, le rialacháin, foráil a dhéanamh maidir le cairéil, le haghaidh na nithe seo a leanas:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) giniúint, stóráil, claochlú, tarchur, agus úsáid leictreachais, agus úsáid, déanamh, cur isteach, scrúdú, deisiú, cothabháil, athrú, coigeartú agus tástáil gairis leictreachais agus cáblaí leictreachais; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) soláthar, stóráil agus úsáid ábhar agus deiseanna pléasctha; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) soláthar agus cothabháil gairis chun tine a chosc agus a chomhrac. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) San alt seo tá le “ábhair agus deiseanna pléasctha” an bhrí chéanna atá leis in alt 66. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Feidhm ag ailt áirithe de Chuid III maidir le cairéil. |
97. —Bainfidh na hailt de Chuid III a luaitear sa Tábla le cairéil ach tagairtí do chairéil a chur in ionad tagairtí do mhianaigh, agus leis na modhnuithe a thaispeántar sa tríú colún den Tábla. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | AN TÁBLA | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Ailt a Bhaineann le Cairéil | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|